22/01/2012

Tíortha iasachta

‘The past is a foreign country: they do things differently there.’ B’shin mar a chuir an t-úrscéalaí Sasanach L. P. Hartley tús le The Go-Between, an leabhar is mó cáil leis. Is éifeachtach an meafar é agus sílim gur féidir aguisín beag a chur leis: más tír iasachta é an t-am atá imithe, ní foláir don staraí dhá náisiúntacht a bheith aige. An staraí maith, bíonn sé sa bhaile in dhá aois éagsúla—san aois is ábhar staidéir dó agus san aois ina maireann sé. An staraí nach bhfuil cur amach aige ar chultúr na ndaoine a bhfuil sé ag déanamh staidéir orthu, ní thuigfidh sé a n-iompar; an staraí nach bhfuil cur amach aige ar chultúr a linne féin, ní chuirfidh sé torthaí a chuid taighde i gcion ar a chuid léitheoirí.

      Rith na smaointe thuas liom i rith shaoire na Nollag nuair a léas trí úrscéal stairiúla agus nuair a bhreathnaíos roinnt scannán ar DVD a raibh téamaí stairiúla leo. Ní saothair scolártha iad na saothair atá i gceist agus glacaim leis gur chóir slat tomhais na litríochta nó na scannánaíochta seachas slat tomhais na staire a úsáid lena meas, ach caithfidh mé a rá gur chuir líon na mbotún staire i gceann amháin de na húrscéalta iontas orm.

Leabhar Breac 2, Faber & Faber 0


      Is é an leabhar atá i gceist agam úrscéal nua-fhoilsithe dar teideal Death Comes to Pemberley a scríobh P. D. James, údar a bhain cáil amach le sraith úrscéalta ar an mbleachtaire Adam Dalgliesh. Dúnmharú mistéireach is ábhar don leabhar is déanaí léi, ní nach ionadh, ach an babhta seo tá an scéal suite i Sasana sa bhliain 1803. Príomhphearsana an leabhair, is pearsana iad a tógadh ó leathanaigh Pride and Prejudice. Níl an soilbhreas ná an aoir a shamhlaítear le scríbhinní Jane Austen le brath ar an leabhar seo, áfach, agus níl mórán téagair sa phlota féin. Ní chuige sin atáim ach chuige seo: go bhfuil an leabhar breac le botúin mhí-aimseartha. Is é an sampla is suntasaí de sin na tagairtí iomadúla do ‘police’ sa chiall ‘póilíní’: ‘taken away under police escort’ (lch 95), ‘until the police investigation is finished’ (lch 148), ‘the police have been searching assiduously’ (lch 197), etc. Cé go raibh an focal le fáil sa Bhéarla ag an am, ní fórsa póilíneachta a bhí i gceist leis ach gníomhaíocht. Seo é an t-aon sainmhíniú a bhí ag Samuel Johnson ar an téarma ina fhoclóir: ‘the regulation and government of a city or country, so far as regards the inhabitants’. Maidir le fórsa póilíneachta, ní raibh a leithéid i Sasana go dtí an bhliain 1829 nuair a bunaíodh an Metropolitan Police i Londain. Glacadh leis an bhfocal sa chiall nua de réir mar a bunaíodh fórsaí áitiúla eile ar mhúnla an 'Met' sna blianta dár gcionn.

      Tá botúin mhí-aimseartha eile sa leabhar ar lú a dtábhacht ach a bhaineann dá éifeacht. Lastar coinneal le lasáin (lch 107) cé nach raibh lasáin le fáil roimh na 1830í. Bhraith Elizabeth Bennet gur ‘citizens of the most civilised country in Europe’ (lch 51) iad muintir Shasana cé gur ghéillsinigh iad seachas saoránaigh—coincheap poblachtach a shamhlódh Sasanaigh na linne sin leis na Francaigh a scoith a bplaicide de Louis XVI agus dá bhanríon. Scaoil fear amháin rois piléar le piostal (‘I took his pistol and fired several shots at what I thought was a fleeing figure’, lch 244) cé gurbh éigean piostail na linne a athluchtú sula bhféadfaí an dara piléar a scaoileadh. Chuaigh bean áirithe ar imirce go dtí Williamsburg, Virginia, áit ar chuir sí aithne ar ‘some of the officers and their wives stationed in an army garrison near the city’ (lch 300) cé nach raibh arm seasta ag na Stáit Aontaithe ag an am, fág cór beag airtléire as an áireamh—mór idir na haimsearaibh!

      Chuir sé ionadh orm gur lig eagarthóirí Faber and Faber, ar ceann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is gradamaí i saol an Bhéarla é, an oiread sin botún i gcló. Chuir an leabhar le P. D. James nath L. P. Hartley i gcuimhne dom, agus mheabhraigh sé dom go bhfuil mórán daoine ar na saolta seo—daoine éirimiúla a bhfuil caighdeán ard oideachais orthu—ar beag a dtuiscint ar an stair. Daoine is ea iad a chaitheann a saol san aois seo, agus san aois seo amháin.

      Ba é Death Comes to Pemberley an chéad leabhar a léas i rith shaoire na Nollag agus bhí imní áirithe orm go mbeadh tuilleadh mí-aimsearthachta fós le fáil sa dá úrscéal eile a bhí ceannaithe agam: An Litir le Liam Mac Cóil agus Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi. Níor chall dom bheith buartha. D’éirigh le Liam Mac Cóil saol agus meon an 18ú céad a athchruthú go paiteanta san úrscéal leis dar teideal Fontenoy a foilsíodh sa bhliain 2005 agus tá a chómhaith déanta aige don 17ú céad sa leabhar is déanaí leis—leabhar atá suite sa bhliain 1612 ag tráth cinniúnach i stair na tíre seo nuair a bhí Gaeil agus Sean-Ghaill ag druidim i dtreo aontachta. Léirítear pearsana stairiúla sa leabhar ar bhealach atá inchreidte—an tEaspag Conchúr Ó Duibheannaigh, mar shampla, nó Patrick Darcy, fear óg a bheadh ina fheisire agus ina dhlíodóir mór le rá ar ball (chuirfeadh an sloinne Galldaithe sin Jane Austen i gcuimhne do dhuine ach is é ‘Ó Dorchaí’ a bhí air ó cheart). Ní hamháin sin, ach ní chuirfeadh plota eachtrach an leabhair náire ar leithéidí Alexandre Dumas ná Robert Louis Stevenson. Má tá easnamh ar An Litir, baineann sé le stíl seachas le hábhar: dhein an t-údar seo aithris mhaith ar Ghaeilge an 18ú céad in Fontenoy ach níor dhein sé iarracht teanga an 17ú céad a thabhairt leis san úrscéal seo. Ba chuma san i gcás trácht an reacaire, ach b’fhearr liom é dá mbeadh Gaeilge na linne le cloisint ó phearsana an leabhair. Ní móide go ndéarfaí ‘b’fhearr duit dul go dtí í’ (lch 121) sa 17ú céad, cuirim i gcás, ná ní dóigh liom go n-úsáidfeadh ball den aos dána an leagan déshiollach ‘léannta’ (lch 138) i ndán siollach. Ach is deacair aon rian den mhí-aimsearthacht a aimsiú sa saothar cumasach seo má fhágtar an teanga féin as an áireamh - cé nach gcreidim go dtabharfaí ‘the language of Shakespeare’ (lch 246) ar an mBéarla chomh luath le tús an 17ú céad.

      Ós rud é go bhfuil an 14ú céad ‘lasmuigh de mo thréimhse’ (mar adeir lucht na staire) níor mhaith liom a áiteamh gur éirigh le Máire Mhac an tSaoi saol agus meon an 14ú céad—gan trácht in aon chor ar fhíricí na staire—a thabhairt léi go cruinn in Scéal Ghearóid Iarla, ach sílim gur chruthaigh sí leagan den aois sin atá inchreidte ó thús go deireadh. Is ionar gan uaim é an leabhar beag seo agus cuireann Gaeilge na gcarachtar (‘caint na gcarachtar’ ba chirte a rá mar cloistear corr-abairt Fhraincise, Bhéarla nó Laidine uathu chomh maith) go mór le héifeacht an téacs. Ní hé go mbaineann Máire Mhac an tSaoi úsáid as an nGaeilge chlasaiceach—ba mheán liteartha seachas urlabhra í sin—ach cleachtann sí stíl cainte atá sean-aimseartha go leor chun riachtanais an réalachais a shásamh gan léitheoirí an lae inniu a chur ó dhoras. Ní bhíonn saoi gan locht, áfach, agus táim cinnte nach leomhfadh tiarna ná taoiseach ‘sean gach bídh agus nua gach dí’ (lch 17) a thabhairt do Ghofraidh Fionn Ó Dálaigh ...

      Ní déarfaidh mé mórán faoin dá DVD a bhreathnaíos mar is sean-scannáin iad um an dtaca seo: Jefferson in Paris le James Ivory ón mbliain 1995 agus The Wind that Shakes the Barley a stiúraigh Ken Loach sa bhliain 2006. Níl uaim anois ach aird a tharraingt ar bhotúin mhí-aimseartha a thugas faoi deara iontu.

Bhí Jefferson chun tosaigh leis an gcóras méadrach


      Baineann an chéad scannán leis an seal a chaith Thomas Jefferson ina ambasadóir i bPáras sna blianta 1785-9. Ghlac an scannán leis go raibh caidreamh collaí ag Jefferson le sclábhaí óg dá chuid, Sally Hemings, agus gurbh eisean athair a clainne – fíric a chruthódh an tástáil DNA ar ball ach fíric a bhí fós á séanadh ag mórán staraithe i Meiriceá nuair a deineadh an scannán. (Níor mhiste a lua gur ghlac fear céile Mháire Mhic an tSaoi, Conor Cruise O’Brien, leis go raibh an scéal fíor i leabhar leis dar teideal The Long Affair: Thomas Jefferson and the French Revolution, 1785-1800, saothar a foilsíodh sa bhliain 1996.) Is fiú breathnú ar an scannán: tá simpliú áirithe i gceist mar a bhíonn i gcónaí nuair a mheasctar an stair agus an scannánaíocht ach tá an dearadh ar fheabhas, tá an fuaimrian go hálainn, agus níl caill ar an aisteoireacht. Thugas botún beag faoi deara áfach: nuair a chuaigh Jefferson chun éadach a cheannach do Sally (sa Palais Royale de réir dealraimh) deineadh é a thomhas i méadair—aonad nár tionscnaíodh go dtí an bhliain 1795. Ba é an ‘aune’ (‘eil’ i nGaeilge, ‘ell’ i mBéarla) an t-aonad cuí sa bhFrainc i ré an ancien régime.

Contae na reibiliúnach sa bhliain 1922 ...


      Níl an dara scannán, ‘The Wind that Shakes the Barley’, scannán faoi chogadh na saoirse in Éirinn, chomh maith céanna: tá cuid den aisteoireacht lag go leor agus tá an iomarca scaothaireachta ann. Is cosúil nach dtuigeann Ken Loach gur fearr go mór cúrsaí a léiriú ná a mhíniú agus gur meán físe seachas meán cainte é an scannán go príomha. Bíodh sin mar atá, tá an dearadh go maith tríd is tríd, cé gur eisceacht annamh é an radharc thuas: tá fógra le feiscint ann a clóbhuaileadh leis an gcló Gaelach darb ainm ‘Corcaigh’. Cén dochar, ach is cló é ‘Corcaigh’ nár dhear Michael Everson go dtí an bhliain 1997!

... agus 'Corcaigh' an lae inniu