Nuair a bhí mo shinsir ar thaobh
m’athar faoi chaibidil agam anseo i mí Dheireadh Fómhair seo
caite, gheallas go ndéanfainn trácht ar an taobh eile den chraobh
uair éigin sa bhliain úr. Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht
níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agam.
Mo sheanathair i ndaonáireamh na bliana 1911 |
Is ar fheirm bheag i mbaile fearainn na
Coille Bige i bparóiste Thuama i mbarúntacht Dhún Mór i gcontae
na Gaillimhe a rugadh mo mháthair. Bhain mo sheanathair, Éamonn Ó
Conghaile, agus mo sheanmháthair, Mairéad Ní Fhlatharta, leis an
gcomharsanacht chéanna. Go deimhin, anuas go dtí lár an 19ú céad
bhí sráidbhaile ar a dtugtaí ‘Baile na bhFlathartach’ suite ar an
láthair. Tréigeadh an baile úd de réir mar a d’fhás
an eisimirce sna blianta tar éis an Drochshaoil agus faoi thús an
chéid seo caite ní raibh ach teach amháin fágtha a raibh
teaghlach ag cur fúthu ann – an teach inar tógadh mo mháthair.
Ach bhí roinnt de na seantithe eile in úsáid mar chróite nó mar
sciobóil; chonac féin roinnt acu nuair a bhíos i mo pháiste agus
dúirt mo mháthair liom go raibh fothraigh de thithe eile fós le
feiscint nuair a bhí sise óg ach gur baineadh as a chéile iad de
réir mar a bhí clocha ag teastáil chun claíocha a dheisiú.
Mo sheanmháthair i ndaonaireamh na bliana 1911 |
Mhair cuimhne ar an
Drochshaoil i dteaghlach mo mháthar. Tomás Ó Conghaile,
seanathair mo mháthar, rugadh é chomh luath leis an mbliain 1837
agus bhí sé fásta go leor i rith an ghorta mhóir (1847-49) chun
cuimhne mhaith a bheith aige ar cheann de na tréimhsí ba thubaistí
riamh i stair na hÉireann. Chuala mo mháthair scéalta sa bhaile
faoi na déircigh ocracha a chuaigh ó thig go tigh ag iarraidh bia
nach raibh le fáil, agus faoi na marbháin neamhaithnide a fuarthas
i ndíoga ar thaobh na mbóithre. Chualas na scéalta céanna uaithi nuair a thosnaíos ag foghlaim faoin Drochshaol ar scoil.
Is minic a mhaíonn lucht an tseanchais nach raibh an gorta leath chomh
dian ina gceantair féin agus a bhí i mbólaí eile. Is amhlaidh atá sna cuntais a chualas ó mo mháthair: na
truáin a fuair bás den ocras thart faoin gCoill Bheag, is aduaidh ó
chontae Mhaigh Eo a tháinig siad, más fíor. Ach tugann mapa a
foilsíodh san Atlas of the Great Irish Famine (féach thíos) le
fios go raibh cúrsaí dona go leor i bparóiste Thuama chomh maith, mar
thit daonra an pharóiste idir 30 agus 35 faoin gcéad in imeacht deich mbliana – cé go gcaithfear a admháil go
raibh an titim níos airde ná 45 faoin gcéad i bparóistí eile.
Murar chuir an gorta tús leis an imirce i gceantar Thuama is
cinnte gur chuir sé dlús léi, agus d’fhág an imirce lorg nár bheag ar
theaghlach mo mháthar.
Titim an daonra sna blianta 1841-51 agus sráidbhaile a tréigeadh |
Ainmneacha Gaelacha a thugas ar mo
shinsir thuas. Dheineas amhlaidh toisc go raibh Gaeilge ó dhúchas
acu go léir. Breac-Ghaeltacht ba ea achréidh na Gaillimhe i dtús an
chéid seo caite: is é sin le rá, bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla
ag an dream a bhí meán-aosta nó níos sine, ach Béarla amháin a
bhí ag an dream óg. Éamonn Ó Conghaile nó ‘Edward Connolly’
– mo sheanathair – bhí sé 30 bliain d’aois nuair a
comhaireadh é le haghaidh dhaonáireamh na bliana 1911 agus bhí an
dá theanga ar a thoil aige; ach bhí mac deirféar agus iníon
deirféar leis ag stopadh sa tigh oíche an daonáirimh nach raibh Gaeilge acu. Sé bliana déag d’aois a bhí Michael Fahy, an
páiste ba shine den bheirt, rud a thugann le fios gur timpeall na
bliana 1890 a tharla an t-athrú teanga sa teaghlach sin. Mhair an
Ghaeilge níos faide i dteaghlach mo sheanmháthar, de réir
dealraimh, mar bhí an dá theanga ag Katie Shaughnessy, neacht léi
a bhí seacht mbliana d’aois in 1911. Deir mo mháthair liom go raibh sé de nós ag a tuismitheoirí Gaeilge a labhairt eatarthu féin ach gur Béarla
amháin a labhraídís leis an gclann – b’shin an teanga a
sheasfadh dóibh cibé áit ar domhan a rachaidís.
‘Hitler’ a ghlaoití ar mo
sheanathair sna 1930í. Ní hé go raibh ardmheas aige ar
sheansailéir na linne sa Ghearmáin, ná go raibh sé ag beartú
‘spás maireachtála’ a ghnóthú dá chlann ar ghabháltais na
gcomharsan, ach gur síleadh an-chosúlacht a bheith idir a chroiméal
agus croiméilín an Führer. Fuair sé bás sa bhliain 1947,
tamall maith sular saolaíodh mise, ach tá na pictiúir de atá
feicthe agam ag teacht leis an míniú seo ar a leasainm. Bíodh sin
mar atá, tá a fhios agam go gcuireadh sé suim ar leith i gcúrsaí polaitíochta
agus ritheann sé liom go mb’fhéidir go raibh baint ag an leasainm aduain leis an gclaonadh chun óráidíochta a bhí aige. Ní leis an eite
dheis a bhí a luí, áfach, ach le Clann na Talmhan, páirtí a
bunaíodh sa bhliain 1938 chun leas na bhfeirmeoirí beaga in iarthar
na hÉireann a dhéanamh. D’éirigh leis an bpáirtí deich
suíochán a bhuachan in olltoghchán na bliana 1943: i measc na dteachtaí nua a toghadh bhí Michael Donnellan, ceannaire an pháirtí agus fear a bhí mór le mo sheanathair, a chríochnaigh ag barr an chomhairimh i ndáilcheantar Ghaillimh
Thoir.
Níor éag mo sheanmháthair go dtí an bhliain 1961; dúradh liom go rabhas ina baclainn aici cúpla uair ach bhíos chomh hóg san nach bhfuil aon chuimhne agam uirthi. Naonúr clainne a saolaíodh do mo sheanmháthair, cé nár mhair ach seachtar den ál. Fuair Tom, an mac ba shine, an fheirm; tá col ceathrair liom á saothrú i gcónaí. D’oibrigh an iníon ba shine a mhair, Aileen, i siopa Clerys i mBaile Átha Cliath; phós sí Ciarraíoch agus thógadar clann mhór i gCill Orglan. Ba í Norah an tríú duine a mhair agus fillfidh mé ar a scéalsa ar ball. Chuaigh an chéad duine eile, Kitty, go Sasana bliain nó dhó roimh an Dara Cogadh Domhanda; fuair sí oiliúint ann mar bhanaltra agus d’oibrigh sí in ospidéal i Londain i rith an blitz. Phós sí Sasanach tar éis an chogaidh ach ní raibh aon chlann acu. Ba í mo mháthair, Chris, an cúigiú duine; dhein sí cúrsa rúnaíochta nuair a d’fhág sí an scoil agus d’oibrigh sí mar chléireach pá sular phós sí m’athair. Chuaigh Jack, an séú duine, ar imirce go Londain sna 1950í, tráth ar thit an tóin as geilleagar na hÉireann, ach bhog sé ar ais go dtí cathair na Gaillimhe nuair a chuaigh sé amach ar pinsean. An seachtú duine, Jim, ba shiúinéir é agus thóg sé clann i mBaile Átha Cliath. Níl aon rud as an ngnáth sa mhéid sin; go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur mhionsamhail de shochaí na hÉireann sa 20ú céad iad clann mo sheantuismitheoirí: chuir beirt fúthu faoin tuath, bhog beirt go Baile Átha Cliath, agus thug beirt eile aghaidh ar thír Sheáin Bhuí. Ach b’eisceacht í an seachtú duine ceart go leor.
Níor éag mo sheanmháthair go dtí an bhliain 1961; dúradh liom go rabhas ina baclainn aici cúpla uair ach bhíos chomh hóg san nach bhfuil aon chuimhne agam uirthi. Naonúr clainne a saolaíodh do mo sheanmháthair, cé nár mhair ach seachtar den ál. Fuair Tom, an mac ba shine, an fheirm; tá col ceathrair liom á saothrú i gcónaí. D’oibrigh an iníon ba shine a mhair, Aileen, i siopa Clerys i mBaile Átha Cliath; phós sí Ciarraíoch agus thógadar clann mhór i gCill Orglan. Ba í Norah an tríú duine a mhair agus fillfidh mé ar a scéalsa ar ball. Chuaigh an chéad duine eile, Kitty, go Sasana bliain nó dhó roimh an Dara Cogadh Domhanda; fuair sí oiliúint ann mar bhanaltra agus d’oibrigh sí in ospidéal i Londain i rith an blitz. Phós sí Sasanach tar éis an chogaidh ach ní raibh aon chlann acu. Ba í mo mháthair, Chris, an cúigiú duine; dhein sí cúrsa rúnaíochta nuair a d’fhág sí an scoil agus d’oibrigh sí mar chléireach pá sular phós sí m’athair. Chuaigh Jack, an séú duine, ar imirce go Londain sna 1950í, tráth ar thit an tóin as geilleagar na hÉireann, ach bhog sé ar ais go dtí cathair na Gaillimhe nuair a chuaigh sé amach ar pinsean. An seachtú duine, Jim, ba shiúinéir é agus thóg sé clann i mBaile Átha Cliath. Níl aon rud as an ngnáth sa mhéid sin; go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur mhionsamhail de shochaí na hÉireann sa 20ú céad iad clann mo sheantuismitheoirí: chuir beirt fúthu faoin tuath, bhog beirt go Baile Átha Cliath, agus thug beirt eile aghaidh ar thír Sheáin Bhuí. Ach b’eisceacht í an seachtú duine ceart go leor.
M'aintín sna 1940í; póstaer ó ré Vichy; mo mháthair agus m'aintín ar Lá Caille 2014 (mise a thóg) |
Rugadh m’aintín, Norah Connolly, an
8 Samhain 1918 – cúpla lá sular chríochnaigh an Chéad Chogadh
Domhanda. Chaith sí seal ag obair i siopa i mBaile Átha Cliath ach
sa bhliain 1937 chuaigh sí isteach sna Soeurs de Saint Paul de Chartres, ord cráifeach Francach. Thaistil triúr ógbhan chun
na Fraince ag an am céanna ach d’fhill beirt acu abhaile laistigh d’achar gearr;
d’fhan m’aintín thall, áfach, agus oileadh í mar bhanaltra. Ón mbliain 1940
d’oibrigh sí in ospidéal Longjumeau, baile atá suite tuairim is
15 km ó dheas ó chathair Phárais. I measc na n-othar a tháinig faoina
cúram i rith an chogaidh bhí saighdiúirí Gearmánacha. Bhíodh
drogall uirthi i gcónaí labhairt ar na “années noires” –
fág an easpa bídh agus an
t-ocras
a bhíodh
uirthi de shíor as an áireamh – ach d’inis sí scéal faoi Ghearmánach áirithe, píolóta sa Luftwaffe, a
gheall go dtabharfadh sé síob ar ais go hÉirinn di dá mbeadh sí
sásta éalú ina theannta. Ag spochadh as an mbean rialta a bhí mo
dhuine, is dócha, ach is ait an scéal é go raibh aintín amháin
liom ag cur cóir leighis ar mhuintir Londan a bhí á mbuamáil ag
an Luftwaffe a fhad is a bhí baill den fhórsa céanna faoi
chúram a deirféar laisteas de Mhuir nIocht! Bhí an Fhrainc á buamáil chomh maith, ar ndóigh: i mí Aibreáin na bliana 1944, mar shampla, maraíodh beagnach ceithre
chéad sibhialtach nuair a d’ionsaigh an Royal Air Force an clós iarnróid ag
Juvisy-sur-Orge, tuairim is 5 km ó Longjumeau. Caithfidh gur tógadh roinnt de na taismigh go dtí ospidéal Longjumeau. Ar chuir m’aintín cóir orthu? Níl a fhios agam, mar bhuail an eitinn í timpeall an
ama chéanna. Aistríodh í go dtí sanatóir in aice le baile
Chamonix san Haute-Savoie, gar do theorainneacha na hIodáile agus na
hEilvéise. Is ann a bhí sí, ina hothar seachas ina banaltra, nuair
a chríochnaigh an Dara Cogadh Domhanda. Ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair a muintir an chéad litir uaithi le cúig bliana.
Socraíodh gur chóir cuairt a thabhairt uirthi agus thit sé ar
chrann mo mháthar an turas a dhéanamh. Post sealadach a bhí aici san Irish Hospitals' Sweepstake ag an am agus nuair a
tháinig deireadh leis an obair sin in earrach na bliana 1946 thaistil sí
chun na Fraince chun cúpla seachtain a chaitheamh i dteannta
m’aintín a bhí ag téarnamh san aer úr ag bun Mont Blanc. Is iomaí uair a
chualas mo mháthair ag trácht ar an turas sin – ar an scrios cogaidh a chonaic sí agus ar áilleacht na nAlp. D’fhan
m’aintín sa bhFrainc go dtí an bhliain 1963 nuair a aistríodh í go dtí teach altranais a bhí oscailte ag a hord i Michigan na Stát
Aontaithe. Faoi dheireadh thiar thall, sa bhliain 1985, d’fhill sí ar Éirinn nuair a bhunaigh
an t-ord ionad cónaithe do sheandaoine sa Rath Garbh, i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ina bainisteoir ar an ionad sin go dtí an
bhliain 2003 nuair a d’éirigh sí as a cuid cúraimí – go hoifigiúil cibé ar bith. Is
ann a raibh cónaí uirthi nuair a d’éag sí gan choinne, an 3 Feabhra i
mbliana, agus í chomh géarchúiseach is a bhí sí riamh i rith
a saoil.
Mar a mhíníos nuair a bhí mo shinsir
ar thaobh m’athar faoi chaibidil agam, ní fear mór
ginealais mé. Ach ní fhéadfainn cuntas a scríobh ar mo
chraobh gan mórán téamaí staire a tharraingt anuas: an Drochshaol, meath na tionsclaíochta sa 19ú céad, cogadh
na talún, cúlú na Gaeilge, cogadh na saoirse, bunú an tSaorstáit,
an pholaitíocht sa stáit nua, an Fhrainc faoi réimeas Vichy,
géarchéim eacnamaíoch na gcaogaidí, etc. Ar fhág an cúlra pearsanta sin lorg
ar mo dhearcadh, ar an saghas staire a scríobhaim, ar na téamaí a roghnaím, ar na
breitheanna a thugaim? Bheadh sé saonta a cheapadh nár fhág: baineann gné shuibiachtúil le saothar gach staraí agus nílim chun ligint orm féin gur eisceacht mise.