09/07/2015

Scálaí ama na staire

Fernand Braudel agus dhá shaothar leis

Bhí Fernand Braudel (1902-85) ar dhuine de staraithe móra na Fraince sa chéad seo caite. Agus é ina phríosúnach cogaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda thapaigh sé an deis chun an leabhar is cáiliúla leis, La Méditerranée et le monde méditerranéen à l’époque de Philippe II, a scríobh – bhí an taighde déanta aige i gcomhair tráchtais roimh an gcogadh. Tar éis an chogaidh, d’oibrigh sé le Lucien Febvre, duine de bhunaitheoirí na hirise Annales – iris ar dheineas trácht uirthi anseo cheana – agus chaith sé tréimhse ina stiúrthóir ar Annales ón mbliain 1957 amach. Fearacht na staraithe eile atá luaite leis an iris, bhí cur chuige idirdhisciplíneach aige: tharraing sé as an tíreolaíocht, as an eacnamaíocht agus as an antraipeolaíocht chun ‘histoire totale’ (stair chuimsitheach) na sochaí a bhí faoi chaibidil aige a scríobh. Bhí an oiread suime ag an mbaicle staraithe a bhain le Annales sa bhonneagar ábhartha, nó i gcultúr an phobail, agus a bhí acu in imeachtaí na gceannairí polaitiúla, míleata nó eaglasta. Ach tá seans maith gurb é an coincheap úr a mhol Braudel maidir le scálaí ama na staire an ghné dá shaothar is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an staireagrafaíocht i gcoitinne. Trí scála ama atá sa stair, dar le Braudel: mar atá, scála ama an dúlra, scála ama na sochaí, agus scála ama an duine.

Abhainn na Sionainne ar scála an dúlra

     Is é scála ama an dúlra – arb ionann é agus scála ama na tíreolaíochta – an ceann is faide de na scálaí ama. Go deimhin, thug Braudel ‘la longue durée’ (an t-achar fada) ar an scála ama seo. Seo mar a dhein sé cur síos air i réamhrá La Méditerranée:
La première met en cause une histoire quasi immobile, celle de l’homme dans ses rapports avec le milieu qui l’entoure; une histoire lente à couler et à se transformer, faite bien souvent de retours insistants, de cycles sans cesse recommencés.

(Baineann an chéad cheann acu le stair atá socair nach mór, le stair na nasc idir an duine agus a thimpeallacht; stair is ea í a bhíonn go mall ag aistriú is ag athrú, ach a bhíonn ag síor-thiontú i gcónaí, ag athfhilleadh ar an tús gan stad.)
Bíonn cuma na buaine ar an dúlra ó chéad go céad agus is ar éigin a thugtar athruithe faoi deara sa saghas seo staireagrafaíochta. Is disciplín í atá suite ar an teorainn idir an staireagrafaíocht thraidisiúnta agus an tíreolaíocht. Sa mhórshaothar leis ar an Meánmhuir i ré Felipe II na Spáinne, scrúdaigh Braudel éifeacht na sléibhte, na machairí cois cósta, na n-oileán, na haeráide agus na mbarraí ar chultúr, ar gheilleagar agus ar shochaí na bpobal éagsúil a lonnaigh i limistéar na Meánmhara. Tugtar ‘histoire structurale’ (stair struchtúrach) ar staireagrafaíocht an achair fhada chomh maith.

Abhainn na Sionainne ar scála na sochaí

     Tá scála ama na sochaí – nó an scála ama sóisialta – cuid mhaith níos giorra ná scála ama an dúlra. Bíonn athruithe le feiscint ó ghlúin go glúin sa saghas seo staireagrafaíochta, ach is feiceálaí fós an leanúnachas ná an t-athrú. Seo mar a scríobh Braudel sa réamhrá a chuir sé lena leabhar ar an Meánmhuir:
Au-dessus de cette histoire immobile, une histoire lentement rythmée ... une histoire sociale, celle des groupes et des groupements.

(Anuas ar an stair shocair seo tá stair a bhfuil rithim mhall inti ... seo í an stair shóisialta a bhaineann le grúpaí agus le foghrúpaí.)
Deintear staidéar ar an gcultúr, ar an ngeilleagar, ar an smaointeachas, ar an teicneolaíocht, ar an gcumarsáid – ar gach gné den tsochaí dhaonna – sa scála ama idirmheánach seo. Ar na hábhair a phléigh Braudel in La Méditerranée bhí: calafoirt, loingeas, margaí, daonra, airgeadraí, praghsanna agus cánacha. Tugtar ‘histoire conjoncturelle’ (stair chomhtheagmhasach) ar an staireagrafaíocht ‘idir eatarthu’ seo uaireanta.

Abhainn na Sionainne ar scála an duine aonair

     Is é scála ama an duine, nó scála ama na polaitíochta, an scála is giorra de na trí cinn a d’aithin Braudel. Is cinnte gurb é seo an saghas staireagrafaíochta is lú a raibh suim aige féin ann, rud a bheidh soiléir go leor ón gcur síos a dhein sé air i réamhrá La Méditerranée:
Troisième partie enfin, celle de l’histoire traditionnelle ... une agitation de surface, les vagues que les marées soulèvent sur leur puissant mouvement. Une histoire à oscillations brèves, rapides, nerveuses.

(Ar deireadh thiar tá an tríú cuid a bhaineann leis an stair thraidisiúnta ... na cuilithíní ar barr uisce, na tonnta a ardaítear ar thuilte tréana na taoide. Seo stair na mion-luascthaí luatha luaineacha.)
Ar ndóigh, is é seo an scála ama a mbíonn formhór na staraithe gafa leis formhór an ama agus níor dhein Braudel neamart i scála ama an duine ach an oiread. Ina leabhar ar an Meánmhuir, scrúdaigh sé éirí as an Impire Karl V (1556), an cogadh idir an Spáinn agus an Tuirc (1561-4), léigear mór Mhálta (1565) agus an bhua chinniúnach a bhain Johann von Österreich ar na Turcaigh i gcath Lepanto (1571). Tugtar ‘histoire événementielle’ (stair eachtrúil) go minic ar an staireagrafaíocht sheanfhaiseanta seo ina mbíonn aird na n-údar dírithe ar eachtraí ar leith agus ar bheartais na maithe móra, seachas ar struchtúir bhuana an dúlra nó ar nósanna seasta na sochaí. Ní nach ionadh, is ar an athrú a chuirtear an bhéim san histoire événementielle.

     Aon duine a scrúdaíonn na scálaí ama atá in úsáid i staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas, tabharfaidh sé faoi deara ar an toirt go bhfuil an histoire événementielle i bhfad chun tosaigh ar an histoire conjoncturelle agus go bhfuil neamart iomlán déanta san histoire structurale. Tá tuairim agam go bhféadfaí an rud céanna a rá faoin staireagrafaíocht i mórán tíortha eile – cé  gur eisceacht í an Fhrainc de bharr thionchar Braudel agus na mball eile de scoil staire Annales. Ach is é an rud is aistí faoi chás na hÉireann go bhfuil staraithe ann a shíleann gur comhartha aibíochta é go gcuirtear an-bhéim abhus ar ghuagacht na staire. Seo mar a scríobh Roy Foster sa réamhrá a chuir sé leis an Oxford Illustrated History of Ireland:
One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.
Bheadh míniú eile agam ar spéis seo na staraithe sa neamhleanúnachas: fianaise is ea í go mbíonn siad sásta na cuilithíní ar uachtar an uisce a iniúchadh agus go mbíonn leisce orthu iad féin a thumadh sa chaise chun na sruthanna tréana atá thíos ar íochtar a fhiosrú.

     Déanta na fírinne, is cosúla an easpa fuinnimh, fiosrachta agus forbartha seo le comhartha seanaoise ná le comhartha aibíochta.

Aucun commentaire: