10/12/2014

Foilsiú nó síothlú?

Publish or perish?

Le mí anuas, chuir eagarthóir an Princeton Guide to Modern Irish History tuairisc chugam ar chaibidil a scríobhas le haghaidh an leabhair sin; d’fhreastalaíos ar cheardlann i gColáiste na Tríonóide le haghaidh na n-údar a mbeidh aistí leo sa Cambridge History of Ireland; agus chuireas clabhsúr ar an gcéad dréacht de leabhar ar chaitheas dhá bhliain á scríobh. Ní nach ionadh, tá aird ar leith agam ar chúrsaí foilsitheoireachta faoi láthair.

     Cloistear an nath ‘publish or perish’ sách minic sa saol acadúil. Is é is brí leis go gcaithfidh an scoláire luí isteach ar an scríobh más mian leis aitheantas a fháil agus dul chun cinn ina ghairm. I ré seo na dtáblaí bliantúla ina rangaítear ollscoileanna an domhain in ord a bhfiúntais (mar dhea), cuirtear brú níos mó ná riamh ar acadúlaithe torthaí a gcuid taighde a fhoilsiú go tráthrialta. Bíonn líon na n-alt a foilsíodh ar irisí léannta, agus líon na leabhar a chuir clólanna acadúla amach, ar na slata tomhais is mó a úsáideann leithéidí an Shanghai Ranking, an QS Top Universities nó an THE World University Rankings chun feabhas na bhforas oideachais a mheas. Tá aithne agam ar léachtóirí ollscoile i Sasana agus i dTuaisceart Éireann a lig saothair leo i gcló roimh am de bharr an sprioclae a bhí leagtha síos ag an Research Excellence Framework – córas oifigiúil a dheineann gach roinn ollscoile ar fud na Ríochta Aontaithe a mheas. Táthar ar bís faoi láthair ag feitheamh leis an measúnú is déanaí a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn. Níl cúrsaí chomh dona sin sa phoblacht seo againne go fóill, ach tá ollscoileanna an stáit seo ag druidim sa treo céanna de bharr thionchar na dtáblaí idirnáisiúnta. Ní staraí gairmiúil mé agus má bhíonn brú orm taighde a thabhairt chun críche go luath is brú inmheánach seachas brú seachtrach é don chuid is mó.

     Cuireann an córas measúnaithe an scolárthacht as a riocht ar bhealach eile: bíonn brú ar scoláirí ailt a fhoilsiú in irisí acadúla atá ‘piarmheasúnaithe’ – is é sin le rá, in irisí léannta nach gceannaíonn an pobal i gcoitinne. Mar shampla, is mó an chreidiúint a thabharfar d’údar as alt ar Éigse ná as an alt céanna ar Comhar. Mar an gcéanna, bíonn níos mó pointí ag dul don leabhar a chuireann preas ollscoile amach in eagrán costasach leabharlainne ná don leabhar faoi chlúdach bog ó fhoilsitheoir tráchtála a bheadh ar díol sna siopaí leabhar. Anuas air sin, is baolach go mbraitheann scoláirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu, scoláirí Gaeilge san áireamh, gur mó an t-aitheantas a gheobhaidh siad laistigh den acadamh más i mBéarla a scríobhann siad. Tá sé d’ádh orm go mbím ag scríobh ar mo chonlán féin; is féidir liom aiste a chur chuig iris acadúil nó a chur in airde ar an suíomh seo de réir mar a oireann dom féin nó don ábhar. Aithním, áfach, gur pribhléid as an ngnáth í an tsaoirse seo.

An fhoilsitheoireacht mar a bhí: sean-leabharlann Choláiste na Tríonóide

     ‘The Irish language’ is teideal don chaibidil liom sa Princeton Guide. Is é an rud is mó a ghoill orm nuair a bhíos á scríobh anuraidh nach raibh cead agam dul thar ocht míle focal (gan na fonótaí a chur san áireamh), rud a d’fhág nárbh fhéidir liom gnéithe áirithe de stair na teanga a phlé mar ba mhian liom. Bheadh sé i bhfad níos fusa an chaibidil a scríobh dá mbeadh a dhá oiread focal ceadaithe. Ach thaitin dhá cheann de mholtaí na tuairisce a fuaireas le déanaí liom: gur chóir na haistriúcháin ar shleachta Gaeilge a bhogadh ó na fonótaí go dtí corp an téacs; agus gur chóir paragraf sa bhreis a chur isteach ag tús na caibidle chun tábhacht na Gaeilge a mhíniú do lucht na staire, an dream a bhfuil an Princeton Guide dírithe orthu. Dheineas na leasuithe sin le fonn agus beidh beagán le cois naoi míle focal sa leagan a fhoilseofar – uair éigin i dtreo dheireadh na bliana 2015 de réir dealraimh.

     Leabhar mór toirtiúil a bheidh sa Princeton Guide, ach is uaillmhianaí fós an tionscnamh é an Cambridge History of Ireland. Ceithre imleabhar a bheidh i gceist le cúig chaibidil is fiche i ngach ceann acu. Deich míle focal atá ceadaithe in aghaidh na caibidle, rud a chiallaíonn go mbeidh tuairim is milliún focal sa saothar ina iomláine. ‘Jacobitism, 1691-1790’ an t-ábhar a bheidh idir chamáin agam an babhta seo; ní gá dom a rá gur ábhar é seo nach bhféadfaí a phlé gan litríocht Ghaeilge an 18ú céad a chur san áireamh. Meileann muilte Clio (bandia na staire) go mall, ach meileann siad! Ba dhíol suime dom é gur leag Tom Bartlett, eagarthóir ginearálta na staire, béim ar leith ar chúrsaí stíle nuair a labhair sé ag an gceardlann. Bhí an ceart ar fad aige: cé gur tábhachtaí an t-ábhar ná an ghné i gcónaí, is ceann de bhundualgais an staraí é prós soléite a scríobh. Ba chóir stíl éasca shoiléir a chleachtadh sa stair i gcónaí agus droim láimhe a thabhairt don bhéarlagair acadúil atá chomh feiceálach san i ndisciplíní eile. Is fíor, ar ndóigh, go mbeidh praghas an Cambridge History thar acmhainn an ghnáthléitheora – bheadh ionadh an domhain orm da mbeadh níos lú ná €300 ar an gceithre imleabhar. Ach ní fhágann sé sin gur féidir linn dearmad a dhéanamh ar an bpobal i gcoitinne: is amhlaidh go mbeidh na caibidlí éagsúla le ceannach ina gceann agus ina gceann ar phraghas réasúnta trí shuíomh idirlín na bhfoilsitheoirí. Ní bheidh aon leithscéal ag léitheoirí rialta Chúrsaí Staire gan an chaibidil ar an Seacaibíteachas a cheannach nuair a fhoilseofar é sa bhliain 2017.

An fhoilsitheoireacht mar atá: siopa leabhar Charlie Byrne i nGaillimh

     Trí leabhar liom a foilsíodh go dtí seo, maille le dhá chnuasach d’fhilíocht Ghaeilge an 18ú céad a chuireas in eagar. Níor ghá dom mórán machnaimh a dhéanamh riamh ar an teanga inar scríobhadh na leabhair: formhór na bhfoinsí a úsáideadh le haghaidh An Crann os Coill agus Ó Chéitinn go Raiftearaí, is i nGaeilge atá siad; formhór na bhfoinsí a ceadaíodh le haghaidh Irish Opinion and the American Revolution, is i mBéarla atá siad. Thairis sin, is beag suim a chuirfeadh eachtrannaigh i saothar Aodha Bhuí Mhic Cruitín ná sa bhealach inar cumadh leagan náisiúnaíoch de stair na hÉireann, ach cuirtear suim i réabhlóid Mheiriceá ar fud na cruinne. Bhí sé i bhfad níos deacra dom an teanga a roghnú don saothar atá díreach scríofa agam. Ar láimh amháin, is i nGaeilge atá na foinsí go léir, nach mór; ar an láimh eile, baineann an saothar nua seo le conspóid acadúil atá ar siúl trí mheán an Bhéarla le fada: tá réamhspléachadh ar éirim an leabhair le fáil san aiste dar teideal ‘Léirmheas agus athmheas’ a fhoilsíodh anseo i mí na Samhna anuraidh. Chinneas sa deireadh gurbh fhearr mo leabharsa a scríobh i mBéarla chomh maith. The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland an teideal atá ar an gclóscríbhinn – níor mhiste an focal ‘leabhar’ a sheachaint ós rud é nár leag foilsitheoir súil air an téacs go fóill.

     Agus an cinneadh bunúsach sin déanta, b’éigean dom na sleachta ó litríocht na Gaeilge a aistriú. Tá na bunleaganacha go léir istigh chomh maith, ar ndóigh, agus tús áite tugtha dóibh sa téacs mar is cóir, ach bheadh aistriúcháin chruinne de dhíth ar Bhéarlóirí aonteangacha. B’fhusa go mór an gá a bhí le haistriúcháin a aithint ná aistriúcháin mhaithe a sholáthar, ar ndóigh, agus is iomaí uair a rith an nath Iodáilise ‘traduttore, traditore’ (‘is fealltóir aistritheoir’) liom nuair a bhí an obair leadránach sin idir lámha agam. Seo sliocht gearr as an réamhrá a bhaineann le hábhar:
Inevitably, I have sometimes been forced to choose between alternative translations which differed significantly in meaning, and not always because of ambiguities in the original. How, for example, should one translate such a ubiquitous and, in Irish, such an unproblematic term as ‘Gall’? ‘Foreigner’? ‘Englishman’? ‘English-speaker’? ‘Non-Gael’? These are all possible but they carry quite different connotations. The act of translation can obliterate real connotations as well as creating illusory ones. ‘Danar’ means ‘Dane’ and it is difficult not to translate it as such, but while the English word invokes the idea of civic-minded Scandinavians on bicycles, the Irish term is used in a similar sense to ‘barbarian’ and conjures up images of plundered monasteries. On the other hand, it would be impossible to translate ‘ae’ (‘liver’) as anything other than ‘heart’ in a literary context.
Táim sásta go ndéanfaidh na haistriúcháin cúis don ghnáthléitheoir, ach níor chóir don scoláire brath orthu; aon duine a bhfuil an teideal sin ag dul dó, rachaidh sé siar chuig na bunleaganacha i gcónaí.

     Ar eagla go mbeadh fonn ar fhíorGhael nó dhó tréas a chur i mo leith toisc gur i mBéarla atá an leabhar is déanaí liom, dearbhaím go sollúnta agus go fírinneach gur i nGaeilge a bheidh an chéad leabhar eile ó mo pheann. Ni hamháin sin, ach beidh sé níos scóipiúla agus níos téagartha ná aon leabhar dá bhfuil scríofa agam go dtí seo. Cuirfear tús leis an magnum opus Gaelach nuair a bheidh an chaibidil úd don Cambridge History réidh.

An lón léitheoireachta atá bailithe agam i gcomhair na Nollag

AGUISÍN

D’fhéadfadh sé go mbeidh roinnt de na leabhair thuas faoi chaibidil anseo go luath san athbhliain. Mar a dheineas an tráth seo anuraidh, táim chun teachtaireachtaí a cheadú idir seo agus deireadh na bliana. Má tá moladh, cáineadh nó tuairim níos tomhaiste le nochtadh agaibh, is féidir iad a bhreacadh ag bun an leathanaigh seo. Is cosúil go mbíonn an triúr a d’fhág teachtaireachtaí anseo an uair dheireanach ag léamh Cúrsaí Staire i gcónaí, agus thiocfadh dó gur tháinig duine nó beirt eile ar an suíomh i gcaitheamh na bliana atá imithe. Bheadh ríméad orm dá mbeadh líon na léitheoirí dílse méadaithe ó thriúr go seisear faoin am seo ...

Agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!



12 commentaires:

  1. an-fhear! cuirim an-suim i do chuid blagála; nár thé aon stad ar do pheann.

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Go raibh maith agat a Dhuine-gan-Ainm. Is cosúil go bhfuil ceathrar léitheoirí agam anois ar a laghad. Is ionann é sin agus méadú de 33 % le bliain anuas.

      Supprimer
  2. Agus tá mise anseo go rialta.
    Tá mé admhálach áfach, nár éirigh liom greim d'fháil ar do chuid leabharthaí; ach tá mé ag obair air.

    Buíochas agus mo chuid den Nollaig ort,

    Fearn

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Go raibh maith agat a Fhearn. Tá súil nach tusa an duine 'anonyme' a scríobh anseo cheana: is mór idir méadú de 33 % agus méadú de 67 % ...

      Maidir le mo chuid leabhar, tá sé deacair teacht ar 'An Crann os Coill' anois agus bheadh ar an ngnáthdhuine morgáiste a fháil chun 'Irish Opinion and the American Revolution' a cheannach, ach tá 'Ó Chéitinn go Raiftearaí' le fáil i gcónaí ar phraghas dhá phionta nó mar sin.

      Supprimer
    2. Sonas ort, a Vincent,

      Ní mise a scríobh an chéad phost.

      Bhain mé sult agus léann agus eolas as an alt seo, agus go deimhin, is beag de do chuid alt

      nach bhfuil solamar meabhrach ann dom, iad uile éagsúil, bunúil a chuireann go mór le mo

      (bheag)thuigse ar na "startha", agus fiú an saol freancairneach. Múinteoir maith atá ionat, dar

      liom.

      Muna bhfuil coigilt na dá bpionta agam, is bocht an créatúr mé.

      Beir bua

      Fearn

      Supprimer
    3. Go raibh maith agat arís a Fhearn. Má cheannaíonn tú 'Ó Chéitinn go Raiftearaí,' tugaim geallúint duit go mbeidh mé sásta do chóipse a shíniú saor in aisce!

      Supprimer
  3. An bhfuil The Irish Hand i gcló arís? Tá seanchóip agam de.

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Tá agus tá na léaráidí go léir lándaite san eagrán nua. Cork University Press a d'fhoilsigh agus d'íocas €39 as i siopa leabhar Hodges Figgis.

      Supprimer
  4. B-

    Tá pointí suimiúla agat san aiste sin ach ní dhearna tú forbairt orthu:
    1. An féidir cúpla sampla a thabhairt dúinn de na saothair staire a foilsíodh ró-luath?
    2. An raibh tráth ann nuair a scríobhadh acadúlaithe le haghaidh "the great unwashed"? Sílim go raibh caint ar "ivory towers" le linn m'óige (is é sin le rá, nuair a bhí Lemass ina thaoiseach).
    3. Cé hiad na scoláirí Gaeilge nach bhfuil sásta scríobh i nGaeilge?

    TOC

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. 1. Dúirt beirt údar liom gur chríochnaíodar saothair faoi dheifir de bharr sprioclá an REA. Aiste in iris acadúil a bhí i gceist i gcás amháin. Léas an aiste agus níor léir dom go raibh aon rud cearr léi. Leabhar a bhi i gceist sa dara cás agus dúirt an t-údar liom gur cúngaíodh scóip an tsaothair toisc go raibh sprioclá an RAE ag bagairt.
      2. Is fíor go bhfuil an 'túr eabhair' ann le fada ach braithim go bhfuil sé níos airde ná riamh anois. Nuair a bhíos óg (agus Jack Lynch ina thaoiseach nó ina fhíor-thaoiseach) bhíodh colún le Liam de Paor ar an 'Irish Times' gach seachtain. Colún ar stair na hÉireann ba ea é go priómha: bhíodh cúrsaí reatha faoi chaibidil chomh maith ach mhíneodh sé an cúlra staire a bhain le himeachtaí an lae i gcónaí. Cá bhfuil a chomharba? An bhféadfaí sraith teilifíse ar aon dul le 'The Course of Irish History' a dhéanamh anois? Mar an gcéanna, braithim go bhfuil an gus imithe as na 'Thomas Davis Lectures' ar an raidió.
      3. Is rud nádúrtha é go mbeadh scoláirí dátheangacha ag scríobh sa dá theanga, ach tá imní orm go mbeidh béim níos mó ar an mBéarla feasta de bharr iallach tráchtála na linne seo.

      Supprimer
  5. Tá an tsaoire thart agus tá sé in am dom an bosca gallúnaí seo a chrochadh liom go ceann bliana eile.

    Tá súil agam gur bliain leadránach seachas bliain stairiúil atá romhainn, ach is cluanach an bhé í Clio. Bígí cúramach amuigh ansin!

    RépondreSupprimer