16/12/2020

Cogaí na Lochlannach

Is é atá sa sliocht thíos an brollach a ghabhann le Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. Foilseofar sliocht eile as an gcaibidil seo san athbhliain.

Sliocht as Caibidil 4

Chuir cogaí na Lochlannach cruth nua ar mhapa iarthar na hEorpa. 

     Ba iad na Cruithnigh an cine ceannasach i dtuaisceart na Breataine ag tús an 9ú céad ach chuir coilínigh ó chríocha Lochlann fúthu go tiubh in Inse Gall agus in Inse Orc. Maraíodh rí Fhoirtreann agus líon mór d’uaisle na ríochta nuair a bhris Lochlannaigh cath orthu sa bhliain 839. D’athraigh an briseadh seo cóimheá na cumhachta idir Cruithnigh agus Gaeil, rud a thug deis do Chionaoth mac Ailpín, rí Dhál Riada, an dá chine a aontú faoina fhlaitheas féin. Ghabh iarlaí Inse Orc seilbh ar Chataibh agus ar Ghallaibh ar an mórthír agus bhrúdar ó dheas i dtreo Rois agus Mhoireibh. Bhí ríocht aontaithe na gCruithneach agus na nGael i mbaol a scriosta go ceann cúpla glúin ach choinnigh sliocht Chionaotha mic Ailpín greim ar an limistéár idir Srath Spè sa tuaisceart agus Linne Foirthe sa deisceart. ‘Rex Pictorum’ (‘rí na gCruithneach’) a thug Annála Uladh ar Chionaoth nuair a fuair sé bás sa bhliain 858. Níl aon tagairt do Chruithnigh sa bhfoinse sin tar éis na bliana 878, áfach, agus ba é ‘rí Alban’ an teideal a luadh le Domhnall II, garmhac le Cionaoth, nuair a d’éag seisean sa bhliain 900. Baineadh an gus as Breatnaigh Shrath Chluaidh sa bhliain 870 nuair a ghabh Gaill Átha Cliath a mbunáit ag Dùn Breatann; tháinig Srath Chluaidh faoi anáil na hAlban i gcaitheamh an 10ú céad agus aontaíodh an dá ríocht go luath san 11ú céad. Nuair a rinne Knútr Sveinnsson, rí na Danmhairge, ionradh ar Shasana sa bhliain 1015, thapaigh Maol Coluim II na hAlban an deis chun tuaisceart Northumbria a ghabháil: bhris sé cath ar iarla an réigiúin ag Carham sa bhliain 1018, bua a shín críocha na hAlban ó dheas go dtí an Tuaidh mar a bhfuil an teorainn le Sasana anois.

     Ceithre ríocht a bhí i Sasana ag tús ré na Lochlannach. Chlis ceann acu sa bhliain 867 nuair a ghabh na Danair cathair Eabhrac: maraíodh an bheirt ríthe a bhí i gcomhfhlaitheas Northumbria agus bhunaigh na Lochlannaigh ríocht dá gcuid féin in Eabhrac. Dhá bhliain dár gcionn, bhriseadar cath ar Edmund, rí deireanach Anglia Thoir, agus chuireadar an rí chun báis tar éis an chatha. Theith rí Mercia chun na Róimhe nuair a thug ‘micel here’ (‘arm mór’) na nDanar aghaidh ar a ríocht sa bhliain 874. Ghlac na Lochlannaigh seilbh ar oirthear Mercia agus chuireadar rí soip i bhfeighil an iarthair. Ba é Wessex, ríocht a bhí suite laisteas den Tamais, an t-aon ríocht i ndeisceart Shasana a bhí fós neamhspleách ar na Danair ach bhuaigh Alfred, rí Wessex, orthu i gcath cinniúnach Edington sa bhliain 878. Dhíbir Edward, mac agus comharba Alfred, na Danair as an gcuid de Shasana a bhí suite laisteas den Humber agus ghabh a mhacsan, Æðelstan, seilbh ar Northumbria nuair a d’éag Sigtryggr ua Ívarr, rí Eabhrac agus iar-rí Átha Cliath, sa bhliain 927. Ba é Æðelstan an chéad rí ar Shasana uile. Ní raibh deireadh le hionsaithe na Lochlannach, áfach, agus d’éirigh le beirt ríthe ón Danmhairg – Sveinn Haraldsson agus mac leis, Knútr Sveinnsson – ríghe Shasana a ghabháil in 1013 agus in 1016 faoi seach. Níor bhaineadar d’aontacht na ríochta, áfach, agus bhí na Danair seo ina ríthe ar Shasana uile, ar aon dul leis na ríthe de ríshliocht Wessex a bhí sa choróin rompu.

     Nuair a roinneadh impireacht na bhFranc idir triúr mac an Impire Louis ‘le Pieux’ sa bhliain 843, fuair Charles I (Charles ‘le Chauve’) an ríocht thiar – ríocht ar shín a cósta ó inbhear an Schelde sa tuaisceart go sléibhte na bPiréiní sa deisceart. Ba dheacair cósta fada mar é a chosaint i gcás ar bith, ach bhí Charles i ngleic lena dheartháireacha go minic agus theip air bac a chur ar na sceimhealta Lochlannacha a sheol suas aibhneacha na Séine agus an Loire. Creachadh Nantes in 843 agus creachadh Páras faoi dhó sna blianta 845 agus 856. B’éigean do rí na bhFranc dúmhál a íoc leis na Danair chun faoiseamh gearr a fháil óna ruathair. Tháinig cuid den micel here a raibh slad déanta acu i Sasana le deich mbliana anuas i dtír gar do Boulogne in 879 agus chreachadar cósta thuaidh na ríochta. Chuir na Lochlannaigh léigear ar Pháras in athuair sa bhliain 885 agus níor bhailíodar leo go bhfuaireadar íocaíocht mhór ó Charles II (Charles ‘le Gros’). I dtreo dheireadh an 9ú céad, ghabh taoiseach Lochlannach darbh ainm Hrólfr cathair Rouen agus chuir a lucht leanúna fúthu thart ar inbhear na Séine. Thug Hrólfr ruathair ar Pháras agus ar Chartres sa bhliain 911 agus, cé nár éirigh leis ceachtar den dá chathair a ghabháil, chuir sé an oiread scéine ar Charles III (Charles ‘le Simple’) gur thoiligh an rí conradh a dhéanamh leis. Bhuail Charles le Hrólfr ag Saint-Clair-sur-Epte agus bhronn sé críoch leathan ar an dá bhruach den tSéin íochtair air; mar mhalairt air sin, d’aithin Hrólfr ardtiarnas rí na bhFranc, gheall sé go gcosnódh sé an réigiún a bronnadh air, agus ghlac sé leis an gCríostaíocht. Ba é seo tús na Normainne (‘la Normandie’), cúige a ainmníodh as na Normannaigh a lonnaigh ann sa 10ú céad. Luadh na teidil ‘cunta’ nó ‘marcas’ le Hrólfr agus leis na chéad fhlatha a tháinig i gcomharbas air, ach bhí an teideal ‘diúc’ in úsáid ag flatha na Normainne roimh dheireadh an 10ú céad. Ba ghearr gur thiontaigh sliocht na Lochlannach ar an bhFraincis, cé gur tháinig cuid mhaith téarmaí seoltóireachta isteach sa teanga sin mar iasachtaí ón Lochlainnis. Má chuaigh teanga na Normannach i léig, mhair an diúcacht a bhunaíodar agus brúdh a teorainn siar i dtreo na Briotáine i gcaitheamh an 10ú céad. Cé gur chosaint éifeachtach i gcoinne ruathair na Lochlannach í an Normainn, ba bheag smacht a bhí ag ríthe na bhFranc ar chomharbaí Hrólfr.

     Ba de bharr ionsaithe na Lochlannach a tháinig ríochtaí aontaithe chun cinn in Albain agus i Sasana. Cé nár chuir Normannaigh aontacht na ríochta chun cinn sa bhFrainc, bhunaíodar diúcacht láidir a raibh tionchar nár bheag aici ar stair na hEorpa. Níl an lorg a d’fhág na Lochlannaigh ar Éirinn chomh soiléir céanna. Go deimhin, ní féidir a rá gur chuireadar oiread is ríshliocht amháin da bhoinn, ach ídíodh cumhacht Chlann Cholmáin agus na ríshleachta i dtuaisceart Laighean de bharr na coimhlinte leanúnaí idir iad agus Gaill Átha Cliath. Ar an láimh eile, dhíbir Uí Néill an Tuaiscirt na Gaill as na longfoirt go léir a bhí acu i Leath Chuinn, bua a d’fhág go raibh bailte poirt uile na hÉireann suite i Leath Mhogha faoi thús an 11ú céad. Má chreim ionsaithe na Lochlannach ríghe na Teamhrach de réir a chéile, ba iad na bailte poirt sa Mhumhain a tháinig faoina smacht a chuir ar chumas Bhriain Bhóramha flaitheas na hÉireann a ghabháil sa bhliain 1002. Níor cruthaíodh ríocht chomhtháite in Éirinn de bharr ionsaithe na Lochlannach, ach réitigh siad an bealach d’ardrí a raibh ní ba mhó cumhachta aige ná aon rí a chuaigh roimhe.