Tá sliocht as Caibidil 5 (1171-1318) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.
Tuamaí Henry II agus Éléonore, a bhean, in Fontevraud na Fraince |
Shín na críocha a raibh flaitheas ag Henry II orthu ó thuaisceart na Breataine go sléibhte na bPiréiní. Tháinig Sasana anuas chuige óna shin-seanathair, William ‘Concaire’, diúc na Normainne a rinne concas ar an ríocht sa bhliain 1066. Ba ghariníon leis an gConcaire í a mháthair, Matilda. Tar éis bhás a céad fhir, an tImpire Heinrich IV, phós Matilda Geoffrey Plantagenet, cunta Anjou, cleamhnas a chuir cúige Anjou le hoidhreacht a mic. Fuair Henry seilbh ar dhiúcacht fhairsing Aquitaine nuair a rinneadh cleamhnas idir é agus an Bandiúc Éléonore in 1152, dhá bhliain sular tháinig sé i gcomharbas ar a chol cúigear, Stephen, mar rí Shasana.
Bhí an Bhreatain Bheag roinnte idir tiarnais a raibh flatha dúchasacha orthu (ba iad Gwynedd sa tuaisceart agus Deheubarth san iarthar na cinn ba thábhachtaí) agus tiarnais sa deisceart (amhail Pembroke) nó ar an teorainn le Sasana a raibh tiarnaí de bhunadh na Normainne orthu. D’aithin tiarnaí seo ‘na teorann’ ardtiarnas na corónach ach ba mhó an tsaoirse a bhí acu ná ag tiarnaí i Sasana. Bhí an lámh in uachtar ag Henry II ar ríthe na hAlban i rith a réimis. Ghlaoigh sé Maol Coluim IV go Chester agus chuir sé iallach air Cumbria a thabhairt suas dó in 1157. Dhá bhliain dár gcionn, thaistil Maol Coluim agus díorma de ridirí na hAlban chomh fada le hAquitaine chun tacú le Henry II i gcoinne chunta Toulouse. Léiríodh an forlámhas a d’éiligh rí Shasana ar fhlatha uile na Breataine go soiléir in 1163 nuair a tháinig Maol Coluim na hAlban, Rhys ap Gruffydd (flaith Deheubarth) agus Owain ap Gruffydd (flaith Gwynedd) go Woodstock in Oxfordshire chun umhlóid fhoirmeálta a dhéanamh dó.
Críocha Henry II |
Ní raibh an caidreamh idir rí Shasana agus flatha eile an oileáin socair, áfach, agus d’éirigh na Breatnaigh amach an bhliain dár gcionn. Theip ar Henry iad a cheansú ach rinne sé díoltas ar na gialla Breatnacha a bhí gafa aige: dalladh is coilleadh na fir – beart a d’imir ríthe na hÉireann sách minic – agus baineadh an tsrón is na cluasa de na mná – danarthacht bhreise nár cleachtadh in Éirinn, chomh fada agus is eol dúinn. Mar an gcéanna, rinne Uilliam ‘an Leon’, deartháir agus comharba Mhaoil Choluim IV, ionradh ar thuaisceart Shasana in 1173 ach ghabh na Sasanaigh é an bhliain dár gcionn. B’éigean do rí na hAlban umhlóid a dhéanamh do rí Shasana, gialla na hAlban a thabhairt dó, agus glacadh le garastúin Shasanacha i nDún Éideann agus i gcaisleáin straitéiseacha eile sular scaoileadh saor é. Choinnigh Uilliam a choróin, ach ghéill sé d’ardtiarnas Henry II.
Nuair a ghabh William I ríghe Shasana, ghlac sé seilbh ar thalamh uile na ríochta. Choinnigh sé an cúigiú cuid den tír ina sheilbh féin mar fhearann boird agus bhí mainéir ríoga suite ar fud na ríochta. Roinn sé an chuid eile den tír ar na tiarnaí ba mhó a chuidigh leis in 1066, polasaí a chruthaigh uasaicme nua de bhunadh na Normainne arbh í an Fhraincis a príomhtheanga. Lig an rí eastáit (‘feoid’ mar a tugadh orthu) le tiarnaí ar choinníoll go mbeidís réidh i gcónaí chun cúnamh míleata a thabhairt don choróin, agus bhí líon áirithe ridirí luaite le gach feod. Lean proiséas seo an infheodaithe ar aghaidh ar an dóigh chéanna, gach tiarna ag coinneáil cuid dá fheod féin mar fhearann boird agus ag bronnadh an chuid eile mar fheoid ar vasáilligh a raibh sé de dhualgas orthu fir throda a sholáthar dá dtiarnaí. Ag bun dréimire an fheodachais bhí ridirí nach raibh ach mainéar nó dhó ina ngabháltais. De réir meastacháin amháin, bhí thart ar fiche iarla, rud éigin idir céad agus dhá chéad barún, agus suas is anuas le cúig mhíle ridire i Sasana sa dara leath den 12ú céad, ach ní uimhreacha beachta iad seo mar ní raibh dealú glan idir na barúin agus na ridirí ba ghustalaí. Bhí dealú docht sa dlí idir an dream a bhí saor agus iadsan nach raibh, áfach, cé gur athraigh an téarmaíocht faoi lár an 12ú céad: ní ‘servus’ (‘daor’) a tugadh ar an tuathánach nach raibh cead a choise aige ina dhiaidh sin ach ‘villanus’ (‘villéineach’). Ní dócha gur tháinig feabhas ar chúinsí beatha na ndaor nuair a d’athraigh an téarmaíocht a bhain leo.
Oifigigh an státchiste sa 12ú céad |
Bhí Sasana roinnte i gcontaetha roimh 1066 agus coinníodh an córas sin tar éis an choncais. Cheapadh an rí sirriam i ngach contae a raibh sé de dhualgas air cúirt na síreachta a riar agus cánacha a bhailiú. Bunaíodh oifig nua, an ‘exchequer’, chun ioncam an rí a chomhaireamh agus bhí an státchiste lárnach seo suite in Westminster faoin am a tháinig Henry II i gcoróin. Bhí an choróin ag brath ar theacht isteach ón eastát ríoga, ar tháillí feodacha, ar chánacha éagsúla agus ar fhíneálacha: sa deich mbliana idir 1165 agus 1174 bhí ioncam de £18,500 in aghaidh na bliana ar an meán ag Henry II. Ach má chuir an státchiste bonn daingean airgeadais faoin ríocht, ní raibh maorlathas an rí mórán níos forbartha i Sasana ná in Éirinn. Ní raibh ach beirt scríobhaithe fostaithe i rúnaíocht an rí – an ‘tseansailéireacht’ – chomh déanach leis an mbliain 1100. Mhéadaigh líon na scríobhaithe go ceathrar faoin mbliain 1130 agus bhí cúigear scríobhaithe ag obair sa tseansailéireacht in aimsir Henry II. Fearacht Ruaidhrí Uí Chonchobhair, a thionóil rídháil ag Áth Luain in 1166, ghairmeadh ríthe Shasana dáil d’uaisle na ríochta – an ‘magnum concilium’ nó an ‘chomhairle mhór’ – ó am go chéile, cé nár ghá dóibh comhairle na huaisle a iarraidh i gcás ar bith. Mar shampla, bhí ceithre easpag déag, deichniúr iarlaí agus ocht nduine is fiche eile – barúin mhóra ina measc – i láthair ag comhairle mhór a ghair Henry II in 1164.
Rinneadh athruithe suntasacha ar an gcóras dlí i dtreo dheireadh an 12ú céad: ceapadh breithimh ghairmiúla a thaistil an tír ar cuaird; baineadh níos mó úsáide as giúiréithe i dtrialacha; agus bunaíodh cúirt lárnach ag Westminster, an ‘binse coiteann’, chun cásanna sibhialta nár bhain leis an gcoróin a éisteacht. Bhí na pionóis a leagadh amach i ndlí coiriúil Shasana níos déine ná a macasamhla i bhféineachas na hÉireann: luadh an bás agus stoitheadh láimhe nó coise mar phionóis le haghaidh tréasa, dúnmharaithe, coirloiscthe, robála agus éignithe i dtéacsleabhar dlí a scríobhadh in 1188. Faoi thús an 13ú céad bhí córas aontaithe dlí, an ‘dlí coiteann’, i bhfeidhm ar fud Shasana agus níorbh fhada gur aistríodh an córas sin go dtí an choilíneacht nua a bhí ag fás in Éirinn.