06/06/2019

An Normainn agus na Normannaigh

Ionradh na Normainne, an 6 Meitheamh 1944
Cothrom an lae seo cúig bliana is seachtó ó shin, an 6 Meitheamh 1944, tharla an t-ionradh farraige ba mhó riamh nuair a chuaigh airm na Breataine, na Stát Aontaithe agus Cheanada – móide buíon amháin de commandos na Fraince – i dtír ar chósta na Normainne. Is nós coitianta é anois ‘ionradh’ nó ‘invasion’ a thabhairt ar imeachtaí an ‘lae ab fhaide’. Mar shampla, tá an ráiteas seo a leanas le léamh ar shuíomh gréasáin an bhealaigh teilifíse History: ‘The Allied invasion of Normandy was among the largest military operations ever staged’.  Mar an gcéanna, tá leathanach dar teideal ‘Invasion of Normandy’ ar shuíomh Wikipedia agus tá alt dar teideal ‘Normandy Invasion’ ar shuíomh idirlín an Encyclopædia Britannica. Ní bhíonn drogall ar staraithe gairmiúla an téarma ‘invasion’ a úsáid ach oiread. Seo mar a scríobh Richard Evans:
Resistance was also mounting in the west, and particularly in France, where the Maquis now numbered scores of thousands of men and women, engaged in sabotaging German military installations in preparation for the invasion of France across the English Channel.
Richard J. Evans, The Third Reich at War (Londain, 2008), 623
Ach is cosúil nach mbeadh an tAthair F. X. Martin, iar-ollamh le stair in UCD nach maireann, sásta ‘invasion’ a thabhairt ar operation Overlord ...
An tOllamh F. X. Martin agus caibidil leis
     Seo mar a chuir an tOllamh Martin tús le caibidil dar teideal ‘Diarmait Mac Murchada and the coming of the Anglo-Normans’ sa New History of Ireland:
Few events in Irish history have been so consistently misrepresented as the coming of the Anglo-Normans to the country. Irish nationalist and British historians, with rare unanimity, agree in describing the event as ‘the Norman invasion of Ireland’. In fact, the Anglo-Normans came not as invaders but by invitation.
Art Cosgrove (eag.), A New History of Ireland, imleabhar II (Oxford, 1987), 43.
Más féidir an tOllamh Martin a chreidiúint, níor chóir ‘invasion’ a thabhairt ar ghluaiseacht mhíleata ó chríoch amháin go críoch eile más amhlaidh gur tugadh cuireadh isteach do na hionróirí roimh ré. Ach is sainmhíniú pearsanta dá chuid féin é sin agus níl a leithéid d’eisceacht luaite san Oxford English Dictionary, foclóir údarásach ina mínítear an focal mar ‘an entrance or incursion with armed force’; féach The Oxford English Dictionary, imleabhar VIII (Oxford, 1989), leathanach 37. Dá nglacfaí le sainmhíniú an ollaimh, ní fhéadfaí ‘invasion’ a thabhairt ar imeachtaí D-Day (nó ‘le jour J’ mar adeir na Francaigh). Faoi Mheitheamh na bliana 1944, bhí an Gouvernement provisoire de la République française (GPRF) – Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince – ag feidhmiú san Ailgéir. Bhí an chuid ba mhó ar fad d’impireacht na Fraince dílis dó, bhí oileán na Corsaice faoina smacht, agus d’aithin gach eite den résistance inmheánach an GPRF mar rialtas dlisteanach na Fraince. Thug an GPRF tacaíocht iomlán don débarquement sa Normainn. Seo mar a labhair an Ginearál de Gaulle, uachtarán an GPRF, le muintir na Fraince ar raidío an BBC, cothrom an lae seo cúig bliana is seachtó ó shin:
La bataille suprême est engagée. Après tant de combats, de fureur, de douleurs, voici venu le choc décisif, le choc tant espéré. Bien entendu, c’est la bataille de France et c’est la bataille de la France.

[Tá an cath is tábhachtaí tosaithe. Tar éis an oiread comhraic, fíochmhaire agus dobróin, seo é an buille cinniúnach, an buille a rabhthas ag dréim leis. Go dearbh, an cath seo sa bhFrainc, is é cath na Fraince é.]
Is leor an méid sin le cruthú go raibh cuireadh isteach faighte ag airm na gcomhghuaillithe ó dhream a raibh tacaíocht nár bheag acu laistigh den Fhrainc. D’fhéadfaí a mhaíomh, gan amhras, gurbh é an Marascal Philippe Pétain ceannaire an rialtais dhlíthiúil agus gur reibiliúnaí é an Ginearál de Gaulle, ach chreid an tOllamh Martin gur leor cuireadh ó Dhiarmait Mac Murchada chun ‘teacht na nGall’ a dhéanamh de ‘ionradh na nGall’ cé go raibh Ruaidrí Ua Conchobair fós ina ard-rí ar Éirinn nuair a tharraing Strongbow agus a lucht leanúna chun cladaigh.

     Níl i scéal an ionraidh, dar leis an Ollamh Martin, ach ‘nationalist myth’.  Ina dhiaidh sin is uile, mhaígh sé gur deineadh ‘massive invasion’ ar Éirinn sa réamhstair. Cérbh iad na hionróirí? Cé eile ach na Ceiltigh:

'Ionradh ollmhór na gCeilteach'?
Níl an ráiteas thuas bunaithe ar fhianaise na staire ná na seandálaíochta agus níl de bhunús leis ach samhlaíocht an údair. Go deimhin, bheinn sásta ‘miotas frith-náisiúnaíoch’ a thabhairt air. Leathnaigh lucht labhartha na hInd-Eorpaise trasna na hEorpa ag tús na Cré-Umhaoise agus shroicheadar Éire uair éigin timpeall na bliana 2400 R.Ch. Ar an drochuair, ní heol dúinn an raibh cuireadh faighte acu roimh ré; ní hamháin sin, ach níl a fhios againn ar dheineadar concas míleata ar Éirinn nó ar tháinig buíonta beaga i dtír, diaidh ar ndiaidh, anseo is ansiúd. Bíodh sin mar atá, níl aon dealramh leis an tuairim gur dhein lucht labhartha na Ceiltise ‘ionradh ollmhór’ ar Éirinn: is dóichí ná a mhalairt gur fhás an Cheiltis ó chanúint Ind-Eorpach a bhí á labhairt ar fud iarthuaisceart na hEorpa sa dara míle roimh Chríost.

Póstaer na comhdhála
     Is fiú súil a chaitheamh ar théarma eile a d’úsáid an tOllamh Martin sa chaibidil leis ar imeachtaí na bliana 1169: mar atá, ‘the Anglo-Normans’. Caithfear a rá go mbíonn an téarma seo in úsáid ag cuid mhaith staraithe. Mar shampla, bhí sé le léamh ar phóstaer na comhdhála a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide ag tús na míosa seo caite – tabhair faoi deara gurbh é ‘Invasion 1169’ teideal na comhdhála! Bhíos i láthair ar an Déardaoin agus ar an Aoine, ach níorbh fhéidir liom freastal ar sheisiúin an tSathairn de bharr cúraimí eile a bhí orm. Bhí caighdeán na bpáipéar a chualas thar a bheith ard agus táim ag súil go mór leis na himeachtaí a léamh i bhfoirm leabhair amach anseo. Thugas suntas ar leith do chaint Colin Veach, léachtóir sinsearach le stair na Meánaoise in Ollscoil Hull, a d’áitigh go neamhbhalbh gur Shasanaigh iad na hionróirí. Agus seo mar a scríobh Seán Duffy, ollamh le stair na Meánaoise i gColáiste na Tríonóide agus duine den fhoireann a d’eagraigh an chomhdháil, in alt atá i gcló san eagrán reatha de History Ireland:
We call them ‘Normans’ (although many had never set foot in Normandy), a term that became fashionable only in the nineteenth century through the popularity of works like Sir Walter Scott’s Ivanhoe (1819). Or we do what all jargon-makers do when they want to make something sound complicated: we hyphenate, so that they become ‘Anglo-Normans’ or ‘Cambro-Normans’ (since some came via Wales) or ‘Anglo-French’.
     The truth, however, is that those who began conquering and colonising in Ireland in 1169 were none of these and did not believe themselves in need of hyphenation. They called themselves – surprise, surprise! - English.
Agus sin é lomchlár na fírinne.

     Bhí Anraí II ina dhiúc ar an Normainn, ar ndóigh, ach ní déarfadh aon duine go raibh an teideal sin níos tábhachtaí ná coróin Shasana. Ní ar dhiúc na Normainne a bhronn an Pápa Adrian flaitheas na hÉireann, ach ar rí Shasana. Seo mar a chuir an pápa tús leis an mbulla a sheol sé chuig an rí:
Adrianus episcopus servus servorum Dei carissimo in Christo filio illustri Anglorum regi salutem et apostolicam benediccionem.

[Fáilte agus beannacht aspalda ó Adrian easpag, searbhónta shearbhóntaí Dé, dá mhac ró-dhil i gCríost, rí oirirc na Sasanach.]
Níl an Normainn ná na Normannaigh luaite ó thús deireadh an bhulla, ach tá tagairt do rex Anglorum – ‘rí na Sasanach’ – sa chéad abairt. Agus is suntasach an ní go bhfuil foinsí comhaimseartha a scríobh an dá chine ag réiteach lena chéile. Seo sliocht as La Geste des Engleis en Yrlande, dán fada faoin ionradh a scríobhadh i bhFraincis:
Quant le baruns erent venuz
E Dermod les ad conuz,
En conseil les ad li rei menez
Si lur ad trestut cuntez
Que de Osserie les Irreis
Mult doterent les Engleis.

[Nuair a bhí na barúin tagtha
agus fáilte curtha ag Diarmait rompu,
chuaigh sé i gcomhairle leo
is thug sé tuairisc dóibh
go raibh na Gaeil in Osraí
scanraithe go mór roimh na Sasanaigh.]
Mar an gcéanna, breacadh an sliocht seo a leanas in Annála Uladh faoin mbliain 1172:
Tigernan h-Ua Ruairc, ri Breifne ⁊ Conmaicne, fer cumachta more fhri ré fhota, do marbadh do Shaxanaibh ...

[Tighearnán Ó Ruairc, rí Bhréifne agus Conmaicne, fear a raibh cumhacht mhór aige le fada, dá mharú ag Sasanaigh ...]
Is léir gur thug Gaeil na linne ‘Sasanaigh’ ar na hionróirí.

     Baineann tábhacht le húsáid na bhfocal i gcónaí. Ní cóir sainmhíniú nua a thabhairt do théarma atá mínithe ar bhealach eile sna dea-fhoclóirí, ná ní cóir téarma nua a chumadh má tá téarma comhaimseartha le fáil don choincheap atá i gceist. Má bhriseann staraí na rialacha seo, má chuireann sé míniú corr le focal nó má úsáideann sé téarma atá mí-stairiúil, is leid láidir é don léitheoir go bhfuil níos mó ar siúl ná scríobh na staire.