16/06/2013

Fear darb ainm ‘Pearse’

Taitníonn seoltaí leabhar liom. Cuireann foilsitheoirí cuirí chugam ó am go chéile agus, má bhíonn an leabhar ag teastáil uaim, deinim iarracht a bheith i láthair nuair a sheoltar é. Deis is ea é chun gloine fíona a ól agus canapé nó dhó a ithe saor in aisce, éisteacht le cainteoir eolach, leabhar nua a fháil ar phraghas laghdaithe, labhairt le daoine ar suim leo ábhar an leabhair, agus (an rud is tábhachtaí) tréaslú le húdar a bhfuil cúpla bliain dá shaol caite aige ag streachailt le téacs. In ainneoin sin, nuair a bhreathnaím ar na hiontrálacha i mo dhialann, tugaim faoi deara nár fhreastail mé ach ar dhá sheoladh leabhair sa leathbhliain atá imithe. Téacsanna le Pádraic Mac Piarais a bhí i gceist an dá uair.

      Ná ceaptar gur saineolaí ar an bPiarsach mé ná go bhfuil an t-uafás suime agam ann. Bhí cnuasach dá chuid gearrscéalta dar theideal Ó Pheann an Phiarsaigh ar an gcúrsa meánscoile nuair a bhíos ag dul don Mhéanteistiméireacht ach bhíodar ró-shaonta agus ró-mhaoithneach don déagóir soiniciúil a bhí ionam an tráth úd. Is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne an scig-gháire a dhein mo chomhdhaltaí nuair a léadh sliocht os ard sa rang faoi eachtra inar roinn an Piarsach leaba le buachaill óg agus é ar cuairt i gConamara. Léas an bheathaisnéis a scríobh Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure, luath go leor tar éis a fhoilsithe sa bhliain 1977. Nocht Edwards roinnt tuairimí nár aontaíos leo ach shíleas ag an am gurbh fhiúntach an iarracht é: má chuaigh sí ar seachrán sa bhficsean, sa tráchtaireacht agus sa pholaitíocht idir an dá linn, ba staraí fós í nuair a scríobh sí beathaisnéis an Phiarsaigh. Ós rud é nár bhreathnaíos ann le tríocha bliain anuas, ní scríobhfaidh mé a thuilleadh faoin leabhar sin anois. Cúpla bliain dár gcionn, léas Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais, eagrán cuimsitheach a chuir Ciarán Ó Coigligh in eagar. Ba léir dom go raibh roinnt dánta cumhachtacha sa chnuasach sin – an dán dar teideal ‘Cad chuige díbh dom’ chiapadh’ go háirithe. Thairis sin, thaitin an aiste thomhaiste a chuir an t-eagarthóir leis an gcnuasach liom.

Joost Augusteijn, cnuasach aistí a chuir sé in eagar, agus an bheathaisnéis leis

      Níor tháinig leabhar eile ar an bPiarsach faoi mo bhráid go dtí an bhliain 2010 nuair a foilsíodh beathaisnéis nua le Joost Augusteijn, staraí ón Ísiltír. Aiste amháin leis a bhí léite agam roimhe sin: ‘Motivation: why did they fight for Ireland? the motivation of Volunteers in the revolution’ an teideal a bhí uirthi agus foilsíodh an aiste i gcnuasach dar teideal The Irish Revolution 1913-1923 (Palgrave, 2002) a raibh Augusteijn ina eagarthóir air. Chun an fhírinne a rá, ba bheag suim a bhí agam sa chnuasach sin ach cheannaíos cóip nár díoladh ar phraghas íseal. Bhraitheas go raibh aiste Augusteijn ar cheann de na hiarrachtaí ba laige san imleabhar: ní raibh an prós thar moladh beirte, bhí easpa tuisceana an údair ar an saol in Éirinn soiléir, agus bhí a chuid argóintí mí-loighciúil i gcásanna áirithe. Mar sampla, thagair Augusteijn don fhorógra toghchánaíochta a d’eisigh Sinn Féin sa bhliain 1918, forógra inar áitigh an páirtí go raibh neamhspleáchas ag dul d’Éirinn ‘based on our unbroken tradition of nationhood’, agus bhain an tátal seo a leanas as:
However, the fact that republicans felt it necessary to actually argue their case for the existence of a separate Irish nation indicates that its existence was not as widely accepted as may be assumed.
The Irish Revolution, 109
Níl aon dealramh leis sin. Ní raibh na poblachtaigh ag iarraidh a chur ina luí ar vótóirí gur náisiún í Éire. Bhí lucht Shinn Féin agus lucht Home Rule ar aon fhocal faoin méid sin – b’shin an fáth ar tugadh ‘náisiúnaithe’ ar lucht leanúna an Réamannaigh! Is é a bhí á rá ag na poblachtaigh ná seo: ós rud é gur náisiún í Éire, tá ceart chun neamhspleáchais aici amhail gach náisiún eile ar domhan. Seo abairt ón bhforógra nár chuir Augusteijn i gcló (is liomsa an bhéim agus tá téacs iomlán an fhorógra le fáil mar aguisín in The Irish Republic le Dorothy Macardle):
The right of a nation to sovereign independence rests upon immutable natural law and cannot be made the subject of compromise.
Maidir leis an tuairim gur ceart é an flaitheas a bhaineann le gach náisiún, bhí an prionsabal sin fógartha ag Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, in óráid a thug sé os comhair thithe na comhdhála in Washington ag tús na bliana céanna:
National aspirations must be respected; peoples may now be dominated and governed only by their own consent. “Self determination” is not a mere phrase. It is an imperative principle of action which statesmen will henceforth ignore at their peril.
Woodrow Wilson, 11 February 1918.
Bhain Augusteijn míchiall as forógra Shinn Féin ina aiste, ach thugas seans eile dó agus cheannaíos cóip dá bheathaisnéis ar an bPiarsach.

      Ar an drochuair, tá na lochtanna céanna ar an leabhar agus atá ar an aiste. Tá an prós ciotach agus tá an téacs breac le botúin ghramadaí nó litrithe: ‘in later live’ (48), ‘labour concurs all’ (49), ‘women whom surrounded Patrick’ (53), ‘autism or more particular Asperger syndrome’ (54), ‘students which populated Trinity’ (64), ‘fritting away money’ (85), ‘ensuring him that they ...’ (108), ‘preventing individual priests to speak out’ (118), ‘the increasing difficulties to staff both places’ (196). D’fhéadfaí botúin mar seo a mhaitheamh do staraí ón Ísiltír a d’fhoghlaim an Béarla mar theanga iasachta ach is bocht an teist iad ar na foilsitheoirí (Palgrave). Ní gá a rá go bhfuil focail agus ainmneacha i nGaeilge curtha as a riocht ar fad: ‘Liam na urban’ (‘Liam na mban’ de réir dealraimh) (53), ‘Liam O Donhnaill’ (137, 198), ‘Eamonn O Donehada’ (149, 154), ‘A fresco ... of the Setanta’ (171), ‘The passion play “An País”’ (174), etc. Is cosúil gurb é Seán Mac Giollarnáth atá i gceist leis na tagairtí seo go léir: ‘Sean Mac Giollarnath’ (141), ‘Sean Forde’ (141, 198), ‘Sean MacGiollamath’ (230), ‘S. MacGiollanate’ (324). Cé nach saineolaí mé ar an 20ú céad, ní fhéadfainn gan botúin staire a thabhairt faoi deara sa téacs. Tá a fhios agam nár foilsíodh Irisleabhar na Gaedhilge ar bhonn seachtainiúil riamh (80), mar shampla, agus tá an ráiteas seo a leanas i bhfad ón bhfírinne: ‘By the end of the nineteenth century only one in every hundred Irishmen could speak Irish fluently’ (75). De réir dhaonáireamh na bliana 1891, bhí Gaeilge ag 14.5% den phobal i gcoitinne agus ag 3.5% de na páistí faoi bhun deich mbliana d’aois. Caithfidh gur Ghaeilge ó dhúchas a bhí acusan go léir mar níor bunaíodh Conradh na Gaeilge go dtí an bhliain 1893. Tuigeadh dom nach raibh cur amach sásúil ag an údar ar chúinsí na hÉireann. Thairis sin, ba léir dom nach raibh ar a chumas foinsí i nGaeilge a úsáid – easpa cumais a bhí do-ghlactha ar fad nuair is scríbhneoir Gaeilge a bhí faoi chaibidil aige. Bhí an leabhar as fócas ar fad, dar liom, agus d’éirios as a léamh ag leathanach 198.

Róisín Ní Ghairbhí, leabhar inar foilsíodh aiste léi ar an bPiarsach, agus a heagrán dá chuid drámaí

      Cén fáth ar cheannaíos an bheathaisnéis? Nár leor an aiste a scríobh Augusteijn ar mheon na nÓglach chun fainic a chur orm? Nár thuigeas gur bheag an seans go mbeadh léamh na Gaeilge ag scoláire ón Ísiltír (fág Joep Leerssen as an áireamh)? Cuirim an milleán go léir as an gcur amú airgid (€26.40) ar Róisín Ní Ghairbhí! Sa bhliain 2008, foilsíodh aiste léi dar theideal ‘A people that did not exist? Reflections on some sources and contexts for Patrick Pearse’s militant nationalism’. Tá an aiste seo ar cheann de na haistí acadúla is fearr dá bhfuil léite agam, agus is ann a d’aimsíos clabhsúr don leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí. Chuir Ní Ghairbhí ceisteanna bunúsacha i dtaobh an chúlra cultúir agus teaghlaigh a bhí ag an bPiarsach – ceisteanna ar chóir iad a chur i bhfad roimhe sin ach nár chuir na staraithe riamh. Bhí na scileanna cuí aici chun na foinsí a scagadh agus bhí an tuiscint aici ar chultúr na tíre seo a bhí riachtanach chun tátail bharántúla a bhaint as fianaise na bhfoinsí. Sílim go bhfuil éirim a haiste le fáil sa sliocht seo a leanas:
Today’s delineation of the Gaeltacht in terms of a geographical area for language planning can distract us from the fact that most of the counties of Ireland included native Irish speakers at the turn of the twentieth century. When Pearse engaged with Gaelic culture, as a publisher and activist, as a poet, as a dramatist and as an educator, when he mobilized ‘Gaeltacht’ people to organize themselves and express themselves, he was engaging with a contemporary, though marginalized, culture.
Róisín Ní Ghairbhí, ‘A people that did not exist? Reflections on some
sources and contexts for Patrick Pearse’s militant nationalism’
in Ruán O’Donnell (eag.) The Impact of the 1916 Rising:
Among the Nations
(BÁC, 2008), 178
An saghas oibre a dhein Ní Ghairbhí – pearsa stairiúil a shuíomh i gcomhthéacs an chultúir inar tógadh é agus inar mhair sé – bíonn sé ar siúl ag staraithe i dtíortha eile ach fágadh faoi scoláire Gaeilge é a dhéanamh sa tír seo. Níor chúis iontais dom an méid sin, ach ghlacas leis go n-aithneodh staraithe an tábhacht a bhain le taighde Ní Ghairbhí agus nach ndéanfaidís neamhshuim de. Theastaigh uaim a fháil amach cén úsáid a bhainfeadh Joost Augusteijn, beathaisnéisí nua an Phiarsaigh, as torthaí a cuid taighde. Níorbh fhada go raibh freagra na ceiste agam: níor dhein sé oiread is tagairt amháin do thaighde Ní Ghairbhí cé go bhfuil saothair nár foilsíodh go dtí 2009 luaite ar liosta na bhfoinsí a cheadaigh sé. Ní hamháin nárbh fhéidir leis taighde a dhéanamh ar chúlra Gaelach an Phiarsaigh ach ba chuma leis faoin ngné sin dá shaol, in ainneoin an fhotheidil a chuir sé lena leabhar (‘the making of a revolutionary’).

Aindrias Ó Cathasaigh agus dhá leabhar leis

      Is i mí Aibreáin a seoladh eagrán dátheangach de dhrámaí an Phiarsaigh a chuir Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty in eagar; tá sé fós sa scuaine leabhar atá le léamh agam. Ach tá cnuasach eile de scríbhinní an Phiarsaigh léite agam le déanaí – cnuasach a seoladh i mí na Nollag seo caite. Is é atá ann téacs iomlán An Barr Buadh, nuachtán seachtainiúil Gaeilge a bhunaigh Mac Piarais sa bhliain 1912. Bhí sé i gceist aige cumann náisiúnaíoch a dhéanfadh a chuid oibre trí mheán na Gaeilge a bhunú agus ceapadh an nuachtán mar ghléas bolscaireachta don ghrúpa nua. Ní raibh saol fada i ndán do Chumann na Saoirse, áfach, agus níor foilsíodh ach aon eagrán déag den nuachtán, idir 16 Márta agus 25 Bealtaine 1912. Ar na húdair a scríobh don iris bhí Peadar Ó Maicín, Cathal Ó Seanáin agus Éamonn Ceannt, ach ba é an Piarsach a scríobh an chuid ba mhó den ábhar agus tugann na hailt leis spléachadh dúinn ar an dearcadh a bhí aige sa tréimhse chinniúnach nuair a bhí bille Home Rule idir dhá cheann na meá i bparlaimint na Breataine:
Ní saoirse an reacht so ach b’fhéidir le Dia gurbh é tús na saoirse é. Ní saoirse é ach b’fhéidir gurbh uirlis é lena mbainfí amach an tsaoirse in am is i dtráth.
An Barr Buadh, 20 Aibreán 2012
in Aindrias Ó Cathasaigh, An Barr Bua (BÁC, 2012), 128
An mise an t-aon duine a ritheann na focail ‘clochán cora’ leis? Agus tá blúirí beaga eolais sa chnuasach nach rabhas ag súil leo. Mar shampla, baineadh stangadh asam nuair a léas go raibh Edmund Curtis, staraí, i láthair nuair a bunaíodh Cumann na Saoirse – cé gurbh eisean an t-aon duine a chuir i gcoinne an rúin go mbunófaí cumann ‘chun saoirse Ghael a bhaint amach’ (114). Ar úsáid Augusteijn an fhoinse thábhachtach seo? Luaigh sé cúpla mír a foilsíodh ar An Barr Buadh ceart go leor, ach léiríonn na fonótaí gur tháinig sé ar an eolas sin i leabhar Edwards (féach caibidil 4, fonótaí 83 agus 85). Tá ardmholadh ag dul d’Aindrias Ó Cathasaigh as an eagarthóireacht chanta a dhein sé ar an leabhar: tá nótaí cuimsitheacha ag gabháil le gach eagrán den nuachtán agus má tá oiread is botún amháin iontu níor thugas faoi deara é.

An DVD agus dhá radharc ón tsraith (tá Tadhg Murphy i bpáirt an Phiarsaigh ar dheis)

      Ba chóir a lua go raibh baint mhór ag Ó Cathasaigh le tionscadal fónta eile a bhaineann le hábhar: scríobh sé an script don tsraith dar teideal 1916 Seachtar na Cásca a craoladh ar TG4 cúpla bliain ó shin. Is le déanaí a foilsíodh an DVD agus is fiú d’aon duine a bhfuil suim aige san ábhar cóip a cheannach. Ar éigean is gá dom a rá go bhfuil an script cruinn ó thaobh na staire de; ina theannta sin, tá an comhrá réalaíoch, tá an aisteoireacht go maith, agus níl cailliúint ar an dearadh. Tá an tráchtaireacht le fáil i nGaeilge agus i mBéarla; gabhann fotheidil Bhéarla leis an leagan Gaeilge ach is féidir iad a mhúchadh más mian leat (rud nach féidir a dhéanamh ar TG4, faraoir). Seacht gclár a mhaireann 350 nóiméad ar fad atá sa tsraith agus tugadh clár amháin do gach duine den seachtar a shínigh forógra na poblachta. Ar ndóigh, ní féidir a rá go raibh MacDonagh, Plunkett ná Ceannt ró-thábhachtach ó thaobh na staire de; ní hí stair an éirí amach téama na sraithe, áfach, ach scéalta pearsanta na gceannairí éagsúla. Ina theannta sin, foilsíodh leabhar beag snasta le hAindrias Ó Cathasaigh dar teideal 1916 Seachtar na Cásca sa bhliain 2010. Ní fhacas an tsraith ar TG4 agus ghlacas leis gurbh í an script a bhí i gcló sa leabhar. Ach nuair a chuireas an dá théacs i gcomórtas le chéile tar éis dom an DVD a cheannach, ba léir dom nárbh ionann iad: tá gaol eatarthu, ach tá ábhar sa leabhar nach bhfuil sa script agus tá a mhalairt fíor chomh maith. Is é an trua é nár cuireadh réamhrá gairid leis an leabhar chun cúlra na sraithe teilifíse agus an bhaint atá aici leis an leabhar a mhíniú. Is oth liom, leis, nár úsáideadh fonótaí le haghaidh na sleachta athfhriotail ar a laghad – ach b’fhéidir go léifidh roinnt daoine an leabhar nach mbacfadh leis dá mbeadh cuma acadúil air.

Clarke (Rory Mullen), Connolly (Lorcan Cranitch), Plunkett (Frank Bourke), Ceannt (Marcus Lambe), MacDermott (Seán Ó Meallaigh), MacDonagh (Stephen Darcy) agus Mac Piarais (Tadhg Murphy)

      Ina dhiaidh sin is uile, tá dhá ghné den leabhar a chuir as dom. Tá pictiúir lándaite ón tsraith teilifíse ann agus níl aon locht agam air sin; ach tá pictiúr aisteora a dhein páirt duine de na ceannairí ag tús gach caibidil chomh maith. Is fíor go bhfuil siad an-chosúil leis na ceannairí (thabharfainn an chraobh do Lorcan Cranitch i bpáirt James Connolly), ach sílim gurbh fhiú pictiúir na gceannairí a fhoilsiú in éineacht le pictiúir na n-aisteoirí. Agus seo rud nach dtuigim in aon chor: tugadh ‘Clarke’, ‘MacDonagh’, ‘Plunkett’ agus ‘Connolly’ ar na fir sin – rud a thuigim mar ní raibh cáil na Gaeilge ar aon duine acu. ‘Ceannt’ a tugadh ar cheannaire eile, fear a bhí ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge. ‘Mac Diarmada’ a tugadh ar MacDermott; tá a fhios agam go raibh roinnt Gaeilge aige (amhail MacDonagh) ach ní dóigh liom go raibh sé líofa sa teanga. Ach in ainm Chroim agus na ndéithe go léir a adhradh in Éirinn ó thús aimsire, cén fáth ar tugadh ‘P H Pearse’ ar Phádraic Mac Piarais i leabhar Gaeilge?