18/07/2014

Réabhlóid na faisnéise?

An ann do réabhlóid na faisnéise?

Cloistear mórán cainte faoi ‘réabhlóid na faisnéise’ ar na saolta seo agus bíonn fonn orm uaireanta a cheapadh nach bhfuil sa nathán ach coincheap a chruthaigh na comhlachtaí móra teicneolaíochta – leithéidí Google, IBM, Microsoft agus Apple – chun poiblíocht shaor a fháil dóibh féin. Ach bhí taighde ar siúl agam le déanaí a chuir ar mo shúile dom cé chomh mór agus a d’athraigh soláthar na faisnéise le cúpla bliain anuas.

     Mar chuid den leabhar atá á scríobh agam faoi láthair, theastaigh uaim a léiriú go raibh mioneolas ag an bpobal in Éirinn ar chogaí na hEorpa i rith an 18ú céad. Chuige sin, scrúdaíos roinnt amhrán polaitiúil a cumadh san aois sin le féachaint an raibh na tagairtí iontu cruinn nó a mhalairt. Seo ceann de na samplaí a bhí agam – is véarsa é as amhrán a chum Éadbhard de Nógla (c.1710-c.1792), táilliúir a raibh cónaí air i gcathair Chorcaí, nuair a bhí Cogadh na Seacht mBliain (1756-63) ag tosnú:
Tá Galissonière ina chliath ar lánmhuir—
      mo shíogaí taoisigh tábhachtach beo,
is Mac Conmara ’na sciath de thriathaibh Dhál gCais,
      is ní díth linn Byng mar atá fá bhrón;
an chathair gur rianadh ’s a cliabh gur bearnadh,
gur smachtadh go dian an gliaire Blácaigh,
      is fearrde mé go bráth anois ’s is fíorchaoin fáilteach
      dom Chraoibhín Aoibhinn Álainn Óg.
D’aithníos beirt atá luaite sa véarsa thuas ar an toirt. Thuigeas go maith gurbh é an Prionsa Séarlas an ‘Craoibhín Aoibhinn Álainn Óg’; bhí a fhios agam, leis, gurbh aimiréal i gcabhlach na Breataine é John Byng (1704-57). Cuireadh cúirt mhíleata ar Byng agus daoradh chun báis é nuair a bhuaigh na Francaigh air i gcath mara a troideadh amach ó chósta Menorca. Chinntigh an méid a scríobh Voltaire i dtaobh an cháis san úrsceál leis dar teideal Candide go mairfeadh cuimhne ar an eachtra go ceann i bhfad: ‘il est bon de tuer de temps en temps un amiral pour encourager les autres’ (‘is fiú aimiréal a mharú ó am go chéile chun an chuid eile acu a spreagadh’). Bhí tagairtí eile sa véarsa mínithe ag na scoláirí maithe a chuir eagráin den amhrán i gcló: mar atá, ag Risteárd Ó Foghludha in Mil na hÉigse (Baile Átha Cliath, 1945) agus ag Úna Nic Éinrí in Canfar an Dán (An Daingean, 2003). Tuigeadh dom, más ea, gurbh é an Leifteanant-Ghinearál William Blakeney (c.1672-1761), ceannasaí an gharastúin ar Menorca, an ‘Blácach’ a bhfuil tagairt dó sa séú líne. Ach cérbh iad ‘Galissonière’ agus ‘Mac Conmara’? Bhí Úna Nic Éinrí den tuairim gur thagairt don Marquis de La Galaizière (1697-1783), seansailéir Lorraine, a bhí sa chéad líne, cé gur chreid Ó Foghludha gur cheannasaí cabhlaigh de chuid na Fraince an té a bhí i gceist. Shíl Ó Foghludha chomh maith gurbh é Claude Mac Conmara, oifigeach i gcabhlach na Fraince, an té a luaitear i líne a trí agus ní raibh an dara tuairim ag Úna Nic Éinrí. D’éirigh liom an dá fhadhb a réiteach gan mórán stró: bhí an Marquis de la Galissonière (1693-1756) ina cheannasaí ar chabhlach na Fraince sa Mheánmhuir agus ba eisean a chloígh an tAimiréal Byng sa chath a troideadh i mí na Bealtaine 1756; bhí an Leas-aimiréal Jean-Baptiste Mac Nemara (c.1688-1756) – fear arbh Éireannach é a athair – i gceannas ar an gcabhlach ag Brest na Briotáine. Ba chóir a rá, áfach, go raibh deartháir leis darbh ainm Claude Mathieu Mac Nemara (c.1693-1774) ina chaptaen i gcabhlach na Fraince chomh maith.

Foinsí na n-amhrán

     Scríobh Aindrias Mac Craith (c.1709-c.1794), máistir scoile agus duine d’fhilí na Máighe, amhrán eile ar an gcogadh an bhliain dár gcionn. Seo véarsa amháin as:
Tá Ferdinand fann is an Francach taobh ris,
      is Hanraí traochta ag Daun, dar ndóigh;
tá scaipeadh ar na hamhais, cá ngabhaid ní léir dhom,
      is Prussia dealbh ar ndáil don ghleo;
tá Saunders gan bhail is a chuallacht réabtha,
is Rodney i gcúil gan chúnamh ó éinne,
tá Cumberland dubhach is a ghúta á chéasadh
      is ‘hold thief’ déanta de Hawke ó ló.
Cuireadh an t-amhrán seo in eagar faoi dhó: ag Risteárd Ó Foghludha in Éigse na Máighe (Baile Átha Cliath, 1952) agus ag Máire Comer Bruen is Dáithí Ó hÓgáin in An Mangaire Súgach (Baile Átha Cliath, 1996). Níor thuigeas cérbh iad ‘Ferdinand’ ná ‘Hanraí’ in aon chor; bhí tuairim agam gur mharascal de chuid na hOstaire é Daun; agus thuigeas gurbh aimiréil de chuid na Breataine iad Saunders, Rodney is Hawke, cé nach raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí déanta acu chun aird an fhile a tharraingt orthu. Ba léir dom gurbh é búistéir Chùil-Lodair, an Duke of Cumberland (1721-65), an té a bhfuil tagairt dó i líne a seacht. Shíl na heagarthóirí go léir gurbh é Ferdinand VI, rí na Spáinne, an ‘Ferdinand’ atá luaite sa chéad líne – ach níor aontaíos féin leis an tuairim sin toisc go raibh na Spáinnigh ag troid ar an ‘taobh cheart’ mar ba dhual dóibh san 18ú céad (is é sin le rá, i gcoinne na Sasanach). Shíl na heagarthóirí chomh maith gur leasainm ar Friedrich II na Prúise – ‘der Alte Fritz’ – an ‘Hanraí’ atá luaite sa dara líne, cé nár chuireadar aon fhianaise i láthair a thacódh lena dtuairim. Bhraitheas nach raibh aon dealramh leis an teoiric seo. Agus i gcás amhrán an Mhangaire chomh maith, d’éirigh liom na deacrachtaí go léir a bhain leis an téacs a réiteach. Is amhlaidh gur ceapadh Ferdinand von Braunschweig-Wolfenbüttel (1721-92) ina cheannasaí ar arm Hannover nuair a bhris na Francaigh cath ar an té a bhí sa chúram sin roimhe – .i. an Duke of Cumberland – ag Hastenbeck i mí Iúil na bliana 1757. Bhris an Marascal Leopold Joseph von Daun (1705-66) cath ar Friedrich II ag Kolín sa Bhoihéim i mí an Mheithimh 1757, rud a chuir iallach ar dheartháir an rí, an Prionsa Heinrich (1726–1802) – nó ‘Hanraí’ más fearr leat – éirí as an léigear a bhí curtha aige ar chathair Phrág. I mí Aibreáin 1757, theip ar an Aimiréal Charles Saunders (c.1715-75), a bhí i gceannas ar chabhlach na Breataine sa Mheánmhuir, cosc as chur ar loingeas de chuid na Fraince a sheol trí chaolas Ghiobráltar. I mí Mheán Fómhair na bliana céanna, bhí an tAimiréal Edward Hawke (1705–81) i gceannas ar fhórsa a dhein iarracht Rochefort, calafort atá suite gar do chathair La Rochelle, a ghabháil. Bhí an tAimiréal George Brydges Rodney (1718-92) i láthair chomh maith ach theip go tubaisteach ar an iarracht: chosain an t-ionsaí ar Rochefort tuairim is milliún punt in airgead na linne sin ar státchiste na Breataine agus is ar éigean a chuir sé isteach ar na Francaigh. Henry Fox, polaiteoir mór-le-rá a bhí sa bhfreasúra ag an am, dhein sé cáineadh géar ar an gcomhaireacht: dar le Fox, is ag caitheamh boinn óir le fuinneoga a bhí na hairí (‘breaking windows with guineas’).

Roinnt de na háiteanna inar dheineas taighde i gcaitheamh na mblianta

     Nuair a bhí an taighde go léir déanta agam, bhí gach tagairt sna hamhráin a bhí doiléir nó dothuigthe ag an tús mínithe – chun mo shástachta féin cibé ar bith.  An amhlaidh go bhfuilim níos éirimiúla, níos léannta nó níos treallúsaí ná na scoláirí a chaith sealanna ag streachailt leis na téacsaí seo romham? Nílim go deimhin, ná baol air. Ach d’éirigh liomsa agus theip orthusan. Thairis sin, d’éirigh liom gach fadhb sna téacsaí a bhí faoi chaibidil agam a fhuascailt gan chorraí ó mo dheasc sa bhaile. Bhí sé ar mo chumas é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an t-idirlíon níos cumhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh cheana. Níor ghá dom an baile a fhágaint chun na tuairiscí comhaimseartha a foilsíodh i nuachtáin agus in irisí na linne sa Bhreatain, sa bhFrainc, agus i dtíortha eile nach iad a léamh – agus é sin go hiomlán saor in aisce. Ba leor na cuntais a foilsíodh sa London Gazette, san Annual Register, sa Gazette de France, sa Mercure de France, sa Gazette de Berne, a cheadú chun na ceisteanna a bhí agam a fhreagairt. Níos minice ná a mhalairt, níor ghá dom na tuairiscí a léamh ó thús go deireadh mar dhein an ríomhaire na foilseacháin a chuardach dom. Deich mbliana ó shin, bheadh orm cuairt a thabhairt ar Londain, ar Pháras, nó ar an dá áit chun teacht ar na foinsí príomha atá le fáil agam ar scáileán mo ríomhaire sa bhaile anois. Caithfidh mé a admháil gur bhaineas sult as na cuairteanna taighde a thugas ar phríomhchathracha na sean-impireachtaí nuair a bhí tráchtais ollscoile idir lámha agam fadó, ach is fearr liom go mór an tsaoráid agus an ghastacht a bhaineann le ‘information superhighway’ an lae inniu.

Mar a mbím ag déanamh taighde na laethanta seo

     Ar eagla nach gcreidfí mé, nó ar eagla go léifeadh aon duine é seo ar mhaith leis tuairisceoireacht an 18ú céad a bhlaiseadh, seo iad na foinsí is mó a bhí in úsáid agam le déanaí:
Google Books Liosta de na leabhair go léir atá le fáil ar Google agus iad rangaithe de réir dáta.
Le gazetier universel Príomhnuachtáin na Fraincise – agus ba í an Fhraincis lingua franca na hEorpa san 18ú céad.
London Gazette Iris oifigiúil rialtas na Breataine – agus bhíodh tuairisci nuachta inti san 18ú céad.
The Annual Register Bliainiris thábhachtach a raibh Edmund Burke ina eagarthóir uirthi.
Gallica Ollchnuasach leabhar, irisí agus nuachtán atá curtha ar fáil ag leabharlann náisiúnta na Fraince.
An cóir ‘réabhlóid faisnéise’ a thabhairt ar an dul chun cinn seo?  Is cóir, leoga.