02/01/2012

Taibhsí ar foluain

Léirsiú i Moscó, mí na Nollag 2011
Nuair a chonaic mé pictiúir den slua mór a bhailigh i Moscó an tseachtain seo caite agus iad ag éileamh go n-éireodh Vladimir Putin as oifig, ní fhéadfainn gan suntas a thabhairt do na bratacha a bhí á n‑iompar acu. Mar a bheifí ag súil leis, bhí brat náisiúnta na Rúise (trí stiall chothrománacha: bán, gorm agus dearg) fairsing go leor. Níor thaise é do bhrat dearg an Aontais Shóivéadaigh, rud a mbeifí ag súil leis ós rud é gur chruthaigh an Páirtí Cumannach go maith i dtoghchán na míosa seo caite. Ach bhí bratach eile fós á hiompar ag mórán daoine, bratach nach raibh súil agam lena feiscint. Is í an bhratach atá i gceist agam brat sibhialta na himpireachta Rúisí ar a bhfuil trí stiall chothrománacha: dubh, órga agus bán. 

      Brat is ea é seo nach raibh stádas oifigiúil aige ón uair a thug an sár deireanach, Nioclás II, suas a choróin i Márta na bliana 1917. Is ar éigin má tá aon duine beo inniu a chonaic an brat impiriúil ar foluain nuair a bhí sé ina leanbh. Go deimhin, is cosúil nach raibh gean ró-mhór ag Rúisigh ar an mbrat ‘dubh-órga-bán’ an tráth sin féin: is ó mheirge pearsanta an tsáir (iolar dubh ar mhachaire órga) a tógadh dathanna bhrat sibhialta na himpireachta agus b’fhearr leis an gcoitiantacht bratach loingeas trádála na Rúise (bratach náisiúnta an lae inniu) nuair a bhí suaitheantas náisiúnta ag teastáil uathu. Bhíodh an dá bhrat in úsáid taobh le taobh sna blianta roimh 1917, ach ba choitianta go mór an dara ceann. Ní nach ionadh, roghnaigh an rialtas sealadach a tháinig i gcumhacht nuair a thit réimeas an tsáir an bhratach ‘bán-gorm-dearg’ mar bhratach náisiúnta, stádas a cailleadh arís ag deireadh na bliana céanna nuair a chuir réabhlóid eile bratach dhearg an tsóisialachais ina háit.

Черносотенцы (‘céadta dubha’) an lae inniu?
      Ach anois, is cosúil go bhfuil an bhratach leath-dhearmadta seo, bratach nach bhfuil cuimhne phearsanta ag aon duine atá beo uirthi, níos coitianta ná riamh ar shráideanna na Rúise. Tá feidhm léi, gan amhras, mar ní féidir míchiall a baint aisti mar shiombail. Ní dhéanfadh an bhratach náisiúnta cúis mar tá sí in úsáid ag Putin agus ag a chairde, na олигархи (‘olagarcaigh’)dream a dhein slad ar mhaoin an stáit. Agus más geal le lucht na heite clé an bhratach dhearg i gcónaí, ní mó ná sásta a bheadh lucht na heite deise léi. Bhí siombail eile ag teastáil ó ríogaithe cráifeacha a bhfuil cumha orthu i ndiaidh na sár, ó náisiúnaithe míleata ar mhaith leo impireacht (gan cheannlitir) Rúiseach a athbhunú, ó fhaisistigh oscailte, agus ó dhreamanna eile a shíleann go raibh ré órga ann sa Rúis uair éigin roimh 1917.

An sean (a bhí nua) agus an nua (a bhí sean)
      Ní hé seo an chéad uair le bliain anuas a d’aiséirigh bratach a bhí marbh ó uaigh na staire. Is é an sampla is soiléire den fheiniméan seo, bratach ríocht na Libia a bhí ar foluain arís os cionn chathair Benghazi laistigh de lá nó dhó nuair a thosaigh an t‑éirí amach i gcoinne réimeas Gathafi.  Bhí alt suimiúil ar an Irish Times ag an am inar labhair an sár-iriseoir Mary Fitzgerald le bean darb ainm Amal Shamal ar dhear a hathair an bhratach: ‘shíleas gur ag taibhreamh a bhíos nuair a chonac í ar dtús’ ar sise. Thuigfeá di, mar chuir Gathafi deireadh leis an mbratach a dhear a hathair chomh fada siar leis an mbliain 1969. Ach má bhí an bhratach imithe as amharc le breis agus daichead bliain, caithfidh gur mhair sí i gcuimhne an phobail i rith an ama: ní ghlacfaí léi chomh réidh ná chomh tapa is a glacadh murar bhraith an ghlúin óg – trodaithe nach raibh tagtha ar an saol nuair a tháinig Gathafi i gcumhacht – gur bhratach ‘cheart’ na tíre í.

Léirsiú i mbaile Amuda, an tSiria
      Agus tá sampla eile fós den fheiniméan le feiscint ar shráideanna na Siria le cúpla mí anuas: an tsean-bhratach a bhí in úsáid idir 1932 agus 1958, agus a tháinig ar ais sa tréimhse ghearr idir 1961 agus 1963, tá sí in úsáid arís ag lucht an fhreasúra atá ag iarraidh réimeas an pháirtí Ba’ath (‘aiséirí’) a bhaint dá chosa. Tá an bhratach le feiscint sa phictiúr thuas, ach má scrúdaítear an pictiúr go cúramach feicfear go bhfuil an bhratach mhór bun os cionn: ba chóir go mbeadh an stiall uaine in uachtar, mar atá ar na bratacha beaga, ach léiríonn leagan amach na réaltaí gurb í an stiall dhubh atá in uachtar. Is cosúil, leis, gur iompaíodh ceann de na bratacha beaga bun os cionn le go mbeadh na stiallacha san ord ceart, ach fágadh na réaltaí bun os cionn de bharr an leasaithe. Ní raibh cuimhne an phobail ró-chruinn sa chás seo, de réir dealraimh, ach is fada an t-achar é 48 mbliana. Is i mbaile Amuda a tógadh an pictiúr; baile is ea é atá suite i gceantar in oirthuaisceart na Siria ina bhfuil an pobal Coirdíneach líonmhar – rud is cúis leis an dá bhratach Choirdíneacha atá le feiscint sa chúinne uachtair ar dheis. Ach féach go bhfuil ceann de na bratacha úd bun os cionn chomh maith (an stiall dhearg is cóir a bheith in uachtar). Maireann cuimhne an phobail ar bhratacha toirmiscthe ar feadh i bhfad, mar sin, ach éiríonn an chuimhne doiléir le himeacht ama.


Dhá thaibhse nár shiúil anuraidh
      Bhí páirt thábhachtach ag madra ‘nár lig glam as i rith na hoíche’ i gceann de na scéalta faoin mbleachtaire cáiliúil Sherlock Holmes. Mar an gcéanna, is suntasach an ní é go bhfuil sean-bhratach nó dhó ann nach bhfacthas tásc ná tuairisc orthu i rith ‘earrach na nArabach’ anuraidh. Ceann acu seo is ea sean-bhratach uaine na hÉigipte a bhí in úsáid idir 1923 agus dáta éigin i lár na 1950í (úsáideadh é ar feadh cúpla bliain tar éis na réabhlóide a chuir deireadh leis an ríocht sa bhliain 1952). Bratach eile nach bhfacthas i mbliana ná an bhratach dhearg a bhí ina bhratach náisiúnta ag Éimin anuas go dtí 1962 nuair a cuireadh deireadh leis an ríocht ansiúd; ina dhiaidh sin arís, bhí sí in úsáid ag lucht leanúna an rí i gcogadh cathartha nár chríochnaigh go dtí 1970. Cén fáth nach bhfacthas iad? Is é an tátal a bhainim as an scéal, nach bhfuil aon chumha ar phobail na dtíortha úd i ndiaidh na sean-réimeas: ní raibh i ríocht na hÉigipte riamh ach puipéad faoi stiúir na Breataine, agus ba gheall le sochaí ón Meánaois í Éimin faoin seanreacht. Ní cúis mhór iontais é nach bhfuil fonn ar phobail an dá thír brat dearg-bán-dubh na réabhlóide Arabaí a stríocadh, is cuma cé chomh bréan is atá siad de na ceannairí atá i gcumhacht faoi láthair.

Aucun commentaire:

Enregistrer un commentaire