10/09/2014

Cíona lae na Gaeilge agus an stair

Is fearr é a admháil go neamhbhalbh: ní raibh uimhir iolra an fhocail ‘cín’ ar eolas agam. Bhraitheas go raibh cuma na dochúlachta ar ‘cínte’ ach bhí dul amú orm. Má bhí tusa chomh haineolach liom féin beidh rud amháin ar a laghad foghlamtha againn ón aiste seo agus ní beag san. Theastaigh uaim ‘dialann’ a sheachaint mar is eol dom gur botún a dhein foclóirí is cúis leis an téarma sin a bheith sa Ghaeilge inniu agus tá leisce orm géilleadh don earráid choiteann nuair atá téarma liteartha a bhfuil ginealach gan smál aige le fáil.

Foinsí taighde don am atá le teacht?

     Ós rud é go bhfuil dhá théarma ar a laghad againn ar an rud is cín lae nó dialann ann, nuair nach bhfuil ach téarma amháin in úsáid sa Bhéarla (ní chuirfidh mé ‘journal’ san áireamh mar is iomaí ciall atá leis an bhfocal sin), d’fhéadfaí a cheapadh gur genre tábhachtach í an chín lae i litríocht na Gaeilge. Ní hamhlaidh atá, faraoir. Thairis sin, braithim nach genre tábhachtach í an chín lae i litríocht na hÉireann trí chéile. Ó thaobh na staire de, sílim go mbeadh sé fíor a rá nach bhfuil ach dialann (úsáidfidh mé an focal sin a úsáid mar théarma tánaisteach de ghrá na héagsúlachta) amháin ann a bhfuil mórán earraíochta bainte aisti ag staraithe – mar atá, an ceann a scríobh Theobald Wolfe Tone  idir Deireadh Fómhair na bliana 1791 agus Meitheamh na bliana 1798. Seo sliocht gairid as, an sliocht is cáiliúla ar fad b’fhéidir, a scríobhadh an 21 Nollaig 1796 nuair a bhí Tone i mBá Bheanntraí, ag faire chósta na hÉireann ó long chogaidh de chuid na Fraince:
There cannot be imagined a situation more provokingly tantalizing than mine at this moment, within view, almost within reach of my native land, and uncertain whether I shall ever set my foot on it. Stood in for the coast till 12, when we were near enough to toss a biscuit ashore.
Foilsíodh cín lae Tone ina hiomláine don chéad uair idir na blianta 1998 agus 2007 i dtrí imleabhar a chuir T. W. Moody, R. B. McDowell agus C. J. Woods in eagar. Ach d’fhoilsigh an Gúm leagan ciorraithe  den chín lae sa bhliain 1932, rud a d’fhág gur trí mheán na Gaeilge a chuireas aithne ar dhuine de na fir ba shuimiúla i stair na hÉireann, cé nach raibh oiread is focal den teanga aige. B’fhéidir gur chruinne a rá gur trí mheán na Gaolainne a chuireas aithne air, mar is é Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964) – ‘an Seabhac’ mar is fearr aithne air – a dhein an t-aistriúchán. Seo mar a d’aistrigh sé  an giota thuas:
Ní fhéadfaí a shamhlú aon chás chómh ciapaitheach cráidhte lem chás-sa ar láthair na huaire seo, radharc ar mo thír dhúthchais agam, í buailte liom, agus gan aon deimhne agam go gcuirfead cos choidhche arís uirthi ... ghabhamar fé’n gcósta isteach go dtí n-a dódhéag, nuair a bhíomar i ngoireacht urchair púróige do’n talamh.
Ní fheadar an ionann ‘ciapach cráite’ agus ‘provokingly tantalizing’ – b’fhearr liomsa ‘spreagthach mealltach’ cibé ar bith – agus táim siúráilte nach ionann ‘púróg’ agus ‘biscuit’. Ní bheadh staraí fónta sásta bheith i dtuilleamaí aistriúcháin dá fheabhas é, ar ndóigh, ach tá dialanna tábhachtacha eile ann a scríobhadh i nGaeilge. Ritheann sé liom nár mhiste blaiseadh beag den ábhar atá ar fáil iontu a chur faoi bhráid léitheoirí dílse an tsuímh seo.

Eagráin de dhialanna Tone, Uí Chianáin agus Uí Shúilleabháin

     Is í an dialann Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn an ceann a scríobh Tadhg Ó Cianáin nuair a dhein Ó Néill agus Ó Domhnaill a dtriall fada chun na Róimhe sa bhliain 1607. Thosaigh sé an chín lae i Meán Fómhair na bliana céanna agus tá cuntas leanúnach againn go dtí Samhain na bliana dár gcionn; is cosúil nár chríochnaigh sé an dialann an uair sin féin agus go bhfuil eireaball na cáipéise ar iarraidh anois. Seo sliocht gairid as:
Eirgit gussan páláss ro-onórach dar comhainm Monte Caualle. In t-athair naomtha Paulus Quintus ar a gcinn annsin. Ar ndol dia láthair dóip gabuis chuice go ro-onórach grássamail móránta forfáilidh iad. Ier sin doratsat badhdéin co n-a lucht coimhitechta diaig a ndiaig póic dia chois bennaighthe maille fri humhla agus reuerens. 
Agus ar eagla go mbeadh leagan nua-aimseartha den sliocht thuas ag teastáil ó léitheoir nó dhó ...
D’éiríodar go dtí an pálás ró-onórach darb ainm Monte Cavallo. An tAthair Naofa Pól V rompu ansin. Ar dhul ina láthair dóibh ghabh sé chuige go ró-onórach grástúil mórgánta forbhfáilteach iad. Air sin, thugadar iad féin lena lucht coimhdeachta, duine i ndiaidh duine, póg dá chois bheannaithe, maille le humhlaíocht agus reverence.
‘Mór idir na haimsearaibh’, mar adúirt an té adúirt! Tá téacs iomlán chín lae Thaidhg Uí Chianáin le fáil anseo. Cín lae luachmhar eile a tháinig anuas chugainn ón 17ú céad ná an ceann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, sagart a bhí ina shéiplíneach in arm Eoghain Rua Uí Néill, idir Deireadh Fómhair na bliana 1641 agus Feabhra na bliana 1647. Nótaí gonta seachas cuntas leanúnach atá sa dialann seo, ach tá siad suimiúil ó thaobh na staire de mar sin féin. Seo, mar shampla, cuid den óráid a thug Eoghan Rua dá shaighdiúirí sular bhriseadar cath na Binne Boirbe ar Chúnantóirí na hAlban, an 5 Meitheamh 1646:
Ag súd chugaibh easccairde Dé agus naimhde bhur n-anma: agus déanaidh calmacht na n-aghaidh aniu. Ór is iad do bhean dibh ar dtighearnaidh, bhur gclann, agus bhur mbeatha spioradalta agus teamporalta agus bhean bhur ndúthaigh dibh, sdo chuir ar deoruigheacht sibh.
Sílim go mbeidh an méid sin sothuigthe go leor. Bhain Ó Cianáin le teaghlach léannta agus scríobh sé teanga liteartha a bhí breac le leaganacha ársa, ach ba shagart é Ó Mealláin agus chleacht sé stíl a bhí i bhfad níos gaire do Ghaeilge labhartha an 17ú céad. Is féidir breathnú ar lámhscríbhinn na dialainne anseo: téigh chuig lámhscríbhinn 3 i gcnuasach Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá an sliocht thuas ar leathanach 37, ag bun an chéad pharagraf (ní féidir liom léaráid a thaispeáint anseo de bharr cúrsaí cóipchirt).

     I dtús an 18ú céad, bhí sé de nós ag Tadhg Ó Neachtain, múinteoir scoile a raibh cónaí air i gcomharsanacht na Saoirsí i gcathair Bhaile Átha Cliath, nótaí ócáideacha a bhreacadh i gcóipleabhar. Ní féidir ‘dialann’ a thabhairt ar an leabhar seo toisc go bhfuil an t-ábhar ann ró-éagsúil, ach bíonn cuma dialainne ar na nótaí go minic. Féach an sampla seo a leanas:
1727. Jun. 19. Áth Cliath. Nuadhuidheacht ó Londuin a gcathair Osnaburg. Jun. 14. Fuair an chéad Seorsa rígh Sacson bás ionna príomhport Hannover go tobann is é anois 68 do bhliadhna agus do fuagradh a mhac an dara Seorsa ’na rígh. An 20 lá annso bhí Tadhg Ua Neachtuin, Uilliam Aeirs agus fidhche eile mar aon riu idir Binn Éadair agus Bulog nó Dalcaidh san muir ag iascaireacht agus ag marbhadh éanlaidh a noileán Dalcaidh.
‘Deilginis’ a thugtar ar Dhalcaidh i nGaeilge ghlan na linne seo. Scríobh Cathal Ó Conchúir (nó ‘Charles O’Conor’ mar a tugadh air i mBéarla) a chín lae i nGaeilge chomh maith. Baineann formhór na n-iontrálacha le riar an eastáit a bhí aige i gcontae Ros Comáin ach tá corr-thagairt sa chín lae d’imeachtaí an tsaoil mhóir. Seo, mar shampla, nóta a bhreac sé nuair a d’éirigh leis an bPrionsa Séarlas cathair Dhún Éideann a ghabháil:
Sep. 22 1745. Aimsir ro bhredha. Gidhedh, gan ní ar bith don choirce ar fiú a luadh bainte. Mac Mic Rígh Sémuis anos a n-Albain ag buaidhirt na dtrí ríoghacht. Níl fhios nach amhlaidh as férr. M’inghen díles san ngalar bhrec. Fó choimridh Dé dhi agus dhúinn. Ámen.
Is deacair dom an t-ord seo a thuiscint: bhí baint an fhómhair chun tosaigh aige, ina dhiaidh sin luaigh sé an t-éirí amach in Albain, agus d’fhág sé breoiteacht a iníne chun deiridh ar fad. Sílim go bhfuil úsáid an dá fhocal dhiúltacha san abairt ‘níl a fhios nach amhlaidh is fearr’ thar a bheith suimiúil: is cosúil go raibh dóchas agus imní ag iomaíocht ina intinn nuair a bhreac sé an nóta sin.

Beathaisnéis Liam de Róiste agus eagráin de dhialanna Mhic Amhlaigh agus Uí Ríordáin

     Déarfainn gurb í an chín lae a scríobh Amhlaoibh Ó Suilleabháin, Ciarraíoch a raibh cónaí air i gcontae Chill Chainnigh, idir Eanáir na bliana 1827 agus Iúil na bliana 1835 an dialann Ghaeilge is mó a tharraing aird na staraithe go dtí seo. Ar ndóigh, tá leagan Béarla ag gabháil leis an eagrán cuimsitheach a d’fhoilsigh Cumann na Scribheann nGaedhilge i gceithre imleabhar agus is mór an áis é sin do lucht na staire. Níl le m’ais faoi láthair, áfach, ach an t-eagrán ciorraithe a chuir Tomás de Bhaldraithe in eagar agus tá caighdeánú áirithe déanta ar an téacs. Seo an cuntas a scríobh an Súilleabhánach ar ollchruinniú i gcoinne na ndeachún a tionóladh i samhradh na bliana 1832:
Iúil 8ú. Lá breá. Gealáin is scailíní. Bhíos ag comhthionól Bhaile Héil, láimh le Cnoc an Tóchair agus Carraig Seac. Bhí céad míle fear ann, an chuid is lú de. Bhí fiche míle marcach ann. Bhí fir Chontae Loch Garman agus Chontae Thiobraid Árann ag cur in aghaidh deachú agus sraith teampaill agus ag iarraidh an pharliament do thabhairt thar ais go Baile Átha Cliath. Labhras i nGaeilge ann.
Scríobh Liam de Róiste, ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge i gcathair Chorcaí a toghadh ina theachta don chéad Dáil sa bhliain 1918 agus don dara Dáil sa bhliain 1921, scríobh sé dialann dhátheangach ar feadh i bhfad. Más féidir brath ar na sleachta a chuir Diarmuid Ó Murchadha i gcló sa bheathaisnéis a scríobh sé ar an Róisteach, is cosúil go bhfuil níos mó Béarla ná Gaeilge sa dialann. Bíodh sin mar atá, tá ábhar suimiúil i nGaeilge inti. Seo, mar shampla, nóta a bhreac de Róiste cúpla lá sular síníodh an conradh Angla-Éireannach a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse – agus tús leis an gCogadh Cathartha:
29.11.1921. Ó tháinig an sos comhraic anseo in Éirinn táim ag éisteacht le daoine á rá go bhfuil Sasana buailte, go bhfuil an bua go hiomlán againn. Agus is é a dúrt, agus creidim é, gur mhó i bhfad an dainséar d’Éirinn ó Shasana faoi láthair ná aon uair a bhí an cogadh ar siúl. Agus ní chreidim in aon chor go bhfuil buaite againn ar Shasana faoi mar a ceaptar ag a lán, an bua ceart úd go bhféadfaimis a rá leo ‘Scrios!’ an bua go bhféadfaimis ár dtoil féin a chur i bhfeidhm orthu pé slí is mian linn.
Sílim go mbeidh sé soiléir go leor ón sliocht sin cén taobh ar thacaigh de Róiste léi nuair a tharla an scoilt ar cheist an chonartha. Ba mhó an tsuim a bhí aige i gcúrsaí cultúir ná i gcúrsaí polaitíochta riamh, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur éirigh sé as an bpolaitíocht ar fad. Cín lae eile ón 20ú céad a thugann léargas neamhghnách ar stair na linne inar scríobhadh í an ceann le Dónall Mac Amhlaigh a foilsíodh faoin teideal Dialann Deoraí sa bhliain 1960. Stair shóisialta atá chun tosaigh sa chás seo, áfach, mar chuaigh Mac Amhlaigh ar imirce go Sasana sa bhliain 1951 agus thug sé cuntas ‘ón taobh istigh’ ar an gcineál saoil a chaitheadh lucht imirce na linne sin i dtír Sheáin Bhuí. Seo sliocht ón mbliain 1957:
Lá Fhéile Pádraig. Chuir mé ruainnín seamróige i gcába mo chóta agus bhuail mé síos chuig Aifreann a naoi i gCamden Town. Bhí teach an phobail ag cur thar maoil agus bhí an tseamróigín dílis á caitheamh ag chuile dhuine, fiú ag cuid de na Gréagaigh agus na hIamáicigh atá chomh líonmhar sa bhaile sin. Bím chomh haerach le fuiseog chuile Lá Fhéile Pádraig , agus nuair a chroch an pobal suas ‘Hail Glorious St. Patrick’ d’at an croí istigh ionam le teann bróid as mo chine féin.
O tempora, O mores! Is é an bua is mó a bhaineann leis an gcín lae ó thaobh na staire de, gur féidir léi léargas a thabhairt ar na tuairimí a bhí ag daoine nuair a bhí eachtraí ag titim amach – sula raibh seans acu athmhachnamh a dhéanamh agus gan chabhair na hiarthuisceana.  Níl sé sin fíor i gcás Dialann Deoraí, ar ndóigh: caithfidh gur deineadh eagarthóireacht ar an téacs sin sular ligeadh i gcló é, ach toisc gur cuntas ar stíl mhaireachtála aicme iomlán daoine ata i gceist, níl an t-athrú intinne chomh tábhachtach agus a bheadh sé dá mba pholaiteoir seachas oibrí tógála é an t-údar.

     Is an rud a tharraing m’aird ar an dialannaíocht anois ná an cnuasach sleachta as cín lae Sheáin Uí Ríordáin a foilsíodh ar na mallaibh. Is é Tadhg Ó Dúshláine eagarthóir an chnuasaigh. Ábhar pearsanta atá faoi chaibidil i ndialann an Ríordánaigh don chuid is mó, agus táim cinnte gur mó an tsuim a bheidh ag scoláirí litríochta ná ag staraithe i scrúdú imleacáin an fhile. Ach tá corr-iontráil thall is abhus a gcuirfeadh staraí suim inti mar sin féin. Luafaidh mé dhá shampla. Seo tuairim a nocht an file i dtaobh thraidisiún staire an phobail – ábhar a bhfuil suim ar leith agam ann:
28.1.1940. Níl brí ná bunús le gluaiseacht na saoirse in Éirinn ná le gluaiseacht na teanga mura dtuigimid stair na hÉireann. Bhí an stair sin ag na daoine sa Ghaeltacht anuas go dtí óige mo sheanmháthar, abair, nó b’fhéidir níos déanaí fós, i bhfoirm filíochta agus i bhfoirm scéalaíochta agus seanfhocal. Ní raibh an stair sin scríofa acu .i. ag an drong ba dhéanaí de na Gaeilgeoirí dúchais, ná níor fhéad a bhformhór léitheoireacht ná scríbhneoireacht a dhéanamh, ach bhí an traditio acu nó an ‘tseanchuimhne shinsear’, mar a thug an Céitinneach air.
Agus seo sliocht a léas nuair a bhí an chogaíocht san Úcráin fós ar siúl:
13.6.1942 Bhí an spéir san oirthear chomh dearg sin go measfá gur thoir a bhí an ghrian ag dul faoi. Ach níorbh é an spéir a bhí dearg ach na scamaill mhóra  a bhí sínte trasna na spéire goirme mar a bheadh tír chuantach sa bhfarraige. Agus chuir na scamaill sin an Rúis i gcuimhne dhom agus í dearg dáiríre – clúdaithe le fuil. Agus mheasas gur aimsíos an Crimea agus Sebastapol. Súdh an deirge tríd na scamaill faoi dheoidh agus fágadh salachar uaigneach mar chré.
Nára fada go mbeidh síocháin bhuan i réim sna críocha úd.