16/02/2012

Crann nó éan?

Eric Hobsbawm

Níor bhuaileas le Eric Hobsbawm ach uair amháin i mo shaol ach mothaím go bhfuil aithne agam air leis na cianta.

      An chéaduair a chualas trácht air, bhíos i mo mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sna 1970í. Níorbh í an stair an t-ábhar staidéir a bhí agam an tráth úd, áfach, ach an eolaíocht. Tharla go rabhas i mo bhall den Chumann Sóisialach sa choláiste agus thug ball eile den chumann leabhar le Hobsbawm dom ar iasacht. Is é a bhí ann an leabhar dar teideal The Age of Revolution 1789-1848 agus bhíos sásta súil a chaitheamh thairis toisc go raibh sé molta go hard ag an té a thug dom é. Léas é i rith shaoire na Nollag agus b’fhiú an tairbhe an trioblóid: leabhar léannta deascríofa is ea é a thugann léargas maith ar mhór-imeachtaí na tréimhse in dhá réimse den saol – an pholaitíocht agus an eacnamaíocht. Mar a bheifí ag súil leis ó údar Marxach, mhaígh Hobsbawm go raibh an dá réimse sin fite fuaite le chéile: mhínigh sé sa réamhrá gurbh é an sprioc a chuir sé roimhe tionchar an ‘dual revolution’ ar stair na hEorpa a léiriú: is é a bhí sa ‘réabhlóid dhéach’ seo cumasc den réabhlóid dhaonlathach a leathnaigh ón bhFrainc amach, agus den réabhlóid thionsclaíoch a leathnaigh ó Shasana amach. Bhí staidéar géarchúiseach déanta ag Hobsbawm ar an mbonneagar ábhartha, ar imeachtaí polaitiúla, ar smaointeachas an aosa intleachta – is é sin le rá, ar an athrú, ar an bhforás, ar an dul chun cinn mar a shamhlaítear iad le cabhair na hiarthuisceana. Ach in ainneoin sin, bhraitheas go raibh easnamh mór ar an saothar.  B’fhéidir go léireoidh an sliocht seo a leanas ó chonclúid an leabhair an laige a bhain lena chur chuige teileolaíoch:
The régimes of 1815 had to go sooner or later. They knew it themselves. The consciousness that ‘history was against them’ sapped their will to resist, as the fact that it was sapped their ability to do so.
Dá mba fhíor é sin, ní fhéadfaí a thuiscint cén fáth nár éirigh le réabhlóidí na bliana 1848! Is dlúthchuid den saol é an t-athrú, ar ndóigh, agus glacaim leis go dtiocfaidh deireadh le gach rud faoin spéir luath nó mall, ach níl aon toil ag an stair agus is dlúthchuid den saol é an leanúnachas chomh maith. Más mian linn an teacht aniar a bhí sa bhunaíocht, sa ríogachas, sa chreideamh – i bhfocal amháin, sa traidisiún – ar fud na hEorpa sna blianta tar éis 1815 a thuiscint, caithfimid staraí eile seachas Eric Hobsbawm a léamh. Ceist eile a bhaineann le hábhar ná conas is féidir an t-athrú a thomhas nuair a tharlaíonn sé, óir is mó a bhaineann sé le gné ná le hábhar go minic: ‘se vogliamo che tutto rimanga com'è, bisogna che tutto cambi’ (‘má theastaíonn uainn go bhfanfadh gach rud mar atá, caithfear gach rud a athrú’) mar a scríobh Giuseppe di Lampedusa in úrscéal breá leis, Il Gattopardo (‘An Liopard’). Is sampla maith den phrionsabal sin an t-athrú réimis a tharla sa bhFrainc de bharr imeachtaí na bliana 1848: athrú ó mhonarcacht neamhdhlisteanach Louis Philippe go dtí monarcacht neamhdhlisteanach Napoléon III.

Leabhair a foilsíodh in 1962 agus in 1983

      Nuair a d’fhilleas ar an ollscoil chéanna chun staidéar a dhéanamh ar an stair deich mbliana dár gcionn, léas leabhar eile a raibh ainm Hobsbawm ar a chlúdach agus mhéadaigh an míshásamh a bhí orm maidir lena chur chuige. Is é a bhí ann cnuasach aistí le húdair éagsúla a bhí curtha in eagar ag Hobsbawm – cnuasach dar teideal The Invention of Tradition. Is é éirim an tsaothair, mar a mhínigh an t-eagarthóir é, gur minic a cumadh traidisiúin d’aonghnó chun ‘a sense of identification with a “community” and/or the institutions representing, expressing or symbolizing it’ a chothú. Ar ámharaí an tsaoil, is beag trácht a deineadh ar Éirinn sa leabhar ach tá caibidil ann ar Albain inar scrúdaigh Hugh Trevor-Roper Ossian Mhic a’ Phearsain, an filleadh beag is an breacán, agus ceann eile ar an mBreatain Bheag inar scrúdaigh Prys Morgan an Gorsedd is an Eisteddfod. Ní féidir a mhaíomh go bhfuil na ‘traidisiúin’ úd saor ó smál na cumadóireachta (i gcás an Gorsedd go háirithe) ach bhraitheas go raibh insint an leabhair leataobhach mar sin féin. B’éasca don léitheoir neamhchriticiúil a cheapadh nach raibh sna ‘traidisiúin’ nuachumtha a bhí faoi chaibidil ann ach cumadóireacht ó thús deireadh, ach bhí an scéal níos casta ná sin: meascán den chumadóireacht agus den athbheochaint, den nuálaíocht agus den aithris, den tsamhlaíocht agus den chórasú, a bhí ar siúl i ndáiríre – agus déarfainn gurbh é an meascán casta sin a chinntigh go nglacfaí leis na ‘traidisiúin’ úra. Más aisteach an feic iad baird an Gorsedd faoina róbaí bréag-ársa, nó lucht leanúna  rugbaí na hAlban faoina bhfillteacha beaga, nílid níos aistí ná staraithe ollscoile faoina ngúnaí acadúla.

Leabhair a foilsíodh in 2002 agus in 2011

      Níor léas leabhar eile le Hobsbawm go dtí tús an chéid seo nuair a cheannaíos cóip dá dhírbheathaisnéis, Interesting Times: A Twentieth-Century Life, saothar a foilsíodh sa bhliain 2002. Cuirim suim ar leith i mbeathaisnéisí na staraithe toisc go dtugann siad próiseas na staireagrafaíochta chun solais: bíonn sé níos fusa tuairimí an staraí, agus na bealaí ina n-athraíonn siad, a thuiscint i gcomhthéacs bheatha an duine aonair. Is annamh a bhíonn saol an staraí suimiúil ann féin, áfach, ach is eisceacht é saol Hobsbawm: Sasanach de bhunadh Giúdach, rugadh é i gCathair Alastair na hÉigipte sa bhliain 1917 agus tógadh é i Vín agus i mBeirlín, áit a raibh sé gníomhach in óg-ghluaiseacht na gCumannach. D’aistrigh a mhuintir go Sasana nuair a tháinig Hitler i gcumhacht, chuaigh sé isteach sa Pháirtí Cumannach agus, tar éis dó dochtúireacht sa stair a bhaint amach in Ollscoil Cambridge, bhí sé ina bhall mór le rá den Communist Party Historians Group i dteannta leithéidí Christopher Hill, E. P. Thompson agus George Rudé. Is ionann scéal a bheatha agus scéal na hEorpa ó fhichidí an chéid seo caite i leith: fás an fhaisisteachais, an Dara Cogadh Domhanda, an Cogadh Fuar, an dí-Staliniú, an díchoilíniú, cliseadh an chumannachais, fás an nua-liobrálachais - tá tuairiscí beoga orthu go léir sa leabhar, tuairiscí atá bunaithe ar chuimhní cinn an údair seachas ar thaighde cartlainne. Bhaineas an-taitneamh as, ach cuireadh ar mo shúile dom arís nárbh ionann tuiscint Hobsbawm ar an stair agus mo thuiscint féin. Seo sliocht as deireadh an leabhair:
History needs mobility and the ability to survey and explore a large territory, that is to say the ability to move beyond one’s roots. That is why we cannot be plants, unable to leave their native soil and habitat, because no single habitat or environmental niche can exhaust our subject. Our ideal cannot be the oak or redwood, however majestic, but the migrant bird, at home in arctic and tropic, overflying half the globe. Anachronism and provincialism are two of the deadly sins of history, both equally due to a sheer ignorance of what things are like elsewhere, which even limitless reading and the power of imagination can only rarely overcome. The past remains another country. Its borders can be crossed only by travellers.
Ní fhéadfainn aontú leis sin. Is é a mhalairt atá fíor, dar liom. Is den riachtanas é go mbeadh an staraí go hiomlán sa bhaile i measc na ndaoine is ábhar staidéir dó: caithfidh sé a ndearcadh, a nósanna, a gcreideamh, a miotais, a dteanga, a dtraidisiúin a thuiscint. Ní hé nach féidir le staraí ó thír amháin obair úsáideach a dhéanamh ar stair tíre eile, ach ní foláir dó é féin a thumadh i gcultúr na tíre sin i dtús báire. Mura ndéantar an réamh-ullmhúchán sin – mura gcuireann an staraí préamhacha doimhne síos in ithir na tíre ar mian leis staidéar a dhéanamh uirthi, ní bheidh rath ar a chuid oibre. Bíonn saol an duine gearr agus is beag staraí a mbíonn an t-am nó na hacmhainní aige chun an saineolas atá riachtanach a fháil ar níos mó ná dornán beag tíortha. Ar an láimh eile, ní peaca marfach don staraí é an ‘cúigeachas’: an taighdeoir nach dtuigeann ach cultú(i)r aon tíre amháin, d’fhéadfadh sé go mbeadh cúinge áirithe le brath ar a shaothar ach níl aon chúis nach mbeadh toradh fónta ar a chuid oibre mar sin féin. Is fearr míle uair an tuiscint atá teoranta do thír amháin ná an easpa tuisceana.

      I mí Mheán Fómhair na bliana 2003, cúpla mí tar éis dom dírbheathaisnéis Eric Hobsbawm a léamh, bhíos i mo chainteoir ag comhdháil staire a tionóladh sa British Academy i Londain. Tharla go raibh Hobsbawm sa lucht éisteachta agus chuir cathaoirleach an tseisiúin, Roy Foster, in aithne dom é roimh ré. Chroitheas lámh leis agus bhí áthas orm go raibh mé in ann a rá leis go fírinneach gur thaitin a dhírbheathaisnéis go mór liom. Bhí a fhios agam nach n-aontódh sé le téis mo léachta – .i. gurb ionann nach mór an dearcadh a bhí ag an gcoitiantacht in Éirinn ar stair a dtíre i lár an 17ú céad agus i lár an 19ú céad. Téis ba ea í a leag béim ar sheasmhacht an traidisiúin, ar an leanúnachas seachas ar an athrú. Níor chuir Hobsbawm ceist orm ag deireadh mo léachta ach bhí staraí eile in éineacht leis – John Breuilly, a thug síob don chomhdháil dó – a d’admhaigh go raibh an fhianaise a bhí curtha i láthair agam ‘uncomfortable’ do ‘modernist’ mar eisean.

      Is é an fáth go bhfuilim ag scríobh faoi Eric Hobsbawm anois go bhfuil leabhar eile leis léite agam le seachtain anuas: How to Change the World: Marx and Marxism 1840-2011 atá air agus foilsíodh é anuraidh, nuair an bhí an t-údar ceithre bliana is nócha d’aois má tá an uimhríocht i gceart agam. Caithfear a rá go bhfuil cuid mhaith den leabhar bunaithe ar aistí a foilsíodh cheana ach tá ábhar úr ann chomh maith. I measc na míreanna nua tá caibidil dar teideal ‘Marxism in Recession, 1983-2000’ agus cuirfidh mé clabhsúr ar an aiste seo leis an gclabhsúr a chuir Hobsbawm ar an gcaibidil sin:
However, in the end Marx was to make a somewhat unexpected return in a world in which capitalism has been reminded that its own future is put into question not by the threat of social revolution but by the very nature of its untrammelled global operations, to which Karl Marx has proved so much more perceptive a guide than the believers in the rational choices and self-correcting mechanisms of the free market.
Táimid ar aon fhocal maidir leis an méid sin ar a laghad. Go maire sé an céad!

AGUISÍN - 2 Deireadh Fómhair 2012


D’éag Eric Hobsbawn inné. Tá tuairisc ar a shaol a foilsíodh ar an Guardian le léamh anseo.