07/10/2018

An iarannaois

Iarann tar éis a bhruithnithe
Cé go bhfuil an t-iarann ar cheann de na dúile is flúirsí ar domhan, tá an miotal dúchasach fíorghann toisc go ndéantar meirg de go tapa i láthair uisce agus aeir. Baineann deacrachtaí ar leith lena bhruithniú: teastaíonn teocht chomh hard le 1200 °C chun an miotal a bhaint as an mian agus caithfear sruth aeir a shéideadh tríd an bhfoirnéis i rith an ama. Ach tá sé tábhachtach gan an t‑iarann a théamh an iomarca: má leánn an miotal, meascfaidh sé leis an bhfioghual a dhóitear mar bhreosla agus ní bheidh fágtha ag deireadh an phróisis ach meall cruach a bheidh domhúnlaithe. Ina ionad sin, caithfear an t-iarann neamhleáite a thagann ón bhfoirnéis a ghoradh agus a lascadh le hord arís agus arís eile chun é a íonú agus a dhlúthú. Próiseas casta is ea é agus ní raibh na huirlisí iarainn ba luaithe puinn níos fearr ná na huirlisí cré-umha a bhí ann rompu. Ach tháinig feabhas ar an ngaibhneacht de réir a chéile. Ón uair a tuigeadh conas béal cruach a chur ar lann agus conas uirlisí iarainn a fhaghairt, bhíothas in ann táirgí a bhí níos géire agus níos crua a dhéanamh ar chostas a bhí níos ísle. Bhí uirlisí iarainn á ngaibhniú ag na Hitigh san Anatóil chomh luath leis an 14ú céad R.Ch. agus bhí an teicneolaíocht á cleachtadh sa Ghréig faoin mbliain 900 R.Ch. Timpeall lár an 8ú céad R.Ch. tháinig cultúr nua chun cinn lastuaidh de shléibhte na nAlp a bhain barr feabhais amach i saothrú an iarainn. ‘Cultúr Hallstatt’ a thugtar ar an gcultúr seo agus ainmníodh é as  baile beag san Ostair mar ar aimsigh seandálaithe cnuasach mór déantúsán ó thús na hiarannaoise a adhlacadh i dteannta na marbh. Meastar gurbh í an Cheiltis an teanga a bhí ag muintir Hallstatt agus tá fianaise theangeolaíoch ann a thacaíonn leis an tuairim go raibh cur amach ag lucht labhartha na Ceiltise ar an iarann: ní hamháin gur tháinig ‘iarann’ na Gaeilge agus haearn na Breatnaise ó *isarno- na Ceiltise, ach tháinig an téarma Ceiltise isteach sa Ghearmándais mar iasacht, rud a thug iron an Bhéarla agus Eisen na Gearmáinise dúinn.

Iodh óir ón iarannaois
     Ba dheacair do mhiotalóirí a bhí cleachtach ar an gcré-umha iompú ar an iarann toisc go raibh na scileanna a bhain le saothrú an dá mhiotal chomh héagsúil sin. Is dóichí ná a mhalairt gur tháinig na chéad mhiotalóirí iarainn go hÉirinn ón mBreatain nó go díreach ó mhórthír na hEorpa; feicfear thíos go bhfuil fianaise ann go raibh pobail ag gluaiseacht anonn agus an anall idir na hoileáin agus an mhór-roinn san iarannaois. Tá gach cosúlacht air go raibh iarann á bhruithniú in Éirinn chomh luath leis an 7ú céad R.Ch. Go deimhin, tugann an dátú radacarbóin le tuiscint go raibh bruithniú iarainn ar siúl céad bliain roimhe sin ag an Rosán, i gcontae na Mí, agus ag Baile Daithí, i gcontae Laoise, ach meastar go dtagraíonn torthaí na dtástálacha úd, ní d’aois na bhfoirnéisí, ach d’aois na gcrann a úsáideadh chun fioghual a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil samplaí den bhruithniú iarainn tearc go leor roimh an 4ú céad R.Ch. D’éirigh foirnéisí iarainn níos coitianta ina dhiaidh sin, áfach, ach thit a líon siar arís sna ceithre chéad tar éis Chríost. Is féidir go raibh sé níos áisiúla d’Éireannaigh iarann a allmhairiú ón mBreatain, nuair a bhí na Rómhánaigh i gceannas ansiúd, ná a dhéanamh sa bhaile. Níl aon fhianaise go raibh mianaigh iarainn ag feidhmiú in Éirinn i rith na hiarannaoise ach oiread: dealraíonn sé  go raibh miotalóirí na linne taobh le cac iarainn – mian a bhailíonn faoi bhun na móna i bportaigh go minic.Thángthas ar chaoga sluasaid sa phortach ag Cluain na Slí, contae Laoise, i lár an 19ú céad; bhí sraitheanna iarainn agus móna tar éis fás os cionn na sluaistí agus áiríodh gur úsáideadh iad tuairim is dhá mhíle bliain ní ba luaithe chun cac iarainn a thochailt.

     Má tá an fhianaise go raibh iarann á shaothrú i dtosach na hiarannaoise scáinte go leor, níl déantúsáin iarainn ón tréimhse flúirseach ach oiread. Cé gur aimsíodh tuairim is caoga claíomh in Éirinn a bhfuil stíl chultúr Hallstatt le brath orthu, tá a bhformhór déanta as cré-umha. Mar sin féin, ní foláir a aithint go gcreimeann an t‑iarann go tapa agus gur buaine an cré-umha in aeráid na hÉireann: tá sála sleá ón iarannaois i bhfad níos coitianta ná reanna sleá ón aois cheanna, mar shampla, toisc go raibh na sála á múnlú as cré-umha a fhad is a bhí na reanna á ngaibhniú as iarann. Ina theannta sin, caitheadh cuid mhór de na hearraí miotail a tháinig anuas chugainn ón réamhstair isteach in aibhneacha nó i locha mar thabhartais do na déithe; níl ach caolseans go dtiocfaidh earra iarainn slán i gcás den sórt. D’fhéadfadh sé gur baineadh úsáid níos fairsinge as an iarann ná mar a thugann na hiarsmaí seandálaíocha le tuiscint, ach is cinnte go raibh an dá mhiotal in úsáid taobh le taobh ar feadh i bhfad. Más é an cré-umha a roghnaíodh le haghaidh earraí maisithe (airm, úmacha capaill, fáiscíní éadaigh agus a leithéidí), aithníodh bua an iarainn i gcomhair uirlisí oibre. Tá tuanna i measc na n-earraí iarainn is luaithe dár aimsíodh in Éirinn, agus léiríonn rianta a fágadh ar adhmad gearrtha go raibh tuanna iarainn in úsáid chomh luath leis an mbliain 630 R.Ch. ag Doire Bhile i gcontae Thiobraid Árann. Nuair a tháinig stíl nua miotalóireachta chun cinn ar an mór-roinn faoi lár an 5ú céad R.Ch. rinneadh aithris uirthi in Éirinn, sa tuaisceart go háirithe. Bhain an stíl seo le cultúr La Tène, cultúr a tháinig i gcomharbas ar chultúr Hallstatt agus a ainmníodh as ionad seandálaíochta atá suite ar bhruach Loch Neuchâtel san Eilvéis. Maisíodh déantúsáin an chultúir le ciútaí cuartha casta a bhí bunaithe ar dhuilliúr nó ar chruthanna teibí; nuair a luaitear an ealaín ‘Cheilteach’ anois, is í an stíl shainiúil ar chuir cultúr La Tène tús léi a bhíonn i gceist.

Cloch an Tuair Rua, contae na Gaillimhe, a maisíodh i stíl La Tène
     Ar ndóigh, is téarma teangeolaíoch é ‘Ceilteach’ agus níor chóir é a úsáid i gcomhthéacs ar bith eile. Mar a míníodh thuas, tógadh canúint Ind-Eorpaise go hÉirinn ag tús na cré-umhaoise. Is dóichí ná a mhalairt go raibh teanga amháin, an Chomh-Cheiltis, fós á labhairt in Éirinn, sa Bhreatain agus sa Ghaill ag tús na hiarannaoise. Bhí urlabhra an phobail ag athrú i rith an ama, áfach, agus bheadh teanga ar leith ag bunadh an oileáin seo roimh dheireadh na réamhstaire. Ar an drochuair, cé go bhfuil na céimeanna is suntasaí sa phróiseas trínar scar an Ghaeilge leis an gComh-Cheiltis soiléir go leor, ní féidir dátaí cruinne a lua leis na céimeanna éagsúla. Dhealaigh an ‘chéad séimhiú’ canúintí na hÉireann agus na Breataine (an ‘Cheiltis Inseach’ mar a thugann teangeolaithe áirithe orthu) ó chanúintí Ceilteacha na mór-roinne luath go leor san iarannaois, de réir dealraimh. D’fhág an t-athrú seo gur séimhíodh na consain ‘S’, ‘B’, ‘D’, ‘G’ agus ‘M’ idir dhá ghuta, nó i ndiaidh guta ag deireadh focail. Mar shampla, athraíodh *sinda bena mara (‘an bhean mhór’ sa Chomh-Cheiltis) go dtí *inda ḃena ṁara sa Cheiltis Inseach. Ar an láimh eile, níor séimhíodh consan tosaigh na haidiachta nuair a d’athraigh *sindos wiros maros (‘an fear mór’) go dtí *indos wiros maros toisc gur chríochnaigh an t-ainmfhocal le consan. Séimhíodh ‘T’ agus ‘C’ níos faide anonn ach bhí an ‘dara séimhiú’ seo teoranta d’Éirinn amháin agus níor tharla sé sa Bhreatain. Dealaíodh teangacha an dá oileán ó chéile arís nuair a d’athraigh ‘Q’ go ‘P’ sa Bhreatain, athrú nár tharla sa Ghaeilge: *qenqe a bhí ar ‘cúig’ sa Chomh-Cheiltis, mar shampla, ach deirtear pump agus pemp sa Bhreatnais agus sa Bhriotáinis faoi seach. Mar an gcéanna, cuireadh ‘H’ in ionad ‘S’ ag deireadh focail in Éirinn: *indah wirah marah a bhí ar ‘an fear mór’ sa Ghaeilge réamhstairiúil. Fuair an Ghaeilge ceann dá saintréithe mar theanga sa tréimhse chéanna nuair a rinneadh caolú ar chonsain idir gutaí caola, nó idir guta ar bith agus ‘I’. In ainneoin na n‑athruithe go léir a tháinig ar na teangacha Ceilteacha, bhí an gaol eatarthu fós follasach i dtreo dheireadh na réamhstaire; tá seans maith go dtuigfeadh Gallach, Briotanach agus Éireannach a chéile sna céadta sular tháinig an Ghaill agus an chuid ba mhó den Bhreatain faoi smacht na Róimhe.

Cuach cré-umha ón iarannaois
     Mar a míníodh thuas, tháinig laghdú suntasach ar líon na láithreacha seandálaíochta i dtosach na hiarannaoise. Glactar leis gur thit an daonra siar agus gur tháinig cúlú ar an gcuraíocht nuair a chuaigh an aimsir i ndonacht ó lár an 8ú céad R.Ch. amach. Ach fós féin, tá na comharthaí leanúnachais líonmhar go leor. Leanadh leis an nós a bhí ann sa chré-umhaois na mairbh a chréamadh, mar shampla, rud a fhágann go bhfuil earraí uaighe gann agus taisí daonna in easnamh. Mar an gcéanna, b’ionann stíl na dtithe san iarannaois agus san aois a chuaigh roimhe, cé nach rabhadar chomh flúirseach agus a bhídís: tithe ciorclacha a tógadh, a bhí suas le deich méadar ó thaobh go taobh, agus a raibh na ballaí iontu déanta as cláir adhmaid nó as cuaillí agus cliatha. Úsáideadh an dá shaghas balla taobh le taobh i struchtúr as an ngnáth ón 3ú céad R.Ch. a aimsíodh ag Cnoc Comáin, contae Luimnigh: bhí foirnéis i lár baill agus dhealródh sé gur cheardlann miotalóireachta é a tógadh d’aon ghnó chun iarann a bhruithniú. Aimsíodh suíomh eile ón tréimhse chéanna ag an Lios Leacach, contae Mhuigh Eo, áit a raibh trí theach agus foirnéis iarainn suite laistigh de dhíog chiorclach cé nár ghnáth áitribh a imfhálú ag an am. Ar an láimh eile, is cosúil gur éirigh muintir na hÉireann as an gcriadóireacht ar fad san iarranaois. Bhí bairillí déanta as cláir adhmaid le fáil chun bia a stóráil agus ba dheacra iad a bhriseadh ná soithí criaga. Is cinnte go raibh cupáin agus miasa déanta as adhmad le fáil go forleathan, ach bheadh corcáin mhiotail ag teastáil le haghaidh cócaireachta in éagmais earraí cré. Ós rud é gur beag corcán cré-umha a tháinig anuas chugainn, tá sé le tuiscint go raibh corcáin iarainn in úsáid go coitianta.

‘Bró choirceoige’ – leagan luath den bhró rothlach
     Léiríonn an taifead pailine gur leath na coillearnaí ag tosach na hiarannaoise. Thosaigh an aeráid ag dul i bhfeabhas sa 4ú céad R.Ch., áfach, agus tháinig borradh faoin gcuraíocht in athuair. Bhí forbairtí teicniúla ag cur le táirgiúlacht na talmhaíochta i rith an ama: bhí corráin iarainn níos éifeachtaí ná cinn a bhí déanta as breochloch nó as cré-umha; bhí sé níos fusa arbhar a mheilt leis an mbró rothlach ná leis an mbró diallaite a bhí in úsáid ón nua-chlochaois i leith; agus bhíothas in ann an chré ba throime a threabhadh nuair a tháinig an céachta coltair isteach. Ina theannta sin, bhí an choirce, speiceas atá níos oiriúnaí d’aeráid na hÉireann ná saghsanna eile arbhair, á saothrú san iarannaois agus níl aon fhianaise go gcuirtí é roimhe sin. Ach thit an táirgiúlacht arís agus tháinig leathadh eile ar na coillearnaí sna trí chéad bliain tar éis Chríost, tréimhse a dtugann seandálaithe ‘sos na hiarannaoise déanaí’ uirthi. Thiocfadh dó go raibh baint ag cúrsaí aeráide leis an gcúlú mar d’éirigh an aimsir níos taise arís eile, ach tá gach cosúlacht ann gur thréimhse shuaite í ó thaobh na polaitíochta de freisin.

Teamhair
     Más fíor gur cheanncheathrúna na dtuath iad na dúnta cnoic a bhí flúirseach ar fud na hÉireann sa chré-umhaois dhéanach, d’fhéadfadh sé gur tháinig laghdú ar thábhacht na dtuath go luath san iarannaois mar bhain formhór na ndúnta cnoic leis an tréimhse idir 1400 agus 800 R.Ch. Nuair a tosaíodh ar ionaid shiombalacha a imfhálú arís sa 4ú céad R.Ch., ba mhó a scála ach ba lú go mór a líon. Cé nár tógadh ach dornán láithreacha imfhálaithe le linn na hiarannaoise, is léir ó thoirt agus ó chastacht na suíomh gur bhain tábhacht thar na bearta leo. Níl ach ceithre láthair i gceist: Teamhair, contae na Mí; Ráth Cruachan, contae Ros Comáin; Eamhain Mhacha, contae Ard Mhacha; agus Dún Ailinne, contae Chill Dara. Is leor ainmneacha na suíomh seo a lua chun finscéalaíocht na Gaeilge a thabhairt chun cuimhne. Glaoitear ‘láithreacha ríoga’ orthu go minic toisc go léirítear iad sa litríocht mar bhunáiteanna ríthe na gcúigí: tugadh ‘ard-chathir Cormaic meic Airt’ ar Theamhair sa Dindshenchas, mar shampla, agus tá Ráth Cruachan, Eamhain Mhacha agus Dún Ailinne luaite sa díolaim chéanna le Medb, banríon Chonnacht, le Conchobar mac Nessa, rí Uladh, agus le Cathair Már, rí Laighean, faoi seach. Thaispeáin an dátú radacarbóin gur sa 4ú céad R.Ch. a tógadh trí cinn de na láithreacha ríoga – Teamhair, Eamhain Mhacha agus Ráth Cruachain – ach gur timpeall na bliana 160 R.Ch. a tógadh Dún Ailinne. Cé gur tréigeadh Eamhain Mhacha timpeall na bliana A.D. 100, bhí Ráth Cruachan, Teamhair agus Dún Ailinne in úsáid go dtí an 4ú céad, an 5ú céad agus an 6ú céad faoi seach.  D’áitigh Eoin Mac Néill, scoláire a chuir bonn daingean faoi luathstair na hÉireann don chéad uair, gurb é an fhíric chinnte is sine i stair pholaitiúil na hÉireann go raibh an t-oileán roinnte i gcúig ríocht i bhfad siar. Más ea, caithfear a admháil nach féidir láthair ríoga ar aon dul leis na ceithre cinn eile a aithint i gcás na Mumhan, ach bhí an Mhumhain scartha amach ó na cúigí eile ar bhealaí éagsúla: níl déantúsáin i stíl La Tène coitianta sa deisceart, mar shampla, agus níl aon fhianaise gur bhain an ‘bhró choirceoige’ – an leagan ba luaithe den bhró rothlach – an cúige amach riamh. Maidir leis na láithreacha ríoga, tugann fianaise na seandálaíochta le fios nár úsáideadh iad mar dhúnta cosanta – bíonn díoga suite laistigh de mhúrtha na láithreacha go hiondúil, rud a chuirfeadh an lucht cosanta faoi mhíbhuntáiste i gcás ionsaithe. Níor dhaingin mhíleata iad, mar sin, ach ionaid chruinnithe a dtagadh maithe na gcúigí le chéile iontu ar ócáidí ar leith chun freastal ar shearmanais pholaitiúla nó reiligiúnacha. Thairis sin, ba léiriú éifeachtach í an láthair ríoga ar ghustal na sochaí agus ar chumhacht na n-údarás a stiúir an obair thógála. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na créfoirt líneacha a tógadh anseo is ansiúd agus atá fós le feiceáil: Claí na Muice Duibhe a tógadh ar theorainn theas chúige Uladh, mar shampla, nó an Claí Dubh a tógadh ar an teorainn idir Iarmhumhain agus Oirmhumhain. Thar aon ní eile, tugann na créfoirt líneacha léargas as an ngnáth dúinn ar an teannas a bhain le cúrsaí polaitíochta nuair a bhí an réamhstair ag druidim chun deiridh.