18/07/2023

An cultúr Gaelach sa 13ú céad

Tá an ceathrú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

An chéad teach de chuid na gCistéirseach in Éirinn: an Mhainistir Mhór a bunaíodh in 1142

Cé gur lean filí orthu ag móradh ríthe Gaelacha tar éis ionradh na Sasanach, ba thréimhse athraithe é deireadh an 12ú céad agus tús an 13ú céad don aos dána. Chomh déanach leis an mbliain 1173, tuairiscíodh gur éag Muireadhach Ó Cobhthaigh, easpag Dhoire, ‘iar n-dail il mhaoine déigsibh’ (‘tar éis iliomad bronntanas a dháileadh ar lucht éigse’), ach de réir mar a cuireadh dlús le hatheagrú na heaglaise ghlac an chléir rialta le rialacha na gCistéirseach nó na nAgaistíneach ar dtús, agus le rialacha na nDoiminiceach nó na bProinsiasach ina dhiaidh sin, agus scaoileadh an ceangal cianaosta idir na tithe crábhaidh agus an léann dúchais. Cháin Giolla Brighde Mac Con Midhe († c.1272) doicheall na cléire i ndán dá chuid:

Focal nach frioth i leabhraibh
gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
is léigheann gránna Gallda
dámha Éireann d’ionnarba. 

(Focal nach bhfuarthas i leabhair –
gan íoc as éigse ilghnéitheach;
is teagasc gránna Gallda é
dámha na hÉireann a ionnarbadh.)

Bhris polasaí úr na heaglaise leanúnachas an traidisiúin liteartha. Is é an teist is soiléire air sin nár tháinig lámhscríbhinn Ghaeilge ar bith anuas chugainn ón 13ú céad – seachas leabhar annála nó dhó – cé go bhfuil raidhse lámhscríbhinní ar fáil ón 12ú céad agus ón 14ú céad. Thairis sin, tá scoláirí an lae inniu den tuairim nach féidir brath ar na sonraí faoin 13ú céad a fhaightear i mórán craobhacha coibhnis: tá gach cosúlacht air gur tháinig deireadh le saothrú an ghinealais i dtreo dheireadh an 12ú céad agus gur imigh cúpla glúin as sular chrom an t-aos léinn ar an obair in athuair. Ach is ar éigean a chuir atheagar na heaglaise isteach ar aicme leath-chléiriúil a raibh áit ghradamach aici sa tsochaí Ghaelach: mar atá, na hairchinnigh. Tionóntaí oidhreachtúla ba ea iad in eastáit a bhain leis an eaglais. Cé nár oirníodh na hairchinnigh, bhíodar coirnithe, fágadh séipéil áitiúla faoina gcúram, agus tugadh oideachas thar an ngnáth dóibh. Nuair a thug na hoird chrábhaidh droim láimhe don seanchas, don fhéineachas, don leigheas, agus do litríocht na Gaeilge, líon fir arbh airchinnigh iad le sinsearacht an folús. Ar na teaghlaigh a ghabh leis an léann dúchais bhí: muintir Bhreasláin, breithiúna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhoire Mhaoláin, Contae Fhear Manach; muintir Dhuibhgeannáin, seanchaithe a bhí ina n-airchinnigh ar Chill Rónáin, Contae Ros Comáin; muintir Chaiside, lianna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhaimhinis, Contae Fhear Manach. Is iad muintir Dhálaigh an fine is mó a luaitear leis an bhfilíocht in annála na linne. Nuair a d’éag Cú Chonnacht Ó Dálaigh, ‘in fer dana is ferr do bái a n-Erinn’ (‘an fear dána is fearr a bhí in Éirinn’) in 1139, thug nóta báis in Annála Tighearnaigh le fios gurbh as Leacain, Contae na hIarmhí, dó. Ba shuíomh seanmhainistreach é Leacain agus dhealródh sé gurbh iad muintir Dhálaigh airchinnigh an tearmainn ansiúd, ach scaipeadar chomh fada ó dheas le Deasmhumhain agus chomh fada ó thuaidh le hInse Gall na hAlban. Ar na filí a bhfuil tagairtí dóibh sna hannála tá: Raghnall agus Giolla na Tríonóide Ó Dálaigh, beirt ollúna ar Dheasmhumhain, a d’éag in 1161 agus 1166 faoi seach; Tadhg agus Maol Íosa Ó Dálaigh, beirt ar tugadh ‘ollamh Éireann agus Alban’ orthu, a d’éag in 1181 agus 1185 faoi seach; agus Donnchadh Mór Ó Dálaigh, ‘sói nár sáraiged, ⁊ nach sairéchar choidhche’ (‘saoi nár sáraíodh agus nach sárófar choíche’), a d’éag in 1244.

Niall, Conn agus Cormac mar a shamhlaítear iad anois

     Bhí an t-aos dána i gcoitinne agus filí go háirithe ag brath ar phátrúnacht na ríthe agus na dtaoiseach. Mhínigh Giolla Brighde Mac Con Midhe tábhacht na filíochta don fhlaith ar chás leis an chuimhne a bheadh ag sliocht a shleachta air:

Muna leasaighdís laoidh
a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
le i bhfad a-nonn do bhiadh brat
ar Niall, ar Chonn, ar Chormac. 

(Murach gur chaomhnaigh laoithe
a ndearna siad, cé gur dhea-dhaoine iad,
bheadh dearmad déanta le fada anuas
ar Niall [Naoighiallach], ar Chonn [Céadchathach], ar Chormac [mac Airt].)

Bíodh dealramh leis an argóint sin nó ná bíodh, bhí filí gairmiúla ag cumadh dánta admholtacha i meadarachtaí an ‘dáin dírigh’ dá bpátrúin faoi thús an 13ú céad. Ar na flatha ba mhó a móradh bhí: Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair, rí Chonnacht ó 1189 go 1224; Domhnall Mór Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill ó 1207 go 1241; agus Donnchadh Cairbreach Ó Briain, rí Thuadhmhumhan ó 1210 go 1242. Cé nach bhfuil tuairiscí réalaíocha ar ríthe na linne le fáil sna dánta seo – is ag móradh a bpátrún a bhí na filí tar éis an tsaoil – tugann siad léargas dúinn ar ábhair imní is ar ábhair mhórtais na sochaí inar cumadh iad. Faoin mbliain 1200 bhí meadarachtaí siollacha á gcleachtadh a raibh rialacha dochta ag gabháil leo. Seacht siolla i ngach líne a bhí i ndeibhí agus i rannaíocht mhór, an dá mheadaracht ba choitianta, agus bhí rialacha breise a bhain le líon na siollaí i bhfocail ag deireadh líne, le huaim, agus le comhardadh na ngutaí. Sa tréimhse chéanna inar leagadh amach na rialacha meadarachta don dán díreach, rinneadh caighdeánú ar ghramadach na filíochta. Bhí an teanga liteartha seo – an ‘Ghaeilge Chlasaiceach’ mar a thugtar uirthi anois – bunaithe ar urlabhra an phobail ach ceadaíodh leaganacha canúnacha, rud a thug rogha leathan d’fhoirmeacha malartacha do na filí agus a chuidigh leo an mheadaracht a thabhairt slán. Ní fios conas a thángthas ar rialacha an dáin dírigh, ná conas a socraíodh gramadach na Gaeilge Clasaicí, ach ní móide go nglacfadh an t-aos dána i gcoitinne leo mura mbeadh lámh ag muintir Dhálaigh, an teaghlach ba mhó gradam i measc na bhfilí, san obair. Is ar éigean a d’athraigh caighdeán na bhfilí i gcaitheamh ceithre chéad bliain ón uair a cumadh é ag deireadh an 12ú céad, ach bhí teanga labhartha na linne, an Nua-Ghaeilge Mhoch, ag athrú i rith an ama agus mhéadaigh an bhearna idir teanga liteartha an aosa léinn agus urlabhra na coitiantachta de réir a chéile.

Píce, oinniún agus búcla


     I gcomórtas leis an Méan-Ghaeilge, d’éirigh córas na mbriathar níos simplí sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus laghdaíodh líon na mbriathar neamhrialta. Bhí córas na n ainmfhocal níos seasmhaí, ach tosaíodh ar shleamhnóg a scríobh roimh chonsan leathan i ndiaidh ‘e’ – athrú a rinne ‘an fear mór’ de ‘in fer mór’ na Meán-Ghaeilge. Cé go bhfuil cuma nua-aoiseach ar an litriú, níorbh ionann fuaimniú an fhocail ‘fear’ sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus i nGaeilge an lae inniu. Thairis sin, bhí foirmeacha éagsúla den fhocal ‘fear’ fós in úsáid sa tabharthach uatha agus san áinsíoch iolra: mar atá, ‘fior’ agus ‘fiora’. Chuir an teagmháil idir lucht labhartha na Gaeilge agus teangacha na nGall go mór le foclóir na Gaeilge. Mar a bheifí ag súil leis, bhain cuid mhaith de na hiasachtaí ón bhFraincis le cúrsaí míleata, leis an ailtireacht, agus leis an dlí. Féach leithéidí ‘máille’ (‘maille’), ‘píce’ (‘pique’), ‘garda’ (‘garde’), ‘áirse’ (‘arche’), ‘cófra’ (‘cofre’), ‘póirse’ (‘porche’), ‘giúistís’ (‘justis’), ‘oidhre’ (‘heire’) agus ‘pardún’ (‘pardun’). Ach is díol suime é líon mór na n-iasachtaí ón bhFraincis a bhain le saol na coitiantachta, go háirithe i réimsí an bhia agus an éadaigh. Ina measc seo tá leithéidí ‘oinniún’ (‘oignon’), ‘siúcra’ (‘sucre’), ‘dinnéar’ (‘diner’),’cóta’ (‘cote’), ‘gúna’ (‘gune’) agus ‘búcla’ (‘bucle’). Is ar an siolla deireanach a chuirtí an bhéim i bhFraincis na Normainne – ach amháin má chríochnaigh focal le ‘e’ nuair a chuirtí an bhéim ar an dara siolla ón deireadh. Mar is léir ó na samplaí thuas, rinneadh gutaí fada de ghutaí aiceanta na Fraincise sa Ghaeilge. Tá roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Fraincise leo nach leanann an riail seo agus is dóichí ná a mhalairt gur trí mheán an Bhéarla a tháinig siad isteach sa Ghaeilge: féach leithéidí ‘báisín’ (‘basin’), ‘brainse’ (‘branch’) agus ‘fábhar’ (‘favour’). I gcás na n-iasachtaí aonsiollacha – ‘cúirt’, ‘plás’ nó ‘stór’ mar shampla – níl sé soiléir ar tháinig siad go díreach ón bhFraincis nó tríd an mBéarla. Caithfidh gur ón mBéarla a tháinig roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Gearmánda leo. Arís, tá baint ag cuid mhaith de na focail seo leis an ailtireacht nó le héadaigh: ina measc tá leithéidí ‘halla’ (‘halle’), ‘balla’ (‘wal’), ‘geata’ (‘geat’), ‘stoca’ (‘stoc’), ‘bríste’ (‘brēche’), ‘sciorta’ (‘skirt’). Ba bheag iasacht ón mBéarla a bhain leis an dlí ach is eisceacht é ‘sirriam’ (‘schirēve’).

Cúlán nua-aimseartha ónár linn féin


     D’fhág na hathraithe sóisialta agus cultúrtha a lean ionradh na Sasanach lorg buan ar fhoclóir na Gaeilge. Ní hamháin sin, ach d’éirigh roinnt ainmneacha Gallda an-choitianta i measc na nGael laistigh de chúpla glúin den ghabháltas: ar na cinn ba choitianta bhí ‘Eilís’ (‘Elise’), ‘Gearóid’ (‘Geraud’), ‘Muiris’ (‘Moris’), ‘Onóra’ (‘Honore’), ‘Piaras’ (‘Piers’), ‘Séamas’ (‘Jemes’), ‘Seán’ (‘Johan’), ‘Sibéal’ (‘Isabel’), ‘Síle’ (‘Cecile’), ‘Sinéad’ (‘Jennet’), ‘Siobhán’ (‘Joanne’), ‘Tomás’ (‘Thomas’) agus ‘Uilliam’ (‘William’). Bhí na cultúir ag meascadh agus na pobail ag crosphórú i rith an 13ú céad. Ní raibh an trácht i dtreo amháin, ach oiread, mar is léir ó acht a ritheadh i bparlaimint na bliana 1297:

Anglici eciam quasi degeneres modernis temporibus hybernicalibus se induunt vestimentis, et habentes Capita semirasa capillos a retro capitis nutriunt et allongant, et illos Culan vocant hybernicis tam habitu quam facie sese conformantes ... 

(Gléasann Sasanaigh na linne nua seo iad féin in éadaí Éireannacha amhail dream a mheath, agus bíonn an cloigeann leath-bheartha acu, cothaíonn agus fásann siad foilt ar chúl an chinn, agus tugann siad ‘cúlán’ air sin, ag aithris ar Éireannaigh ina n-éadaí agus ina ndealramh ... )
Bhí maithe na parlaiminte sách imníoch faoi iompar na gcoilíneach meata chun caitheamh an chúláin a chosc ar Shasanaigh. Comhartha laige seachas comhartha treise ba ea é.






11/04/2023

Bailte na Meánaoise

Tá an tríú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

Caisleán Rí John i Luimneach









D’fhás bailte go gasta ar fud iarthar na hEorpa sa 13ú céad. Thart ar caoga míle duine a bhí i bPáras sa bhliain 1200 ach mhéadaigh an líon sin sin faoina ceathair i gcaitheamh an chéid. Ba iad Páras agus Milano na cathracha ba mhó san Eoraip faoin mbliain 1300 nuair a bhí tuairim is dhá chéad míle duine ina gcónaí iontu. Sa bhliain chéanna, bhí thart ar céad míle duine in Genova, i bhFlórans agus sa Veinéis, agus bhí thart ar ochtó míle duine i Londain. Ní féidir áireamh cruinn a dhéanamh ar dhaonra uirbeach na hÉireann sa tréimhse chéanna de cheal fianaise, ach bhí suas le fiche míle duine ina gcónaí in Áth Cliath, an baile ba mhó sa tír. Tá sé le tuiscint ó líon na mburgáistí sa bhaile go raibh cónaí ar rud éigin idir dhá mhíle go leith agus trí mhíle duine i Ros Mhic Thriúin, calafort rathúil a d’fhás taobh le droichead a thóg William Marshal, tiarna Laighean, ar abhainn na Bearú. Tá seans maith go raibh calafoirt sheanbhunaithe na Mumhan – Port Láirge, Corcaigh agus Luimneach – ar cóimhéid le Ros Mhic Thriúin. Tháinig calafort tábhachtach eile chun cinn ar an dá bhruach d’inbhear na Bóinne. Dhá bhuirg ar leith a bhí i nDroichead Átha i dtús ama: bhronn Walter de Lacy, tiarna na Midhe, cairt ar an taobh ó dheas in 1194 agus rinne Rí John amhlaidh don taobh ó thuaidh in 1213. Thiocfadh dó gurbh é Cill Chainnigh – buirg ar bhronn William Marshal cairt uirthi uair éigin idir 1207 agus 1211 – an t-aon bhaile lasmuigh den dornán a luadh cheana a raibh breis agus míle áitritheoir ann. 

Múr Bhaile Átha Cliath

     Thug Rí John cairt do chathróirí Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1192 ar leagan leasaithe é de chairt a fuair cathróirí Bhriostó ceithre bliana roimhe sin, agus bhí cairt Bhriostú bunaithe ar na saoirsí a dheonaigh Henry I do chathróirí Londan. I measc pribhléidí eile, dheimhnigh an chairt go mbeadh cúirt dlí dá gcuid féin ag na Duibhlinnigh, nach ngearrfaí dolaí ná táillí áirithe eile orthu, go mbeadh sé de cheart acu a gcuid burgáistí a dhíol de réir a dtola, agus go mbeadh gildeanna ceadaithe mar a bhí i mBriostó. Is cosúil gur chuir ceannaithe an bhaile gild ar bun timpeall an ama chéanna agus gurbh iad a cheap comhairle na buirge. Go deimhin, bhí halla an bhaile (an ‘tholsel’ mar a glaodh air) agus halla ghild na gceannaithe san fhoirgneamh céanna go ceann i bhfad. Bhronn John cairt leasaithe ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1215: in ionad cíosanna a fháil go díreach ó na buirgéisigh, socraíodh go n-íocfadh an bhuirg dhá chéag marg (£133 6s. 8d.) leis an gcoróin in aghaidh na bliana feasta agus go ndéanfadh na cathróirí an t‑airgead a bhailiú. Lena chois sin, thug an chairt nua cead do na Duibhlinnigh aonach a rith uair sa bhliain ar an bhfaiche laistiar den bhaile. Daingníodh féinriail na buirge sa bhliain 1229 nuair a thug Henry III cead do na buirgéisigh méara a thoghadh in ionad an ‘prepositus’ (propast) a cheapadh an choróin roimhe sin. Ba é an méara a stiúir rialtas áitiúil an bhaile feasta, cé gurbh fholáir dó mionn dílseachta don rí a thabhairt. Bhí Baile Átha Cliath chun tosaigh i measc bhuirgí na hÉireann ach bhí a chairt mar eiseamláir go minic nuair a bhí cairteacha do bhailte eile á ndréachtadh.

Na bailte ba thábhachtaí c.1300

     Ba chalafoirt iad na bailte móra go léir agus bhíodar ag brath ar thrádáil leis an gcoigríoch. Bhí lomraí is éadaí olla, seithí is earraí leathair, scadáin is bradáin dheataithe nó shaillte, agus línéadaí i measc na n-earraí ba thábhachtaí a easpórtáladh. Bhí fíon, salann, iarann, ola olóige, éadaí fíneálta agus ailím (substaint a úsáideadh i ndathú éadaí) ar na hearraí a iompórtáladh. Tugann dán Béarla le file anaithnid léargas dúinn ar rachmas na haicme tráchtála i mBaile Átha Cliath i mblianta tosaigh an 14ú céad:

Hail be ȝe marchans wiþ ȝur gret packes
of draperie, avoir-depeise, and ȝur wol sackes,
gold, silver, stones, riche markes and ek pundes!
Litil ȝive ȝe þer of to þe wrech pouer.
Sleiȝ he was and ful of witte,
þat þis lore put in writte. 

(Beannacht daoibh a cheannaithe le bhur bpacaí móra
d’éadach, de mhionearraí, is bhur bpacaí olla,
ór, airgead, seoda, mairg dhaora agus puint freisin!
Is beag den stór a thugann sibh do na boicht dhearóla.
Ba chríonna an té, agus lán de ghaois,
a chuir an scéala seo i scríbhinn.)

Tá véarsaí eile den dán ina bhfuil trácht ar na ceardaithe seo a leanas: táilliúirí, gréasaithe, súdairí, búistéirí, báicéirí, grúdairí agus mangairí. Bhí na ceirdeanna seo go léir á gcleachtadh i mbailte ar fud na coilíneachta. De réir áirimh amháin, bunaíodh tuairim is dhá chéad go leith buirg in Éirinn roimh dheireadh an 15ú céad. Theip ar chuid mhaith de na lonnaíochtaí seo, áfach, agus ba shráidbhailte suaracha iad cuid eile acu. Ach bhí breis agus tríocha baile ann a bhí rafar agus fréamhaithe go maith faoin mbliain 1300. D’fhás roinnt de na bailte seo in aice le mainistreacha a bhí ann roimh theacht na nGall (Dún Pádraig, Ceanannas, Cill Dara) agus d’fhas cinn eile timpeall ar chaisleáin a tógadh le linn an ghabháltais (Carraig Fhearghais, Cairlinn, Loch Riach). Bhí a bhformhór suite ar an gcósta (Cill Mhantáin, Dún Garbháin, Cionn tSáile) nó ar aibhneacha a bhí inseolta (Ros Mhic Thriúin, Carraig na Siúire, Áth Luain). Bhi na haibhneacha tábhachtach mar bhí sé níos saoire lastaí troma a iompar ar uisce ná ar thalamh. Bhain bailte áirithe le níos mó ná ceann amháin de na haicmí seo: mar shampla, tógadh caisleán le hais mainistreach a bhí suite ar bhruach na Bóinne ag Áth Troim. 

     Leagadh burgáistí na gcathróirí amach taobh le taobh laistigh de na bailte. Bhí na ceapóga seo cúng go leor ar an tsráid – idir 7.5 m agus 10 m ar leithead de ghnáth – ach shín na stráicí i bhfad siar. Ba ghnách tithe a thógáil leis an mbinn ar thaobh na sráide. D’éirigh foirgintí níos téagartha ó ghlúin go glúin; faoin 13ú céad bhí tithe á dtógáil le creatacha darach iontu a bhí láidir go leor chun dara urlár a iompar. Níorbh annamh na simléir agus íochtar na mballaí déanta as cloch in árais na gcathróirí ba ghustalaí. Tógadh ballaí cosanta timpeall na mbailte ba shaibhre agus ba nós coitianta é dola speisialta a raibh ‘múráiste’ air a ghearradh chun na costais a ghlanadh.Tháinig dán Fraincise a chum Proinsiasach darbh ainm Michael Bernard faoi thógáil bhalla Ros Mhic Thriúin sa bhliain 1265 anuas chugainn:

Nule home de ce ne lez dut blamer 
qe lur vile voleint fermer;
qe qant la vile serra fermé
e le mure tet vironé,
n’ad Irés en Irland si hardi
qi l’oserént assailer, je vus plevi. 

(Níor chóir d’aon duine iad a lochtú faoi seo
toisc gur mian leo a mbaile a dhúnadh;
óir nuair a bheidh an baile dúnta
agus an múr mórthimpeall air,
ní bheidh Gael in Éirinn chomh dána
go leomhfadh sé é a ionsaí, geallaim daoibh.)

Tógadh formhór na múrtha sna blianta idir 1250 agus 1320, tréimhse nuair a bhí an choilíneacht i mbarr a réime.

Blogh de mhúr Ros Mhic Thriúin 

     Ba í an Fhraincis teanga na huaisle de bhunadh na Normainne i Sasana ón uair a ghabh an Concaire ríghe na tíre sin; ba í a labhair uasaicme na coilíneachta in Éirinn, idir chléir agus thuath, sa 12ú céad. Thairis sin, ba iad an Fhraincis agus an Laidin an dá theanga a úsáideadh le haghaidh cúrsaí riaracháin agus dlí. Ach chaill coróin Shasana seilbh ar an Normainn in 1204 agus thainig laghdú mór ar an gcaidreamh idir na haicmí ceannais ar an dá thaobh de Mhuir nIocht as sin amach. Faoi lár an 13ú céad ba theanga ghradamach í an Fhraincis a d’fhoghlaim baill den uasaicme i Sasana mar chomhartha dá stádas. Ba lú fós an bhaint a bhí ag uaisle na coilíneachta abhus le mórthír na hEorpa agus chuaigh an Fhraincis i léig mar theanga labhartha de réir a chéile, cé go raibh sí in úsáid mar theanga scríofa anuas go dtí deireadh an 15ú céad. Bhí Béarla nó Breatnais ó dhúchas ag formhór na nGall a lonnaigh in Éirinn ach níl aon fhianaise ann go raibh an Bhreatnais ina teanga phobail áit ar bith. Thiocfadh dó go raibh na Breatnaigh a tháinig ón bhfearann críche taobh le teorainn Shasana dátheangach agus gur iompaíodar ar an mBéarla nuair a chuireadar fúthu i measc na gcoilíneach ó Shasana. Bhí Béarla agus Gaeilge á labhairt taobh le taobh ar fud na coilíneachta ar feadh cúpla glúin tar éis an ghabháltais. Ba é an coibhneas idir líon na nGall agus líon na nGael sna ceantair éagsúla a chinntigh cén teanga acu a thabharfadh an svae léi. Thiontaigh na Gaill ar an nGaeilge luath go leor i gcúige Chonnacht agus sa Mhumhain ach mhair an dátheangachas níos faide in oirthear na tíre mar a raibh na coilínigh níos líonmhaire; fuair an Béarla an lámh in uachtar i ndeisceart Chontae Loch Garman agus i bhFine Gall – seandúiche na Lochlannach i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Is iad na Gaill a bhí sa mhóramh sna bailte agus níor lig na buirgéisigh an Béarla uathu riamh cé go raibh ‘bailte Gaelacha’ – fobhailte ina raibh Gaeil sa mhóramh – i mbuirgí áirithe. Go deimhin, bhí na bailte Gaelacha i gCill Chainnigh agus i Luimneach chomh toiciúil sin gur thógadar múrtha dá gcuid féin. Ba theanga phobail é an Béarla ón 12ú céad amach, mar sin, ach is annamh a scríobhadh é agus níor tháinig aon cháipéis sa teanga anuas chugainn a scríobhadh roimh an 14ú céad.

24/02/2023

D’athraigh gach rud an lá úd

Macron i láthair an tsáir

An 14 Feabhra anuraidh bhuaileas le seanchara liom sa tigh tábhairne is gaire dom, an Tolka House, i gcomhair cúpla pionta. Fear is ea Frank nach gcastar orm ach uair nó dhó sa bhliain agus bhí ár ndóthain le plé againn. Tá cuimhne ar leith agam ar cheann amháin de na hábhair a bhí faoi chaibidil an oíche úd. Le roinnt seachtainí roimhe sin bhí seirbhísí faisnéise na Stát Aontaithe ag fógairt go poiblí go raibh an Rúis ag slógadh a cuid fórsaí sa Bhealarúis agus ag beartú ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. An 7 Feabhra, thug Emmanuel Macron cuairt ar Mhoscó mar a raibh tête-à-tête aige le Vladimir Putin. Bhí sé i gCív an lá dár gcionn agus bhí an chuma ar chúrsaí go rabhthas ag dul i mbun idirbheartaíochta. Nuair a tarraingíodh scéal na hÚcráine anuas an oíche úd sa Tolka House, bhí an bheirt againn lánchinnte de nach raibh baol cogaidh ann. Maidir liom féin, thuigeas go maith gur cheannaire gan scrupall é deachtóir na Rúise, ach shíleas freisin gur cheannaire é a bhí cúramach, éirimiúil, cliste. Bhraitheas nár dheacair an plean a bhí aige a thuiscint: ní raibh sa bhuaileam sciath go léir a bhí ar siúl ach cur i gcéill chun brú síceolaíoch agus eacnamaíoch a chur ar na hÚcránaigh. Beart soiniciúil ba ea é chun iallach a chur orthu glacadh leis an bhforghabháil a bhí déanta ag an Rúis ar an gCrimé agus ar réigiún an Donbass. Ar ndóigh, ní oibreodh a leithéid de phlean mura ndéanfadh an Rúis na hullmhúcháin mhíleata go léir ba ghá le haghaidh ionraidh, rud a mhínigh an imní a bhí ar thíortha an iarthair. Ach bhíos suite de gurbh imreoir fichille é Putin. Ní raibh seans dá laghad ann, dar liom, go dtabharfadh sé léim an daill trí chogadh a thosú. Agus ba léir dom gur chogadh mór a bheadh ann: dheineas an tairngreacht go mbeadh “an tSeisnia faoina deich” ann dá ndéanfaí ionradh ar an Úcráin. Shíleas go nglacfadh na Rúisigh seilbh ar na cathracha móra – ar Chív agus ar Kharkiv go háirithe – laistigh de sheachtain nó dhó, ach ghlacas leis go gcoinneodh na hÚcránaigh seilbh ar iarthar na tíre, go gcuirfeadh an Pholainn agus tíortha eile lón cogaidh ar fáil dóibh, agus go mbeadh treallchogaíocht forleathan sa taobh tíre a ghabhfadh na Rúisigh. Deich lá dár gcionn, an 24 Feabhra, chualas an nuacht ar an raidió go raibh an Úcráin faoi ionsaí.

Saighdiúií Úcránacha ag amharc ar fhógra i mbaile Izium: ‘Táimid leis an Rúis! Pobal amháin!

     Rinne an cainéal teilifíse France 2 sraith clár faoi imeachtaí stairiúla dar theideal ‘Ce jour lá tout a changé’ (‘d’athraigh gach rud an lá úd’) agus b’shin an abairt a rith liom nuair a thuigeas go raibh tús curtha leis an gcogadh ba mhó san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda i leith. Go deimhin, tá cosúlachtaí nach beag idir an dá chogadh. Sa dá chás, bhí stát mór a chaill impireacht ag iarraidh a shean-stádas mar chumhacht dhomhanda a fháil ar ais. Chaill an Ghearmáin na coilíneachtaí a bhí aici (stráice mór den Pholainn san áireamh) tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus chaill an Rúis a cuid satailítí i lár na hEorpa agus poblachtaí neamh-Rúiseacha an Aontais Shóivéadaigh nuair a chlis an córas cumannach. Bhain an Ghearmáin úsáid as lucht labhartha na Gearmáinise san Ostair, in Sudentenland na Seicslóvaice, agus in saorchathair Danzig chun caismirtí a ghríosú agus – sa deireadh thiar – chun cogadh a thosú. Mar an gcéanna, d’úsáid an Rúis lucht labhartha na Rúisise mar leithscéal chun a flaitheas a fhógairt ar chúig chúige de chuid na hÚcáine. Má d’fhear Adolf Hitler cogadh in 1939 chun an Volk a aontú in aon Grossdeutschland amháin, tá Putin ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh inniu le народ (narod) na Rúise: ‘Мы с Россией! Один народ!’ (‘Táimid leis an Rúis! Pobal amháin!) a d’fhógair na fógraí móra a crochadh ar fud na gcríoch gafa san Úcráin - mana impiriúil a thugann le fios nach náisiún í an Úcráin. Caithfear a admháil go raibh bunús áirithe le héilimh Hitler: bhí téarmaí Chonradh Versailles míchothrom (is annamh a fhaigheann an dream a chailleann cogadh cothrom na Féinne ó na buaiteoirí) agus ba dhílseoirí de chuid na Gearmáine iad formhór an phobail in Danzig. Ní taise do dheachtóir na Rúise é: ní féidir a rá go raibh cuma an daonlathais ar an mbealach inar aistríodh an Chrimé ón Rúis go dtí an Úcráin in 1954, mar shampla, agus ní raibh sé cóir ná cliste stádas oifigiúil a shéanadh ar an Rúisis san Úcráin. Ach is scéal thairis anois iad cúinsí fánacha den sórt mar ‘d’athraigh gach rud’ ar an 24 Feabhra anuraidh nuair a scaoil Putin a chuid cúnna cogaidh den iall.

Iarsmaí na Rúiseach i mbaile Bucha

     Ach má tá cosúlachtaí follasacha idir cúlra an Dara Cogadh Domhanda agus cúlra an chogaidh atá ar siúl anois, ní fhéadfadh na torthaí míleata a bheith mórán níos éagsúla. Chuir luas agus neart an Blitzkrieg i gcoinne na Polainne idir scéin agus alltacht ar an domhan in 1939. A mhalairt ar fad atá fíor faoin ionradh ar an Úcráin. Theip ar pharatrúpaí na Rúise aerfort Hostomel’, lastuaidh de Chív, a ghabháil – rud a d’fhág nárbh fhéidir le haonaid mhíleata eile tuirlingt ann chun an phríomhchathair a ionsaí. Toisc gur thosaigh an t-ionradh ag an tráth ba mhífheiliúnaí den bhliain, nuair a bhí coscairt mhór an earraigh ar tí tosú, b’éigean do na colúin fhada armúrtha a tháinig aduaidh ón mBealarúis na bóithre a choinneáil agus dhein arm na hÚcráine sléacht ar na hionróirí lena gcuid Javelins agus NLAWs – diúracáin a scaoiltear ón ngualainn a sholáthair na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain faoi seach – agus le dróin Bayraktar de dhéantús na Tuirce. B’éigean do na Rúisigh cúlú go dtí an Bhealarúis agus d’iompaigh an ‘oibríocht speisialta mhíleata’ a bhí beartaithe ina cogadh. D’éirigh níos fearr leis na hionróirí a ghluais aneas ón gCrimé: ghabhadar cathair Kherson ach cuireadh stop leo os comhair Mykolaiv agus sábháladh calafort Odesa. Cé gur léir faoin samhradh seo caite nach raibh dóthain saighdiúirí ag na Rúisigh le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, níor léir go ceann tamaill an mbeadh na hÚcránaigh láidir go leor chun talamh a athghabháil. Ach d’éirigh le frith-ionsaithe a dhein arm na hÚcráine i dtreo dheireadh na bliana nuair a saoradh cúige Kharkiv san oir-thuaisceart agus an chuid de chúige Kherson atá laistiar den Dnípir. Cuireadh an coinscríobh i bhfeidhm sa Rúis agus tháinig trí chéad míle earcach isteach san arm, ach is ar éigean a tugadh oiliúint ar bith dóibh sular seoladh chuig an fronta iad. Cibé rud a tharlóidh as seo amach, tá dochar as cuimse déanta d’íomhá ghairmiúil fhórsaí míleata na Rúise. Thairis sin, is léir don saol anois nach bhfuil trealamh míleata na Rúise ar chomhchaighdeán le trealamh an iarthair, rud a dhéanfaidh dochar dá tionscal armála sna blianta atá romhainn. Ní saineolaí míleata mé, ach is cosúil – agus na focail seo á scríobh agam – gurb iad na hÚcránaigh a bheidh ar an ionsaí i mbliana. Ní áibhéil é a rá go bhfuil cuma níos muiníní ar rialtas Volodymyr Zelenskiy in Cív anois ná mar atá ar réimeas Putin in Moscó. Tá cóimheá na cumhachta in oirthear na hEorpa athraithe ó bhonn ag an gcogadh, agus tá athruithe eile ag tarlú i gcéin agus i gcóngar.

Uachtarán na Stát Aontaithe i gCív cúpla lá ó shin


     Is é an t-athrú is feiceálaí, b’fhéidir, go bhfuil comhghuaillíocht mhíleata an iarthair, NATO, níos treise agus níos aontaithe ná riamh de bharr an chogaidh. Tá an tSualainn agus an Fhionlainn, tíortha a bhí neodrach leis na cianta – níos neodraí ná mar a bhí Éire riamh – tar éis ballraíocht san eagras a iarraidh. Tá ionaid straitéiseacha acu ar an Muir Bhailt agus ní haon dóithín iad na fórsaí cosanta atá ag ceachtar den dá thír. Níorbh fhéidir a shamhlú go dtréigfidís an polasaí neodrachta a bhí acu murach gur ionsaíodh an Úcráin. Is é an rud a dhein Putin, i ndáiríre, ná cruthúnas doshéanta a chur ar fáil don saol mór nach bhfuil tír ar bith i gcomharsanacht na Rúise slán mura ngabhann sí le NATO. Caithfidh go bhfuil ceannairí sa Mholdáiv, sa tSeoirsia agus sa Chasacstáin ag scrúdú na n‑impleachtaí agus na bhféidearthachtaí dóibh féin. Agus laistigh de NATO, tá fórsaí cosanta na Polainne le méadú faoi dhó, tá tíortha eile ag caitheamh níos mó airgid ar chúrsaí míleata, agus tá táirgeadh an tionscail armála á ardú le cinntiú nach mbeidh ganntanas armlóin ar arm na hÚcráine sna míonna atá romhainn. Má tá oiread is comhairleoir macánta amháin fágtha sa Chreimil i Moscó, d’fhéadfadh sé an bhreith chéanna a thabhairt ar chogadh Putin agus a thug Boulay de la Meurthe ar dhúnmharú an duc d’Enghien in 1804: ‘c’est pire qu’un crime, c’est une faute’ (‘is measa é ná coir, botún is ea é’).

Corpáin na Rúiseach os comhair Bakhmut


     Tá athrú eile fós ann nach bhfuil chomh feiceálach, ach tá tuairim agam gurb é an t-athrú is tábhachtaí ar fad é sa deireadh thiar – cé gur deacair é a thomhas agus an chogaíocht ar siúl. Is an t-athrú atá i gceist agam an t-athrú a tháinig ar mheon na nÚcránach de bharr an chogaidh bharbartha a cuireadh orthu. Tá clais lán fola idir iad agus an Rúis anois, clais a líonadh le bliain anuas; is cinnte nach dtaoscfar é go luath ná go héasca. Cinnteoidh an cogadh seo go mairfidh naimhdeas idir an dá náisiún go ceann i bhfad. Is é an ghné is measa den scéal, b'fhéidir, go bhfuil tromlach na Rúiseach ag tacú leis an gcogadh. Ní féidir an milleán go léir a chur ar bholscaireacht na meán cumarsáide sa Rúis: léiríonn an tacaíocht atá ag Putin go bhfuil an meon impiriúil forleathan i gcónaí i measc na Rúiseach. Ba mhór an sólás dom é mar sin gur shínigh níos mó ná míle staraithe ón Rúis litir oscailte i gcoinne an chogaidh nuair a thosaigh sé. Is fiú téacs na litreach a léamh (tá pictiúr den bhunleagan ag bun na haiste seo):

Litir oscailte ó staraithe i gcoinne an chogaidh leis an Úcráin

Táimidne, staraithe Rúiseacha – acadúlaithe, múinteoirí, mic léinn, mic léinn iarchéime agus céimithe na ndámh staire – ag cur go láidir i gcoinne oibríochtaí míleata fhórsaí armtha na Rúise i gcríocha stát ceannasach na hÚcráine.

Luadh an stádas íseal a bhain go stairiúil le stáit is le ciníocha eile chun mórán cogaí millteacha agus gníomhartha ionsaitheacha a mhíniú san am atá caite. Ní féidir glacadh lena leithéid d’ionramháil ar an stair sa 21ú céad. Is cóir easaontais a réiteach i gcomhráite, i gcruinnithe taidhleoireachta agus i gcomhdhálacha scolártha, ní ar láithreacha catha.

Léiríonn imeachtaí uile an 20ú céad go mbíonn toradh uafásach ar chogaí le haghaidh gach dream a bhíonn gafa leo. Bíonn taismigh i measc an phobail shibhialta; scriostar tithe agus bealaí cumarsáide, rud a chruthaíonn tubaiste dhaonnúil. Tréigeann daoine a dtithe agus fágtar ina ndídeanaithe iad. Bristear naisc thábhachtacha eacnamaíocha, chultúrtha agus phearsanta. Scriosann an chogaíocht na séadchomharthaí is luachmhaire ón am atá imithe a bhfuil sé de dhualgas orainn iad a chaomhnú don am atá le teacht. Tá séadchomharthaí oidhreachta domhanda dá leithéid i gcríocha na hÚcráine: Eaglais San Sofia agus an Geata Órga i gCív, Eaglais Piatnitskaia in Chernihiv, agus cinn eile fós.

Tír bhráithriúil don Rúis a bhí, agus atá fós, san Úcráin ó cheart, tír a bhfuil naisc ghaoil, chairdis agus ghairme againn léi. Agus tá taithí stairiúil i gcoitinne againn. Is ag tagairt atáimid don éacht a rinne ár bpobail le linn an Mhórchogaidh Thírghrách. Throid ár sinsir gualainn ar ghualainn ionas nach mbeimisne – a gclann, a ngarchlann, agus clann a ngarchlainne – bainteach leis an gcogadh go deo.

Amach anseo, beidh orainn freagra a thabhairt ar cheistiú ár gclainne agus ár ngarchlainne faoi na cúiseanna atá leis an tubaiste atá ag tarlú os comhair ár súl. Tá obair mhór romhainn – muintir na Rúise – chun an fhreagracht atá orainn as na himeachtaí seo a aithint.

Éilímid deireadh láithreach leis an gcogadh.

Is blúire beag fianaise í an litir seo nach obair in aisce ar fad é saothrú na staire ...

Слава Україні! Glóir don Úcráin!