23/05/2016

Aigne an phobail: guagach nó seasta?

Comhdhearcadh annamh ar stair na hÉireann

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach duine nach mór ar aon fhocal maidir le gné amháin d’éirí amach na Cásca. Staraithe gairmiúla agus amaitéaracha, iriseoirí agus seanmóirithe staire, tráchtairí agus polaiteoirí, is cosúil go nglacann siad leis gur athraigh aigne an phobail ó bhonn nuair a cuireadh cúig dhuine dhéag de na ceannairí chun báis. Nuair a d’fhoilsigh an Irish Times forlíonadh speisialta ar an ábhar le déanaí (3 Bealtaine 2016) bhí an ráiteas seo a leanas le léamh ag barr an chéad ailt:
After the Rising, public opinion in Ireland was firmly against the rebels. But the execution of its leaders by the British turned what would have been an insignificant rebellion into the defining moment of our history.
Ní chreidim oiread is maíomh amháin sa sliocht thuas. Is léir nach raibh aigne an phobail ‘go daingean’ i gcoinne an éirí amach: dá mbeadh, ní athródh sí chomh sciobtha is a d’athraigh. Ní raibh an seans is lú ann riamh go mbreathnófaí ar éirí amach 1916 mar eachtra bheag neafaiseach: bheadh sé níos tábhachtaí ná éirí amach na bhFíníní, éirí amach lucht Éire Óg agus éirí amach Emmet curtha le chéile, is cuma cad a tharlódh ar ball. Ní féidir an tuairim seo a chruthú, ach ní shílim gur athraigh bású na gceannairí cúrsa na staire. Braithim go bhfuil dearcadh na dtráchtairí bunaithe ar thuiscint easnamhach ar mheon an duine agus, dá réir sin, ar aigne an phobail.

     Is é is bunús leis an gcomhdhearcadh annamh seo an tuairim go bhfuil contrárthacht dhénártha idir cur chuige atá ‘bunreachtúil’ (is é sin le rá, dleathach i súile na n‑údarás) agus cur chuige atá ceannairceach; idir spriocanna gearrthéarmacha atá ‘réalaíoch’ agus aidhmeanna fadtéarmacha atá níos uaillmhianaí; idir leasuithe a éileamh ón réimeas bunaithe agus iarracht a dhéanamh an réimeas sin a bhriseadh. Lena rá go hachomair, is é is bunús le comhdhearcadh na dtráchtairí an tuairim go mbíonn intinn agus croí an duine i ngléas i gcónaí. B’fhéidir gur fíor é sin i gcás an pháiste óig, ach cuireann a chéad lá ar scoil deireadh leis an ré sin i saol an duine. Ón lá sin amach, cuirtear laincisí sóisialta air agus múintear dó srianta a chur ar a mhianta. Ach an mhian a shriantar, bíonn sí ann i gcónaí, faoi choim, réidh le héalú má scaoiltear den iall í. Seo sliocht as leabhar liom nár foilsíodh go fóill:
It seems likely that the Rightboys aimed at nothing more ambitious than a reduction in tithes and clerical dues when the movement began. It would be surprising, however, if their expectations remained unchanged as the agitation spread. Theirs would not be the only popular movement in history to have encompassed both immediate demands and ultimate goals. Such perspectives are complementary rather than contradictory and often exist in dynamic equilibrium in the minds of both individuals and communities. External circumstances determine whether short-term or long-term aspirations will predominate in a particular situation, with the balance shifting as an agitation gathers momentum, as official resistance to the clamour for reform hardens, or as divisions appear in the ranks of the establishment.
Vincent Morley, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (le foilsiú).
Buachaillí Bána na bliana 1785 a bhí faoi chaibidil agam sa sliocht thuas, ach d’fhéadfainn an méid céanna a scríobh faoi mhórán gluaiseachtaí eile sa bhaile agus i gcéin. An raibh lucht tacaíochta Chonradh na Talún ag lorg na ‘three Fs’ (‘fair rent’, ‘fixity of tenure’, ‘freedom of sale’), nó an rabhadar ag iarraidh na tiarnaí talún a dhíothú mar aicme agus seilbh a ghabháil ar an talamh? An raibh na sluaite a ghlac páirt i mórshiúlta Ghluaiseacht Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann ag iarraidh deireadh a chur leis an leithcheal a bhí forleathan i gcúrsaí tithíochta is fostaíochta ag an am, nó an rabhadar ag iarraidh rialtas agus parlaimint na nAontachtaithe a chartadh? An raibh an dream a thacaigh le Solidarność sa Pholainn ag iarraidh ceardchumainn a bheadh neamhspleách ar an rialtas, nó ar theastaigh uathu deireadh ar fad a chur leis an gcóras cumannach? An bhfuil baill an HDP (Páirtí Daonlathach na bPobal) sa Tuirc ag lorg cothroime do mhionlaigh uile na tíre sin, nó ar mhaith leo stát neamhspleách a bhunú do na Coirdínigh amach anseo? Níor dheacair dom cur leis an liosta ach níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid; is leor na samplaí seo le taispeáint go mbíonn deighilt go minic idir polasaithe oifigiúla na ngluaiseachtaí agus dearcadh—nó cultúr polaitiúil—a lucht leanúna.

Dealbh a nochtadh cúig bliana roimh éirí amach 1916


     Is amhlaidh a bhí i gcás na gluaiseachta ar son Home Rule. Bhíodar ann, gan amhras, a bhí dílis d’Impireacht na Breataine agus nár theastaigh uathu ach féinriail theoranta maidir le cúrsaí inmheánacha a fháil d’Éirinn. Ach bhíodar ann, leis, a shíl gur chéim é Home Rule i bpróiseas nach gcríochnódh go mbeadh Éire neamhspleách. B’shin an fáth ar chuir Aontachtaithe Uladh agus Tóraithe na Breataine chomh tréan sin i gcoinne parlaimint—dá laige í—a bhunú in Éirinn: fiú dá nglacfadh an chéad pharlaimint leis na srianta reachtúla a chuirfí uirthi, cad a dhéanfadh an dara, an cúigiú nó an deichiú parlaimint a thoghfaí? Thuig dílseoirí na hÉireann agus na Breataine ar aon nach raibh bunús na nÉireannach dílis don Bhreatain agus go mbeadh parlaimint easurramach i mBaile Átha Cliath, luath nó mall, dá gcuirfí Home Rule i bhfeidhm. Má shíleann tú gur áibhéil é sin, caith súil ar an inscríbhinn a greanadh ar an dealbh de Charles Stewart Parnell a tógadh, ar phríomhshráid na príomhchathrach, sa bhliain 1911:
No man has a right to fix the boundary to the march of a nation. No man has a right to say to his country ‘thus far shalt thou go and no further’. We have never attempted to fix the ne plus ultra to the progress of Ireland’s nationhood and we never shall.
Agus smaoinigh air seo: ba é John Redmond—rúnaí an choiste a thóg an dealbh—a roghnaigh an inscríbhinn! Bhí réimse leathan tuairimí le fáil laistigh den pháirtí parlaiminteach ag an am: ba mhór idir Stephen Gwynn agus Laurence Ginnell, gan ach beirt a lua, ó thaobh aicme, dearcaidh is meoin de. San eagras náisiúnta, i measc bhaill an United Irish League is an Ancient Order of Hibernians, ba líonmhaire fós iad an dream a thacaigh le Home Rule mar bheartas pragmatach seachas mar phrionsabal. Nuair a d’athraigh na cúinsí, ní raibh leisce orthu beartas nua a tharraingt chucu agus brat trídhathach na poblachta a chrochadh in ionad bhratach uaine na bhfeisirí. Ní féidir linn cliseadh an dara dream agus caithréim na bpoblachtach in olltoghchán na bliana 1918 a thuiscint mura n-aithnímid ar dtús cé chomh héadomhain is a bhí tacaíocht an phobail do Home Rule an chéad lá riamh, cé chomh caol is a bhí an bhearna shíceolaíoch idir náisiúnaithe den sean-déanamh agus a gcomhbhráithre réabhlóideacha, ná cé chomh forleathan is a bhí an mearbhall polaitiúil sna míonna tar éis an éirí amach. Ní dubh agus bán a bhí polaitíocht náisiúnaíoch na linne, ach riabhach.

     Is annamh a bhíonn casadh polaitiúil chomh cinniúnach, chomh tobann ná chomh huileghabhálach leis an gceann a chuir Éire di sa tréimhse ghairid idir éirí amach 1916 agus olltoghchán na bliana 1918, ach tharla creathanna talún den saghas céanna i dtíortha eile ó am go chéile. Chun léargas níos soiléire a fháil ar an bpróiseas, is fiú ceann de na cásanna eile seo a scrúdú agus a chur i gcomórtas le cás na hÉireann. Ritheann sé liom go bhfuil cosúlachtaí nach beag idir an réabhlóid pholaitiúil a tharla sa tír seo i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus an réabhlóid pholaitiúil a tharla sa bhFrainc i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Is díol suntais iad na cosúlachtaí idir an dá phóstaer thuas. Tá portráid an cheannaire náisiúnta (Redmond nó Pétain) i lár baill, an bhratach ar chlé is ar dheis, agus mana os a chionn ‘Ireland a nation’ nó ‘travail, famille, patrie’  (‘saothar, teaghlach, dúchas’). Tá siombail pholaitiúil (an ‘chláirseach gan choróin’ nó an francisque) le feiscint in áit shuntasach. In íochtar an dá phóstaer, tá sean-eaglais agus túr (cloigtheach nó an tour Eiffel) le feiscint. Thíos ag an mbun ar fad, chímid na hainmhithe náisiúnta (cú faoil nó coileach).


     Níl aon amhras ach gur ghlac formhór mhuintir na hÉireann agus na Fraince le ceannaireacht John Redmond agus Philippe Pétain faoi seach. I mí na Nollag 1910, san olltoghchán deireanach roimh an gcogadh, bhuaigh páirtí an Réamonnaigh 73 as 103 suíochán parlaiminte in Éirinn, móide ceann amháin eile i Learpholl mar a raibh líon mór Éireannach ag cur fúthu. Cé nár sheas an Marascal Pétain i dtoghchán riamh, bhronn móramh mór de na baill in dhá theach an Assemblée nationale cumhachtaí iomlána air i mí Iúil 1940: 569 teachta agus seanadóir a vótáil ar a shon agus níor caitheadh ach 80 vóta ina choinne. Staon 20 ball eile. Bhí cead vótála bainte de na teachtaí Cumannacha ón uair a chuireadar in éadan an chogaidh ‘impiriúil’ an bhliain roimhe sin, ach bheadh móramh níos mó fós ag Pétain dá mbeidís i láthair. Thairis sin, thacaigh tromlach na bhfear óg a raibh traenáil mhíleata faighte acu leis na ceannairí náisiúnta. Nuair a scoilt Óglaigh na hÉireann i Meán Fómhair na bliana 1914, lean 170,000 míle fear an Réamonnach isteach sna hÓglaigh Náisiúnta agus níor fhan ach 11,000 faoi cheannas Eoin Mhic Néill in Óglaigh na hÉireann. Is é sin le rá, d’imigh 94 % de na hÓglaigh leis an Réamonnach. Mar an gcéanna, nuair a tugadh rogha do 50,000 ball d’fhórsaí míleata na Fraince a bhí sa Bhreatain Mhór i samhradh na bliana 1940 an Ginearál de Gaulle a leanúint nó filleadh abhaile, chuaigh 90 % acu ar ais don Fhrainc agus níor liostáil ach 4,000 saighdiúir is 1,000 mairnéalach i bhfórsaí na Fraince Saoire. An bhliain dár gcionn, nuair a dhein na Briotanaigh ionradh ar an tSiria, ghabhadar 38,000 Francach mar phríosúnaigh chogaidh agus níor liostáil ach 5,600 den líon sin, 15 % den iomlán, in arm de Gaulle. Na daoine a thaobhaigh le Redmond i bhfómhar na bliana 1914, nó le Pétain i samhradh na bliana 1940, shíleadar go mbeadh deireadh leis an troid go luath agus gurbh iad an Réamonnach agus an marascal na daoine ab fhearr chun leas a dtíortha a dhéanamh ag deireadh an chogaidh. Is áirithe gur tháinig laghdú ar thacaíocht na gceannairí de réir mar a lean an chogaíocht ar aghaidh: níor chuidigh sé le híomhá an Réamonnaigh nuair a chuaigh Sir Edward Carson isteach sa rialtas, mar shampla, agus cuireadh olc ar mhórán daoine nuair a mhol Pétain ‘la voie de la collaboration’ (‘bealach an chomhoibrithe’) leis an nGearmáin. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl aon fhianaise ann gur tháinig laghdú suntasach ar an sciar den phobal a thacaigh leis an Réamonnach roimh 1916, ná le Pétain roimh 1942.

Forógraí na reibiliúnaithe

     In Éirinn agus sa bhFrainc ar aon, ba theachtaireacht lárnach i mbolscaireacht na bunaíochta é go raibh an freasúra reibiliúnach ag gníomhú thar ceann cumhachtaí eachtrannacha: tugadh le fios go raibh Óglaigh na hÉireann agus na Gearmánaigh ag obair as lámha a chéile, agus nach raibh in arm de Gaulle ach léigiún Francach in arm na Breataine. B’éifeachtaí go mór na líomhaintí sin toisc go raibh bunús áirithe leo. Ach thaispeáin éirí amach na Cásca go raibh na hÓglaigh sásta troid agus bás a fháil ar son an neamhspleáchais. Mar an gcéanna, bhain tábhacht ar leith le cath Bir Hakeim (Bealtaine-Meitheamh 1942), cath inar chruthaigh na Francaigh Shaora go maith i gcoinne Afrika Korps na Gearmáine: ba dheacair iad a shamhlú mar shaighdiúirí tuarastail la perfide Albion feasta. Baineadh de stádas Pétain mar cheannaire stáit a raibh saoirse theoranta aige ag deireadh na bliana céanna nuair a tháinig arm Meiriceánach i dtír i dtuaisceart na hAfraice is gur ghabh na Gearmánaigh seilbh ar an zone libre i ndeisceart na Fraince. Faoin am ar thit réimeas Mussolini i lár na bliana dár gcionn, thuig formhór na bhFrancach cén chríoch a bheadh ar an gcogadh. Ach bhí tacaíocht nár bheag ag an marascal chomh déanach le mí Aibreáin na bliana 1944: nuair a thug na Gearmánaigh cead dó sciuird a thabhairt ar Pháras an mhí sin, tháinig sluaite móra amach ar shráideanna na cathrach chun fáilte a chur roimhe. Ceithre mhí dár gcionn, bhí sluaite níos mó fós ar na sráideanna céanna ag cur fáilte roimh an nGinearál de Gaulle. Cad a tharla idir an dá linn? An amhlaidh gur athraigh sciar mór den phobal an dearcadh polaitiúil a bhí acu laistigh de ráithe? Táim suite de nár athraigh, ach d’athraigh cúinsí na Fraince go mór.

Parisiennes ag fáiltiú roimh Pétain (Aibreán 1944) agus de Gaulle (Lúnasa 1944)
     Formhór na bhFrancach a thug tacaíocht don Mharascal Pétain, ní rabhadar meallta leis an ‘ord nua’ san Eoraip, le coimeádachas, le frith-dhaonlathas, le cléiriúlachas, ná le frith-Ghiúdachas an réimis in Vichy. Ach tuigeadh dóibh gur thug an réimeas sin cosaint éigin dóibh i gcoinne na nGearmánach. Dá dhearóile é riocht na Fraince i rith ‘bhlianta dorcha’ an chogaidh, chreid bunadh na tíre gur mheasa dóibh é dá mbeidís faoi riail dhíreach na Gearmáine. Bheadh drogall orm a rá nach raibh an ceart acu. Is é an polasaí frith-Ghiúdach an ghné de pholasaithe Vichy is mó a cháintear inniu, ach fiú sa réimse sin bhí cúrsaí níos casta ná mar a shíltear. Is deacair gan suntas a thabhairt do na staitisticí a bhaineann le cinedhíothú na nGiúdach in iarthar na hEorpa: cé gur maraíodh 46 % de Ghiúdaigh na Beilge (30,000 as 65,000) agus 73 % de Ghiúdaigh na hÍsiltíre (102,000 as 140,000), sa bhFrainc níor maraíodh ‘ach’ 22 % de na Giúdaigh a bhí sa tír ag tús an chogaidh (76,000 as 350,000). Agus maidir leis na Giúdaigh a seoladh chuig na campaí báis ón bhFrainc, ba theifigh ó thíortha eile iad dhá thrian acusan. In ainneoin idé-eolaíocht fhrith-Ghiúdach an réimis in Vichy, is cosúil gur éirigh le feidhmeannaigh an stáit moill a chur ar an Endlösung der Judenfrage (an fhuascailt dheiridh ar cheist na nGiúdach), go háirithe i gcás na nGiúdach a raibh saoránacht na Fraince acu.

Reibiliúnaithe á slógadh

     Ba thuairim choitianta é i measc na bhFrancach ag an am go raibh an Marascal Pétain agus an Ginearál de Gaulle ar an taobh chéanna go bunúsach, cé go raibh modhanna oibre difriúla acu. ‘La théorie du glaive et du bouclier’ a tugadh ar an tuairim seo: samhlaíodh gur sciath é réimeas Vichy chun an pobal a chosaint ón arm forghabhála, agus gur chlaíomh é la France Libre chun an tír a shaoradh. Níor léir don mhóramh gur ghá dóibh rogha a dhéanamh idir an sciath agus an claíomh, idir an marascal agus an ginearál. Go deimhin, glacadh le leagan den teoiric ag an leibhéal is airde in Vichy. Seo mar a labhair príomh-aire an réimis, Pierre Laval, le duine de na hairí rialtais a shíl go raibh sé ag dul thar fóir leis an collaboration:
« Moi, que voulez-vous, je joue la partie comme si les Allemands devaient gagner la guerre. Les Allemands gagneront-ils la guerre ? Je n’en sais rien, je ne suis pas Mme de Thèbes ! Plus ça va, moins je crois que c’est vrai … Mais j’estime qu’un double jeu en politique, ça ne signifie rien. Il y a deux hommes qui peuvent rendre service à leur pays : c’est le général de Gaulle et moi. »
Fred Kupferman, Laval (Páras, 1988), 390.
[‘Cad is mian leat uaimse? Imrím an cluiche amhail is dá gcaithfeadh na Gearmánaigh an cogadh a bhuachan. An mbuafaidh na Gearmánaigh an cogadh? Níl cliú agam, ní mise Mme de Thèbes! De réir mar a théann sé i bhfad, is mó an t-amhras atá orm ... Ach tuigim nach fiú dada é Tadhg an Dá Thaobh sa pholaitíocht. Tá beirt ar féidir leo seirbhís a dhéanamh dá dtír: mar atá, mise agus an Ginearál de Gaulle.’]
Is fíor gur athraigh aigne an phobail i samhradh na bliana 1944, ach b’athrú é a bhain le modhanna seachas le spriocanna. Faoi Lúnasa na bliana sin, bhíothas in ann rudaí a dhéanamh ar dheacair iad a shamhlú ag tús na bliana. Níor fhág sé sin go raibh na Francaigh go léir sásta le hiompar na résistants. Bhreac Jean Guéhenno cuntas ina dhialann ar an gcomhrá suimiúil a bhí aige le duine dá chairde a cháin an t-éirí amach a thosaigh i bPáras seachtain sular shroich urgharda na gcomhghuaillithe an chathair:
Long débat au téléphone avec mon ami B... Il n’est pas « en prise », m’explique-t-il, avec ce qui ne lui paraît qu’une bagarre inutile. Tous ces combats dans Paris, pour se donner l’illusion qu’on ne doit qu’à soi-même sa liberté, quand il est si clair que c’est aux autres que nous la devons, aux armées qui arrivent, lui semblent vains, menteurs, un gaspillage de la vie. Mais un peuple peut-être a besoin de telles illusions. Et il est psychologiquement et moralement utile qu’il veuille croire ne rien devoir qu’à lui-même.
Jean Guéhenno, Journal des années noires (Páras, 2014), 459-60.
[Plé fada ar an nguthán le cara liom, B. Níl sé ‘tógtha’, a mhínigh sé dom, le comhrac atá gan éifeacht ina thuairim. An trodaíocht seo go léir i bPáras le cur ina luí orainn gur sinne amháin a bhain an tsaoirse amach dúinn féin, nuair is rí-léir gur dream eile—na hairm atá ag teacht—a  bhain amach dúinn í. Tá sé baoth, bréagach agus ag cur beathaí amú, dar leis. Ach b’fhéidir go mbíonn gá ag pobal le finscéalta den sórt, agus gur chun leas a sícé is a meanman é gur mian leo a chreidiúint gurb iad féin faoi deara gach rud.]
Chualathas macalla den argóint seo abhus le deireanas nuair a bhí éirí amach na Cásca faoi chaibidil. Is argóint í nach mbeidh deireadh léi go brách.

     Níor athraigh muintir na Fraince an fhealsúnacht pholaitiúil a bhí acu i lár na bliana 1944, ach ba léir dóibh go raibh cóimheá na cumhachta in iarthar na hEorpa tar éis athrú de bharr an débarquement sa Normainn agus ghníomhaíodar dá réir: chaitheadar uathu an sciath cosanta agus ghlacadar an claíomh. Tharla próiseas den saghas céanna in Éirinn sa dá bhliain go leith idir éirí amach 1916 agus olltoghchán na bliana 1918. Ní hé go raibh arm an Kaiser Wilhelm ag teannadh le Baile Átha Cliath, ach thug sampla na nÓglach a d’éirigh amach uchtach úr don phobal náisiúnaíoch. Ag an am céanna, tuigeadh dóibh go raibh cumhacht mhíleata na Breataine á hídiú in aghaidh an lae i bhFlóndras. Thairis sin, bhí polasaí na Breataine in Éirinn ag teacht salach ar phrionsabal na féinrialach a d’fhógair Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, i bhFeabhra na bliana 1918: ‘national aspirations must be respected; people may now be dominated and governed only by their own consent’. Bhí athrú meoin ann, gan aon agó, ach ní chreidim go raibh baint mhór ag bású na gceannairí leis an scéal.

Pobail á ngríosadh
     Cúig dhuine dhéag a cuireadh chun báis tar éis a ndaortha ag cúirt mhíleata agus crochadh Roger Casement ar ball. Ní fhéadfadh aon duine bheith ag súil lena mhalairt. Dá nglacfadh an pobal le dlisteanacht an réimis, ghlacfaidís le breitheanna na cúirte míleata chomh maith. Chuir rialtas agus arm Shaorstát Éireann seacht bpríosúnach poblachtach is seachtó chun báis i rith an Chogaidh Chathartha—a cúig oiread is a básaíodh i ndiaidh an éirí amach—agus níor iompaigh an pobal glan i gcoinne an tSaorstáit. Go deimhin, agus na focail seo á scríobh agam, tá oidhrí polaitiúla an tSaorstáit tar éis rialtas aon-pháirtí a chur ar bun don chéad uair ó 1932 i leith. Is é an chúis ar thacaigh an chuid ba mhó de mhuintir na hÉireann leis an éirí amach—tar éis dóibh a machnamh a dhéanamh ar an gceist—nach raibh aon ghlacadh acu leis an réimeas a bhí ann. Bhí dian-chinsireacht i bhfeidhm ar an bpreas, áfach, rud a d’fhág nárbh fhéidir an t-éirí amach a mholadh ná forlámhas na Breataine ar Éirinn a cháineadh go hoscailte. Ach d’fhéadfaí a rá gur imigh an Ginearál Maxwell thar fóir nuair a cuireadh cúig phríosúnach déag chun báis. Ligfeadh na cinsirí ráiteas den sórt sin i gcló ceart go leor: nach raibh an rud céanna (‘the men who were shot in cold blood after their capture or surrender were prisoners of war’) scríofa ag George Bernard Shaw i litir a foilsíodh ar an Daily News, an 10 Bealtaine 1916? Thuig Tadhg Taidhgín agus ba leor nod don eolach.

     Bhuaigh George Plunkett, athair Joseph Mary Plunkett a shínigh forógra na poblachta agus a cuireadh chun báis, bhuaigh sé fothoghchán parlaiminte i gContae Ros Comáin i bhFeabhra na bliana 1917. Dúradh ag an am gur léiriú comhbháidhe a bhí sa vóta seo agus nár bhain sé leis an bpolaitíocht i ndáiríre. Bhuaigh Joseph McGuinness, príosúnach poblachtach agus iarrthóir Shinn Féin, fothoghchán eile i Longfort i mí na Bealtaine, ach bhí ‘put him in to get him out’ mar mhana ag a lucht tacaíochta i rith an fheachtais. Dúradh ag an am go raibh na vótóirí ag iarraidh go saorfaí na príosúnaigh agus nach bhféadfaí aon tátal eile a bhaint as bua Shinn Féin. Scaoileadh na príosúnaigh saor i mí an Mheithimh agus bhí fothoghchán eile fós in oirthear an Chláir an mhí dár gcionn. B’éigean fothoghchán an Chláir a ghairm toisc gur maraíodh an Maor Willy Redmond, feisire don chontae agus deartháir John Redmond, agus é ag troid go cróga i bhFlóndras, ina oifigeach in arm na Breataine. Mairtíreach ba ea é ar son pholasaí a dhearthár. Roghnaigh an United Irish League iarrthóir maith a raibh aithne ag vótóirí an toghlaigh air. Roghnaigh Sinn Féin strainséir: múinteoir matamaitice a rugadh i Nua-Eabhrac, a tógadh i gcontae Luimnigh, agus a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath. Ní raibh ach cáilíocht amháin ag an iarrthóir poblachtach: ba é an t-oifigeach ab airde céime é a throid san éirí amach agus nár cuireadh chun báis. B’ionann fothoghchán an Chláir agus reifreann ar an éirí amach. Nuair a comhaireadh na vótaí, bhí 5,010 vóta ag Éamon de Valera agus 2,035 vóta ag an iarrthóir eile. Bhí rás an raj rite.

     Bíodh an focal scoir ar an ábhar seo ag Liam Ó Briain, fear a throid san éirí amach agus a chaith an chuid ba mhó dá shaol ina ollamh le Fraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
     Cuir i gcás an Phólainn. Aon uair i rith na naoú aoise déag dá n-éireodh le dream beag cuing na Rúiseach nó na bPrúiseach a bhriseadh ba mhór an lúcháir leis an bhformhór é: nó dá n-éireodh le dream beag Pólainneach inniu na Rúisigh a dhíbirt dá dtír níor ghá dhóibh a fhiafraí roimh ré den mhórchuid an mbeidís sásta. Tá tíortha eile ann ar nós na Briotáine sa bhFrainc ina bhfuil dream beag de lucht intleachta, de lucht teanga-eolais agus cinestaidéir adeir gur náisiún fá leith na Briotánaigh, go bhfuil ceart saoirse acu agus ceart éirí amach chomh maith agus a bhí ag an gcaolchuid i mBaile Átha Cliath i mbliain a ’16. Im thuairimse ní fíor dhóibh, tá glactha ag bunáite uile, nach mór, na mBriotánach leis an bhFrainc, agus dá n-éireodh an dream beag úd de lucht intleachta amach agus dá dtéadh chuile dhuine acu go calma go dtí an guillotín, dar liomsa ní chorródh sé muintir na Briotáine agus ní chlaonfadh sé óna ndílseacht don Fhraince iad.
     Anois, bhí na ceisteanna sin uile dá gcur os comhair toghthóirí an Chláir sa toghchán seo i mbliain a 1917. Cé acu tír ar nós na Pólainne Éire, nó tír ar nós na Briotáine mar a shamhlaímse an Bhriotáin a bheith? An ndamnódh gnáthdhuine an chontae sin, feilméaraí, lucht oibre, siopadóirí, sinne mar phaca “cancarán” agus lucht taibhrimh, agus teoirice nó mar phaca dúnmharfóirí a bhí tar éis náire a tharraingt ar an tír? Nó an abróidís go rabhmar tar éis nochtadh a dhéanamh ar an rún agus ar an mian a bhí i gcónaí i bhfíoríochtar a gcroí ag clainn na nGael? An gcruthófaí gurbh fhíor don Yéatsach nuair a chan sé na blianta roimhe sin:
Romantic Ireland’s dead and gone,
It’s with O’Leary in the grave.
B’é mo bharúilse riamh ó shoin gurbh é sin an caingean a bhí i gceist i dtoghchán an Chláir, agus dá bhfiafraítí dhíom: “Cén chóir nó ceart a bhí agaibhse Seachtain na Cásca?” is é an freagra a bhéarfainn, más loighic nó díloighic é, gur thug muintir an Chláir an ceart dúinn bliain a 1917, agus muintir Chille Coinnigh ina ndiaidh agus Gaeil Éireann uile bliain ina dhiaidh sin in olltoghchán bliana a 1918.
Liam Ó Briain, Cuimhní Cinn (BÁC, 1951), 198-9. 

Ensemble, enfin!