16/04/2013

Ceist na teanga

An leabhrán agus an t-údar

Tháinig leabhrán nua le hAlan Titley faoi mo bhráid le déanaí: An Bhailbhe i Lár an Bhladair an teideal atá air. Is é atá ann, i bhfocail an údair, roinnt smaointe faoi ‘an ciúnas sin timpeall ar an nGaeilge’. Ní nach ionadh, thug Titley suntas ar leith do ‘bhailbhe’ na staraithe i dtaobh na teanga:
Ní hé go mbíonn staraithe an lae inniu chomh claonta ná chomh binbeach le [Richard] Stanihurst agus a chamthaí, ach is léir go bhfuil cuid acu aineolach, agus go minic deargaineolach ar ar tharla i stair na hÉireann. Déantar neamart nach mór iomlán sna foinsí Gaeilge, teanga mhóraimh an phobail go tairseach an ghorta, agus teanga nach bhfuil gann ar fhoinsí staire beag ná mór.
Alan Titley, An Bhailbhe i Lár an Bhladair (Baile Átha Cliath, 2012), 12.
Tá samplaí de startha nach bhfuil oiread is foinse amháin i nGaeilge luaite iontu tugtha ar leathanach 14 den leabhrán: ina measc tá leithéidí The Making of Ireland from Ancient Times to the Present (Londain, 1998) le James Lydon, iar-ollamh le stair i gColáiste na Tríonóide, agus Irish Freedom: a History of Nationalism in Ireland (Londain, 2006) le Richard English, ollamh le polaitíocht in ollscoil Chill Rìmhinn na hAlban. Is leor an méid sin chun neamart na staraithe a léiriú ach bhí an t-údar ró-mhúinte chun samplaí de dhearg-aineolas na staraithe a thabhairt. Tuigim dó. Tá cuid den stuif a fhoilsítear chomh dona sin go mbeadh leisce ar aon duine athchló a chur air. Os a choinne sin, ní féidir breith chóir a thabhairt ar an staid ina bhfuil staireagrafaíocht na hÉireann má dhéantar neamhshuim den fhabht mhór i gceartlár an disciplín.

      ‘A scéal féin scéal gach aon duine’ más fíor don seanfhocal, agus tabharfaidh mé sampla a bhaineann liom féin. Sa bhliain 2003 foilsíodh léirmheas ar leabhar liom dar teideal Irish Opinion and the American Revolution, 1760-1783 (Cambridge, 2002) a bhí fábharach tríd is tríd, ach fuair an léirmheastóir locht amháin ar an saothar: níor thaitin an úsáid a bhaineas as amhráin pholaitiúla i nGaeilge leis. Ghlacas leis na hamhráin chomhaimseartha seo mar léiriú ar an dearcadh a bhí ag lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne. Ní mó ná sásta a bhí an léirmheastóir leis an tuiscint sin:
Surely, the bardic schools of the west and north were attempting to produce a learned caste? Surely, the complexity and sophistication of the poetry they produced (which is evident, even to a monoglot like the present reviewer) suggests the existence of an élite culture within Gaelic-speaking Ireland, and does not supply evidence of the subaltern world Morley is so anxious to uncover?
The History Review, XIV (2003), 201.
Níor thuig an léirmheastóir go raibh na scoileanna filíochta scortha le breis agus céad bliain sular tharla an scliúchas úd thall in Lexington. Níor thuig sé ach an oiread go raibh ré na bhfilí gairmiúla thart i bhfad roimh dheireadh an 17ú céad agus go raibh réimse leathan gairmeacha beatha ag aos litríochta an 18ú céad: bhíodar ina múinteoirí scoile agus ina sagairt, ina bhfeirmeoirí agus ina dtábhairneoirí, ina gceardaithe agus ina gceoltóirí. Abair élite! Bheadh sé mícharthanach ainm an léirmheastóra a lua anseo agus níor chóir an milleán go léir a chur air ós rud é go raibh eagarthóirí irise a foilsíodh i roinn staire na hollscoile is mó in Éirinn sásta an léirmheas a ligean i gcló. Ach is cóir a rá nach bhfoilseofaí a leithéid de thruflais i Sasana. Na staraithe a bhíonn ag plé le stair Shasana, bheadh a fhios acu gur cuireadh deireadh le hamharclann an Globe i Londain roimh thús an 18ú céad. Thuigfidís go léir é sin – na daoine ar beag an tsuim atá acu sa 17ú céad nó i gcúrsaí amharclainne san áireamh – toisc go mbíonn tuiscint leathan ag staraithe Shasana ar chultúr na tíre is ábhar staidéir dóibh. Ar an drochuair, ní féidir an rud céanna a rá faoi staraithe na hÉireann.

An tOllamh Joe Lee agus a mhórshaothar

      Is easnamh é seo atá ann le fada. Mar a mhíníos anseo cheana, bhí easpa tuisceana ar réimsí leathana de chultúr na hÉireann le brath ar an iris Irish Historical Studies (IHS) ón uair a bunaíodh í sa bhliain 1938. Seo mar a scríobh Joe Lee sa leabhar breá leis dar teideal Ireland 1912-1985:
The techniques of enquiry nurtured by IHS could not illuminate vast tracts of Irish spiritual, intellectual, cultural and material experience. IHS even rivetted an unnecessarily narrow concept of politics on political history, its own forte ... Many potential sources on modern history in general, and on contemporary history in particular, remained unexploited simply because historians generally lacked the imagination to think of them as sources.
J.J. Lee, Ireland 1912-1985 (Cambridge, 1989), 593-4.
D’aontóinn go hiomlán leis an méid sin, ach thug Lee míniú an-aisteach ar easpa suime na staraithe i meon an phobail:
That the history of mentalité made such little impression on the IHS school may have owed something to its revulsion at the work of Daniel Corkery, Professor of English in UCC, and particularly at his Hidden Ireland (1927).
J.J. Lee, Ireland 1912-1985 (Cambridge, 1989), 594.
Níl an míniú seo inchreidte. Ag labhairt thar mo cheann féin, braithim gurb é an gríosú is fearr le dul i mbun pinn arís an leabhar staire nach n-aontaím leis - go háirithe má thugtar moladh mór dó. Murach scríbhinní éagsúla Joep Leerssen, tá seans maith nach mbeadh Ó Chéitinn go Raiftearaí scríofa agam!  B’fhéidir go bhfuil claonadh beag chun cantail ionam agus go bhfuil tromlach na staraithe níos réchúisí ná mé, ach táim cinnte go mbeadh cuid mhaith acu sásta freagra a thabhairt ar leabhar mór-ráchairte a chuir olc orthu. Go bhfios dom, níor thug aon staraí faoi leabhar Uí Chorcara go dtí an bhliain 1969 nuair a foilsíodh aiste le Louis Cullen ar Studia Hibernia.

Beirt staraithe ó Choláiste na Tríonóide: McDowell (nach maireann) agus Ohlmeyer

      Caithfimid míniú éigin eile a fháil ar bhailbhe na staraithe. Ritheann dhá cheann liom:
  • Níor bhacadar le mentalité na coitiantachta toisc gur chuma leo faoin gcoitiantacht ó bhonn aníos.
  • Níor bhacadar le mentalité na coitiantachta toisc go mbainfeadh dua le foghlaim na Gaeilge.
Ar ndóigh, níl an dá mhíniú seo neamhspleách ar a chéile. Tugann an méid a scríobh R.B. McDowell sa leabhar leis dar teideal Irish Public Opinion 1750-1800 (Londain, 1944) léargas dúinn ar mheon na staraithe ag am a fhoilsithe. Níorbh fhiú le McDowell aon aird a thabhairt ar fhoinsí i nGaeilge mar chreid sé nach mbeadh iontu ach tuairimíocht den saghas is simplí ar fad:
It may be said that too much attention has been paid [by me] to the opinions of ‘the thinking few’ ... and that the outlook of the masses has been neglected. But perhaps it scarcely requires to be emphasized that the great bulk of the people were restricted by poverty and persecution to political speculations of the simplest kind ... the great output of Gaelic poetry through which they expressed their feelings does not contain any formulated political ideas.
R.B. McDowell, Irish Public Opinion 1750-1800 (Londain, 1944), 5-6.
Ach ní raibh sé ar chumas McDowell na foinsí Gaeilge a mheas toisc nár fhoghlaim sé an teanga riamh, rud a d’admhaigh sé i leabhar eile leis:
Within Trinity the courses and teaching closely resembled those in a British university – I nearly wrote, ‘in other British universities’. However, there was a school of Celtic studies and courses in Irish, and the comparatively few undergraduates who studied Irish were prone to assert vigorously the immense value, especially to Irishmen, of their own subject. Their assertions left me cold or, on controversial occasions, heated. I felt no impulse to learn Irish. My ancestral connections with the language, if they existed, were very distant; I was not a good linguist and my slight acquaintance with Gaelic literature, gained from translation, did not stimulate me to attempt to master the language.
R.B. McDowell, Crisis and Decline: the Fate of the Southern Unionists
(Baile Átha Cliath, 1997), 205-6.
Thug McDowell le fios go mbeadh aigne an phobail in Éirinn faoi chaibidil aige ina leabhar, ach dhein sé talamh slán de ón tús nárbh fhiú staidéar a dhéanamh ar dhearcadh na ndaoine arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais. Níorbh é ‘Irish public opinion’ a bhí faoi chaibidil aige in aon chor ach ‘Anglo-Irish public opinion’ agus ba mhór idir an dá rud san 18ú céad.

      B'shin mar a bhí beagnach seachtó bliain ó shin agus tá feabhas tagtha ar chúrsaí idir an dá linn. Tá neart oibre fós le déanamh, áfach, agus tá staraithe ann i gcónaí a shíleann nach fiú dóibh tuiscint a fháil ar an nGaeilge. Seo mar a scríobh Jane Ohlmeyer atá ina hollamh le stair i gColáiste na Tríonóide faoi láthair:
For many, the linguistic barrier remains a very real one; however, given the wealth of material that has been translated into English by bodies like the Irish Texts Society, it should not be an insurmountable one.
Jane Ohlmeyer, ‘Seventeenth-century Ireland and the new British and Atlantic histories’
in American Historical Review, April 1999, 450.
Ní deintear beag is fiú de na foinsí Gaeilge anois mar dhein R.B. McDowell tráth, ach cuirtear in iúl nach gá an Ghaeilge a fhoghlaim toisc go bhfuil an oiread sin foinsí aistrithe go Béarla faoin am seo. Ach an fíor é sin i ndáiríre? Go bhfios dom, níl ach file amháin ón 18ú céad a bhfuil leagan Béarla dá shaothar go léir le fáil – mar atá, Aogán Ó Rathaille; sa chás sin féin, foilsíodh eagrán níos fearr (ach níos lú) dá chuid dánta i nGaeilge amháin le blianta beaga anuas. Is fíor go bhfuil sciar níos mó de litríocht an 17ú céad aistrithe, ach chuir beirt scoláirí Gaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Damien McManus agus Eoghan Ó Raghallaigh, díolaim mhór dar teideal A Bardic Miscellany in eagar sa bhliain 2010. Cúig chéad dán siollach nár foilsíodh riamh cheana atá sa leabhar (céad go leith díobh a bhaineann leis an 17ú céad) agus níl oiread is aistriúchán amháin curtha leo. Ceist: cé aistreoidh cúig chéad dán chun úsáid na staraithe? Beidh an t-ádh orthu má thagann Google Translate i gcabhair orthu in am trátha ...

Staraithe tuisceanacha: Stanford (ar chlé) agus Howard

      Ní foláir disciplín na staire in Éirinn a tharraingt isteach sa 20ú (sic) céad agus níl ach bealach amháin lena dhéanamh. D’aithin staraí Sasanach, Michael Stanford, cé chomh riachtanach is atá eolas ar theangacha don staraí:
Languages ... act as a filter for the evidence. Any historian of Europe needs to be able to read several languages. Indeed, it is often necessary even for one’s own country. The history of the port of Bristol (a modest piece of local history, one might suppose) calls for, at least, English, French, Latin and Spanish.
Michael Stanford, A Companion to the Study of History (Oxford, 1994), 150.
Agus seo mar a scríobh staraí Sasanach eile, Micheal Howard:
... we cannot know too many languages. We need them not so much in order to make ourselves understood but in order to understand. Without knowing the languages that shape and express their thought, our comprehension of other cultural communities will be dim and unreliable, however great in the abstract may be our knowledge of their past.
Michael Howard, The Lessons of History (Oxford, 1991), 12-13
Nára fada go mbeidh staraithe na hÉireann chomh tuisceanach céanna!