31/01/2016

Tromluí na staire

Is mór idir aigne an phobail i gCív agus in Donetsk

Cuireadh drochthús leis an mbliain úr nuair a tháinig an comhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i bhfeidhm ar an gcéad lá de mhí Eanáir. Is é is aidhm don chomhaontú seo limistéar saorthrádála a chruthú idir an AE agus an Úcráin laistigh de dheich mbliana. Ag an am céanna, tháinig deireadh leis an gcomhaontú saorthrádála a bhí ann idir an Úcráin agus na tíortha atá páirteach i limistéar saorthrádála Chomhlathas na Stát Neamhspleách—bheadh rialacháin an dá limistéar ag teacht salach ar a chéile. Ciallaíonn sé seo go gcaillfidh tionscail na hÚcráine sciar maith de na margaí easpórtála a bhí acu roimhe seo sa Rúis agus iad ag dul in iomaíocht le tionscail fhorbartha an AE sa mhargadh baile. Is deacair a thuiscint conas a dhéanfaidh an socrú seo leas eacnamaíoch na tíre. Ach tá níos mó ná cúrsaí geilleagair i gceist leis an gcomhaontú comhlachais: de réir fhorálacha an chomhaontaithe beidh sé de dhualgas ar an Úcráin glacadh le ‘comhbheartas slándála agus cosanta’ an AE agus le polasaithe na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint de réir a chéile. Is é atá sa chomhaontú seo, i ndáiríre, an bogadh is déanaí i gcluiche geopholaitiúil atá á imirt le cúpla glúin anuas.

Timpeallú na Rúise
     Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh fuar, thit Eagraíocht Chonradh Vársa, comhghuaillíocht mhíleata na stát cumannach, as a chéile ach níor scoireadh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) riamh. Nuair a bhí athaontú na Gearmáine ar na bacáin, tugadh le tuiscint do cheannairí an Aontais Shóivéadaigh nach leathnódh NATO níos faide soir, ach ba ghearr gur ligeadh na briathra bláithe i ndearmad. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa Rúis, bhí alcólaí mí-éifeachtach ina uachtarán ar an tír, agus bhí fórsaí míleata na Rúise in ísle brí. Thapaigh cumhachtaí an iarthair an deis agus glacadh leis an bPolainn, an tSeic agus an Ungáir mar bhaill de NATO sa bhliain 1999. Cúig bliana dár gcionn, chuaigh seacht dtír eile ón mbloc iar-chumannach isteach san eagraíocht. In Aibreán na bliana 2008, chinn ceannairí stáit NATO ag cruinniú mullaigh a bhí acu i mBucharest go dtabharfaí ballraíocht don Úcráin is don tSeoirsia lá níos faide anonn. Dá bhféadfaí an dá thír sin a mhealladh isteach san eagraíocht, bheadh an Rúis timpeallaithe ag comhghuaillíocht an iarthair ón Iorua sa tuaisceart chomh fada le Seoirsia sa deisceart—nó chomh fada leis an Asarbaiseáin, b’fhéidir, ós rud é go bhfuil conradh míleata idir an tír sin agus an Tuirc. D’fhéadfaí cabhlach na Rúise a chaitheamh amach as Sevastopol’ nuair a thiocfadh deireadh leis an léas ar an gcalafort sin sa bhliain 2017, rud a thabharfadh smacht ar an Muir Dhubh do chumhachtaí NATO. Níorbh fhada go raibh toradh ar an gcinneadh a deineadh in Bucharest: i mí Lúnasa na bliana céanna d’ionsaigh arm na Seoirsia an Oiséit Theas, réigiún a bhain féinriail amach le láimh láidir sa bhliain 1992. Níl aon amhras ach gurbh iad na Seoirsigh a thosaigh an cogadh—rud a aithníodh sa tuarascáil neamhspleách ar an eachtra a ullmhaíodh thar ceann chomhairle an AE. Gníomh buile ba ea an t-ionsaí ós rud é go raibh na hOiséitigh faoi choimirce na Rúise (is poblacht laistigh de Chónaidhm na Rúise í an Oiséit Thuaidh), ach bhí fonn troda ar Mikheil Saakashvili, uachtarán na Seoirsia, ón uair a gealladh ballraíocht i NATO dá thír agus chuaigh sé sa seans. B’fhéidir go n-éireodh leis dá mbeadh Boris El’cin fós sa Chreimil ach bhí lámh níos socra ar stiúir na Rúise faoin am seo: b’éigean d’arm na Seoirsia cúlú agus d’aithin an Rúis neamhspleáchas na hOiséite Theas.

     Ba thubaiste dhaonna é cogadh na hOiséite dóibhsean a maraíodh, a gortaíodh, nó a díbríodh as a mbaile, ach bhí dóchas agam ag an am go dtiocfadh maitheas éigin as. Bhí súil agam go mbeadh ceannairí NATO níos cáiréisí feasta: go rithfeadh an smaoineamh leo nár chríonna an beart é ciceanna sa tiarpa a bhualadh ar bhéar codlatach. Go deimhin, bhí an chosúlacht ar chúrsaí ar feadh tamaill go raibh ciall ceannaithe ag ceannairí an iarthair. Nuair a toghadh Barack Obama, mar shampla, chualathas caint ar thús nua (‘reset’ i mbéarlagar na Meiriceánach) a chur leis an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis, ach ba léir sara i bhfad go raibh straitéis an timpeallaithe air ais ar an gclár oibre. Tá dearcadh frith-Rúiseach forleathan i measc bhunaíocht na Stát Aontaithe ar chúiseanna éagsúla. I gcásanna áirithe, níl sa bhfrith-Rúiseachas ach iarmhairt an chogaidh fhuair: is annamh a thagann athrú meoin ar shean-seabhaic. I gcásanna eile, baineann sé le cúlraí pearsanta oifigeach stáit de bhunadh na Polainne, na Liotuáine nó na nGiúdach ar theith a sinsir ó réimeas na Sár. Ach thar aon rud eile, goilleann sé ar bhunaíocht Mheiriceá go bhfuil an Rúis ar an líon beag tíortha nach bhfuil sásta ceannasaíocht dhomhanda na Stát Aontaithe a aithint. Tuigeann an Ghearmáin is an tSeapáin gur chaill siad cogadh agus iompraíonn siad iad féin dá réir. Níl an tuiscint sin ag an Rúis ná ag an tSín, rud a fhágann go gcaithfear cordon sanitaire (claí teorann) a thógaint timpeall orthu trí bhagairt a chur ar réimis atá cairdiúil leo agus trí chabhair mhíleata a thabhairt do réimis atá in amhras orthu. Aon duine a shíleann go bhfuilim ag déanamh áibhéile, éisteadh sé leis an gcomhrá gutháin idir Victoria Nuland, leas-rúnaí stáit don Eoraip, agus Geoffrey Pyatt, ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine, agus iad ag socrú cén saghas rialtais a thiocfadh i gcumhacht i gCív nuair a bheadh na boinn bainte ón Uachtarán Yanukovič (creachadóir mínáireach a toghadh go daonlathach sa bhliain 2010 agus a bhí cairdiúil leis an Rúis):

‘Puipéid an Mhaidan’ (le caoinchead an ФСБ)


Chaith Nuland achasán leis an AE toisc go raibh comhréiteach sealadach á mholadh ag na hEorpaigh a ligfeadh do Yanukovič fanúint in oifig ar feadh scaithimh eile. Caithfear a rá, áfach, go raibh ballstáit áirithe de chuid an AE ag obair as lámh na Meiriceánach chun ding a shá idir an Rúis agus an Úcráin. An amhlaidh go raibh ‘Drang nach Osten’ (‘tiomáint soir’) na nGearmánach tosaithe in athuair? Ní dóigh liom é. Ní hé nach bhfuil cáineadh tuillte ag an nGearmáin is ag na cumhachtaí móra eile san AE—is cinnte go bhfuil mar ligeadar don tubaiste tarlú—ach is iad ballstáit nua an oirthir is mó a bhí ag iarraidh rialtas na hÚcráine a bhriseadh agus an tír a cheangal leis an AE. Más mian linn nath stairiúil a lua le polasaí reatha an AE, b’fhearr dúinn iompú ar an bPolainnis ná ar an nGearmáinis: bhíodh ‘od morza do morza’ (‘ó mhuir go muir’) mar mhana ag na Polannaigh sa 17ú céad nuair a shín an tír sin ón Muir Bhailt san iarthuaisceart soir ó dheas chomh fada le cósta na Mara Duibhe mar a bhfuil cathair Odes(s)a suite anois ...

Rus (c.1000); an Pholainn agus an Mathshlua Órga (c.1400)


     ‘Cúrsaí staire’ is ábhar don suíomh seo, ach sílim gur fiú géarchéim na hÚcraine a iniúchadh anseo ar dhá chúis. An chéad chúis go bhfuil cosúlachtaí follasacha idir an ghéarchéim atá anois ann agus an ghéarchéim sna Balcáin a chuir tús leis an gCéad Chogadh Domhanda. An fhianaise a thug iar-ambasadóir na Breataine chun na Rúise agus é ag labhairt os comhair choiste Eorpach Theach na dTiarnaí in Westminster, scanródh sé aon duine a bhfuil tuiscint aige ar stair na hEorpa:
An element of ‘sleep-walking’ was evident in the lead-up to the crisis. Sir Tony Brenton said that during the negotiation on the AA [‘association agreement’ .i. an comhaontú comhlachais idir an AE agus an Úcráin], any awareness of Russian hostility was not felt “at a high enough political level in the EU for people who really understand Russia actually to be asked how tough the Russian reaction was likely to be.” There was, he told us, “a lack of … simple thinking about how the Russians were behaving at that stage.” He added that the EU knew that the Russians “did not like what was happening,” but assumed “Ukraine could simply ride over that.”
House of Lords EU Committee, ‘The EU and Russia before and beyond the crisis in Ukraine’, 63
Is é sin le rá, níorbh fhiú le Merkel, le Hollande ná le Cameron ceist a chur ar na saineolaithe cuí ‘meas sibh cad a tharlóidh má thugaimid cic láidir don mhathúin sa bhall is íogaire dá chorp?’ Mar is eol do léitheoirí rialta an tsuímh seo, thug Christopher Clark The Sleepwalkers ar an sárleabhar a scríobh sé ar ghéarchéim na bliana 1914. Ní fhéadfadh Clark teideal níos oiriúnaí a roghnú dá shaothar agus is baolach go bhfuil an lucht suain lán chomh líonmhar i ranna gnóthaí eachtracha na hEorpa inniu agus a bhíodar céad bliain ó shin. An dara cúis go bhfuilim ag trácht ar an Úcráin anseo go raibh sé soiléir ón tús d’aon duine a thuig stair oirthear na hEorpa nárbh fhéidir an Úcráin a tharraingt isteach i gcomhghuaillíocht an iarthair gan fuil a dhoirteadh. Václav Klaus, iar-uachtarán na Seice, níor chuir sé fiacail ann nuair a labhair sé le coiste Theach na dTiarnaí:
Mr Klaus also urged us to consider internal factors within Ukraine. In his view, Ukraine was an inherently unstable entity, weakened by decades of political faction. He believed that Ukraine was a “heterogeneous, divided country, and that an attempt to forcefully and artificially change its geopolitical orientation would inevitably result in its break-up, if not its destruction.”
House of Lords EU Committee, ‘The EU and Russia before and beyond the crisis in Ukraine’, 64-65
Ní dóigh liom go mbeinn chomh borb leis sin (tá cáil na boirbe ar an Uasal Klaus), agus is cinnte nach mbeinn chomh gonta leis, ach táim sásta a rá gur inis sé an fhírinne lom. D’fhág cúrsa na staire go bhfuil pobal (nó pobail) na hÚcráine scoilte go domhain ar bhonn cultúir, ar bhonn creidimh, ar bhonn féiniúlachta náisiúnta, agus ar bhonn polaitíochta. Thairis sin, níl aicmí soiléire i gceist ann mar atá i dTuaisceart Éireann, sa Chipir, nó i mBoisnia: ina ionad sin, tá speictream casta ar toradh é ar mhíshocracht na staire sa taobh sin den domhan. Má tá Úcráiniseoirí Caitliceacha a bhfuil dea-chuimhne acu ar an Ostair agus droch-chuimhne acu ar an Aontas Sóivéideach in uachtar thiar sa Ghailís, tá Rúisigh Ortadocsacha a bhfuil dea-chuimhne acu ar an Aontas Sóivéideach agus droch-chuimhne acu ar náisiúnaithe Úcránacha a throid ar son na Naitsithe in uachtar thoir sa Donbass. Suite idir eatarthu ar an speictream tá Úcráiniseoirí Ortadocsacha agus Rúisiseoirí a áiríonn iad féin mar Úcráinigh, cé go mbeadh drogall ar roinnt acu a rá gur tír eachtrannach í an Rúis.

Leathnú na Polainne (c.1600); an Úcráin agus an Rúis (c.1700)

     D’eascair na náisiúin oir-Shlavacha atá ann anois ón Русь (Rus), stát scaoilte a raibh a lárionad suite i gCív agus a chuimsigh treibheanna Slavacha an oirthir (féach Mapa A). Tá an fhoinse choitinn sin soiléir ó na hainmneacha a thugtaí ar na ciníocha go stairiúil: mar atá, Великорусские (‘mór-Rúisigh’), Малорусские (‘mion-Rúisigh’ nó Úcránaigh) agus Белорусские (‘fionn-Rúisigh’ nó Bealarúisigh). Cuireadh cor sa stair sa bhliain 1240 nuair a scrios na Mongólaigh cathair Chív. D’fhan an chuid ba mhó den Русская земля (críoch Rúiseach) faoi smacht na Mongólach is a gcomharbaí sa Mhathshlua Órga (an dream ónar shíolraigh Tartaraigh an lae inniu) go ceann i bhfad, ach bhí cúpla eisceacht ann: tháinig iarthar na hÚcráine agus an Bhealarúis faoi cheannas na Polainne is na Liotuáine faoi seach, agus d’éirigh le roinnt cathracha a bhí suite i bhfad ó thuaidh fanúint neamhspleách (Mapa B). Bhris concas na Mongólach na naisc pholaitiúla idir ciníocha Slavacha an oirthir agus is ón 13ú céad nó ón 14ú céad amach a thosaigh na canúintí ag scarúint óna chéile. Cuireadh deighilt reiligiúnach leis na cinn eile sa bhliain 1596 nuair a thoiligh an chuid ba mhó de na heaspaig Ortadocsacha sa limistéar a bhí faoi smacht na Polainne údarás an phápa sa Róimh a aithint, cé gur choinníodar a liotúirge Slavóinise féin. Má ghlac pobal na Gailíse leis an Eaglais Chaitliceach ‘Ghréagach’ seo, chuir an t-athrú creidimh olc as cuimse ar Úcránaigh Ortadocsacha níos faide soir agus d’éirigh siad amach i gcoinne na Polainne sa bhliain 1648. Bunaíodh stát beag Úcráineach timpeall ar chathair Chív, cé go raibh Polannaigh Chaitliceacha ag bagairt air ón iarthar agus Turcaigh Mhoslamacha ag bagairt air ón deisceart. Ach suite lastoir den Úcráin bhí impireacht Ortadocsach na Rúise agus tógadh an stát beag faoi sciath царь всея Руси ('impire na Rúise uile') nuair a síníodh Conradh Pereiaslav sa bhliain 1654 (Mapa D). As sin amach, lean na Rúisigh orthu ag gluaiseacht ó dheas i dtreo na Mara Duibhe, glúin i ndiaidh glúine, agus de réir mar a baineadh réigiúin nua i ndeisceart na hÚcráine den Tuirc, bhog lonnaitheoirí Slavacha isteach sa Новороссия (‘Rúis Nua’) a bhí á cruthú (Mapa E). D’fhás comhphobail mheasctha a raibh idir Úcránaigh agus Rúisigh iontu sna críocha a gabhadh. Má thuigtear an stair seo, tuigfear cén fáth go bhfuil an Úcráin ina ‘heterogeneous, divided country’, mar adúirt an té adúirt. De réir dhaonáireamh na bliana 2001, d’áirigh 77.8 % den phobal iad féin mar Úcráinigh agus 17.3 % mar Rúisigh. Léirigh an daonáireamh céanna go raibh an Úcrainis mar chéad teanga ag 67.5 % den phobal agus an Rúisís ag 29.6 %. Sa Chrimé, áfach, ba Rúisigh iad 60 % den phobal: níor áirigh ach 24 % de mhuintir na Crimé iad féin mar Úcráinigh agus ba Thartaraigh iad 10 % eile.

An Ostair agus an Rúis (c.1800); teangacha na hÚcráine

     Cad is féidir a dhéanamh agus cúrsaí mar atá siad faoi láthair? In ainneoin na ndeacrachtaí uile, sílim go bhfuil creatlach an réitigh atá riachtanach soiléir go leor:
  1. Ba chóir do na Meiriceánaigh aire a thabhairt dá ngnóthaí féin. (Samhlaigh an raic a thógfaí dá mbeadh an Rúis ag cur a ladair i bpolaitíocht Mheicsiceo nó Cheanada.)
  2. Ba chóir do chumhachtaí móra an AE a rá leis na Polannaigh is na Liotuánaigh go bhfuil dóthain dochair déanta acu agus cluas bhodhar a thabhairt dóibh aon uair a bheidh an cheist seo faoi chaibidil feasta.
  3. Ba chóir an Úcráin a aithint mar stát a bheidh neodrach go buan, ar aon dul leis an Eilvéis.
  4. Ba chóir stát feidearálach a dhéanamh as an Úcráin agus saoirse leathan a thabhairt do na réigiúin éagsúla—go hairithe i gcúrsaí cultúir agus teanga. Níor mhiste eiseamláir na hEilvéise a leanúint sa chomhthéacs seo chomh maith.
  5. Ba chóir dhá reifreann a eagrú, faoi scáth na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE), chun stádas na Crimé agus chathair Sevastopol’ a shocrú.
  6. Ba chóir don AE gníomhú i gcomhar leis an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach chun trádáil a éascú idir an dá bhloc, sa chaoi go mbeadh an Úcráin in ann breathnú siar agus soir ag an am céanna.
An dtarlóidh sé sin? Nílim dóchasach, agus tá tuairim agam gurb í an chéad chéim thuas an ceann is deacra díobh ar fad.