18/07/2023

An cultúr Gaelach sa 13ú céad

Tá an ceathrú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

An chéad teach de chuid na gCistéirseach in Éirinn: an Mhainistir Mhór a bunaíodh in 1142

Cé gur lean filí orthu ag móradh ríthe Gaelacha tar éis ionradh na Sasanach, ba thréimhse athraithe é deireadh an 12ú céad agus tús an 13ú céad don aos dána. Chomh déanach leis an mbliain 1173, tuairiscíodh gur éag Muireadhach Ó Cobhthaigh, easpag Dhoire, ‘iar n-dail il mhaoine déigsibh’ (‘tar éis iliomad bronntanas a dháileadh ar lucht éigse’), ach de réir mar a cuireadh dlús le hatheagrú na heaglaise ghlac an chléir rialta le rialacha na gCistéirseach nó na nAgaistíneach ar dtús, agus le rialacha na nDoiminiceach nó na bProinsiasach ina dhiaidh sin, agus scaoileadh an ceangal cianaosta idir na tithe crábhaidh agus an léann dúchais. Cháin Giolla Brighde Mac Con Midhe († c.1272) doicheall na cléire i ndán dá chuid:

Focal nach frioth i leabhraibh
gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
is léigheann gránna Gallda
dámha Éireann d’ionnarba. 

(Focal nach bhfuarthas i leabhair –
gan íoc as éigse ilghnéitheach;
is teagasc gránna Gallda é
dámha na hÉireann a ionnarbadh.)

Bhris polasaí úr na heaglaise leanúnachas an traidisiúin liteartha. Is é an teist is soiléire air sin nár tháinig lámhscríbhinn Ghaeilge ar bith anuas chugainn ón 13ú céad – seachas leabhar annála nó dhó – cé go bhfuil raidhse lámhscríbhinní ar fáil ón 12ú céad agus ón 14ú céad. Thairis sin, tá scoláirí an lae inniu den tuairim nach féidir brath ar na sonraí faoin 13ú céad a fhaightear i mórán craobhacha coibhnis: tá gach cosúlacht air gur tháinig deireadh le saothrú an ghinealais i dtreo dheireadh an 12ú céad agus gur imigh cúpla glúin as sular chrom an t-aos léinn ar an obair in athuair. Ach is ar éigean a chuir atheagar na heaglaise isteach ar aicme leath-chléiriúil a raibh áit ghradamach aici sa tsochaí Ghaelach: mar atá, na hairchinnigh. Tionóntaí oidhreachtúla ba ea iad in eastáit a bhain leis an eaglais. Cé nár oirníodh na hairchinnigh, bhíodar coirnithe, fágadh séipéil áitiúla faoina gcúram, agus tugadh oideachas thar an ngnáth dóibh. Nuair a thug na hoird chrábhaidh droim láimhe don seanchas, don fhéineachas, don leigheas, agus do litríocht na Gaeilge, líon fir arbh airchinnigh iad le sinsearacht an folús. Ar na teaghlaigh a ghabh leis an léann dúchais bhí: muintir Bhreasláin, breithiúna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhoire Mhaoláin, Contae Fhear Manach; muintir Dhuibhgeannáin, seanchaithe a bhí ina n-airchinnigh ar Chill Rónáin, Contae Ros Comáin; muintir Chaiside, lianna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhaimhinis, Contae Fhear Manach. Is iad muintir Dhálaigh an fine is mó a luaitear leis an bhfilíocht in annála na linne. Nuair a d’éag Cú Chonnacht Ó Dálaigh, ‘in fer dana is ferr do bái a n-Erinn’ (‘an fear dána is fearr a bhí in Éirinn’) in 1139, thug nóta báis in Annála Tighearnaigh le fios gurbh as Leacain, Contae na hIarmhí, dó. Ba shuíomh seanmhainistreach é Leacain agus dhealródh sé gurbh iad muintir Dhálaigh airchinnigh an tearmainn ansiúd, ach scaipeadar chomh fada ó dheas le Deasmhumhain agus chomh fada ó thuaidh le hInse Gall na hAlban. Ar na filí a bhfuil tagairtí dóibh sna hannála tá: Raghnall agus Giolla na Tríonóide Ó Dálaigh, beirt ollúna ar Dheasmhumhain, a d’éag in 1161 agus 1166 faoi seach; Tadhg agus Maol Íosa Ó Dálaigh, beirt ar tugadh ‘ollamh Éireann agus Alban’ orthu, a d’éag in 1181 agus 1185 faoi seach; agus Donnchadh Mór Ó Dálaigh, ‘sói nár sáraiged, ⁊ nach sairéchar choidhche’ (‘saoi nár sáraíodh agus nach sárófar choíche’), a d’éag in 1244.

Niall, Conn agus Cormac mar a shamhlaítear iad anois

     Bhí an t-aos dána i gcoitinne agus filí go háirithe ag brath ar phátrúnacht na ríthe agus na dtaoiseach. Mhínigh Giolla Brighde Mac Con Midhe tábhacht na filíochta don fhlaith ar chás leis an chuimhne a bheadh ag sliocht a shleachta air:

Muna leasaighdís laoidh
a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
le i bhfad a-nonn do bhiadh brat
ar Niall, ar Chonn, ar Chormac. 

(Murach gur chaomhnaigh laoithe
a ndearna siad, cé gur dhea-dhaoine iad,
bheadh dearmad déanta le fada anuas
ar Niall [Naoighiallach], ar Chonn [Céadchathach], ar Chormac [mac Airt].)

Bíodh dealramh leis an argóint sin nó ná bíodh, bhí filí gairmiúla ag cumadh dánta admholtacha i meadarachtaí an ‘dáin dírigh’ dá bpátrúin faoi thús an 13ú céad. Ar na flatha ba mhó a móradh bhí: Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair, rí Chonnacht ó 1189 go 1224; Domhnall Mór Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill ó 1207 go 1241; agus Donnchadh Cairbreach Ó Briain, rí Thuadhmhumhan ó 1210 go 1242. Cé nach bhfuil tuairiscí réalaíocha ar ríthe na linne le fáil sna dánta seo – is ag móradh a bpátrún a bhí na filí tar éis an tsaoil – tugann siad léargas dúinn ar ábhair imní is ar ábhair mhórtais na sochaí inar cumadh iad. Faoin mbliain 1200 bhí meadarachtaí siollacha á gcleachtadh a raibh rialacha dochta ag gabháil leo. Seacht siolla i ngach líne a bhí i ndeibhí agus i rannaíocht mhór, an dá mheadaracht ba choitianta, agus bhí rialacha breise a bhain le líon na siollaí i bhfocail ag deireadh líne, le huaim, agus le comhardadh na ngutaí. Sa tréimhse chéanna inar leagadh amach na rialacha meadarachta don dán díreach, rinneadh caighdeánú ar ghramadach na filíochta. Bhí an teanga liteartha seo – an ‘Ghaeilge Chlasaiceach’ mar a thugtar uirthi anois – bunaithe ar urlabhra an phobail ach ceadaíodh leaganacha canúnacha, rud a thug rogha leathan d’fhoirmeacha malartacha do na filí agus a chuidigh leo an mheadaracht a thabhairt slán. Ní fios conas a thángthas ar rialacha an dáin dírigh, ná conas a socraíodh gramadach na Gaeilge Clasaicí, ach ní móide go nglacfadh an t-aos dána i gcoitinne leo mura mbeadh lámh ag muintir Dhálaigh, an teaghlach ba mhó gradam i measc na bhfilí, san obair. Is ar éigean a d’athraigh caighdeán na bhfilí i gcaitheamh ceithre chéad bliain ón uair a cumadh é ag deireadh an 12ú céad, ach bhí teanga labhartha na linne, an Nua-Ghaeilge Mhoch, ag athrú i rith an ama agus mhéadaigh an bhearna idir teanga liteartha an aosa léinn agus urlabhra na coitiantachta de réir a chéile.

Píce, oinniún agus búcla


     I gcomórtas leis an Méan-Ghaeilge, d’éirigh córas na mbriathar níos simplí sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus laghdaíodh líon na mbriathar neamhrialta. Bhí córas na n ainmfhocal níos seasmhaí, ach tosaíodh ar shleamhnóg a scríobh roimh chonsan leathan i ndiaidh ‘e’ – athrú a rinne ‘an fear mór’ de ‘in fer mór’ na Meán-Ghaeilge. Cé go bhfuil cuma nua-aoiseach ar an litriú, níorbh ionann fuaimniú an fhocail ‘fear’ sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus i nGaeilge an lae inniu. Thairis sin, bhí foirmeacha éagsúla den fhocal ‘fear’ fós in úsáid sa tabharthach uatha agus san áinsíoch iolra: mar atá, ‘fior’ agus ‘fiora’. Chuir an teagmháil idir lucht labhartha na Gaeilge agus teangacha na nGall go mór le foclóir na Gaeilge. Mar a bheifí ag súil leis, bhain cuid mhaith de na hiasachtaí ón bhFraincis le cúrsaí míleata, leis an ailtireacht, agus leis an dlí. Féach leithéidí ‘máille’ (‘maille’), ‘píce’ (‘pique’), ‘garda’ (‘garde’), ‘áirse’ (‘arche’), ‘cófra’ (‘cofre’), ‘póirse’ (‘porche’), ‘giúistís’ (‘justis’), ‘oidhre’ (‘heire’) agus ‘pardún’ (‘pardun’). Ach is díol suime é líon mór na n-iasachtaí ón bhFraincis a bhain le saol na coitiantachta, go háirithe i réimsí an bhia agus an éadaigh. Ina measc seo tá leithéidí ‘oinniún’ (‘oignon’), ‘siúcra’ (‘sucre’), ‘dinnéar’ (‘diner’),’cóta’ (‘cote’), ‘gúna’ (‘gune’) agus ‘búcla’ (‘bucle’). Is ar an siolla deireanach a chuirtí an bhéim i bhFraincis na Normainne – ach amháin má chríochnaigh focal le ‘e’ nuair a chuirtí an bhéim ar an dara siolla ón deireadh. Mar is léir ó na samplaí thuas, rinneadh gutaí fada de ghutaí aiceanta na Fraincise sa Ghaeilge. Tá roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Fraincise leo nach leanann an riail seo agus is dóichí ná a mhalairt gur trí mheán an Bhéarla a tháinig siad isteach sa Ghaeilge: féach leithéidí ‘báisín’ (‘basin’), ‘brainse’ (‘branch’) agus ‘fábhar’ (‘favour’). I gcás na n-iasachtaí aonsiollacha – ‘cúirt’, ‘plás’ nó ‘stór’ mar shampla – níl sé soiléir ar tháinig siad go díreach ón bhFraincis nó tríd an mBéarla. Caithfidh gur ón mBéarla a tháinig roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Gearmánda leo. Arís, tá baint ag cuid mhaith de na focail seo leis an ailtireacht nó le héadaigh: ina measc tá leithéidí ‘halla’ (‘halle’), ‘balla’ (‘wal’), ‘geata’ (‘geat’), ‘stoca’ (‘stoc’), ‘bríste’ (‘brēche’), ‘sciorta’ (‘skirt’). Ba bheag iasacht ón mBéarla a bhain leis an dlí ach is eisceacht é ‘sirriam’ (‘schirēve’).

Cúlán nua-aimseartha ónár linn féin


     D’fhág na hathraithe sóisialta agus cultúrtha a lean ionradh na Sasanach lorg buan ar fhoclóir na Gaeilge. Ní hamháin sin, ach d’éirigh roinnt ainmneacha Gallda an-choitianta i measc na nGael laistigh de chúpla glúin den ghabháltas: ar na cinn ba choitianta bhí ‘Eilís’ (‘Elise’), ‘Gearóid’ (‘Geraud’), ‘Muiris’ (‘Moris’), ‘Onóra’ (‘Honore’), ‘Piaras’ (‘Piers’), ‘Séamas’ (‘Jemes’), ‘Seán’ (‘Johan’), ‘Sibéal’ (‘Isabel’), ‘Síle’ (‘Cecile’), ‘Sinéad’ (‘Jennet’), ‘Siobhán’ (‘Joanne’), ‘Tomás’ (‘Thomas’) agus ‘Uilliam’ (‘William’). Bhí na cultúir ag meascadh agus na pobail ag crosphórú i rith an 13ú céad. Ní raibh an trácht i dtreo amháin, ach oiread, mar is léir ó acht a ritheadh i bparlaimint na bliana 1297:

Anglici eciam quasi degeneres modernis temporibus hybernicalibus se induunt vestimentis, et habentes Capita semirasa capillos a retro capitis nutriunt et allongant, et illos Culan vocant hybernicis tam habitu quam facie sese conformantes ... 

(Gléasann Sasanaigh na linne nua seo iad féin in éadaí Éireannacha amhail dream a mheath, agus bíonn an cloigeann leath-bheartha acu, cothaíonn agus fásann siad foilt ar chúl an chinn, agus tugann siad ‘cúlán’ air sin, ag aithris ar Éireannaigh ina n-éadaí agus ina ndealramh ... )
Bhí maithe na parlaiminte sách imníoch faoi iompar na gcoilíneach meata chun caitheamh an chúláin a chosc ar Shasanaigh. Comhartha laige seachas comhartha treise ba ea é.