10/07/2021

An daonra san 11ú céad agus sa 12ú céad

Tá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos. 

Seisreach dhamh sa Mheánaois

Cuireadh dlús le forbairt na sochaí ar fud iarthar na hEorpa san 11ú céad agus sa 12ú céad. Bhí trealamh agus modhanna oibre nua in úsáid ag feirmeoirí a chuir le táirgiúlacht na talmhaíochta. D’fhás an daonra agus tháinig borradh ar an trádáil nuair a mhéadaigh an farasbarr bia, rud a thug spreagadh d’fhorbairt na mbailte. Cothaíodh an léann i dtimpeallacht úr uirbeach, thaithigh scoláirí comhluadar a chéile, agus bunaíodh na chéad ollscoileanna in Bologna (1088), i bPáras (c. 1150) agus in Oxford (1167). Tháinig an feodachas chun cinn ar mhórthír na hEorpa de réir mar a thit stát láraithe na bhFranc as a chéile sa 10ú céad agus san 11ú céad. Córas sóisialta agus rialaithe ba ea an feodachas inar bhronn tiarna gabháltas talún ('rath', nó ‘feodum’ sa Laidin) ar fhear taca (‘óglach’ nó ‘vasáilleach’) ar choinníoll go dtabharfadh sé cúnamh míleata don tiarna. Cuireadh córas feodach i bhfeidhm ar Shasana nuair a bhunaigh uaisle ón Normainn aicme cheannais nua ansin tar éis choncas na bliana 1066. Ghlac Maol Coluim III († 1093) na hAlban le hardcheannas William I, rí Shasana, in 1072 agus ghabh tiarnaí de bhunadh na Normainne mórán feod i nGalltacht na hAlban le linn Mhaoil Choluim agus a chlannmhac, dream a bhí i réim go dtí an bhliain 1153. Ní raibh Éire scoite amach ó thíortha eile na hEorpa agus bhí tionchar ag imeachtaí sna tíortha máguaird ar chúrsaí abhus, ach bhí fréamhacha doimhne ag roinnt de na hathruithe ba thábhachtaí in ithir na hÉireann. Bhí an churadóireacht ag leathnú agus an bhearna idir na haicmí sóisialta ag méadú le fada; níor stad na próisis seo ag deireadh an chéad mhíle bliain.

Éifeacht an rinderpest san 18ú céad

     Is eol dúinn go raibh aeráid na hÉireann seasta go leor i rith an 11ú céad agus an 12ú céad. Ní raibh deireadh fós le téamh na meánaoise agus bhí an mheánteocht mórán mar an gcéanna ó thús deireadh na tréimhse. Is beag trácht atá ar an aimsir sna hannála, ach tá tagairtí iontu don líon mór daoine a d’éag de bharr fuachta in 1046-7 agus arís in 1115-6:

1047: Snechta mor isin bliadain-si o Fheil Muire Geimhridh co Feil Patraicc dona-frith samail, coro la ar n daine ⁊ innile ⁊ fiad-mil in mhara ⁊ en.

(Sneachta mór sa bhliain seo ó Lá ’le Muire an gheimhridh [8 Nollaig] go Lá ’le Pádraig nach bhfuil a shamhail le fáil, go ndearna sé ár ar dhaoine, ar bheithígh, ar mhíolta mara agus ar éin.)

1116: Gorta mor isin errach go recad an fer a mac ⁊ a ingin ar biadh ⁊ go n-ithdís na daoine cidh a chéle ann ⁊ na coin. Fasughadh Laigen uile acht beg ⁊ a sgaoiledh fo Eirinn ar gorta.

(Gorta mór san earrach go reiceadh an fear a mhac is a iníon ar bia, agus go n-itheadh na daoine a chéile fiú amháin, agus na cúnna. Laighin uile tréigthe nach mór, agus iad scaoilte ar fud Éireann de bharr gorta.)

Ach ba bhlianta eisceachtúla iad seo agus is líonmhaire iad na tagairtí do bháisteach gan stad agus d’easpa báistí, dhá shaghas aimsire a d’fhéadfadh an t-arbhar a mhilleadh. Bhí fliuchras as an ngnáth ann sna blianta 1107 is 1109, agus bhí triomach scriosta ann in 1023 agus in 1129. Cé nár fhill an phlá bhúbónach, tá ráigeanna marfacha eile luaite sna hannála. Mharaigh an bholgach mórán daoine i gcúige Laighean sa bhliain 1061. Leath aicíd ar fud an oileáin in 1084-5 a mharaigh idir dhaoine agus bheithígh; thiocfadh dó gurbh é an víreas sinseartha ónar shíolraigh na víris is cúis leis an mbruitíneach agus le plá na mbó (rinderpest) faoi deara an eipidéim seo. Mhair eipidéim eile idir fómhar na bliana 1095 agus earrach na bliana 1096; bhí Gofraidh Méaránach, iar-rí Átha Cliath, agus Donnghus, easpag an bhaile, ar na mairbh. Is cosúil gur ghalar fiabhrais a bhí i gceist – fliú b’fhéidir – mar tugadh ‘bliadain na tesca’ (‘bliain an teasaigh’) ar an eipidéim i bhfoinse amháin. Tá galair mharfacha luaite in éineacht le gorta sna hannála don bhliain 1099, nuair a bhí bia gann ar fud na hÉireann ar chúis nach bhfuil soiléir, agus don bhliain 1116, nuair a buaileadh Leath Mhogha go dona i ndiaidh drochgheimhridh. Níl aon chuntas ar chomharthaí sóirt na ngalar seo sna hannála, ach tagann an fiabhras ballach sna sála ar ghorta go minic. Tharla eipidéim amháin eile in 1137 nuair a bhí ‘teidhm treaghuid mhór i n-Erinn go coitchend’. Tá sé le tuiscint ón bhfocal ‘treighid’ gur bhain an galar do na putóga agus b’fhéidir gurbh é an calar a bhí ann.

Seisreach chapall sa Mheánaois

     Ní foláir nó go raibh eipidéimí níos coitianta fós i gceartlár na mór-roinne ná in oileán ar imeallbhord an Atlantaigh. Dá ainneoin sin, áirítear go raibh ráta fáis an daonra san Eoraip thart ar 0.25 faoin gcéad in aghaidh na bliana i rith na dtrí chéad bliain idir 1000 agus 1300, ach bhí an ráta fáis níos airde san iarthar ná san oirthear. Bhí an fás seo ag brath ar bhorradh sa táirgiúlacht a tharla de bharr dul chun cinn na talmhaíochta: tugadh uainíocht na mbarr chun foirfeachta; cuireadh clár sceithe leis an gcéachta chun an fód gearrtha a iompú, rud a chuir le torthúlacht na talún; bhíothas in ann capaill seachas daimh a úsáid i seisreacha ón uair a tugadh an coiléar capaill isteach; agus tháinig méadú mór ar an talamh a bhí faoi arbhar – próiseas a dtugtar ‘Vergetreidung’ (leathadh an arbhair) air sa staireagrafaíocht. Míníodh i gCaibidil 3 thuas gur thit líon na ráthanna a raibh cónaí iontu tar éis na bliana 800, ach tharla laghdú suntasach eile timpeall na bliana 1000. Is leid é seo go raibh an churaíocht ag leathnú in Éirinn, go háirithe in oirthear na tíre. Níor tréigeadh an tréadaíocht in áit ar bith, áfach, mar is léir ó thuairisc ar ráig tinnis a rinne sléacht ar bheithígh ar fud an oileáin sna blianta 1133-4:

In bódhíbhadh cedna bhóss ag inredh na h-Erenn, conidh lan airgnigh sochaide in gach aird i n‑Erinn.

(An díobhadh bó céanna fós ag ionradh na hÉireann, gur arg sé go hiomlán an tsochaí i ngach aird in Éirinn.)

Ar an drochuair, ní fios cén uair a tháinig na modhanna nua talmhaíochta go hÉirinn. Caithfidh go raibh siad in úsáid faoi lár an 12ú céad ar a dhéanaí, tráth a bhí mainistreacha nua á mbunú ag oird chráifeacha ón iasacht – agus is díol suime é gur iasacht ón bhFraincis é ‘coiléar’. Lena chois sin, tá fianaise sna hannála go raibh capaill ag dul i líonmhaireacht sa 12ú céad: bhris marcshlua rí Ailigh cath ar mharcshlua rí Bhréifne in 1128, mar shampla, agus bhris marcshlua na Mumhan cath ar mharcshlua Chonnacht in 1131. Is é is dóichí gur glacadh leis na bealaí nua oibre de réir a chéile ach gur phróiseas sách mall é agus go raibh an táirgiúlacht níos ísle in Éirinn ná sna tíortha máguaird i rith na tréimhse. Ní móide go raibh fás an daonra chomh tapa agus a bhí san Eoraip trí chéile, mar sin, ach ba leor ráta fáis bliantúil de 0.20 faoin gcéad le cinntiú go mbeadh isteach agus amach le milliún Éireannach ann in 1171 má bhí trí cheathrú milliún acu ann ag deireadh an 10ú céad.