18/05/2014

An póstaer sa stair


Cuaillí ag an gcrosbhóthar is gaire do mo thigh
Tá biaiste na bpóstaer buailte linn arís! Fearacht na lócaistí san Afraic, ní nochtann na póstaeir ag am áirithe. Is minic a sciorrann cúpla bliain thart gan ach corrcheann a fheiscint thall is abhus. Ach tiocfaidh an lá, luath nó mall, nuair a phéacfaidh siad ar na cuaillí ó Mhálainn go Carn Uí Néid agus ó Inis Bó Finne go Binn Éadair. Nílim i gcoinne rabharta seo na bpóstaer ar bhonn prionsabail. A mhalairt atá fíor: aithním gur ceann de na mionealaíona físíula é an dearadh póstaer. Tuigim chomh maith gur mheán bolscaireachta áisiúil é an póstaer tráth dá raibh agus gur fiú do staraithe taighde a dhéanamh ar phóstaeir na tréimhse is ábhar staidéir dóibh. Go deimhin, is iomaí póstaer polaitiúil a bhí chomh héifeachtach le hóráid, le hamhrán nó le paimfléad ar bith. Ní hamhlaidh atá anois, áfach. Ní fheictear ar phóstaeir an lae inniu ach gnúis dhéadgheal, sloinne iarrthóra, agus an focal ‘Independent’ i litreacha móra – é sin nó ainm páirtí i litreacha beaga bídeacha. ‘Táim ag seasamh sa toghchán – tabhair vóta dom’ an t-aon teachtaireacht a chuirtear in iúl agus ní bhíonn an dearadh thar moladh beirte. Más aon teist é caighdeán na bpóstaer atá ag maisiú cuaillí na hÉireann faoi láthair, tá lá an phóstaeir istigh mar mheán cumarsáide agus mar mheán ealaíne ar aon. Is mithid, mar sin, spléachadh siar a thabhairt ar an tábhacht a bhain leis an bpóstaer cúpla glúin ó shin.

Úsáid na Gaeilge san 18ú céad agus sa 19ú céad
      D’fhág cúinsí polaitiúla na hÉireann gur bheag úsáid a baineadh as an nGaeilge ar phóstaeir roimh aimsir na hathbheochana, ach tá corrshampla luath ar fáil sna cartlanna. Nuair a bhí taighde ar siúl agam sna National Archives in Kew don leabhar dar teideal Irish Opinion and the American Revolution 1760-1783, tháinig mé ar chóip de phóstaer earcaíochta a d’eisigh an Royal Navy sa bhliain 1782. Cé gur i mBéarla atá an chuid is mó den téacs, tá trí léaráid air a thaispeánann mairnéalaigh ag tabhairt léasadh do Fhrancach, do Spáinneach agus d’Ollannach, a bhfuil na teidil seo a leanas curtha leo: ‘lámh nár sáraiḋe’, ‘dar Dia do gheoaḋ muid orrḋa lé maidiġe glasaḋ’ agus ‘lámh láidir ar uachdar’. Tá easpa slachta le brath ar na litreacha agus is cosúil gur gearradh na léaráidí ar bhloic adhmaid d’aon ghnó chun an póstaer a mhaisiú. Níor mheall na manaí Gaeilge mórán fear, de réir dealraimh, mar níor éirigh go maith le feachtas earcaíochta an chabhlaigh (féach lgh 302-8 i mo leabhar). Bíodh sin mar atá, baineadh úsáid as an nGaeilge arís nuair a d’fhoilsigh ‘Oifig an Chogaidh’ póstaer a mhínigh na ‘Riaghlacha agus orduighthe le arm an Riogh chur an Ordughadh nios fearr’ - rialacha agus orduithe is ea iad a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1806. Téacs ar fad a bhí ar an bpóstaer seo; go deimhin, níor baineadh mórán úsáide as léaráidí ar phóstaeir i dtír ar bith roimh an gceathrú dheireanach den 19ú céad.

Póstaeir a léiríonn trí stíl ealaíne: art nouveau, art déco agus Bauhaus
      D’fhág forbairt na liteagrafaíochta go bhféadfaí póstaeir mhóra dhaite a tháirgeadh go saor don chéad uair riamh. Is de bharr na teicneolaíochta nua seo a tháinig an póstaer chun cinn mar mheán úr ealaíne ó sheachtóidí an 19ú céad amach. Thar aon duine eile, b’fhéidir, samhlaítear Henri de Toulouse-Lautrec (1864-1901) le stíl an art nouveau (mar a tugadh uirthi sa bhFrainc, nó an Jugendstil mar a tugadh uirthi sa Ghearmáin), stíl a bhí i mbarr a réime i rith an belle époque. Níorbh eisean a dhear an sampla ar chlé sa léaráid thuas, áfach, ach comhthíreach leis darbh ainm Jules Cheret (1836-1932). Francach eile, fear a raibh Jean-Marie Moreau (1901-68) air ach a d’úsáid an t-ainm gairmiúil ‘Cassandre’, a dhear an dara póstaer thuas i stíl a bhí coitianta idir an dá chogadh mhóra agus a dtugtar art déco uirthi anois (ní téarma comhaimseartha é). Herbert Bayer (1900-85) ón Ostair a dhear an tríú póstaer thuas agus is sampla é de stíl eile fós – an ‘Конструктивизм’ / ‘Konstruktivizm’. Stíl nua-aoiseach ba ea an ‘tógachas’ seo a d’eascair sa Rúis tar éis réabhlóid na bliana 1917 agus a bhí ina inspioráid ag lucht an ‘Bauhaus’, grúpa ailtirí agus dearthóirí a bhí gníomhach sa Ghearmáin le linn phoblacht Weimar. Is fógraí tráchtála iad na samplaí thuas go léir ach níorbh fhada gur thuig rialtais na dtíortha éagsúla go raibh uirlis bolscaireachta den scoth cruthaithe dóibh.

Póstaeir ón gCéad Chogadh Domhanda
      ‘On les aura!’ (‘beidh siad againn!’), rosc catha a luaitear leis an Marascal Pétain ag cath Verdun, a bhéiceann an saighdiúir Francach ar an gcéad phóstaer thuas – póstaer a eisíodh chun airgead a bhailiú le haghaidh iasachta stáit i rith an chogaidh. ‘Dein Vaterland ist in Gefahr – Melde Dich!’ (‘tá d’athartha i mbaol – liostáil!’) a fhógraíonn saighdiúir Gearmánach ar an bpóstaer i lár baill. ‘Nach gcloiseann sibh an ghairm slógaidh, a Éireannacha?’ a fhiafraíonn lucht an War Office go dóchasach sa tríú sampla. Is fiú a lua go raibh bréag á hinsint sa phóstaer seo mar níor tugadh cead do na reisimintí a earcaíodh in Éirinn an bhratach uaine a úsáid: féach G.A. Hayes-McCoy, A History of Irish Flags (BÁC, 1979), lgh 192-3.

Úsáid na Gaeilge sa 20ú céad
      Ní raibh leisce ar lucht na Gaeilge úsáid a bhaint as an meán nua ach an oiread.  D’eisigh Conradh na Gaeilge an sampla breá ar chlé le haghaidh seachtain na Gaeilge sa bhliain 1913. Tá an ghal gréine le feiscint air, mar atá ar an bpóstaer earcaíochta a luadh cheana, ach sin a bhfuil de chosúlacht eatarthu; is amhlaidh go léiríonn an dá phóstaer seo dhá choincheap de stádas na hÉireann a bhí contrártha ar fad. Fiche bliain dár gcionn, bhí póstaeir earcaíochta á n-eisiúint sa dá theanga oifigiúla ag rialtas Shaorstát Éireann. Seán Keating a dhear an sampla thuas ar dheis ach níl a fhios agam cé dhear an ceann thíos ar chlé: má tá an t-eolas agat, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le do thoil.

Ré órga an phóstaeir in Éirinn?
      Tá tuairim agam gurb í an tréimhse idir an dá chogadh mhóra ré órga an phóstaeir, in Éirinn agus ar fud na cruinne. Bhí gléasanna raidió fós neamhchoitianta agus ní raibh trácht ar an teilifís; daoine gustalacha amháin a cheannaigh nuachtán gach lá; agus bhí an scannánaíocht faoi smacht na stiúideonna móra. Ach bhí sé ar chumas gach grúpa polaitiúil póstaeir dhaite a chlóbhualadh agus a chrochadh ar fhallaí agus ar chrainn. Admhaím nach bhfuil báidh mhór agam le Cumann na nGaedheal, ná leis an bpáirtí a tháinig i gcomharbacht ar an bpáirtí sin ach an oiread, ach is breá liom na póstaeir thuas a thugann le fios go raibh luí ag Fianna Fáil leis an gcumannachas agus leis an IRA. Dá ainneoin sin, bhí an bua ag Fianna Fáil in olltoghchán na bliana 1932; ghnóthaigh an páirtí móramh iomlán an bhliain dár gcionn; agus bhí ainm nua ar Chumann na nGaedheal faoin am a glaodh an chéad olltoghchán eile. An amhlaidh nach raibh na póstaeir thuas chomh héifeachtach is a cheapfá? Nó an amhlaidh go raibh tromlach na vótóirí ag súil le ruainne beag cumannachais agus smeadar den easurraim phoblachtach ó Dev tar éis deich mbliana de pholasaithe saorthrádála agus de mhionnaí dílseachta do choróin na Breataine?

Stíl agus idé-eolaíocht
      Léiríonn na trí phóstaer thuas an gaol a bhí idir stíleanna ealaíne agus idé-eolaíochtaí polaitiúla. Ba chuid lárnach d’íomhá an réimis Fhaisistigh é an nua-aoiseachas; ach tugadh le fios freisin go raibh impireacht na Róimhe á hathbhunú ag Mussolini. Tá an dá ghné sin den idé-eolaíocht – an tsúil siar agus an tsúil chun cinn – le brath ar an bpóstaer ar chlé thuas a dhear Mario Sironi (1885-1961) le haghaidh ‘Taispeántas na Réabhlóide Faisistí’ sa bhliain 1932. Ag an gceann eile den speictream polaitiúil, chuir an réimeas Sóivéadach béim mhór ar an nua-aoiseachas chomh maith, ach ba nua-aoiseachas radacach é a stoith préamhacha an tseanreachta. D’fheil stíl thurgnamhach an tógachais go seoigh d’uaillmhianta sóisialta an stáit chumannaigh i dtús a ré: ‘Уничтожив капитализм пролетариат уничтожит проституцию’ (‘agus an caipitleachas scriosta, scriosfaidh an phrólatáireacht an striapachas’) mar a d’fhógair an póstaer ar dheis sa bhliain 1923. Aisteach go leor, cé gur thuig Sóisialaithe Náisiúnta na Gearmáine an leas a bhí le baint as an ealaíon, an ailtireacht agus an scannánaíocht – is leor ainmneacha Arno Breker, Albert Speer agus Leni Riefenstahl a lua – níor chruthaigh siad stíl shainiúil sa chlódhearadh riamh. B’fhéidir go raibh foinsí na hidé-eolaíochta ró-éagsúil: ba dheacair an meánaoiseachas págánach a shásódh Heinrich Himmler, an Gemütlichkeit meánaicmeach a thaitneodh leis an Führer, agus an nua-aoiseachas Faisisteach a réiteodh le Joseph Goebbels (aire na bolscaireachta) a chuimsiú in aon stíl amháin. Mar shampla, cé gur úsáideadh Fraktur (cló dubh) ar an bpóstaer thuas (‘Tá Hitler ag tógáil. Tabhair cuidiú. Ceannaigh earraí Gearmánacha’), cuireadh cosc oifigiúil ar an gcló dubh (nó ‘Schwabacher Judenlettern’ mar a tugadh air) sa bhliain 1941.

Cogadh na bpóstaer i dtír amháin
      Taispeánann na póstaeir thuas úsáid an mheáin chun intinn an phobail a mhúnlú sa bhFrainc. Braithim go bhfuil cosúlachtaí idir an chéad sampla agus na póstaeir de chuid Chumann na nGaedheal a pléadh cheana. Póstaer is ea é a d’eisigh na húdaráis in Vichy chun cumannachas agus sceimhlitheoireacht a chur i leith trodairí an Résistance: ‘Maraíonn siad! agus iad folaithe i bhfillteacha ár mbrataí’. Teachtaireacht eile ar fad atá le léamh ar an dara sampla. Póstaer is ea é a d’eisigh na Gaullistes agus taispeánann sé an aontacht a shamhlaíodar idir saighdiúirí na Fraince Saoire a bhí ar deoraíocht agus an pobal sibhialtach a d’fhan sa bhFrainc: ‘aon troid amháin ar son aon tír amháin’. Tá méar an tsaighdiúra leagtha ar an bhfocal ‘bráithreachas’ i mana na poblachta (‘saoirse, cothroime, bráithreachas’) agus bhain tábhacht ar leith le húsáid an mhana réabhlóidigh sin i rith an chogaidh mar bhí mana nua coimeádach (‘saothar, muintir, athartha’) curtha ina áit ag réimeas Pétain. Is é an tríú sampla an affiche rouge cáiliúil a d’eisigh póilíní Vichy nuair a cuireadh beirt résistants is fiche ó cheantar Phárais chun báis. Deichniúr acu atá léirithe ar an bpostaer: cúigear Giúdach ón bPolainn, beirt Giúdach ón Ungáir, cumannach ón Iodáil, cumannach ón Spáinn, agus Airméanach amháin – Missak Manouchian a bhí i gceannas ar an mbuíon. Is é teachtaireacht an phóstaeir nárbh iad na Francaigh dhílse a bhí ag ionsaí na nGearmánach in aon chor, ach Giúdaigh, cumannaigh agus coirpigh ó thíortha eile ar chuma leo faoi dhán na Fraince: ‘Fuascailteoirí? fuascailte ag arm na coiriúlachta!’.

An Dara Cogadh Domhanda – deireadh ré don phóstaer?
      D’úsáid na tíortha go léir a bhí páirteach sa Dara Cogadh Domhanda póstaeir chun saighdiúirí agus sibhialtaigh a ghríosú chun troda nó chun oibre. Braithim go raibh caighdeán grafach na bpóstaer san Iodáil ard go leor i rith an chogaidh. Sa cheann leis an dearthóir Faisisteach Gino Boccasile (1901-52) ar chlé, chímid saighdiúirí buacha ón Iodáil, ón nGearmáin agus ón tSeapáin ag satailt ar bhratacha a namhad: tá dealbh chlasaiceach Nike, bandia an bhua, le feiscint sa chúlra. Tháinig deireadh grod leis an tógachas sa Rúis nuair a bhain Stalin cumhacht iomlán amach agus cleachtadh stíl réalaíoch ar na póstaeir a eisíodh i rith an chogaidh. Mar an gcéanna, tugadh tús áite do chosaint na dúiche i gcoinne na n-ionróirí agus cuireadh an réabhlóid idirnáisiúnta ar an méar fhada: ‘Отстоим Москву!’ (‘cosnóimid Moscó!’) a scairteann an saighdiúir ar an bpóstaer thuas. Ar chúis éigin nach dtuigim i gceart, ní raibh an póstaer chomh tábhachtach riamh i measc na mBéarlóirí agus a bhí i dtíortha eile. B’iarrachtaí laga iad formhór na bpóstaer a cuireadh amach sa Bhreatain, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe i rith an chogaidh, ach ní fhéadfainn clabhsúr a chur ar an aiste seo gan eisceacht amháin a lua. Póstaer is ea é a d’eisigh an comhlacht Westinghouse sna Stáit Aontaithe: ‘tig linn é a dhéanamh!’ arsa an ógbhean go teanntásach, agus í ag spreagadh a siúracha chun spriocanna táirgiúlachta an chomhlachta a bhaint amach. Ní nach ionadh, thaitin an íomhá go mór le feiminigh agus chinntigh gluaiseacht na mban nach ligfí an póstaer áirithe seo i ndearmad nuair a bhí an cogadh thart.

      ‘Mór idir na haimsearaibh’, ach an dtiocfaidh lá nuair a bheidh an póstaer chomh tábhachtach agus a bhí sa chéad leath den 20ú céad? Ní dóigh liom é. Tá an áit a bhíodh ag an bpóstaer i gcultúr na dtíortha forbartha glactha le fada ag fógraíocht ar an dteilifís agus – níos tábhachtaí fós b’fhéidir – ar an ngréasán domhanda le blianta beaga anuas. Ach tá bua mór amháin ag an bpóstaer nach bhfuil ag meán cumarsáide ar bith eile: ní féidir é a sheachaint! Tuigeann gach vótóir um an dtaca seo, dá dheoin nó dá ainneoin, cé hiad na hiarrthóirí ina thoghlach féin. Beidh na cuaillí ag bláthú gach cúpla bliain go ceann i bhfad.