05/03/2021

Cath Chluain Tarbh

Tá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos. 

Sliocht as Caibidil 4

Mar a shamhlaigh Hugh Frazer an cath in 1826




Ní féidir an t-athrú tobann a tháinig ar iompar na Lochlannach in 1013 a thuiscint gan an comhthéacs Eorpach a chur san áireamh. Ceithre bliana ní ba luaithe tháinig arm mór ón nDanmhairg i dtír i Sasana. Theip ar na Danair Londain a ghabháil ach chuireadar Oxford trí thine in 1010 agus mharaíodar ardeaspag Canterbury in 1011. Chuaigh Sveinn Haraldsson ‘Tjúguskegg’ (‘na féasóige gabhlaí’), rí na Danmhairge agus fear a raibh ardtiarnas aige ar an Iorua, chuaigh sé i gceannas ar arm na nDanar i samhradh na bliana 1013. D’aithin Northumbria é mar rí ar an toirt agus ghéill Londain dó roimh dheireadh na bliana. Theith Æðelræd, rí Shasana, chun na Normainne agus ghabh Sveinn flaitheas na ríochta. Ba lena linn seo, nuair a bhí rí na Danmhairge ar feacht i Sasana, a d’éirigh Sigtryggr Óláfsson, rí Átha Cliath, amach i gcoinne Bhriain Bhóramha.

     Dhealródh sé go raibh Sasana curtha faoi smacht ag Sveinn nuair a thriail Sigtryggr thar lear chun cabhair a iarraidh ar Sigurðr Hlǫðvisson, iarla Inse Orc, agus ar thaoiseach Lochlannach darbh ainm Bróðir a raibh loingeas cogaidh aige in Oileán Mhanann. Is díol suntais é gur thug annálaí amháin ‘taoisioch na n-Danur’ ar Bróðir: dhealródh sé gurbh as an Danmhairg dó. Más fíor don chuntas in Njáls Saga, scéal eachtraíochta a cumadh san Íoslainn i dtreo dheireadh an 13ú céad, thoiligh Sigurðr agus Bróðir cúnamh míleata a thabhairt do Sigtryggr toisc gur gheall sé go mbeadh ríochtaí acu in Éirinn dá bhféadfaí Brian a bhaint dá bhoinn. Cé gur téacs déanach é, míníonn Njáls Saga cén fáth a raibh an bheirt taoiseach sásta tacú le rí Átha Cliath. Fuair Sveinn Haraldsson bás i bhFeabhra na bliana 1014 agus d’fhill Æðelræd ar Shasana an mhí dár gcionn nó i mí Aibreáin chun dúshlán a chur faoi Knútr, mac agus comharba Sveinn. Bhí an choimhlint ar son ríghe Shasana fós idir dhá cheann na meá nuair a troideadh ceann de na cathanna is iomráití i stair na hÉireann, ar Aoine Chéasta, an 23 Aibreán 1014.

1. Brian   2. Maol Seachlainn, rí na Midhe   3. Maol Mórdha, rí Laighean   4. Donnchadh mac Briain


     Scríobh annálaí sa Mhumhain gur thug Brian Bóramha ‘morthinol fer n-Erend’ (‘mórthionól fhir na hÉireann’) leis go hÁth Cliath. Ach is cruinne an cuntas a bhreac Connachtach anaithnid in Annála Loch Cé: de réir na foinse seo, ní raibh in arm an ardrí ach ‘mór-thionól fher Muman ⁊ Midhe, ⁊ deiscert Connacht’. Nuair a tháinig Brian chomh fada lena cheann cúrsa bhí Laighin ann roimhe; thapaigh an t-ardrí an deis chun mac leis, Donnchadh, a chur ar ruaig chreiche tríd an gcúige. Ní móide go roinnfeadh Brian a chuid fear dá dtuigfeadh sé go raibh cath ar tí tosú; is é is dóichí go raibh sé ag iarraidh slua Laighean a mhealladh ó dheas le go bhféadfadh sé léigear a dhéanamh ar Áth Cliath. Más amhlaidh a bhí, chlis an beart air nuair a sheol cabhlach an cuan isteach. 

5, 6. Teacht i dtír na n-allúrach   7. Mórshlua Sigtryggr   8. Sigtryggr in Áth Cliath   9. Arm Bhriain


     D’fhág na Lochlannaigh an loingeas a bhí acu ag Cluain Tarbh agus ghabh buíonta cogaidh Sigurðr is Bróðir i dtreo Átha Cliath; míle fear faoi lúireacha a bhí faoina gceannas de réir an chuntais in Annála Uladh. Dhlúthaigh Duibhlinnigh, Laighin agus Lochlannaigh na n-oileán le chéile i mórshlua amháin, cé gur fhan Sigtryggr agus roinnt dá lucht leanúna in Áth Cliath chun an baile a chosaint. Má tá bunús leis an insint in Cogadh Gaedhel re Gallaibh, líon na ‘Danairib diberchaib allmardaib’ (‘Danair dhíbheirgeacha allúracha’) an chéad rang den slua; bhí na Duibhlinnigh go díreach laistiar díobh agus fágadh na Laighin sa líne chúil. Bhí campa Bhriain suite níos faide siar ‘ar fachi Atha Cliath’ (‘ar fhaiche Átha Cliath’), is é sin, ar an gcoimín leathan lastuaidh den Life nach bhfuil fágtha de anois ach Margadh na Feirme. Trí rang a bhí in arm Bhriain: slógadh Dhál gCais a bhí chun tosaigh; Muimhnigh eile agus díormaí Ua Maine agus Ua bhFiachrach Aidhne a bhí sa dara rang; agus fir na Midhe a bhí sa tríú rang. Níl aon fhianaise chomhaimseartha ann a thacódh leis an tuairim gur loic Maol Seachlainn an troid. 

10. Tús an chatha


     Ba é Murchadh mac Briain, comharba roghnaithe an ardrí, ceannasaí míleata na Muimhneach agus thosaigh an cath nuair a thug a chuid fear ruathar ar líne thosaigh na namhad. Tá sé le tuiscint ón gcuntas in Cogadh Gaedhel re Gallaibh go raibh an blár catha suite le hais na Life mar bhí rí Átha Cliath in ann súil a choinneáil ar an troid ó mhúrtha an bhaile ar an mbruach theas. Fearadh an cath ‘o Tulcaind go Ath Cliath’ (‘ón Tulcha go hÁth Cliath’) agus bhí troid dhian ann ar feadh scaithimh. Maidhmeadh ar arm Sigtryggr sa deireadh, áfach, agus theith buíonta beaga i ngach treo. Tháinig díorma acu ar champa Bhriain de thaisme agus maraíodh an t-ardrí as láimh. De réir tuairisce amháin, lean Maol Seachlainn agus fir na Midhe an namhaid, idir Dhuibhlinnigh agus Laighin, trasna na Life go hÁth Cliath. Theith formhór na n-allúrach i dtreo Chluain Tarbh agus fir na Mumhan sna sála orthu, ach choisc an lán mara orthu dul chomh fada leis an loingeas a bhí ar ancaire sa chuan. Sáinn bháis dóibh ba ea í: bádh mórán acu agus iad ag iarraidh snámh chuig na longa agus rinneadh sléacht orthusan a sheas an fód. 

11. Slua na Midhe   12, 13, 14. Slua na Mumhan


     Ba chinniúnach an cath é. Bhí Sigurðr, Bróðir agus Maol Mórdha, rí Laighean, i measc na marbh. Ar na Duibhlinnigh a thit bhí Dubhghall Óláfsson, ar dheartháir é le rí Átha Cliath, agus Giolla Ciaráin, ar mhac é le Járnkné Óláfsson, rí an bhaile a d’éag sa bhliain 989. Choinnigh Sigtryggr an greim a bhí aige ar Áth Cliath tar éis an chatha, ach níor fhéach sé le réimeas na nGall a leathnú. Ba ghearr gur ghabh Knútr Sveinnsson flaitheas Shasana agus na Danmhairge ach, cé go ndeachaigh sé ar feacht san Iorua agus in Albain, níor bhain sé le hÉirinn riamh. Ní cúis iontais é gur chuimhnigh na Gaill ar an gcath mar bhriseadh tubaisteach dóibh féin: i bhfocail an Orkneyinga Saga a cumadh san Íoslainn ag tús an 13ú céad, ‘Brjánn konungr fell með sigri ok gagni’ (‘thit Rí Brian le bua agus le glóir’). Thairis sin, d’athraigh an cath cóimheá na cumhachta i Laighnibh: bhí ríshleachta thuaisceart Laighean in ísle brí tar éis an chatha agus ghabh ríshleachta ón deisceart ríghe an chúige laistigh de ghlúin. Ach d’íoc Dál gCais go daor as a mbua: Ní amháin gur maraíodh an t-ardrí, ach thit Murchadh mac Briain, ‘rídhamhna Éireann’, agus a mhacsan, Toirdhealbhach. 

     Tháinig Maol Muire mac Eochaidh, comharba Phádraig, chomh fada le Sord Coluim Cille chun taisí Bhriain agus Mhurchadha a thionlacan go dtí Ard Mhacha mar ar adhlacadh iad. Ba chomhartha cuí ómóis é don imperator Scotorum a d’aithin príomhacht eaglais Mhaoil Mhuire. D’éag imperium Bhriain i dteannta an impire, ach maireann a cháil i gcónaí.