09/02/2013

An cogadh in aghaidh na teoirice

Éanlaith de shaghas éigin

Fadó, fadó, i dtreo dheireadh an chéid seo caite, thug triúr staraithe cuairt ar fheirm sicíní. Chonaiceadar ann na céadta agus na mílte sicíní, iad chomh cosúil lena chéile nárbh fhéidir leo sicín amháin a aithint thar sicín eile. Ach ansin chonaiceadar éan amháin a raibh cuma na lachan air, a shiúil mar a shiúlfadh lacha agus a dhein grágaíl mar a dhéanfadh lacha. ‘Conas a tharla don lachain sin a bheith istigh i measc na gcearc?’ arsa an chéad duine, óir ba staraí saonta eimpíreach é. ‘Tá breall ort’ a d’fhreagair an dara duine. ‘Cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir an t-éan úd thall agus lacha, is eol dúinn gur feirm sicíní í an fheirm seo agus ní bhíonn lachain le feiscint ar fheirmeacha sicíní. Dá bhrí sin, ní foláir nó gur sicín míchumtha é an t-éan a bhfuil cuma na lachan air.’ Teoiricí sofaisticiúil ba ea an staraí seo. ‘Tá breall oraibh beirt!’, a scairt an tríú duine, ‘mar níl san idirdhealú sin idir sicíní agus lachain ach cumadh sóisialta’. Staraí iarnua-aoiseach ba ea an duine seo agus bhí sé chomh sofaisticiúil sin nárbh fhéidir é a thuiscint go minic. Agus más fíor an scéal seo, níl bréag ar bith ann.

Sicín míchumtha?

      Ar ámharaí an tsaoil, tá ráig an iarnua-aoiseachais thart. Faisean intleachtach ba ea é a scaip ó fhealsaimh na Fraince go dtí scoláirí liteartha na Stát Aontaithe agus níor tholg ach dornán beag staraithe an galar riamh. Teist mhaith ar shláinte na staire mar dhisciplín ba ea an doicheall a bhí ar fhormhór na staraithe roimh an iarnua-aoiseachas nuair a bhí sé i mbarr a réime, agus is ag dul i léig atá sé le deich mbliana anuas. Ach an dá aicme eile, na staraithe eimpíreacha agus na staraithe a bhfuil luí acu leis an teoiric, tá siad ann le fada agus tá tuairim agam go mbeidh siad ann go deo. An t-easaontas modheolaíochta idir an dá dhream, tá sé chomh bunúsach sin nach féidir liom aon chomhréiteach a shamhlú eatarthu. Is le déanaí a léas aiste a scríobh Alan Harrison, scoláire Gaeilge agus iar-oide liom nach maireann, inar thagair sé don dá fhaicsean a bhí in adharca a chéile ag comhdháil de scoláirí liteartha a tionóladh i gCeanada roinnt blianta ó shin:
Chuir sé iontas orm go raibh na scoláirí a bhí i láthair roinnte in dhá champa – iadsan a bhí i bhfábhar modheolaíochta teoiriciúla agus grúpa eile a d’fhéach ar a leithéid mar eiriceacht den chineál is measa.
Alan Harrison, ‘Athchuairt ar Shéanadh Saighre’
in Ó Briain agus Ó Héalaí, Téada Dúchais (Indreabhán, 2002), 69.
Ní taise do na staraithe é, ach tá an difríocht seo idir an dá dhisciplín: braithim go bhfuil an lámh in uachtar go fóill ag lucht teoirice i léann na litríochta ach is líonmhaire go mór iad lucht an eimpíreachais sa staireagrafaíocht. Sílim go mbeidh sé soiléir ó theideal na haiste seo, agus ón bparabal lenar thosaíos, cén dream lena mbainim.

      Táid ann, ar ndóigh, a mhaíonn nach bhfuil san eimpíreachas ach teoiric amháin eile i measc teoiricí uile na fealsúnachta. Tá cuid den cheart acu agus ní féidir a shéanadh go bhfuil bunús fealsúnachta leis. Seo mar a scríobh John Locke (1632-1704), fealsamh agus athair an eimpíreachais, sa bhliain 1690:
Let us then suppose the mind to be, as we say, white paper, void of all characters, without any ideas:- How comes it to be furnished? Whence comes it by that vast store which the busy and boundless fancy of man has painted on it with an almost endless variety? Whence has it all the materials of reason and knowledge? To this I answer, in one word, from EXPERIENCE.
John Locke, Essay Concerning Human Understanding, II 1.2.
De réir na teoirice seo, ní féidir linn eolas a chur ar an saol ach trí mheán ár gcéadfaí: ní bhíonn faic ar eolas ag an duine i dtús a shaoil, níl aon fhoinse inmheánach eolais ina intinn, agus ní féidir leis teacht ar eolas trí mhachnamh a dhéanamh (ní hionann tuairim agus eolas): is trí fhianaise na súl, na gcluas, an tadhaill a chuireann an duine eolas ar an saol. Ach tá ciall eile leis an bhfocal ‘eimpíreachas’, ciall a thagraíonn do chur chuige seachas do theoiric. Tá an t-eimpíreachas cosúil leis an snáthaidpholladh (acupuncture) ar bhealach. Ní gá dúinn creidiúint i dteoiric an snáthaidphollta – an teoiric go gcaithfear dhá fhórsa chontrártha sa chorp, an yin agus an yang, a chothromú – chun leas a bhaint as mar chóir leighis. D’fhéadfadh an snáthaidpholladh maitheas a dhéanamh d’othar cé nach bhfuil aon bhonn eolaíoch leis an teoiric atá laistiar de. Mar an gcéanna, ní gá don staraí glacadh le teoiric an eimpíreachais chun modh oibre eimpíreach a chleachtadh. Is leor a aithint go mbíonn torthaí fónta ar mhodheolaíocht eimpíreach i mórán réimsí den léann: sa cheimic, sa bhfisic, sa bhitheolaíocht, san innealtóireacht, sa leigheas; agus más amhlaidh atá, luíonn sé le réasún gur fiú triail a bhaint as an gcur chuige céanna sa stair. Is é bunphrionsabal na staireagrafaíochta eimpírí é go gcaithfidh an staraí staidéar a dhéanamh ar na foinsí príomha – idir théacsanna agus iarsmaí comhaimseartha eile – más mian leis eolas a chur ar ré atá imithe. Ní bhíonn an dara seift aige, óir ní bhfaighidh sé eolas ar shaol atá imithe ó thuairimí antraipeolaíochta, ó choincheapa liteartha, ó theoiricí fealsúnachta, ó idé-eolaíochtaí polaitiúla, ó theagaisc reiligiúnda, ó thraidisiúin phobail nach fios cén bunús atá leo – ná óna bhraistintí pearsanta féin ach an oiread. Is iad na foinsí príomha tús agus deireadh, alpha agus omega, an eolais don staraí eimpíreach.

Ceann de laigí an eimpíreachais

      Ní fhágann sé sin go mbíonn toradh barántúil ar an gcur chuige eimpíreach i ngach cás. Thug Karl Popper (1902-1994) sampla iomráiteach a léiríonn príomh-laige an eimpíreachais mar uirlis taighde: an tEorpach a bhraitheann ar fhianaise a chéadfaí amháin, déarfaidh sé go mbíonn dath bán ar na healaí i gcónaí, ach is leor cuairt a thabhairt ar an Astráil chun an ‘t-eolas’ sin a bhréagnú! Is fiú dúinn an sampla seo a choinneáil i gcuimhne, ach ní aontaím go mbréagnaíonn ealaí dubha na hAstráile fianaise súl na nEorpach. Bheadh sé níos cruinne a rá go gcuireann na healaí dubha aguisín beag leis an tuairim eimpíreach a bhí ann sular leag fear geal cos san Astráil don chéad uair: is é adeir Eorpaigh na linne seo go mbíonn dath bán ar na healaí, seachas san Astráil. Agus léiríonn an tuairim leasaithe sin bua an eimpíreachais mar mhodh oibre: éiríonn ár n-eolas ar an saol níos cruinne de réir mar a thagann fianaise breise chun solais.

      An bhfuil áit ar bith sa staireagrafaíocht don teoiric mar sin? Ní dóigh liom go bhfuil. Níl ach trí chás ann:
      Féidearthacht 1: níl na foinsí ag teacht le teoiric an staraí
Más staraí macánta é (agus bíonn formhór na staraithe macánta formhór an ama) tréigfidh sé an teoiric a bhí aige. Ní dhéanfaidh an teoiric dochar do thaighde an staraí sa chás seo – seachas moill a chur air b’fhéidir – ach ní dhéanfaidh sí maitheas ar bith dó ach an oiread.
      Féidearthacht 2: tá na foinsí ag teacht le teoiric an staraí
Beidh ríméad ar an staraí atá tugtha don teoiric sa chás seo agus fógróidh sé don saol mór go bhfuil fianaise na bhfoinsí ag luí go seoigh leis an teoiric a bhí aige ó thús. Ach is minic nach mbaineann teoiric ach le gné chúng amháin de cheist chasta agus go bhfágann sí gnéithe tábhachtacha eile a bhaineann le hábhar as an áireamh. Sa chás seo, cuirfidh an teoiric púicín ar an taighdeoir: glacfaidh sé leis an bhfreagra a eascraíonn as an teoiric, an freagra a raibh súil aige leis, agus ní rachaidh sé níos doimhne sa scéal. Toradh craptha aon-toiseach a bheidh ar a chuid taighde de bharr thionchar na teoirice.
      Féidearthacht 3: tá foinsí áirithe ag teacht le teoiric an staraí ach níl foinsí eile ag teacht léi
Is é seo an cás is coitianta ar fad. Bíonn baol mór ann i gcás mar seo go nglacfaidh an staraí atá tugtha don teoiric le foinsí a thacaíonn lena réamhchlaonadh féin agus go mbeidh drogall air éisteacht chothrom a thabhairt d’fhianaise eile nach dtagann leis an teoiric. Níl sé deacair amhras a chur i bhfoinsí míchaoithiúla, beag is fiú a dhéanamh díobh, neamhaird a thabhairt orthu. Ní gá gur próiseas comhfhiosach é an scagadh leataobhach seo: an staraí a shíleann go dtuigeann sé cad a tharla san am atá imithe, tabharfaidh sé níos mó creidiúna d’fhoinsí a thacaíonn lena thuiscint féin agus beidh amhras air i dtaobh na bhfoinsí eile.

      Dá laghad muiníne a chuirimid sa teoiric is ea is fearr é. Ad fontes!