03/10/2014

Alba: calma no stuama?

Cha bhi iad a’ fàgail slàn leis an Rìoghachd Aonaichte airson greis fhathast

Thagraíos anseo cheana don drogall a bhíonn ar Éireannaigh – ar Ghaeilgeoirí go háirithe – aon cheann a thógaint den éagsúlacht mhór idir cultúr na tíre seo agus cultúr na hAlban. Leagtar ró-bhéim ar fad ar na cosúlachtaí atá idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, idir an iomáint agus an chamanachd, idir poirt agus ríleanna, agus – is ea – idir whiskey agus whisky. Áitítear go minic gur tíortha Ceilteacha iad an dá thír agus, mar is eol do chách, is beag idir gealtachas agus Ceilteachas. An bhfuilim ag dul thar fóir? Táim is dócha, ach taitníonn an t-imeartas focal liom: ba chruinne a rá gur beag atá idir maoithneachas agus Ceilteachas. Aon duine a dhéanfadh staidéar oibiachtúil ar startha an dá thír, ní fhéadfadh sé gan suntas a thabhairt do na difríochtaí móra eatarthu.


Lucht an neamhspleáchais os comhair theach na parlaiminte cúpla lá tar éis an reifrinn
     Ceann de na difríochtaí ar mithid aird a tharraingt air, i bhfianaise thoradh an reifrinn a bhí ann an mhí seo caite, an áit lárnach atá ag an mBreatain i litríocht na Gàidhlig le cúpla céad bliain anuas. Tabharfaidh mé roinnt samplaí ón aois is mó a bhfuil cur amach agam uirthi, mar atá an 18ú céad. Bheifí ag súil, b’fhéidir, leis an mbéim a chuir filí a bhí dílis do rítheaghlach Hannover ar an mBreatain. Seo mar a moladh saighdiúirí an Fhreiceadain Dhuibh in amhrán a cumadh nuair a aistríodh an reisimint sin ó Éirinn go Meiriceá ag tús Chogadh na Seacht mBliain:
Bithidh Breatuinn ’s Erinn ’s Eorp gu leir
geur amharc Ghaoidhl Albanach (1)
(Beidh an Bhreatain agus Éire agus an Eoraip go léir ag géar-amharc na nGael Albanach)
Nuair a d’éirigh le harm Briotanach a raibh an Freiceadan Dubh chun tosaigh ann longfort na bhFrancach ag Ticonderoga a ghabháil sa bhliain 1759, moladh an reisimint in amhrán eile a thug tús aite don Bhreatain:
Co fada mhaireas Breatanach,
bi’dh cliù orr ann a’n èachraidheachd
o lìnn gu lìnn le taitneachas,
a’ cuir ’an geill a ’n tapachais,
a’n Tiganderoga b’acuinneach (2)
(Chomh fada mhaireas Briotanach, beidh clú orthu sa stair, ó linn go linn le sult, cuirfear a laochas in iúl a bhí cumhachtach ag Ticonderoga.)
Agus seo línte as amhrán le Donnchadh Bàn Mac an t-Saoir inar mhol an file Seoirse III ar theacht i gcoróinn dó sa bhliain 1760:
Tital Bhreatuinn is na Frainge,
tha na banntan sin ’na phòca,
staoile Éireann, stéigh a’ Chreideimh,
g’a chumail creideasach an òrdugh. (3)
(Teidil na Breataine is na Fraince, tá na bannaí sin ina phóca, stíl na hÉireann, crann taca an chreidimh – á choinneáil creidiúnach is in ord.)
Tá seans, áfach, nach mbeifí ag súil leis an aitheantas a thug filí Seacaibíteacha don Bhreatain. Tar éis an tsaoil, bhí Séamas III, arbh é an rí dlisteanach é dar leis na ‘Seumasaich’, bhí sé ar deoraíocht sa bhFrainc nuair a achtaíodh an t-aontas le Sasana sa bhliain 1707. Cheapfá, mar sin, go mbeadh doicheall orthu roimh aontas a cheap an Bhanríon Anna agus gur bheag tagairt a dhéanfaí don Bhreatain ina gcuid dánta. Ach ina ionad sin, tugadh áit shuntasach don Bhreatain i litríocht Sheacaibíteach na hAlban. An file ‘Seamusach’ is cáiliúla ar fad, b’fhéidir, Alasdair mac Mhaighstir Alasdair, bhí sé sásta ‘rìgh Bhreatuinn is Eireann’ a thabhairt ar Shéamas III i ndán leis.(4) Iain Ruadh Stiùbhart, fear a bhí i gceannas ar reisimint in arm an phrionsa i rith éirí amach na bliana 1745, shíl sé go raibh Dia ag agairt a mídhílseachta ar mhuintir na Breataine trí chéile:
Is amhail bha Breatunn fo bhròn
o’n a thréig iad a’ chòir’s an Rìgh
ghabh flaitheas ruinn corruich ro-mhór,
Crom an donais! chaidh ’n seòrsa an diasg! (5)
(Is amhlaidh go raibh an Bhreatain faoi bhrón, ón uair a thréig siad an chóir is an rí; ghlac an Flaitheas fearg ró-mhór linn, Crom an donais! chuaigh an cine i ndísc!)
Sa bhliain 1782, nuair a thug rialtas na Breataine na heastáit choigistithe a baineadh de na taoisigh a bhí amuigh sa bhliain 1745 ar ais dá n-oidhrí, chum Uilliam Ros dán ina bhfuil báidh leis an dream a d’éirigh amach daichead bliain roimhe sin fite fuaite le dílseacht dá mhórgacht, Sheoirse III, rí Bhreatan agus Éireann:
Tostamaid suas gach ceann-finne,
bh’anns an iomairt mhòir ud.
Tostamaid suas luchd ga leanmhuinn,
gun dearmad air Deòrsa:
Sluagh Bhreatuinn agus Eirinn,
geilleachdainn da mhòrachd.
Ge bu duilich leinn an sgeul ud,
mac Righ Seumas fhògradh. (6)
(Ólaimis sláinte gach ceann fine a bhí ins an troid mhór úd, ólaimis sláinte an dream a lean iad, gan dearmad a dhéanamh ar Sheoirse; tá slua na Breataine agus na hÉireann géillsteanach dá mhórgacht. Cé gurbh oth linn an scéala úd – gur fógraíodh mac Rí Shéamais.)
Ní fhéadfadh an fhéiniúlacht a léirítear i litríocht Ghàidhlig an 18ú céad a bheith mórán níos éagsúla leis an bhféiniúlacht a léirítear i litríocht Ghaeilge na linne céanna. Aon duine ar mhaith leis níos mó a léamh ar an ábhar seo, molaim dó súil a chaitheamh ar alt liom dar teideal ‘The idea of Britain in eighteenth-century Ireland and Scotland’ san iris scolártha Studia Hibernica, imleabhar 33 (2004-5).

Thacaigh na hEileanan Siar leis an Aontas, más ar éigean é

     Nílim ag áiteamh, ar ndóigh, go raibh tionchar ag litríocht an 18ú céad ar thoradh an reifrinn a bhí ann le déanaí, ach táim ag áiteamh nár chóir d’aon duine tuiscintí Éireannacha a thabhairt chuig stair, chuig cultúr, ná chuig polaitíocht na hAlban. Go deimhin, déarfainn go bhfuil an laghad suime a chuireann an ghluaiseacht náisiúnaíoch thall i gcúrsaí cultúir ar cheann de na héagsúlachtaí is tábhachtaí idir an dá thír. D’fhoilsigh Dàna, iris idirlín i nGàidhlig, alt spéisiúil a scrúdaigh na himpleachtaí a bheadh ann don teanga dá mbeadh Albain neamhspleách agus ní léir dom go ndéanfadh sé difear mór. Mar a scríobh údar an ailt:
Uaireannan, tha beagan de nàire air nàiseantaich a thaobh cultar na Gàidhealtachd, agus tha iad buailteach a sheachnadh mar faoineas ‘romansach.’
(Uaireanta, bíonn beagán náire ar náisiúnaithe i dtaobh chultúr na Gaeltachta, agus bíonn siad ag iarraidh é a sheachaint mar amaidí ‘rómánsach’.)
Ceisteanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhí chun tosaigh i rith an fheachtais: an mbeadh an tseirbhís sláinte i gcontúirt dá bhfanfadh Albain sa Ríocht Aontaithe, an mbeadh sé ar chumas rialtais neamhspleáigh níos mó fostaíochta a chothú, an bhféadfaí na Tóraithe a dhíothú ar fad dá mbeadh stát neamhspleách ann?

Bhí súil ghéar ar an sparán i rith fheachtas an reifrinn

     Ní ceisteanna iadsan a bhaineann leis an stair agus ní phléifear anseo iad, ach caithfidh mé an méid seo a rá: cé nár chuir toradh an reifrinn ionadh ar bith orm, bhí an vóta ar son neamhspleáchais níos airde ná mar a bhí tuartha agam. Cheapas (agus dúras é seo le roinnt daoine roimh ré) gur údar sásaimh do na náisiúnaithe a bheadh ann dá vótálfadh níos mó ná daichead faoin gcéad ar son neamhspleáchais. Is é an t-aon seans amháin a bhí acu buachan, dar liom, dá mbeadh sciar mór den dream a bhí ar son an aontais chomh muiníneach sin as an toradh go bhfanfaidís sa bhaile. Cuireadh an caolseans sin go tóin poill nuair a foilsíodh pobalbhreith seachtain roimh an reifreann a thaispeáin go raibh lucht tacaíochta an neamhspleáchais imithe chun tosaigh don chéad uair. Chuir an phobalbhreith sin sceoin, ní ar bhunaíocht pholaitiúil Londan amháin, ach ar Albanaigh a raibh amhras orthu i dtaobh an neamhspleáchais chomh maith.

     Níor chóir go gcuirfeadh an toradh lagmhisneach ar náisiúnaithe. Tá cuimhne agam ar reifreann na bliana 1979 nuair a bhí comhthionól díláraithe á thairiscint: cé go raibh 52 % de na daoine a chaith vóta ar son an chomhthionóil, ní raibh sa mhéid sin ach 33 % de na vótóirí cláraithe agus bhí sé riachtanach go dtacódh 40 % díobhsan leis an tionól de réir na rialacha a bhí leagtha síos ag rialtas na Breataine. Bhí an-díomá ar náisiúnaithe na hAlban an tráth úd ach, le cabhair na hiarthuisceana, is dóigh liom gur maitheas seachas a mhalairt a dhein an teip dóibh sa deireadh. Dá mbeadh an bua acu in 1979, ní bheadh mórán idir an dá thaobh – rud a bhainfeadh de stádas an fheidhmeannais úir. Ina ionad sin, chaith muintir na hAlban ocht mbliana déag ag caoineadh na deise a cailleadh; nuair a glaodh reifreann eile ar an gceist sa bhliain 1997, caitheadh 74 % de na vótaí i bhfabhar parlaiminte a raibh níos mó cumhachtaí aici ná an comhthionól a beartaíodh i dtús báire. D’fhág an móramh mór sin go raibh bonn i bhfad níos daingne faoin rialtas nua: ní raibh aon amhras i dtaobh a dhlisteanachta agus b’éigean do na húdaráis in Whitehall seasamh siar agus scaoileadh leis. Dá mbeadh farasbarr beag vótaí ann ar son an neamhspleáchais an mhí seo caite, bheadh bonn an-ghuagach faoin stát neamhspleách agus ba dheacair d’fhoireann Alex Salmond téarmaí maithe a fháil ó Londain ná ón mBruiséal. Sílim go dteastódh vóta de 55 % ar son an neamhspleáchais sula nglacfadh an saol mór leis go raibh cosa na Ríochta Aontaithe nite i ndáiríre; agus dá mbeadh 60 % ar son an neamhspleáchais bheadh an stát nua ag seoladh roimhe le cóir ghaoithe.

Dhá thoradh as suirbhé a foilsíodh ar The Guardian

     Foilsíodh suirbhé suimiúil cúpla lá tar éis an reifrinn a léiríonn na bealaí inar vótáil na haoisghrúpaí éagsúla: léiríonn na torthaí gurbh iad na daoine a bhfuil 55 bliain slánaithe acu a shábháil an t-aontas le Sasana. Le heisceacht amháin (an dream atá idir 18 agus 24 bliain d’aois), bhí gach aoisghrúpa eile ar son an neamhspleáchais. Thugas suntas do thoradh eile: nuair a fiafraíodh de na daoine a vótáil i gcoinne an neamhspleáchais cén chúis is mó a bhí acu lena rogha, d’fhreagair duine as beirt go bhféadfadh an neamhspleáchas dochar a dhéanamh don gheilleagar. Fuair an imní bua ar an dóchas i gcás na ndaoine seo, ach d’fhéadfadh na náisiúnaithe iad a mhealladh amach anseo. Duine as gach ceathrar a vótáil i gcoinne neamhspleáchais, dúradar go raibh siad ag súil le cumhachtaí breise a fháil do rialtas na hAlban de bharr an reifrinn. Sílim go bhfuil an dream seo leath-mheallta ag na náisiúnaithe cheana féin. Agus – rud a chuir ionadh orm – ní dúirt ach duine as ceathrar gur vótáladar i gcoinne neamhspleáchas na hAlban le teann dílseachta don Ríocht Aontaithe. Shíleas go mbeadh an chúis sin chun tosaigh ar gach cúis eile agus go luafadh beirt as triúr den dream a bhí i gcoinne neamhspleáchais í. Tugann toradh an tsuirbhé le fios go bhfuil an fhéiniúlacht Bhriotanach creimthe go mór le cúpla glúin anuas: de réir mar a tháinig deireadh leis an impireacht, de réir mar a laghdaigh tábhacht an Phrotastúnachais, de réir mar a chlis na tionscail throma innealtóireachta, de réir mar a d’éirigh Aontas na hEorpa níos tábhachtaí, tháinig meath ar fhéiniúlacht Bhriotanach na nAlbanach.

     Seo mar a labhair Tom Devine, duine de na staraithe is mó le rá in Albain, tamall gairid roimh an reifreann:
The union of England and Scotland was not a marriage based on love. It was a marriage of convenience. It was pragmatic. From the 1750s down to the 1980s there was stability in the relationship. Now, all the primary foundations of that stability have gone or been massively diluted.
Tá an t-agallamh a cuireadh air le léamh anseo agus is fiú súil a chaitheamh air. Ag scríobh dó arís tar éis an reifrinn, nocht Devine an tuairim seo a leanas:
.. the much more likely possibility is another referendum in the next few years, which will probably result in a landslide ‘Yes’ victory, thus ending the Union for ever.
Ní críonna an beart é do staraí fáistine a dhéanamh! Ach tá an méid seo cinnte: go bhfuil roth na staire ag casadh leis i gcónaí.



Tagairtí:
1. Eoin Gillies, Sean Dàin agus Orain Ghaidhealach (Peart, 1786), p. 117.
2. Coinneach MacCoinnich, Orain Ghaidhealaich agus Bearla (Dún Éideann, 1792), 12.
3. George Calder, Orain Ghaidhealach le Donnchadh Macantsaoir (Dún Éideann, 1912), 256.
4. Donald Mackinnon, ‘Unpublished poems by Alexander MacDonald’ in Celtic Review, 5 (1908-9), 127.
5. John Lorne Campbell, Highland Songs of the Forty-Five (Dún Éideann, 1984), 188.
6. John Mackenzie, Sar-Obair nam Bard Gaelach: or, the Beauties of Gaelic Poetry (Dún Éideann, 1872), 313.