25/03/2017

Seoladh leabhair

An t-óráidí, an leabhar atá le seoladh, agus an láthair

Tá na socruithe déanta anois le haghaidh sheoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, agus tá áthas orm gurb é Alan Titley, iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, duine de na húdair is céimiúla agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair, agus colúnaí seachtainiúil de chuid an Irish Times, a bhrisfidh an buidéal seaimpéine.

     Seolfar an leabhar Dé Máirt, an 11 Aibreán 2017 ag 6.00 p.m. i gceannáras Acadaimh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, BÁC 2.

     Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte is fiche roimh léitheoirí Chúrsaí Staire ag an ócáid.


2 commentaires:

  1. Gach uile rath don ocáid, a Vincent,
    Ar an drochuair, níl mé in Éirinn faoi láthair.
    Guím rath díolacháin ar an leabhar.

    Fearn

    RépondreSupprimer
  2. Go raibh maith agat a Fhearn: táim buíoch díot as an dea-ghuí.

    RépondreSupprimer