Taitníonn seoltaí leabhar liom.
Cuireann foilsitheoirí cuirí chugam ó am go chéile agus, má
bhíonn an leabhar ag teastáil uaim, deinim iarracht a bheith i láthair nuair a sheoltar é. Deis is ea é chun
gloine fíona a ól agus canapé nó dhó a ithe saor in
aisce, éisteacht le cainteoir eolach, leabhar nua a fháil ar
phraghas laghdaithe, labhairt le daoine ar suim leo ábhar an leabhair, agus (an rud is tábhachtaí)
tréaslú le húdar a bhfuil cúpla bliain dá shaol caite aige ag streachailt le téacs. In ainneoin sin, nuair a bhreathnaím ar na
hiontrálacha i mo dhialann, tugaim faoi
deara nár fhreastail mé ach ar dhá sheoladh leabhair sa leathbhliain atá imithe. Téacsanna le Pádraic Mac Piarais a bhí i gceist an dá
uair.
Ná ceaptar gur saineolaí ar an
bPiarsach mé ná go bhfuil an t-uafás suime agam ann. Bhí cnuasach
dá chuid gearrscéalta dar theideal Ó Pheann an Phiarsaigh ar an gcúrsa meánscoile nuair a bhíos ag dul don
Mhéanteistiméireacht ach bhíodar ró-shaonta agus
ró-mhaoithneach don déagóir soiniciúil a bhí ionam an tráth
úd. Is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne an scig-gháire a
dhein mo chomhdhaltaí nuair a léadh sliocht os ard sa rang faoi eachtra inar roinn an Piarsach
leaba le buachaill óg agus é ar cuairt i gConamara. Léas an
bheathaisnéis a scríobh Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: The
Triumph of Failure, luath go leor tar éis a fhoilsithe sa
bhliain 1977. Nocht Edwards roinnt tuairimí nár aontaíos
leo ach shíleas ag an am gurbh fhiúntach an iarracht é: má chuaigh sí ar seachrán sa bhficsean, sa tráchtaireacht agus sa pholaitíocht idir an dá linn, ba staraí fós í nuair a scríobh sí beathaisnéis an Phiarsaigh. Ós rud é nár bhreathnaíos ann le tríocha bliain anuas, ní scríobhfaidh mé a thuilleadh faoin leabhar sin anois. Cúpla bliain dár gcionn, léas Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais, eagrán cuimsitheach a chuir Ciarán Ó
Coigligh in eagar. Ba léir dom go raibh roinnt dánta cumhachtacha
sa chnuasach sin – an dán dar teideal ‘Cad chuige díbh dom’
chiapadh’ go háirithe. Thairis sin, thaitin an aiste thomhaiste a chuir an t-eagarthóir leis an gcnuasach liom.
Níor tháinig leabhar eile ar an
bPiarsach faoi mo bhráid go dtí an bhliain 2010 nuair a foilsíodh
beathaisnéis nua le Joost Augusteijn, staraí ón Ísiltír. Aiste amháin leis a bhí léite agam roimhe sin: ‘Motivation: why did they fight for Ireland? the motivation of
Volunteers in the revolution’ an teideal a bhí uirthi agus
foilsíodh an aiste i gcnuasach dar teideal The Irish Revolution 1913-1923 (Palgrave, 2002) a raibh Augusteijn ina
eagarthóir air. Chun an fhírinne a rá, ba bheag suim a bhí agam sa
chnuasach sin ach cheannaíos cóip nár díoladh ar phraghas íseal.
Bhraitheas go raibh aiste Augusteijn ar cheann de na hiarrachtaí ba
laige san imleabhar: ní raibh an prós thar moladh beirte, bhí
easpa tuisceana an údair ar an saol in Éirinn soiléir, agus
bhí a chuid argóintí mí-loighciúil i gcásanna áirithe. Mar sampla, thagair Augusteijn don fhorógra toghchánaíochta a d’eisigh
Sinn Féin sa bhliain 1918, forógra inar áitigh an páirtí go
raibh neamhspleáchas ag dul d’Éirinn ‘based on our unbroken
tradition of nationhood’, agus bhain an tátal seo a
leanas as:
However, the fact that republicans felt it necessary to actually argue their case for the existence of a separate Irish nation indicates that its existence was not as widely accepted as may be assumed.
The Irish Revolution, 109
Níl aon dealramh leis sin.
Ní raibh na poblachtaigh ag iarraidh a chur ina luí ar vótóirí gur náisiún í Éire. Bhí lucht Shinn Féin agus lucht Home
Rule ar aon fhocal faoin méid sin – b’shin an fáth ar
tugadh ‘náisiúnaithe’ ar lucht leanúna an Réamannaigh! Is é
a bhí á rá ag na poblachtaigh ná seo: ós rud é gur náisiún
í Éire, tá ceart chun neamhspleáchais aici amhail gach
náisiún eile ar domhan. Seo abairt ón bhforógra nár chuir
Augusteijn i gcló (is liomsa an bhéim agus tá téacs iomlán an fhorógra le
fáil mar aguisín in The Irish Republic le Dorothy Macardle):
The right of a nation to sovereign independence rests upon immutable natural law and cannot be made the subject of compromise.
Maidir leis an tuairim gur ceart é an
flaitheas a bhaineann le gach náisiún, bhí an prionsabal sin fógartha ag
Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, in óráid a thug sé
os comhair thithe na comhdhála in Washington ag tús na bliana
céanna:
National aspirations must be respected; peoples may now be dominated and governed only by their own consent. “Self determination” is not a mere phrase. It is an imperative principle of action which statesmen will henceforth ignore at their peril.
Woodrow Wilson, 11 February 1918.
Bhain Augusteijn míchiall as forógra Shinn Féin ina aiste, ach thugas seans eile dó agus
cheannaíos cóip dá bheathaisnéis ar an bPiarsach.
Ar an drochuair, tá na lochtanna
céanna ar an leabhar agus atá ar an aiste. Tá an prós ciotach
agus tá an téacs breac le botúin ghramadaí nó litrithe: ‘in
later live’ (48), ‘labour concurs all’ (49),
‘women whom surrounded Patrick’ (53), ‘autism or more particular Asperger syndrome’ (54),
‘students which populated Trinity’ (64), ‘fritting
away money’ (85), ‘ensuring him that they ...’
(108), ‘preventing
individual priests to speak out’ (118), ‘the
increasing difficulties to staff both places’ (196). D’fhéadfaí
botúin mar seo a mhaitheamh do staraí ón Ísiltír a d’fhoghlaim
an Béarla mar theanga iasachta ach is bocht an teist iad ar na
foilsitheoirí (Palgrave). Ní gá a rá go bhfuil focail agus
ainmneacha i nGaeilge curtha as a riocht ar fad: ‘Liam na urban’ (‘Liam na mban’ de réir dealraimh) (53), ‘Liam O Donhnaill’
(137, 198), ‘Eamonn O Donehada’ (149, 154), ‘A fresco ... of
the Setanta’ (171), ‘The passion play “An País”’
(174), etc. Is cosúil gurb é Seán Mac Giollarnáth atá i gceist
leis na tagairtí seo go léir: ‘Sean Mac Giollarnath’ (141),
‘Sean Forde’ (141, 198), ‘Sean MacGiollamath’ (230), ‘S.
MacGiollanate’ (324). Cé nach saineolaí mé ar an 20ú céad, ní
fhéadfainn gan botúin staire a thabhairt faoi deara sa téacs. Tá a fhios
agam nár foilsíodh Irisleabhar na Gaedhilge ar bhonn
seachtainiúil riamh (80), mar shampla, agus tá an ráiteas seo a
leanas i bhfad ón bhfírinne: ‘By the end of the nineteenth
century only one in every hundred Irishmen could speak Irish
fluently’ (75). De réir dhaonáireamh na bliana 1891, bhí
Gaeilge ag 14.5% den phobal i gcoitinne agus ag 3.5% de na páistí
faoi bhun deich mbliana d’aois. Caithfidh gur Ghaeilge ó dhúchas
a bhí acusan go léir mar níor bunaíodh Conradh na Gaeilge go dtí
an bhliain 1893. Tuigeadh dom nach raibh cur amach sásúil ag an
údar ar chúinsí na hÉireann. Thairis sin, ba léir dom nach raibh ar a chumas foinsí i
nGaeilge a úsáid – easpa cumais a bhí do-ghlactha ar fad nuair is scríbhneoir Gaeilge a bhí faoi chaibidil aige. Bhí an leabhar as fócas ar fad,
dar liom, agus d’éirios as a léamh ag leathanach 198.
Róisín Ní Ghairbhí, leabhar inar foilsíodh aiste léi ar an bPiarsach, agus a heagrán dá chuid drámaí |
Cén fáth ar cheannaíos an
bheathaisnéis? Nár leor an aiste a scríobh
Augusteijn ar mheon na nÓglach chun fainic a chur orm? Nár thuigeas gur bheag an seans go
mbeadh léamh na Gaeilge ag scoláire ón Ísiltír (fág Joep
Leerssen as an áireamh)? Cuirim an milleán go léir as an gcur amú
airgid (€26.40) ar Róisín Ní Ghairbhí! Sa bhliain 2008,
foilsíodh aiste léi dar theideal ‘A people that did not exist?
Reflections on some sources and contexts for Patrick Pearse’s
militant nationalism’. Tá an aiste seo ar cheann de na
haistí acadúla is fearr dá bhfuil léite agam, agus is ann a
d’aimsíos clabhsúr don leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí. Chuir Ní Ghairbhí ceisteanna bunúsacha i
dtaobh an chúlra cultúir agus teaghlaigh a bhí ag an bPiarsach –
ceisteanna ar chóir iad a chur i bhfad roimhe sin ach nár chuir na staraithe riamh. Bhí na scileanna cuí aici chun na foinsí a scagadh agus bhí
an tuiscint aici ar chultúr na tíre seo a bhí riachtanach chun
tátail bharántúla a bhaint as fianaise na bhfoinsí. Sílim go bhfuil éirim a haiste le fáil sa sliocht seo a leanas:
Today’s delineation of the Gaeltacht in terms of a geographical area for language planning can distract us from the fact that most of the counties of Ireland included native Irish speakers at the turn of the twentieth century. When Pearse engaged with Gaelic culture, as a publisher and activist, as a poet, as a dramatist and as an educator, when he mobilized ‘Gaeltacht’ people to organize themselves and express themselves, he was engaging with a contemporary, though marginalized, culture.
Róisín Ní Ghairbhí, ‘A people that did not exist? Reflections on some
sources and contexts for Patrick Pearse’s militant nationalism’
in Ruán O’Donnell (eag.) The Impact of the 1916 Rising:
Among the Nations (BÁC, 2008), 178
An saghas oibre a dhein Ní Ghairbhí – pearsa stairiúil a shuíomh i gcomhthéacs an chultúir inar
tógadh é agus inar mhair sé – bíonn sé ar siúl ag staraithe i
dtíortha eile ach fágadh faoi scoláire Gaeilge é a dhéanamh sa tír seo. Níor chúis iontais dom an méid sin, ach ghlacas leis go
n-aithneodh staraithe an tábhacht a bhain le taighde Ní Ghairbhí
agus nach ndéanfaidís neamhshuim de. Theastaigh uaim a fháil amach
cén úsáid a bhainfeadh Joost Augusteijn, beathaisnéisí nua an
Phiarsaigh, as torthaí a cuid taighde. Níorbh
fhada go raibh freagra na ceiste agam: níor dhein sé oiread is
tagairt amháin do thaighde Ní Ghairbhí cé go bhfuil saothair
nár foilsíodh go dtí 2009 luaite ar liosta na bhfoinsí a
cheadaigh sé. Ní hamháin nárbh fhéidir leis taighde a dhéanamh
ar chúlra Gaelach an Phiarsaigh ach ba chuma leis faoin ngné sin dá shaol, in ainneoin an fhotheidil a chuir sé lena leabhar (‘the making of a revolutionary’).
Is i mí Aibreáin a seoladh
eagrán dátheangach de dhrámaí an Phiarsaigh a chuir Róisín Ní
Ghairbhí agus Eugene McNulty in eagar; tá sé fós sa scuaine leabhar atá le léamh agam. Ach tá cnuasach eile de scríbhinní an Phiarsaigh léite
agam le déanaí – cnuasach a seoladh i mí na Nollag seo caite. Is
é atá ann téacs iomlán An Barr Buadh, nuachtán
seachtainiúil Gaeilge a bhunaigh Mac Piarais sa bhliain 1912. Bhí
sé i gceist aige cumann náisiúnaíoch a dhéanfadh a chuid oibre trí mheán na
Gaeilge a bhunú agus ceapadh an nuachtán mar ghléas bolscaireachta
don ghrúpa nua. Ní raibh saol fada i ndán do Chumann na Saoirse,
áfach, agus níor foilsíodh ach aon eagrán déag den nuachtán,
idir 16 Márta agus 25 Bealtaine 1912. Ar na húdair a scríobh don
iris bhí Peadar Ó Maicín, Cathal Ó Seanáin agus Éamonn Ceannt, ach ba é an Piarsach a scríobh an chuid ba mhó den ábhar
agus tugann na hailt leis spléachadh dúinn ar an dearcadh a bhí
aige sa tréimhse chinniúnach nuair a bhí bille Home Rule
idir dhá cheann na meá i bparlaimint na Breataine:
Ní saoirse an reacht so ach b’fhéidir le Dia gurbh é tús na saoirse é. Ní saoirse é ach b’fhéidir gurbh uirlis é lena mbainfí amach an tsaoirse in am is i dtráth.
An Barr Buadh, 20 Aibreán 2012
in Aindrias Ó Cathasaigh, An Barr Bua (BÁC, 2012), 128
An mise an t-aon duine a ritheann na
focail ‘clochán cora’ leis? Agus tá blúirí beaga eolais sa chnuasach nach rabhas ag súil leo. Mar shampla, baineadh stangadh asam nuair
a léas go raibh Edmund Curtis, staraí, i láthair nuair a bunaíodh
Cumann na Saoirse – cé gurbh eisean an t-aon duine a chuir i
gcoinne an rúin go mbunófaí cumann ‘chun saoirse Ghael a bhaint amach’ (114). Ar úsáid
Augusteijn an fhoinse thábhachtach seo? Luaigh sé cúpla mír
a foilsíodh ar An Barr Buadh ceart go leor, ach léiríonn na fonótaí gur tháinig sé ar an eolas sin i leabhar Edwards
(féach caibidil 4, fonótaí 83 agus 85). Tá ardmholadh ag dul
d’Aindrias Ó Cathasaigh as an eagarthóireacht chanta a dhein sé
ar an leabhar: tá nótaí cuimsitheacha ag gabháil le gach eagrán den
nuachtán agus má tá oiread is botún amháin iontu níor thugas
faoi deara é.
Ba chóir a lua go raibh baint mhór ag Ó
Cathasaigh le tionscadal fónta eile a bhaineann le hábhar: scríobh sé an script don tsraith dar teideal 1916 Seachtar na Cásca a craoladh ar TG4 cúpla bliain ó shin. Is le déanaí a foilsíodh
an DVD agus is fiú d’aon duine a bhfuil suim aige san ábhar cóip
a cheannach. Ar éigean is gá dom a rá go bhfuil an script cruinn ó thaobh
na staire de; ina theannta sin, tá an comhrá réalaíoch, tá an
aisteoireacht go maith, agus níl cailliúint ar an dearadh. Tá an tráchtaireacht le fáil i nGaeilge agus i mBéarla; gabhann fotheidil Bhéarla leis an leagan Gaeilge ach is féidir iad a mhúchadh más mian leat (rud nach féidir a dhéanamh ar TG4, faraoir). Seacht gclár a mhaireann 350 nóiméad ar fad atá sa tsraith agus
tugadh clár amháin do gach duine den seachtar a shínigh
forógra na poblachta. Ar ndóigh, ní féidir a rá go raibh MacDonagh, Plunkett ná Ceannt ró-thábhachtach ó thaobh na staire de; ní hí stair an éirí amach téama na sraithe, áfach, ach scéalta pearsanta na gceannairí éagsúla. Ina theannta sin, foilsíodh leabhar beag snasta le hAindrias Ó
Cathasaigh dar teideal 1916 Seachtar na Cásca sa bhliain
2010. Ní fhacas an tsraith ar TG4 agus ghlacas leis gurbh í an script a bhí i gcló sa leabhar. Ach nuair a chuireas an dá théacs i gcomórtas le
chéile tar éis dom an DVD a cheannach, ba léir dom nárbh ionann
iad: tá gaol eatarthu, ach tá ábhar sa leabhar nach bhfuil sa
script agus tá a mhalairt fíor chomh maith. Is é an trua é nár cuireadh
réamhrá gairid leis an leabhar chun cúlra na sraithe teilifíse
agus an bhaint atá aici leis an leabhar a mhíniú. Is oth liom, leis,
nár úsáideadh fonótaí le haghaidh na sleachta
athfhriotail ar a laghad – ach b’fhéidir go léifidh roinnt daoine an
leabhar nach mbacfadh leis dá mbeadh cuma acadúil air.
Clarke (Rory Mullen), Connolly (Lorcan Cranitch), Plunkett (Frank Bourke), Ceannt (Marcus Lambe), MacDermott (Seán Ó Meallaigh), MacDonagh (Stephen Darcy) agus Mac Piarais (Tadhg Murphy) |
Ina dhiaidh sin is uile, tá dhá ghné den
leabhar a chuir as dom. Tá pictiúir lándaite ón
tsraith teilifíse ann agus níl aon locht agam air sin; ach
tá pictiúr aisteora a dhein páirt duine de na
ceannairí ag tús gach caibidil chomh maith. Is fíor go bhfuil siad an-chosúil
leis na ceannairí (thabharfainn an chraobh do Lorcan
Cranitch i bpáirt James Connolly), ach sílim gurbh fhiú pictiúir
na gceannairí a fhoilsiú in éineacht le pictiúir na n-aisteoirí. Agus seo rud nach dtuigim in aon chor: tugadh ‘Clarke’, ‘MacDonagh’,
‘Plunkett’ agus ‘Connolly’ ar na fir sin – rud a
thuigim mar ní raibh cáil na Gaeilge ar aon duine acu. ‘Ceannt’
a tugadh ar cheannaire eile, fear a bhí ina bhall gníomhach de
Chonradh na Gaeilge. ‘Mac Diarmada’ a tugadh ar MacDermott; tá a fhios agam go raibh roinnt Gaeilge aige (amhail MacDonagh) ach ní dóigh liom go raibh sé líofa sa
teanga. Ach in ainm Chroim agus na ndéithe go léir a adhradh in Éirinn ó thús
aimsire, cén fáth ar tugadh ‘P H Pearse’ ar Phádraic Mac
Piarais i leabhar Gaeilge?