![]() |
Na mapaí i gcaibidil 6 |
Dheineas cinneadh ag tús na bliana seo nach gcuirfinn aon aiste nua suas ar Chúrsaí Staire nó go mbeadh an leabhar faoi Éirinn sa Mheánaois atá á scríobh agam le sé bliana anuas i lámha foilsitheora. Tá an obair sin ag druidim chun deiridh anois - ní thógfaidh sé ach mí eile nó mar sin - agus tig libh bheith ag súil le corr-aiste liom a fheiceáil anseo ó am go chéile sula i bhfad.
Idir an dá linn, tá na mapaí a ghabhann le caibidil 6 de Luathstair na hÉireann réidh agus is féidir iad a íoslódáil ó na naisc anseo thíos.
Caibidil 6 (1318-1495)
Mapa 15. Éire in 1330.
Mapa 16. An eaglais in 1400.
Mapa 17. An t-aos dána sa 14ú céad agus sa 15ú céad.
Mapa 18. Éire in 1460.
Foilsíodh na mapaí a ghabhann le caibidlí 1-5 den leabhar ar Chúrsaí Staire cheana ach seo daoibh na naisc in athuair:
Caibidil 1 (roimh AD 400)
Mapa 1. Láithreacha seandálaíocha atá luaite sa téacs.
Mapa 2. Dúnta cnoic sa chré-umhaois, c. 1000 R.Ch.
Mapa 3. Éire de réir Claudius Ptolemaeus, c. A.D. 150.
Caibidil 2 (400-795)
Mapa 4. Éire de réir fhianaise na litríochta.
Mapa 5. Mainistreacha tábhachtacha faoi lár an 7ú céad.
Mapa 6. Éire i dtreo na bliana 550.
Caibidil 3(795-1002)
Mapa 7. Éire i dtreo na bliana 800.
Mapa 8. Tionchar na Lochlannach: taiscí airgid ón 9ú céad agus ón 10ú céad.
Caibidil 4 (1002-1171)
Mapa 9. Éire i dtreo na bliana 1000.
Mapa 10. Éire i dtreo na bliana 1125.
Mapa 11. Atheagrú na heaglaise sa 12ú céad.
Caibidil 5 (1171-1318)
Mapa 12. Éire ag tús na bliana 1171.
Mapa 13. Éire ar bhás Rí John in 1216.
Mapa 14. Bailte tábhachtacha ag deireadh an 13ú céad.