11/02/2020

Ag cuimhneamh na bpílear

Pílir i mbun oibre i gContae an Chláir

Is mian leis an rialtas – an rialtas a chaill an toghchán a bhí ann Dé Sathairn seo caite – is mian leo go dtabharfaimis an Royal Irish Constabulary (RIC) chun cuimhne. Ós rud é gur saoránach dílis mé, táim sásta gar a dhéanamh dóibh, gan íocaíocht a lorg, agus cuirfidh mé cúpla tagairt do na pílir ó litríocht na Gaeilge faoi bhráid léitheoirí Chúrsaí Staire. Ach ar dtús, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin searmanas cuimhneacháin a bhí beartaithe ag Charlie Flanagan, an t-aire ‘dlí agus cirt agus comhionnanais’ (tá a fhios agam gur amscaí an teideal é ach ní mise a chum), don 17 Eanáir 2020. Chualathas cuid mhaith cur i gcéill ó fhoinsí oifigiúla, ó thráchtairí agus ó staraithe sna laethanta sular cuireadh an ócáid chuimhneacháin ar athló agus ba mhaith liom roinnt de na tuairimí a nochtadh ag an am a scrúdú.

  • ‘Ní theastaíonn uainn ómós a thabhairt do na pílir; nílimid ach ag iarraidh cuimhneamh a dhéanamh orthu’: Níl aon dealramh leis an argóint seo. Nuair a eagraítear cuimhneacháin stáit, is léiriú ómóis a bhíonn i gceist i gcónaí. Ní ócáid staire é cuimhneachán stáit ach ócáid pholaitiúil: léiriú oifigiúil ómóis thar ceann an náisiúin is ea é. Go deimhin, is focal é comóradh (‘comh-’ móide ‘móradh’) a chiallaíonn ‘móradh coiteann’. 
  • ‘Níor chóir dúinn gné ar bith de stair chasta na hÉireann a choinneáil faoi choim’: Níor chóir go deimhin, agus ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh an RIC a ligean i ndearmad. Is fiú staidéar a dhéanamh ar gach gné de stair na tíre agus ní bheadh conspóid ar bith ann dá n-eagrófaí comhdháil acadúil ar stair na póilíneachta in Éirinn faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionnanais. Níorbh shin an rud a bhí beartaithe ag an Aire Flanagan, áfach, ach searmanas comórtha.
  • ‘Ní raibh sé i gceist againn comóradh a dhéanamh ar na Black and Tans ná ar na Auxiliaries: is iad na gnáthbhaill den phéas a bhí i gceist againn’: Ar an gcéad dúl síos, ba bhaill den RIC iad na Tans agus na Auxies; mar bhaill den fhórsa, táid go léir cuimsithe san ainm sin ‘RIC’ agus tá sé mímhacánta (nó aineolach) a mhalairt a thabhairt le fios. Ní féidir an RIC ina iomláine a chomóradh gan na Tans agus na Auxies a chomóradh. Lena chois sin, ní féidir a rá go raibh gean ag an bpobal ar na péas úd nár Tans ná baill den Auxiliary Division iad: féach na sleachta litríochta anseo thíos.
  • ‘Ba ghnáthfhórsa póilíneachta é an RIC agus níor theastaigh ó na baill ach a gcuid a shaothrú agus leas an phobail a dhéanamh’: Níor ghnáthfhórsa póilíneachta é an RIC riamh, ach fórsa paramhíleata a bhí inchurtha le Guardia Civil na Spáinne nó le Carabinieri na hIodáile. Throideadar i gcoinne lucht Éire Óg sa bhliain 1848 agus i gcoinne na bhFíníní sa bhliain 1867. Faoin mbliain 1920, bhíodar ag troid i gcoinne Óglaigh na hÉireann. Is fíor gur éirigh sciar nár bheag de na baill as an bhfórsa de réir mar a  chuaigh an cogadh i ndéine – breis is trí mhíle acu a d’éirigh as i rith na bliana 1920 – ach thuig an dream a d’fhan san RIC go rabhadar ag troid chun Éire a choinneáil faoi smacht na Breataine i gcoinne thoil an phobail.
  • ‘Tá meas ag Aontachtaithe ar an RIC agus caithfimid mil a chuimilt leo má tá Éire aontaithe le bheith ann’: Tá meas ag Aontachtaithe ar bhanríon Shasana: an gcuirfimid deireadh leis an bpoblacht lena sásamh? Tá Aontachtaithe i gcoinne stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge: an gcuirfimid deireadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil lena sásamh? Is í an fhírinne, ar ndóigh, gur réigiún ar leith é oirthear Uladh. Má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo (agus níl sé cinnte go mbeidh), beidh gá le socruithe ar leith sa limistéar sin chun bunús Briotanach an phobail Aontachtaigh a aithint, ach níl aon chúis go mbainfeadh na socruithe sin leis an gcuid eile den tír. Tá socruithe ar leith i Südtirol na hIodáile chun cúlra Ostarach an chúige sin a aithint, mar shampla, ach ní bhaineann na socruithe sin leis an gcuid eile den Iodáil.
Pílir i mbun oibre i gContae na Gaillimhe

     An raibh tionchar ag an gconspóid faoin RIC ar thoradh an toghcháin atá thart? Ní féidir freagra cinnte a thabhairt ar an gceist seo, ach déarfainn go raibh. Féach gur toghadh Cathal Crowe – iarrthóir de chuid Fhianna Fáil agus méara an Chláir – a bhí ar dhuine de na polaiteoirí ba thúisce a cháin an searmanas cuimhneacháin, agus gur chaill Timmy Dooley, an teachta dála a bhí ag an bpáirtí sin roimh an toghchán, a shuíochán. Seo mar a scríobh an Irish Times:
Fianna Fáil Mayor of Clare, Cathal Crowe, fired the first shots of general election 2020, when he decided to boycott the proposed commemoration of the Royal Irish Constabulary (RIC) in early January. This sudden capture of the public mood breathed life and momentum into his campaign, transforming him from a dark horse, into a candidate with a realistic chance of topping the poll.
Agus féach an rún ar ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath leis:
Only a subservient government suffering from a post-colonial state of mind and ashamed of our revolutionary history would encourage this disgraceful event.
Níor chuireadar fiacail ann, ach thacaigh 38 comhairleoir leis an rún agus níor chuir ach deichniúr ina choinne. Is breith pholaitiúil seachas breith stairiúil é seo, gan amhras, ach bhí an Duibhlinneach seo thar a bheith sásta le seasamh na gcomhairleoirí.

Pílir i mbun oibre i gContae Mhaigh Eo

     Bhí stair an RIC casta go leor. Bhunaigh Robert Peel, príomhrúnaí na hÉireann, an Peace Preservation Force (PPF) sa bhliain 1814 le cur i gcoinne na rúnchumann talmhaíochta a bhí gníomhach ag an am. Gendarmerie láraithe ba ea é agus chuirtí díormaí amach chuig ceantair a bhí suaite. Is ón bhfocal ‘peace’ agus ó shloinne an phríomhrúnaí a tháinig na focail ‘péas’ agus ‘pílear’ isteach sa Ghaeilge. Bunaíodh fórsa eile póilíneachta, an County Constabulary, sa bhliain 1822: mar a thugann an teideal le fios, bhí baill an fhórsa seo scaipthe tríd an tír ar fad. Aontaíodh an dá fhórsa, an PPF agus an chonstáblacht áitiúil, i bhfórsa amháin, an Irish Constabulary, sa bhliain 1836. Cuireadh an aidiacht ‘royal’ le hainm an RIC sa bhliain 1867 nuair a chruthaigh an fórsa go maith i rith éirí amach na bhFíníní. Seo mar a scríobh an tOllamh Elizabeth Malcolm:
The RIC was a centrally controlled, paramilitary force: heavily armed, dressed in dark green, army-style uniforms, and subject to military drill and discipline. Its first inspector-general, a Waterloo veteran, compared it to a light infantry regiment. In this respect it differed markedly from other police forces in the United Kingdom, which were unarmed and locally controlled. The government clearly felt that policing in Ireland required military force rather than civilian regulation.
S. J. Connolly (ed.), The Oxford Companion to Irish History, 491
Dála an scéil, ba í Elizabeth Malcom an scrúdaitheoir inmheánach sa scrúdú béil a cuireadh orm nuair a bhí mo thráchtas dochtúireachta á chosaint agam in Ollscoil Learphoill sa bhliain 1999.

Pílir i mbun oibre i gContae Chiarraí
Co. na Gaillimhe
Véarsa as amhrán inar thacaigh Antaine Raiftearaí le Lucht Ribíní (‘Ribbonmen’), rúnchumann a bhí gníomhach i gContae na Gaillimhe sna 1820í
Cuirim impí ar an mnaoi nár pheacaigh ina saol
     is m’achainí ar Rí geal na nGrásta,
go bhfeice mé peelers lag marbh sínte
     scaipeadh is scaoileadh ar gharda.
Liberty tree cois balla gach aon oíche
     ag lucht ribíní is tinte cnámha,
Daly is Deely bhí ag mionnú ar an tír
     a gceann i mbarr spíce in airde.
Ciarán Ó Coigligh (eag.), Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 105-6.
Co. Chill Chainnigh
Véarsa as amhrán a chum Séamas Ó Cathail ar an gcath a troideach idir muintir na háite agus an County Constabulary ag Carraig Seac, Co. Chill Chainnigh, an 14 Nollaig 1831:
Beidh parlaimint feasta aige Ó Conaill in Éirinn –
     caithfeas na tréanphoic seo géilleadh ’á ghlór!
Leagfaidh sé fearannta fairsinge ar Ghaelaibh,
     is cuirfeas sliocht Éibhir ón réal go dtí an choróin;
beas aige Hamilton treascartha créimeach –
     a theampall dá réabadh le saorthoil dá namhaid –
is gach pílear buí smeartha a thug a anam ón scléip leis
     ní raghas go Cill Chéise ag déanamh aeir ann go deo!
Dáithí Ó hÓgáin (eag.), Duanaire Osraíoch, 42.
Co. Chorcaí
Cumadh amhrán dí-ainm ar an gcath céanna a bailíodh in iarthar Chorcaí. Seo véarsa amháin as:
Féach thar n-ais ar Carraig Seac mar ar dheineadar an íospairt
mar ar scothadar na Laighnigh na cinn desna Peelers,
is mó fear láidir calma bhí i gceangal is i gcruatan
chun go dtáinig Dónall go mómharach thar mórchnoic dá bhfuascailt.
Míchéal Ó Cuileanáin, ‘Ráiseanna Bhláth Ubhla’ in Éigse, 1940, 93.