09/08/2020

Athruithe sa chultúr

Tá sliocht eile as Caibidil 3 (795-1002) den leabhar atá ar na bacáin agam le léamh anseo thíos. 

Sliocht as Caibidil 3

'Laochra lonna ó Lochlainn'
Chuir ionsaithe na Lochlannach isteach go mór ar scoileanna na mainistreacha, scoileanna a raibh áit lárnach acu i saothrú an léinn agus na litríochta. Ba bheag nár tugadh buille an bháis do mhainistir Í, annóid na mainistreacha go léir i bhfairche Choluim Chille, nuair a ionsaíodh í sa bhliain 806. Rinneadh slad ar dhá mhainistir thábhachtacha in oirthuaisceart na hÉireann a raibh cáil faoi leith ar na scoileanna iontu: d’ionsaigh na Gaill Beannchar in 823 agus arís an bhliain dár gcionn, agus d’ionsaíodar mainistir Ard Mhacha sna blianta 832, 840, 852, 869, 895, 921 agus 943. Uair éigin timpeall na bliana 845 chum manach dí-ainm rann a thugann léargas glinn dúinn ar an scanradh a chuir sceimhealta na Lochlannach ar chléir na linne. Thug stoirm faoiseamh beag don údar:
Is acher in gáith in-nocht,
fu-fúasna fairggæ findfholt:
ní ágor réimm mora minn
dond láechraid lainn úa Lothlind.

(Is géar an ghaoth anocht,
suaitear farraige na bhfolt fionn;
ní heagal dom muir chiúin á trácht
ag laochra lonna ó Lochlainn.)
Breacadh an véarsa seo ag barr leathanaigh i ngraiméar Laidine le Priscianus a cóipeáladh in Éirinn timpeall na bliana 850 agus a tógadh go mórthír na hEorpa tamall gairid tar éis a scríofa. Níor tháinig ach líon beag lámhscríbhinní anuas chugainn ón 9ú ná ón 10ú céad agus tá a bhformhór ar caomhnú thar lear, rud a thacaíonn leis an tuairim go raibh tithe screaptra na hÉireann in anord. Ar a bharr sin, d’fhág scata scoláirí aithnidiúla Éire i lár an 9ú céad.

Impireacht na bhFranc sa 9ú céad: thiar (dearg), lár (uaine) agus thoir (buí). 
     Orthu seo bhí manach a ghlac an t-ainm Laidine ‘Sedulius’ agus a thuirling i gcúirt Lothair I, impire na bhFranc Láir, timpeall na bliana 848. Scríobh sé aistí ar an mBíobla agus ar ghramadach na Laidine, i measc ábhar eile, ach is mó an clú atá air inniu mar fhile Laidine. Ghabh ceann dá dhánta buíochas le Dia as cath a bhriseadh ar na Lochlannaigh:
Brachium patris validum potentis
ecce protrivit subita rebellem
strage Normannum pietatis hostem:
gloria patri.

(Is í lámh láidir an Athar chumhachtaigh
a leag go tobann an Normannach cealgach
le sléacht – namhaid an duine chráifigh.
Glóir don Athair!)
Cá bhfios nárbh é ceann de na cathanna a rug Maoilseachlainn mac Maolruanaidh, nó rí Éireannach eile, ar ghintlithe sna blianta 847 agus 848 a spreag an dán seo? Ba mhó fós an cháil a thuill Iohannes Scottus († 870), Éireannach a bhí ag múineadh scoile i bpálás Charles II, rí na bhFranc Thiar, faoin mbliain 851. Amhail Sedulius, chum sé dánta i Laidin ach bhí Gréigis ar a thoil aige freisin agus d’aistrigh sé saothair dhiagachta is fhealsúnachta ón teanga sin. Tháinig roinnt gluaiseanna anuas chugainn inar mhínigh sé téarmaí deacra Gréigise i Laidin nó i nGaeilge. Ach tá clú Iohannes mar phríomh-fhealsamh a linne bunaithe ar leabhar leis dar teideal Periphyseon. Níl sé cinnte go raibh an Ghréigis aige sular fhág sé Éire, ach is díol suime é go raibh cur amach ar an teanga sin ag Éireannach eile, Martianus Hiberniensis († 875) mar a glaodh air, a bhí ina mháistir ar scoil na hardeaglaise i Laon na Fraince ó lar an 9ú céad amach. Ba ghrafnóir bisiúil é Martianus a chleacht an mhionpheannaireacht Chairilínseach agus a d’fhág cnuasach mór lámhscríbhinní ina dhiaidh.

'Σηδυλιος Σκοττος εγω εγραψα' - 'Mise Sedulius Scottus a scríobh'
     Is dea-theist ar chaighdeán ard na Laidine i scoileanna na hÉireann an mháistreacht a bhí ag Iohannes Scottus agus ag scoláire eile an 9ú céad ar an teanga sin, ach bhí athrú bunúsach ag teacht ar an léann in Éirinn. Deireadh ré ba ea é i ndáiríre. Bhí scoláireacht na Laidine ag dul ar gcúl i scoileanna na mainistreacha de réir a chéile, fad is a bhí léann na Gaeilge ag teacht chun cinn iontu. Ní féidir súil a chaitheamh ar Annála Uladh gan an próiseas seo a thabhairt faoi deara. Cé go raibh líon na n-iontrálacha a bhí dátheangach nó i nGaeilge amháin ag méadú ó lár an 8ú céad amach, bhí bunús an ábhair fós i Laidin chomh déanach leis an gcéad leath den 10ú céad. Ach tharla athrú tobann ansin. Mar shampla, níl oiread is sampla amháin den fhocal Laidine ‘rex’ le léamh idir annáil na bliana 937 agus annáil na bliana cinniúnaí 1171, cé gur théarma coitianta é roimhe sin; ‘rí’ ar fad a scríobhadh ó lár an 10ú céad amach. Thairis sin, taispeánann na hannála go raibh nádúr an léinn ag athrú: cé go raibh tagairtí do ‘sapientes’ (scoláirí diagachta) agus do ‘scribae’ (dlíodóirí canónta) flúirseach i dtosach an 9ú céad, is ar éigean a luadh na gairmeacha sin tar éis na bliana 1000. Ach d’éirigh scoláire de shaghas eile coitianta i gcaitheamh an 10ú céad: mar atá, an ‘fear léinn’ a raibh saineolas aige ar an gcultúr dúchais, idir sheanchas agus litríocht. Mar a bheifí ag súil leis, bhain sciar maith den litríocht a cumadh sna mainistreacha le gnéithe den chreideamh. Tháinig borradh ar an naomhsheanchas sa Ghaeilge agus cumadh ‘beathaí’ ar Bhríghid, ar Phádraig agus ar Adhamhnán i mainistreacha Chill Dara, Ard Mhacha agus Cheanannais faoi seach. Mar an gcéanna, is ag deireadh an 10ú céad a tiomsaíodh Saltair na Rann, díolaim ina bhfuil céad seasca is dhá dhán i nGaeilge ar eachtraí éagsúla ón mBíobla.

Annála Uladh 1002: 'Slogad la Brian co Ath Luain co ruc giallu Connacht ⁊ fer Midhe'
     Ní cóir a cheapadh go raibh gach scoláire eaglasta gafa le cúrsaí creidimh. Thug Annála Uladh ‘ríghfiled Érenn’ (‘rí-fhile Éireann’) ar Mhaolmura, manach a oileadh i mainistir Fhathna in Inis Eoghain, nuair a d’éag sé sa bhliain 887, ach ba sheanchaí é freisin. D'fhreagair an dán is cáiliúla leis ceist thábhachtach a cuireadh sa chéad rann:
Can a mbunadas na nGoídel
gair cloth nglédenn?
Can dosrala tonndgar dílenn
dochum nÉrenn?

(Cad as do bhunús na nGael,
gairm chlúiteach ghlinn?
Cad as ar sheol tonnta díleann iad
chun na hÉireann?)
Thug Maolmura cuntas ar thriallta na nGael ón Éigipt go dtí an Spáinn agus as sin go hÉirinn, ar an ngabháltas a rinne clanna Mhíle ar Éirinn, agus ar na ríshleachta ba thábhachtaí a shíolraigh ó Éireamhón, ó Éibhear is ó Ír. Tá insint níos scóipiúla ar bhréagstair na hÉireann sa dán seo ná in aon saothar eile a bhí ann roimhe, agus mhaígh an file gurbh í an fhírinne lom a bhí á hinsint aige:
Derb lem cipé rodos ríme
o ro gabad h-Eriu
cona faigbe ní ba fíriu
na bas leriu.

(Is dearbh liom gach ar ríomhas
ó gabhadh Éire,
ní bhfaighidh tú ceo níos fíre
ná níos léire.)
Cé gur bhain Maolmura le Cinéal nEoghain ó dhúchas, tá dán eile leis inar mhór sé Flann Sionna mac Maoilseachlainn. Faoin 9ú céad, níor dheacair rí na Teamhrach a shamhlú le rí na hÉireann.

     Dá thábhachtaí iad scoileanna na mainistreacha don léann, bhí formhór na bhfilí ag brath ar fhéile na ríthe. Taispeánann rann dímheasúil a chum file anaithnid ar sprionlóir de rí sa 9ú céad nár leor leo an tuarastal i gcónaí:
Ro-cúala
ní tabair eochu ar dúana;
do-beir a n-í as dúthaig dó,
bó.

(Do chuala
nach dtugann sé eacha ar dhuanta;
tugann an ní is dúchas dó –
bó!)
Bíodh sin mar atá, tá na hannála breac le sleachta as dánta adhmholtacha. Is liosta le háireamh iad na ríthe a bhfuil rainn mhórtha orthu le léamh in Annála Uladh: ina measc tá Feidhlimidh mac Criomhthainn, Niall Caille mac Aodha, Aodh Finnliath mac Néill, Niall Glúndubh mac Aodha, Muircheartach na gCochall gCroicinn agus Domhnall ua Néill. Ar na filí aitheanta a raibh dlúthbhaint acu le ríthe bhí: Dallán mac Móire a mhol Cearbhall mac Muireagáin, an rí a ghabh Áth Cliath sa bhliain 902; Cionaoth ua hArtagáin a mhol Conghalach Cnoghbha mac Maoilmithigh; agus Cuan ua Lothcháin a mhol Maoilseachlainn mac Domhnaill. Bhronn Annála Uladh an teideal ‘príomh-éigeas Éireann’ ar an mbeirt dheireanach nuair a d’éag siad in 975 agus in 1024 faoi seach. Tugadh ‘banfhile hErend’ ar Uallach iníon Mhuineacháin in Annála Inis Faithlinn nuair a fuair sí bás sa bhliain 934. Beisceacht í, áfach, agus is cosúil gurbh í Uallach an t-aon bhean a raibh iomrá uirthi mar fhile ag an am  cé go bhfuil ceann de dhánta móra na linne luaite le ‘sentainne Bérri’ (‘caileach Bhéara’) éigin nach fios cérbh í.