13/04/2018

Tús maith?

‘Tús maith leath na hoibre’, más fíor don seanfhocal ...

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo i mí na Nollag sa bhliain 2015, thugas le fios go raibh sé beartaithe agam stair na hÉireann a scríobh ón tús go dtí an lá atá inniu ann. Tig liom a rá anois go bhfuil tús curtha leis an obair agus go bhfuil an chéad dréacht den chéad chaibidil, ina bhfuil cuntas ar an réamhstair, beagnach réidh. Foilseofar sleachta as an leabhar anseo ó am go chéile de réir mar a théann an obair ar aghaidh. Is fearr tosú ag an tús: anseo thíos tá an chéad mhír as an leabhar. Níl na fonótaí curtha isteach anseo.

Is ó 'tor Breoghain san Galisia' a sheol clanna Míle go hÉirinn

Caibidil 1: An Réamhstair


Más fíor an cuntas i Leabhar Gabhála Éireann, ba í Ceasair, iníon Bheatha mhic Naoi, an chéad duine a leag cos in Éirinn. Tháinig sí féin agus a lucht leanúna i dtír ag Dún na mBárc, daichead lá roimh an Díle inar bádh an cine daonna go léir seachas Naoi, a thriúr mac agus a gcuid ban. Bhí Éire gan áitritheoirí go ceann trí chéad bliain eile sular ghabh muintir Pharthaláin an t-oileán, ach mharaigh pláigh an dream úd agus fágadh an chríoch ina fásach arís. Bhain clann Neimhidh Éire amach tríocha bliain dár gcionn, agus chaitheadar ceithre chéad bliain ina gcónaí abhus, ach b’éigean dóibh teitheadh thar lear sa deireadh chun éalú ó ionsaithe na bhFomhórach. Bhí an t-oileán bánaithe ar feadh dhá chéad bliain sular fhill na Fir Bholg, cine a shíolraigh ó chlann Neimheadh, faoi cheannas Shláine mhic Deala. Ba é an Sláine seo an chéad rí a bhí riamh ar Éirinn. Níor mhair flaitheas na bhFear Bolg ach seacht mbliana is tríocha, áfach, mar bhris Tuatha Dé Danann, cine eile a shíolraigh ó chlann Neimheadh, cath orthu ag Maigh Tuireadh. Dhá chéad bliain nach mór a mhair gabháltas Thuatha Dé Danann. Tharla go raibh flaitheas na ríochta roinnte idir Mac Gréine, Mac Céacht agus Mac Coill – triúr ríthe a bhí pósta ar na banríonacha Éire, Fódla agus Banba – nuair a bhuaigh clanna Míle orthu i gcath Tailltean. Chuir na Gaeil, faoi cheannas Éibhir agus Éireamhóin, ruaig ar Thuatha Dé Danann agus ghabhadar seilbh ar an tír sa bhliain 1700 RCh, más féidir brath ar an áireamh in Annála Ríochta Éireann.

     Níl sa mhéid thuas ach miotais ó thús deireadh, ar ndóigh, cé gur miotais iad a chreid bunadh na hÉireann ar feadh i bhfad. Diaidh ar ndiaidh, tá modhanna nua taighde ag tabhairt léargais dúinn ar shaol na nglún a mhair in Éirinn sa réamhstair – is é sin le rá, sa deich míle bliain idir deireadh na hoighearaoise agus an 5ú céad. Is ag brath ar fhianaise na seandálaíochta atáimid go príomha chun eolas a chur ar chúinsí beatha na ndaoine ón tsean-chlochaois anuas go dtí an iarannaois dhéanach, tráth a raibh na Gaeil i dteagmháil le himpireacht na Róimhe. Is í an tochailt an modh taighde is bunúsaí sa tseandálaíocht: déantar taisí daonna agus déantúsáin a nochtadh, scrúdaítear iarsmaí na dtithe agus na rianta a d’fhág feirmeoirí luatha ar an talamh, déantar staidéar ar shéadchomharthaí na réamhstaire. Is mór an cuidiú é dul chun cinn na teicneolaíochta: fágann an dátú carbóin agus an dátú fáinní crainn gur féidir dátaí cruinne a chur le foirgnimh adhmaid agus le hábhair orgánacha eile; tugann an anailís phailine eolas ar athruithe a tharla de bharr cúrsaí aeráide nó de bharr shaothrú na talún; is minic a léiríonn fótagrafaíocht ón aer láithreacha seandálaíochta a bhí dofheicthe ón talamh. Ach thar aon rud eile, tá an fhorbairt rábach a tháinig ar theicnící na géinitice le blianta beaga anuas tar éis cruth nua a chur ar an tuiscint atá againn ar réamhstair na hÉireann agus ar réamhstair na hEorpa trí chéile.

     Tá sé ar chumas na ngéineolaithe anois próifíl DNA a bhaint as cnámha daoine a fuair bás na mílte bliain ó shin. I gcás taisí na bhfear, is féidir leo anailís a dhéanamh ar DNA an Y-chrómasóim—an crómasóm gnéis fireann a thagann anuas ó athair go mac sa líne athartha amháin. Mar an gcéanna, is féidir leo anailís a dhéanamh ar DNA na mitreacoindrí – míreanna beaga DNA atá suite lasmuigh de núicléas na cille agus a thagann anuas ó mháthair go páiste sa líne mháthartha amháin. Úsáidtear na teicnící cumhachtacha seo chun géanóim a bhí ag daoine a mhair na mílte bliain ó shin a chur i gcomórtas le chéile, agus an gaol a bhí idir pobail a mhair i gcríocha éagsúla nó i dtréimhsí éagsúla a shoiléiriú. Is féidir aistriú na bpobal (agus aistriú na n-ainmhithe a thógadar leo) a leanúint i rith na réamhstaire, rud nárbh fhéidir a shamhlú go dtí le deireanas. De réir mar a thagann an fhianaise ghéiniteach chun solais, tá seanteoiricí na seandálaithe á leasú agus seancheisteanna á réiteach. Íorónta go leor, tá cosúlachtaí nach beag idir an tuiscint is déanaí ar an réamhstair agus insint an Leabhair Ghabhála: glactar leis anois gur lonnaigh ciníocha éagsúla in Éirinn agus gur thit an daonra siar ar uairibh. Má bhí trácht ag seanchaithe ar na Fir Bholg, ar Thuatha Dé Danann agus ar shliocht Míle anallód, is iad Sealgairí an Iarthair, na Curadóirí Luatha, agus an Cultúr Yamnaya a bhíonn faoi chaibidil ag scoláirí na linne seo.

     Tá an réamhstair roinnte i gcúig aois ag na seandálaithe le fada. Is scéim í a bunaíodh ar na céimeanna ba shainiúla i bhforbairt an chultúir ábharaigh, ach thaispeáin an ghéineolaíocht le blianta beaga anuas go raibh dlúthbhaint ag an imirce le dul chun cinn na teicneolaíochta go minic. Seo iad na haoiseanna atá i gceist: an tsean-chlochaois; an mheán-chlochaois, a thosaigh nuair a tháinig feabhas ar an aimsir in Éirinn timpeall deich míle bliain ó shin; an nua-chlochaois, a thosaigh nuair a bhain na chéad fheirmeoirí an t-oileán amach beagnach sé mhíle bliain ó shin; an chré-umhaois, a thosaigh timpeall na bliana 2400 R.Ch.; an iarannaois, a mhair idir 700 R.Ch. agus an 5ú céad nuair a chuir teacht na litearthachta tús leis an ré stairiúil. Ní stair go scríobh. Tabharfar gearrchuntas ar aoiseanna na réamhstaire anseo thíos.

Mar a shamhlaítear an suíomh ag Pincevent


An tsean-chlochaois


Beagán le cois daichead míle bliain ó shin, bhain baill dár speiceas féin, Homo sapiens, an Eoraip amach. Bhí baill de speiceas gaolmhar, Homo neanderthalensis, ina gcónaí sa mhór-roinn le ceathrú milliún bliain roimhe sin agus is cosúil gur mhair an dá dhream taobh le taobh ar feadh cúpla míle bliain sular imigh na Néandartálaigh in éag ar chúis nach dtuigtear. Tharla crosphórú idir an dá speiceas, áfach, agus áirítear go bhfuil bunús Néandertálach le 2 faoin gcéad de ghéanóm Eorpaigh na linne seo – rud nach bhfuil fíor i gcás na nAfracach.

     Timpeall 35,000 míle bliain ó shin thosaigh aeráid na hEorpa ag fuarú agus leathnaigh sruthanna oighir aduaidh ó na críocha Artacha: b’éigean don chine daonna tuaisceart na hEorpa a thréigean agus cúlú i dtreo críocha na Meánmhara. Níl aon fhianaise ann go raibh daoine ag maireachtáil in Éirinn sular athraigh an aeráid; ach má bhí, bheadh orthu aistriú ó dheas de réir mar a chuaigh an aimsir in olcas. San achar ab fhuaire den oighearaois, tuairim is 25,000 míle bliain ó shin, ceaptar go raibh gach cearn d’Éirinn clúdaithe le brat oighir a bhí 500 méadar ar tiús in áiteanna. Thosaigh an  aeráid ag téamh arís thart ar 16,000 bliain ó shin.  Bhí an oiread uisce i dtaisce san oighear go raibh dromchla na mara 120 méadar faoi bhun leibhéal an lae inniu nuair a thosaigh an t oighear ag leá, rud a d’fhág go raibh talamh tirim idir oirdheisceart na hÉireann, iardheisceart na Breataine agus an Bhriotáin. De réir mar a chúlaigh an t-oighear, thosaigh plandaí agus ainmhithe ag leathnú ó thuaidh: ar na mamaigh a tháinig chomh fada le hÉirinn bhí an béar donn, fia mór na mbeann, an réinfhia, an mac tíre, an giorria agus an easóg. Bhog daoine aneas chomh maith: bhíodar níos moille ná na hainmhithe ach lean buíonta fiagaithe na tréada níos faide ó thuaidh de réir a chéile. Áirítear go raibh daoine lonnaithe sa Bhreatain in athuair 15,000 bliain ó shin.

     An lorg daonna is sine a aimsíodh in Éirinn go dtí seo, baineann sé leis an ré seo: is é atá ann pláitín glúine de bhéar ar fágadh rianta an sceana air nuair a bhí an fheoil á gearradh thart ar 12,700 bliain ó shin.  Is in uaimh i gContae an Chláir a thángthas ar an bhfianaise seo agus, ós rud é go bhfuil an láthair in iarthar tíre, dhealródh sé go raibh na daoine a mharaigh an béar ag cur fúthu in Éirinn. Cé nár aimsíodh déantúsáin ná taisí daonna ón tsean-chlochaois in Éirinn go fóill, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur bhain na céadáitritheoirí leis an gcine céanna a bhí ar fud iarthar na hEorpa ag an am: dream a dtugann na géineolaithe ‘Sealgairí an Iarthair’ orthu. Rinneadh tochailt seandálaíochta ag Pincevent na Fraince a thugann léargas dúinn ar dhálaí beatha na ndaoine seo. Bhí an láthair, atá suite ar bhruach abhainn na Séine, in úsáid ag buíon fiagaithe timpeall 12,300 bliain ó shin. Mhaireadh an dream seo i bpubaill chruinne a bhí trí mhéadar ó thaobh go taobh, le teallach os comhair gach doras. Tá sé le tuiscint ón dríodar a fágadh sa champa go mbídís ag déanamh uirlisí as breochloch atá le fáil gar don láthair. Is sa samhradh agus i dtús an fhómhair amháin a bhíodh an suíomh in úsáid, rud a thugann le fios go mbíodh tréada á leanúint ó áit go háit ag na fiagaithe. Réinfhianna is mó a mharaídís ag Pincevent, cé go n-ithidís éisc chomh maith. Thug na seandálaithe faoi deara nach raibh mórán easnacha i measc na gcnámh a fuarthas in Pincevent, agus ceaptar go leasaítí easnacha na réinfhianna le deatach agus go n-ití iad ar ball i gcampa geimhridh a raibh níos mó fothana ann. Ach más é sin an saghas saoil a chleacht céadáitritheoirí na hÉireann, tháinig deireadh tobann leis nuair a thosaigh an aeráid ag dul in olcas arís.

     Thit an teocht in Éirinn go grod nuair a chlis Sruth na Murascaille thart ar 12,600 bliain ó shin: ceaptar gurbh é leá an oighir i Meiriceá Thuaidh a chuir isteach ar an sruth san aigéan a bheireann uisce te ó Mhurascaill Mheicsiceo trasna an Atlantaigh chun iarthuaisceart na hEorpa a théamh. Nuair a múchadh an sruth tábhachtach seo, ghluais an t-oighear ó dheas arís agus d’fhás sruthanna oighir as an nua ar shléibhte na hÉireann.  Níor chlúdaigh an t-oighear gach cearn d’Éirinn an babhta seo, ach bhí na stráicí ísle talún nár clúdaíodh cosúil le tundra an lae inniu. Tháinig ainmhithe áirithe slán in ainneoin an fhuachta – an béar, an mac tíre, an giorria agus an easóg ina measc – ach bhí fia mór na mbeann agus an réinfhia ar na speicis a chuaigh in éag. Thréig daoine an chuid ba mhó den Bhreatain i rith na tréimhse sioctha seo agus níl ach caolseans go raibh áitritheoirí buana in Éirinn i rith an ama.

     D’fhill Sruth na Murascaille ar a chúrsa thart ar 11,700 bliain ó shin. Ba ghearr gur ardaigh an teocht ar fud iarthuaisceart na hEorpa arís. Chúlaigh an t-oighear don uair dheireanach agus d’ardaigh leibhéal na mara de réir a chéile. Bhí droichead talún fós ag nascadh na hÉireann leis an mBreatain agus scaip speicis nua trasna an droichid: orthu seo bhí an torc allta, an lincse, an sionnach, an cat fiáin, an dobharchú agus an luch, mar aon le mórán feithidí agus seilmidí. Ach níor éirigh le nathracha an turas ón mBreatain a dhéanamh. Mar an gcéanna, theip ar roinnt de na mamaigh ba mhó (an lon, an damh, an fia rua) agus ba lú (an vól, an dallóg fhraoich, an caochán) a bhí sa Bhreatain ag an am teacht go hÉirinn. Tacaíonn sé seo leis an tuairim gurbh eanach é an droichead idir an dá limistéar agus gur chuir an talamh bog bac ar ainmhithe a bhí an-trom nó an-bheag. Thairis sin, is ar éigean a bhí an droichead os cionn leibhéal na farraige agus bádh é de réir mar a leáigh an t-oighear. Thiocfadh dó gurbh oileán í Éire faoin mbliain 9000 RCh.

Aucun commentaire:

Enregistrer un commentaire