21/06/2014

Startha na náisiún

Ní náisiún go stair náisiúin

‘Dlúthchuid d’fhéiniúlacht gach tíre is ea an leagan den stair a gcreideann a muintir ann.’ Sin abairt a léas ar chlúdach cúil leabhair dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann (BÁC, 2011). Cuireadh gaois, grinneas agus géarchúis an údair ar mo shúile dom le déanaí nuair a chuaigh géarchéim na hÚcráine in olcas. Arís agus arís eile, nuair a bhí daoine in oirthear na tíre sin ag iarraidh a mhíniú cén fáth nach rabhadar sásta géilleadh don dream a bhain cumhacht amach in Kiev ag deireadh mí Feabhra, chuireadar béim ar an tuiscint a bhí acu ar an stair – tuiscint a bhí éagsúil ar fad, dar leo, leis an tuiscint a bhí ag bunús an phobail in iarthar na hÚcráine.

Один народ - одна история’ (‘pobal amháin – stair amháin’)
      Mar léiriú air sin, féach an pictiúr thuas. Comhartha is ea é a crochadh i réigiún an Donbass: ‘Donbass – Russia. One nation – one history’ an téacs atá le léamh air. Glacaim leis go raibh an teachtaireacht seo dírithe ar na meáin idirnáisiúnta ós rud é go bhfuil an Béarla in uachtar ar an gcomhartha. Suimiúil go leor, ní ‘нация’ (‘náisiún’) atá le léamh ar an leagan Rúisise ach ‘народ’ (‘pobal’) – focal a bhfuil macallaí stairiúla agus polaitiúla ag baint leis. Nó féach tuairisc a d’fhoilsigh El País, príomhnuachtán na Spáinne, ar an reifreann a d’eagraigh na scarúnaithe in oirthear na hÚcráine. Seo mar a mhínigh fear amháin a chaith vóta ar son an neamhspleáchais a chás (is liomsa an bhéim):
“Venimos a votar sí porque nos resulta imposible vivir bajo el Gobierno de Kiev. No compartimos sus políticas ni su ideología; su historia y sus héroes no son los nuestros”, explicaba Mijail Dvizhkov, autónomo de 55 años, ante el colegio número 5 de Donetsk.
El País, 11 Bealtaine 2014.

(“Vótálamar ‘tá’ ar deireadh óir ní thiocfadh linn maireachtáil faoi rialtas Kiev. Ní bhaineann an pholaitíocht ná an idé-eolaíocht atá acu linne; a stairsean agus a laochrasan, ní linne iad”, mar a mhínigh Mixajl Dvižkov, fear féin-fhostaithe atá 55 bliana d’aois, lasmuigh de mheánscoil a cúig in Donetsk.)
Nó féach an méid a dúirt Denis Pušilin, urlabhraí na scarúnaithe, nuair a bhí toradh an reifrinn á fhógairt an lá dár gcionn (is liomsa an bhéim):
“Based on the will of the people and on the restoration of an historic justice, we ask the Russian Federation to consider the absorption of the Donetsk People’s Republic into the Russian Federation,” he said. “The people of Donetsk have always been part of the Russian world. For us, the history of Russia is our history.”
Reuters, 12 Bealtaine 2014
Más amhlaidh atá in oirthear na hÚcráine – agus is cosúil gurb ea ar an mórgóir – is Rúisí fós an léamh atá ag muintir na Crimé (fág na Tataraigh as an áireamh) ar an stair. Is leor súil a chaitheamh ar agallamh a chuir an BBC ar fhear a bhíodh ina threoraí in Sevastopol’ chun treise na nasc a shnaidhm an stair idir an chathair sin agus an Rúis a thuiscint. A mhalairt ar fad atá fíor in iarthar na hÚcráine, ar ndóigh, áit a bhfuil cuimhne bheo ar chur faoi chois na heaglaise aontasaí (eaglais oirthearach a aithníonn údarás an phápa) ag rialtóirí Ceartchreidmheacha agus Boilséiveacha ar aon, agus ar an ngorta mór a lean bunú na gcomhfheirmeacha i dtús na 1930í.

Is mairg a bhíonn beag beann ar an stair

      Baineann tábhacht nach beag leis an gcomhthuiscint a bhíonn ag gach pobal ar an stair mar sin, ach is annamh a thugtar mórán airde ar an ngné lárnach seo den fhéiniúlacht. Ar chuir Victoria ‘fuck the EU’ Nuland nó a huachtarán na leaganacha éagsúla den stair atá i réim in iarthar agus in oirthear na hÚcráine san áireamh sular chuireadar a ladar i bpolaitíocht na tíre sin? Nó ar dhein George W. Bush machnamh ar thuiscintí stairiúla na Sunnaíoch agus na Siach, na nArabach agus na bPeirseach, na gCoirdíneach agus na dTurcach, sular dhein sé smionagar de stát na hIaráice? Nó ar dhein Lyndon Johnson staidéar ar startha agus ar chultúir éagsúla na Síne agus Vítneam, na Cambóide agus na Téalainne, an Mhalae agus Iáva, sular ghlac sé leis an domino theory seafóideach? B’fhánach an mhaise a bheith ag súil le heolas ar an stair ó pholaiteoirí, ach shílfeá go mbeadh saineolaithe ceaptha acu chun comhairle a thabhairt dóibh. Tar éis an tsaoil, múintear an stair in Harvard, in Yale, in Princeton agus in ‘scoil’ nó dhó eile san Oileán Úr. Is é an fhírinne shearbh, áfach, gur beag suim a chuireann staraithe gairmiúla – sna Stáit Aontaithe, in Éirinn, ná i dtír ar bith eile go bhfios dom – i dtraidisiúin stairiúla na coitiantachta. ‘Miotais’, ‘béaloideas’, ‘fabhalscéalta’ a thugann staraithe acadúla ar a leithéidí, má smaoiníonn siad orthu ar chor ar bith. Ní staraí (ó thaobh gairme de) ach scoláire Gaeilge a scríobh an abairt chríonna seo a leanas:
Ar na ‘fíricí’ sin – má tá a leithéid ann – a bhíonn an staireagrafaíocht bunaithe, is é a cheapann daoine a tharla is mó a mhúnlaíonn an stair féin.
Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar (BÁC, 1996), 635.
Ach bhí dóchas agam go raibh ciall cheannaithe ag meitheal amháin staraithe nuair a tháinig cnuasach úr aistí faoi mo bhráid cúpla mí ó shin. Histories of Nations: How their Identities were Forged an teideal atá ar an leabhar; Peter Furtado, iar-eagarthóir na hirise History Today, an t-eagarthóir; agus Thames & Hudson a d’fhoilsigh leis an slacht a mbeifí ag súil leis ón gcomhlacht sin. Cuireadh leis an dóchas a bhí agam nuair a léas an méid seo a leanas i réamhrá an eagarthóra:
People learn their own history at home, in stories told by family members and by the media, in folk tales and on television, from public statues and war memorials, and from prominent architecture, museums and galleries. The history imbibed from such sources is rarely questioned, and sometimes barely even recognised.
Peter Furtado, Histories of Nations (Londain, 2012), 11.
Aontaím go hiomlán leis sin agus bhíos ar bís le tabhairt faoin leabhar nuair a léas an ráiteas thíos:
So the premise of this volume is simple: if we fail to understand how others think and feel about their past, we will fail to understand them. If we want to get to grips with the national and cultural differences that both enliven and endanger our world, we do not need travel guides, or even historical companions written by our own compatriots; we need to listen to people describing their own past in their own words. The passions, the emphases in what they chose to say – perhaps even the omissions – will speak volumes.
Furtado, Histories of Nations, 14.
Áiméan leis sin! Agus ní fhéadfainn feabhas a chur ar sprioc an leabhair mar a mhínigh an t-eagarthóir í:
This volume ... aims to explore popular understandings of history around the world, and asks professional historians and other established writers to step outside their usual frames of reference and write about how history is understood in the culture of their homelands at large.
Furtado, Histories of Nations, 14.
Ar an drochuair, níor bhac formhór na n-údar leis an sprioc a chuir an t-eagarthóir rompu. Ina ionad sin, thugadar achoimre ar stair tíre mar a thuigtear do staraithe acadúla í; nó dheineadar cur síos ar an staireagrafaíocht i dtír ar leith; nó thugadar cuntas ar na conspóidí is mó a tharraing aird na staraithe i dtír áirithe; nó mhíníodar an leagan oifigiúil den stair a dtacaíonn rialtas áirithe leis agus a mhúintear do phaistí scoile; nó scríobhadar aiste ar na bealaí inar mhúnlaigh cúrsa na staire an cultúr i gcoitinne; nó ríomhadar préamhacha stairiúla an réimis pholaitiúil atá i gcumhacht i dtír éigin faoi láthair. Ach na traidisiúin stairiúla atá beo i measc an phobail ar fud na cruinne, is beag aird a thugadar orthu.

‘Histories of nations’ – ba mhaith an smaoineamh é

      Ocht n-aiste is fiche atá sa chnuasach ar fad – tá bratacha na dtíortha atá istigh léirithe sa phictiúr thuas. Is é Ciaran Brady ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a scríobh an chaibidil ar stair na hÉireann, caibidil dar teideal ‘In the shadow of the fond abuser’ (ní mise a chum!) agus léiríonn a iarrachtsan laigí atá le brath ar mhórán aistí eile chomh maith. Níl aon trácht aige ar na Fir Bholg ná ar Thuatha Dé Danann, ar Mhíle Easpáinne ná ar Niall Naoighiallach, ar ‘oileán na naomh is na n-ollamh’ ná ar Chath Chluain Tarbh. Go deimhin, chuir sé tús lena aiste le teacht na Sasanach sa 12ú céad. Seo í an chéad abairt:
For good or for ill, the single most important fact of Irish history from the 12th century on has been the intense and troubled relationship with Britain, inaugurated through the ‘conquest’ of the country by a group of Anglo-Norman feudal adventurers.
Brady, ‘Ireland: in the shadow of the fond abuser’ in Furtado, Histories of Nations, 71.
Ní nach ionadh, níl aon trácht ar Foras Feasa an Chéitinnigh, ar ‘Tuireamh na hÉireann’ Sheáin Uí Chonaill, ná ar aon saothar Gaeilge eile. An teanga féin, ní luaitear í. Cad tá istigh más ea? Cad eile ach na hábhair a mhúintear ar chúrsaí staire na n-ollscoileanna: an Reifirméisean, plandálacha, na péindlíthe, éirí amach 1798 (‘more people perished than during the entire revolution in France’ dar leis an údar - caithfidh go raibh sé ag smaoineamh ar réabhlóid na bliana 1830 sa bhFrainc, é sin nó nár chuala sé trácht ar an Vendée riamh), an t-aontas leis an mBreatain, Dónall Ó Conaill, an Drochshaol, Parnell, Home Rule, éirí amach 1916, cléiriúlachas ó dheas agus seicteachas ó thuaidh go dtí gur thángthas ar chomhréiteach sa deireadh thiar thall. Seo é deireadh na haiste: ‘if Ireland’s relationship to its powerful neighbour had never been greatly for good, neither had it been entirely for the ill’. Léigh an aiste seo agus gheobhaidh tú léargas ar thuiscint stairiúil an údair, ach is beag léargas a gheobhaidh tú ar thuiscint stairiúil na nÉireannach.

      Tá formhór na gcaibidlí chomh bearnach céanna. Níl el Cid luaite sa chaibidil a scríobh an tOllamh Enric Ucelay-Da Cal ar an Spáinn, mar shampla – ach oiread le diada na Catalóine, le ‘el tres de mayo’ Goya, le fueros na mBascach. Níl ach dhá ábhar ar thug an tOllamh Luiz Marques suntas dóibh sa chaibidil ar an mBrasaíl: an dochar síceolaíoch a dhein an sclábhaíocht do mheon na mBrasaíleach, agus an scrios síoraí atá á dhéanamh ar fhoraois bhaistí na hAmasóine! Tosaíonn an chaibidil ar an tSeapáin sa bhliain 1853 nuair a bhain an Comadóir Perry an tír amach; cé go bhfuil ceann de na cultúir leanúnacha is ársa ar domhan ag an tSeapáin, is cosúil go raibh cuimhne an phobail ina tabula rasa nuair a osclaíodh calafoirt na tíre don trádáil shaor i lár an 19ú céad – nó sin a thugann an tOllamh Ryuichi Narita le tuiscint. Dhírigh an tOllamh Stefan Berger ar an stair acadúil san aiste leis ar an nGearmáin: gheofar cur síos anseo ar an Sonderweg agus ar an Historikerstreit atá suimiúil go leor, ach is mó a  bhaineann an aiste leis an aos acadúil ná leis an nGearmánach sa tsráid. An idé-eolaíocht pholaitiúil amháin atá faoi chaibidil ag an Ollamh Peter Onuf san aiste leis ar na Stáit Aontaithe. Is leor a rá faoin gcaibidil a scríobh Jeremy Black ar an mBreatain Mhór (caibidil dar teideal ‘The confected nation state’) go dtosaíonn an cuntas sa bhliain 1707. Tá go maith agus níl go dona, ar bhealach – más cur síos stairiúil ar an bhféiniúlacht Bhriotanach atá uait, gheobhaidh tú anseo é. Ach más é an rud ata uait léargas ar an dtuiscint atá ag muintir na Breataine ar stair an oileáin, caithfear startha éagsúla Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige a chur san áireamh – rud a léiríonn nach ‘nation state’ í an Bhreatain Mhór in aon chor ach ‘multinational state’. Tá an aiste ar an bhFrainc leis an Ollamh Emmanuel Le Roy Ladurie spreagúil ach is iomaí gné de stair na tíre a phléitear ann: ní féidir a rá go raibh fócas an údair dírithe ar ábhar an chnuasaigh. Maidir leis an aiste ar an Iodáil a scríobh an tOllamh Giovanni Levi, sílim gur féidir í a mheas ón abairt seo a leanas: ‘this Italy has no possibility of a respectable and respected future’. Seachain an staraí a shíleann gur fáidh é!

      An amhlaidh gur gheis do na húdair aistí a scríobh ar ábhar an chnuasaigh? Is é an míniú atá agam ar an scéal ná seo: níor scríobhadar faoi thuiscintí stairiúla an phobail toisc nár deineadh mórán taighde ar an ábhar sin go fóill. Agus níor deineadh an taighde toisc go bhfuil drochmheas ag staraithe acadúla ar thraidisiúin stairiúla na coitiantachta. Is ag salú a lámh a bheidís dá mbeadh orthu plé lena leithéid. Más gá an saghas sin oibre a dhéanamh ar chor ar bith, b’fhearr leo go dtitfeadh an cúram ar dhisciplín eile – ar na socheolaithe b’fhéidir, nó ar na béaloideasóirí, nó ar na hantraipeolaithe. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil trí aiste sa chnuasach atá eisceachtúil: braithim gur dhein údair na n-aistí seo iarracht mhacánta an dualgas a leagadh orthu a chomhlíonadh. Bheadh sár-leabhar curtha ar fáil ag Peter Furtado dá mbeadh na haistí eile ar an gcaighdeán céanna. Is iad na húdair atá i gceist agam Pavel Seifter (ar taidhleoir é) a scríobh an chaibidil ar an tSeic, an Dr Iwona Sakowicz (ar staraí í) a scríobh an chaibidil ar an bPolainn, agus an tOllamh Dina Khapaeva (ar scoláire litríochta í) a scríobh an chaibidil ar an Rúis. Sílim gurb é an ceann deireanach an ceann is fearr díobh. Seo giota beag as:
In 1990 only 5.5 per cent of Leningrad residents thought that Soviet Russia was superior or equal to the West, but in 2007 their number increased to more than 40! In 1990 the question ‘Do you consider yourself a European?’ was answered positively by more than two-thirds of the respondents; in 2007 this number fell to one third.
Khapaeva, ‘Russia: fractures in the fabric of culture’ in Furtado, Histories of Nations, 118.
Mar adeir na Francaigh, ‘nous avons bouclé la boucle’ - d’fhéadfá a rá go bhfuilimid tagtha ar ais go dtí túsphointe na haiste seo.