21/11/2016

Ealaín stairiúil na hÉireann

Tá taispeántas dar teideal Creating history: stories of art in Ireland ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann faoi láthair. Níl aon táille ar dhul isteach agus leanfaidh sé go dtí an 15 Eanáir. Is é atá sa taispeántas cúig phictiúr is caoga ina léirítear eachtraí éagsúla as stair na hÉireann, idir eachtraí tábhachtacha agus eachtraí fánacha. Cé go bhféadfaí teideal dátheangach a chur ar an taispeántas agus lipéid Ghaeilge a chrochadh taobh leis na cinn Bhéarla gan mórán stró, níor chuir foireann an Ghailearaí Náisiúnta an dua sin orthu féin ar mhaithe leis an sciar den phobal arbh í an Ghaeilge a rogha teanga. Chuir an chúinge chultúir seo leis an gcoimhthíos a bhraitheas nuair a thugas cuairt ar an taispeántas le déanaí, ach bhí cúis níos bunúsaí leis an mothú—cúis a bhain le hábhar seachas le cur i láthair an taispeántais.

Catalóg an taispeántais agus an Gailearaí Náisiúnta

     Ní hé go rabhas iontach tógtha leis an gcur i láthair. Ba chiallmhar an beart é na pictiúir a thaispeáint in ord ama, bíodh sé sin de réir na dtéamaí stairiúla atá léirithe iontu nó de réir na dtréimhsí inar péinteáladh iad. Ós rud é gur staraí mé, níl leisce orm a rá go mbainfinn níos mó sásaimh as an gcéad rogha, cé go réiteodh an dara ceann níos fearr leosan ar mó an tsuim atá acu san ealaín ná sa stair. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh go bhfuil na pictiúir eagraithe i gcúig rannóg a bhfuil teidil theibí orthu: mar atá, ‘fianaise’ (testimony), ‘caismirt’ (conflict), ‘comhthionól’ (assembly), ‘fáthchiall’ (allegory) agus ‘caointeoireacht’ (lamentation). Is fíor go mbaineann na pictiúir go léir sa dara rannóg leis an gcogaíocht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ach tá téamaí na rannóg eile doiléir go leor. Mar shampla, tá pictiúir le Kathleen Fox agus le Henry Lamb ar Éirí Amach 1916 agus ar an gCéad Chogadh Domhanda faoi seach curtha isteach sa rannóg a bhfuil ‘fianaise’ uirthi; tá pictiúr le Sir John Lavery d’easpag ag coisreacan meirge de chuid arm an tSaorstáit curtha isteach faoin teideal ‘fáthchiall’, cé go bhfuil cuma réalaíoch ar an íomhá féin, dar liom; agus tá pictiúr de Shéamas II agus é ag fágáil na hÉireann tar éis Chath na Bóinne a dhein Andrew Carrick Gow le fáil sa rannóg dar teideal ‘caointeoireacht’. Mar an gcéanna, cé go bhfuil pictiúir de chruinnithe éagsúla curtha le chéile sa rannóg a bhfuil ‘comhthionól’ uirthi—an pictiúr cáiliúil a dhein Francis Wheatley de Henry Grattan agus é ag cur de sa seantigh i bhFaiche an Choláiste ina measc—tá dhá phictiúr de Theach na dTiarnaí in Westminster a phéinteáil Sir John Lavery sa rannóg dar teideal ‘fianaise’. Má tá loighic ag baint leis an rangú a deineadh ar na pictiúir, ní léir domsa é. Tá éidreoir agus easpa leanúnachais dá réir ar an taispeántas: níor tháinig sé le chéile domsa agus bhraitheas nach raibh ann ach cnuasach pictiúr a bhí scaipthe, go randamach nach mór, trí chúig sheomra. Thairis sin, chuir sé as dom nár deineadh dealú soiléir idir na saothair ar léaráidí iad de radharc a chonaic an t-ealaíontóir lena shúile féin, agus saothair eile nach raibh de bhunús leo ach samhlaíocht an ealaíontóra. B’fhéidir nach bhfuil an t-idirdhealú sin tábhachtach san ealaín ach is idirdhealú bunúsach é don staraí: más féidir glacadh le pictiúir ón gcéad aicme mar fhianaise don stair, ní thugann pictiúir den dara aicme eolas ar bith dúinn i dtaobh na n-ábhar atá léirithe iontu—cé go bhféadfaidís léargas a thabhairt dúinn ar mheon na linne inar cruthaíodh iad.

Pictiúir ón taispeántas: Pádraig Naofa, Grattan, Cluain Tarbh, an Bhóinn, Seoirse IV

     Mar a scríobhas thuas, chuir an taispeántas coimhthíos orm. Is áirithe go bhfuil léargas ar stair na hÉireann le fáil ann, ach is léargas é atá éagsúil ar fad le tuiscint na nGael ar stair na tíre. Ní gá gur drochrud é sin, ar ndóigh, ach caithfear ceann a thógáil dó. Nuair a scrúdaíos an dearcadh a bhí ag an gcoitiantacht ar an stair sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, dheineas amach go raibh sé théama lárnach sa leagan den stairsheanchas a raibh glacadh leis i measc lucht labhartha na Gaeilge:
Naomh Pádraig agus an ré órga a lean bunú na Críostaíochta nuair a thuill ‘oileán na naomh’ cáil ar fud na hEorpa; ionradh na Lochlannach, ansmacht Thurgéisius, agus laochas Bhriain Bhóramha a thug a anam chun an tír a fhuascailt; mígheanmnaíocht Dhiarmaid ‘na nGall’, an feall a d’imir sé ar an tír, agus ionradh tubaisteach na Sasanach; mígheanmnaíocht Anraí VIII agus Eilís I agus an scrios a rinneadh ar an eaglais Chaitliceach agus ar Éirinn i rith an Reifirméisin; an troid chalma a rinne na Gaeil faoi cheannas Eoghain Rua Uí Néill ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ár a rinne Oliver Cromwell tar éis bhás Eoghain Rua; an troid chalma a rinne na hÉireannaigh faoi cheannas Phádraig Sháirséal ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ansmacht úr a bhí mar thoradh ar bhua Uilliam Oráiste.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 166.
Má chuirimid na téamaí thuas i gcomórtas leis na pictiúir atá ar taispeáint in ‘Creating history: stories of art in Ireland’, chífimid go bhfuil bearnaí suntasacha sa taispeántas. Tá dhá phictiúr de Phádraig istigh: ‘Rí Chaisil á bhaisteadh ag Pádraig Naofa’ le James Barry (c.1801) agus ‘Pádraig Naofa ag dreapadh Cruach Phádraig’ le Margaret Clarke (1932). Bheifí ag súil leis seo ós rud é gur ghlac an eaglais bhunaithe le cultas an éarlaimh náisiúnta. Mar an gcéanna, tá pictiúr dar teideal ‘Cath Chluain Tairbh’ le Samuel Watson (1844) sa taispeántas: níor bhain mórán conspóide riamh le heachtraí stairiúla a thit amach roimh an mbliain 1169. Maidir le teacht na nGall, tá an pictiúr cáiliúil le Daniel Maclise dar teideal ‘Pósadh Aoife le Strongbow’ (1854) istigh, ní nach ionadh ós rud é gur cuid de chnuasach an Ghailearaí Náisiúnta é. Ach is pictiúr é seo a mhórann caithréim na n-ionróirí; go deimhin, bhí sé i gceist i dtús báire é a chrochadh sa pharlaimint in Westminster mar theastaigh ó na feisirí an foirgneamh a mhaisiú le pictiúir a thaispeánfadh ‘the acquisition of the countries, colonies and important places constituting the British Empire’. Níor glacadh le hiarracht Maclise sa deireadh thiar: thiocfadh dó go raibh an iomarca corpán le feiscint ann, rud a chruthaigh ‘a painful and actually unpleasant impression ... which the remainder of the picture is unable to overcome’ dar le criticeoir ealaíne an Morning Chronicle, nuachtán Sasanach a thacaigh le páirtí Liobrálach na linne. Níl aon cheo sa taispéantas ar an Reifirméisin ná ar dhíscaoileadh na mainistreacha; níl radharc ar cheachtar den dá Aodh; agus má tá pictiúir de Chath Chionn tSáile a dhein ealaíontóir neamhaithnid sa 17ú céad istigh, níl ann ach léaráid den bhua a rug an Tiarna Mountjoy ar na Gaeil. Níl tásc ná tuairisc ar chogadh na Comhdhála, ar Eoghan Rua, ná ar an Lord Protector sa taispeántas ach an oiread. Agus maidir le Cogadh an Dá Rí, tá pictiúr dí-ainm ón 17ú céad d’Uilliam III ag teacht i dtír i gCarraig Fhearghusa agus ‘Cath na Bóinne’ le Jan Wyck (1693) ó chnuasach an Ghailearaí Náisiúnta istigh, mar aon leis an bpictiúr de ‘chúlú straitéiseach’ Shéamais II le Gow (1888) a luadh cheana. Ná bígí ag súil le spléachadh ar an Sáirséalach ná ar léigear Luimnigh nó beidh díomá oraibh! Insint na fírinne, anuas go dtí an 19ú céad is é dearcadh na nGall amháin a bhí le fáil sa phéintéireacht a deineadh ar Éirinn—ní bheadh sé ceart ‘péintéireacht na hÉireann’ a scríobh mar is ealaíontóirí ón gcoigríoch a dhein cuid mhór di: is cosúil nár leag Wyck ná Gow cos in Éirinn riamh, mar shampla, agus níor chaith Wheatley ach ceithre bliana dá shaol sa tír seo.

Leathnú na healaíne sa 19ú céad: Ó Conaill, dhá dhíshealbhú, Rockites, dúchan na bprátaí
     Is fíor gur tháinig athrú ar chúrsaí de réir a chéile ach ba mhall an próiseas é: ón dara ceathrú den 19ú céad amach ba léir go raibh ealaíontóirí gairmiúla ag tabhairt níos mó airde ar théamaí a bhain leis an bpobal dúchasach. Mar shampla, léiríodh an fhaicseanaíocht, an bhabhláil, an damhsa tuaithe, díshealbhú tionontaí, agus dúchan na bprátaí i saothar Daniel Macdonald (1820-53). Timpeall an ama chéanna, thaispeáin Daniel Maclise na Rockites, ceann de rúnchumainn na linne, i bpictiúr dá chuid; phéinteáíl Joseph Haverty (1794-1864) an dream a labhair ag ceann de na hollchruinnithe a d’eagraigh Ó Conaill; agus phéinteáil Robert George Kelly (1822-1910) pictiúr eile de theaghlach a bhí curtha as a dtigh. Ach má leathnaigh dearcadh na n-ealaíontóirí agus réimse na n-ábhar a roghnaíodar, ba threise i gcónaí an bhéim a cuireadh a théamaí impiriúla. Seo mar a scríobh Brendan Rooney in aiste leis atá i gcló i gcatalóg an taispeántais:
Nineteenth-century artists’ occasional forays into nationalist territory were invariably counterbalanced or outnumbered on exhibition by conventional canvasses bolstering the political and military status quo, and endorsing union with Britain. Subjects drawn from specifically English and Scottish history adorned Irish exhibition walls as well ... Normans, Plantagenet monarchs, Roundheads and Scottish Covenanters all provided Irish artists with a bountiful supply of dramatic subject matter.
Breandan Rooney (eag.), Creating History: Stories of Ireland in Art (Baile Átha Cliath, 2016), 12-13.
Níl sé deacair an claonadh seo a mhíniú: ‘an té a íocfas an píobaire, is é a ghlaofas an port’ mar adeir an seanfhocal. Nó, lena rá i bhfocail eile, ‘an té a cheannós pictiúr, is é a roghnós ábhar an phictiúir’.

Leabhair faoi ealaín na hÉireann a gcuirfidh an staraí suim iontu

     Ní fhéadfaí bheith ag súil lena mhalairt i gcás téama ar bith a raibh impleachtaí polaitiúla ag baint leis—rud a bhí fíor i gcás mórán eachtraí stairiúla ón mbliain 1169 i leith. Ach is beag aird a thug ealaíontóirí ar ghné ar bith de shaol an phobail roimh an 19ú céad. Bhí taispeántas eile a bhain le cúrsaí staire ar siúl sa Ghailearaí Náisiúnta deich mbliana is an tráth seo: A time and a place: two centuries of Irish social life an teideal a bhí air: thaitin sé go mór liom—ó thaobh na haeistéitice agus ó thaobh na staire de—agus cuireadh catalóg galánta amach is fiú a cheannach. Tá caibidlí ann ar ghnéithe éasgúla de shaol an phobail: ceol agus damhsa; spórt; creideamh; caitheamh aimsire; aonaigh, margaí agus féilte; agus tuilleadh nach iad. Ach dá fheabhas é taispeántas na bliana 2006, bhí tréimhse chúng staire faoi chaibidil ann: ní raibh ach dhá chéad bliain i gceist. Ní fhéadfaí dul siar níos faide ná sin mar níorbh fhiú le healaíontóirí an 18ú céad a gcuid ama a chur amú ag péinteáil an daoscair dhaonna nárbh acmhainn dóibh portráidí ola a choimisiúnú. Cuireadh an fhíric sin ar mo shúile dom níos luaithe i mbliana nuair a d’iar Cló Ollscoile Chorcaí orm léaráid a aimsiú a d’oirfeadh do chlúdach leabhair liom atá le foilsiú go luath. The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland is teideal don leabhar, agus theip scun scan orm teacht ar phictiúr daite den choitiantacht i gceantar tuaithe a péinteáladh le linn an 18ú céad. Ar ámharaí an tsaoil, tagann insint an leabhair anuas chomh fada leis an mbliain 1844, rud a lig dom mionghné de pictiúr a dhein Maria Spilsbury Taylor (1776-1820) timpeall na bliana 1816 a úsáid—le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann mar a bhfuil an pictiúr de phátrún Chaoimhín i nGleann Dá Loch ar caomhnú anois.

Clúdach an leabhair agus an pictiúr ar baineadh an léaráid as

     Is seanrá é ag an bpointe seo gurb é an friotal seachas an fhíor, an dréacht seachas an dealbh, an chluas seachas an tsúil, atá lárnach i gcultúr na hÉireann. Ní mise an duine a déarfaidh a mhalairt.

Aucun commentaire: