|
Saothair ealaíne a ghoid na Francaigh ón Afraic |
Le bliain nó dhó anuas tá ‘decolonisation’ go mór faoi chaibidil sna meáin chumarsáide agus san acadamh ar aon. Dá gcloisfinn an téarma dhá bhliain ó shin, táim cinnte go smaoineoinn ar an bpróiseas a chuir deireadh leis na himpireachtaí Eorpacha sa ghlúin tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Próiseas ba ea é a dhein ‘Guyana’ de ‘British Guiana’, ‘Mali’ de ‘Soudan français’, ‘Indonesia’ de ‘Nederlands-Indië’, etc. B’shin díchoilíniú na gcoilíneachtaí ach le tamall anuas táthar ag trácht ar ‘decolonisation’ na staire mar ábhar léinn. Samhlaítear go bhfuil tionchar iomarcach ag bunadh na gcumhachtaí impiriúla ar an disciplín agus go bhfuil neamart déanta ag staraithe sna pobail dhúchasacha. Is deacair gan aontú leis an tuairim sin. Luífeadh sé le réasún dá mbeadh áit lárnach ag an gcoilíneachas i staireagrafaíocht na dtíortha a bhí ina gcumhachtaí impiriúla tráth agus a bhunaigh coilíneachtaí ar fud na cruinne, agus i staireagrafaíocht na stát eile úd a bhfuil sliocht na n-inimirceach ón Eoraip sa mhóramh iontu anois. Baineann cumhachtaí móra na hEorpa — an Bhreatain, an Fhrainc agus an Spáinn ina measc — leis an gcéad aicme. Ní nach ionadh, b’fhearr le mórán daoine sna tíortha sin go ligfí an chogaíocht, an dúshaothrú agus an leithcheal a bhain leis an impiriúlachas i ndearmad. Murar féidir é sin a dhéanamh, b’fhearr leo go gcuirfí níos mó béime ar ghnéithe ‘dearfacha’ an choilíneachas: ar aistriú na teicneolaíochta, ar chomhtháthú eacnamaíoch na cruinne, agus ar bhunú na stát a tháinig i gcomharbas ar na himpireachtaí in am agus i dtráth. Mar a bheifí ag súil leis, is leasc le mórán daoine sna tíortha a d’eascair ó choilíneachtaí Eorpacha — leithéidí na Stát Aontaithe, Cheanada agus na hAstráile — ceann a thógáil do dhíshealbhú na bpobal dúchasach nó don díothú a deineadh ar a gcultúr.
|
Scriosadh deilbhe i mBriostó |
Tá an chóir le lucht an ‘decolonisation’ le tamall: chinn Assemblée nationale na Fraince go dtabharfaí saothair ealaíne a gabhadh sa ré choilíneach ar ais don tSeineagáil agus do Bheinin; scrios léirsitheoirí dealbh de thrádálaí sclábhaithe i mBriostó Shasana; tá dealbha de ghinearáil éagsúla a throid ar son an Confederacy á mbaint anuas ar fud dheisceart na Stát Aontaithe; agus tá scannal i gCeanada i dtaobh na híde a tugadh do pháistí bundúchasacha i scoileanna cónaithe na tíre. Ní cúis iontais é go bhfuil aird ar leith á tabhairt ar an sclábhaíocht san Anglasféar ós rud é gur sheol an Bhreatain níos mó ná trí mhilliún sclábhaí trasna an Atlantaigh — líon atá níos airde ná aon tír eile seachas an Phortaingéil. Thairis sin, bhí dlúthbhaint ag an sclábhaíocht leis an gCogadh Cathartha sna Stáit Aontaithe, cogadh inar maraíodh níos mó ná leathmhilliún duine, agus tá duine as ochtar sa tír sin anois a bhfuil sclábhaithe mar shinsir acu. Ach, mar chruthúnas ar an tríú dlí de chuid Newton (‘gineann gach gníomh frithghníomh ar cóimhéid agus sa treo contrártha’), bhunaigh baicle staraithe anglafónacha atá imníoch faoin treo a bhfuil cúrsaí ag dul suíomh idirlín dar teideal History Reclaimed le déanaí. Seo mar a mhíníodar fáth a mbuartha:
The abuse of history for political purposes is as old as history itself. In recent years, we have seen campaigns to rewrite the history of several democratic nations in a way that undermines their solidarity as communities, their sense of achievement, even their very legitimacy.
These ‘culture wars’, pursued in the media, in public spaces, in museums, universities, schools, civil services, local government, business corporations and even churches, are particularly virulent in North America, Australasia and the United Kingdom. Activists assert that ‘facing up’ to a past presented as overwhelmingly and permanently shameful and guilt-laden is the way to a better and fairer future. We see no evidence that this is true.
Tá staraithe maithe luaite leis an tionscnamh. Ós rud é gur dixhuitièmiste mé, thugas suntas do bheirt atá páirteach ann: mar atá, Tim Blanning agus Jonathan Clark. Táim sásta a rá gurb é The Pursuit of Glory le Blanning an leabhar is fearr ar stair na hEorpa san 18ú céad dá bhfuil léite agam, cé go gcaithfear a admháil nach bhfuil ach tagairtí fánacha ann don saol lasmuigh den Eoraip. Má tá blas na háibhéile ar théis Jonathan Clark in English Society 1688-1832, ní féidir a shéanadh go raibh tionchar dearfach ag an saothar sin ar staireagrafaíocht Shasana. Ní cheileann Clark gur Tóraí go smior é ach má tá tuairimí polaitiúla ag Blanning nílid le brath ar a chuid scríbhinní. Dá mbeadh lucht History Reclaimed sásta tacú leis an stair eimpíreach — le stair atá bunaithe ar scrúdú réimse iomlán na bhfoinsí príomha agus ní ar cibé leagan den teoiric chriticiúil atá faiseanta san acadamh i láthair na huaire — ba mhaith ann iad. Ach nuair a chuirim san áireamh gurb iad Ruth Dudley-Edwards agus Liam Kennedy an bheirt Éireannach atá páirteach sa bhfiontar, tagann néal amhrais orm; buaileann an smaoineamh mé go mb’fhéidir nach ag iarraidh an idé-eolaíocht a dhíbirt as an staireagrafaíocht atáid in aon chor, ach ag iarraidh na sean-impireachtaí (go háirithe impireacht na Breataine) a chosaint ó lucht a gcáinte.
|
Oiriúnach go leor, ba é ‘Traveller’ ainm an chapaill a bhí ag an nGinearál Robert E. Lee |
Caithfear an cheist a chur: an bhfuil aon impleachtaí ag an ‘decolonisation’ atá á mholadh anois do staireagrafáiocht na hÉireann? Tar éis an tsaoil, níor chumhacht impiriúil í Éire riamh. Bheadh orainn dul siar go dtí an 11ú céad nuair a tháinig Oileán Mhanann faoi riail ríthe Átha Cliath ar feadh tamaill chun teacht ar choilíneacht de chuid na hÉireann. Thairis sin, cé gur dhein Sasanaigh coilíniú ar Éirinn ón 12ú céad amach, ba mhionlach iad na coilínithe sa tír seo i gcónaí. Ní comórtas cás na hÉireann le cás na gcumhachtaí impiriúla ar láimh amháin, ná le cás na stát nua a d’eascair ó na coilíneachtaí Eorpacha ar an láimh eile. Is tír bheag Eorpach í Éire a chaith na céadta bliain faoi smacht impireachta eachtrannaí. Tá sí inchurtha le tíortha beaga Eorpacha eile a raibh an dán céanna acu: leithéidí na hÍoslainne a bhí faoi riail na Danmhairge; na Fionlainne a bhí faoi riail na Sualainne agus na Rúise; na Liotuáine a bhí faoi riail na Polainne agus na Rúise; na Seice a bhí faoi riail na hOstaire; na Cipire a bhí faoi riail na Veinéise, na Tuirce agus na Breataine. D’fhéadfaí cur leis an liosta seo. Dá ainneoin sin, tá staraithe áirithe ag áiteamh le bliain nó dhó anuas gur gá ‘decolonisation’ a dhéanamh ar stair na hÉireann. Níor mhiste cúpla sampla dá gcuid argóintí a thabhairt ag an bpointe seo.
|
Comhlabhairt faoi scáth Ollscoil Oxford |
I mí na Samhna anuraidh eagraiodh comhlabhairt dar theideal ‘Decolonising Irish History?’ faoi scáth Ollscoil Oxford: is féidir éisteacht leis na cainteanna go léir anseo. Tá an nóta mínithe seo a leanas le léamh ar leathanach gréasáin a dheasaigh an lucht eagair:
Ireland has frequently been called ‘Britain’s 1st colony’, and Irish people and Irish society were highly racialised by the British state. This has had lingering and serious consequences to this day - not least in attitudes towards the Irish language and Gaelic culture, and for the position of Northern Ireland within the United Kingdom. On the other hand, some parts of Irish society were heavily implicated in the expansion of the British Empire in the 17th and 18th centuries, with its attendant brutality and in some cases were involved in slave-trading.
Ba thuar dóchais é gur luadh an Ghaeilge ar an leathanach gréasáin, ach ba thuar é nár tháinig faoin tairngreacht. Ba é Ian McBride an t-aon duine amháin den seachtar cainteoirí a thagair don teanga ina chaint (16:10). Nuair a d’fhiafraigh duine den lucht éisteachta an raibh staraithe inniúil ar na foinsí Gaeilge a úsáid, mhol Jane Ohlmeyer, ollamh le stair i gColáiste na Tríonóide, go mbainfí úsáid as aistriúcháin Bhéarla (1:9:35). Bheadh an moladh sin neamhscolártha ag am ar bith, ach is suntasach an ní é go raibh sí sásta a leithéid de mholadh a dhéanamh ag comhlabhairt a raibh ‘Decolonising Irish History’ mar théama aici. Cibé ciall atá le ‘decolonised history’ i gcomhthéacs na hÉireann, níl sé i gceist go mbeidh lucht a scríofa in ann na foinsí dúchasacha a scagadh. An mhí dár gcionn, Nollaig 2020, bhí alt leis an Ollamh Ohlmeyer dar theideal ‘Ireland has yet to come to terms with its imperial past’ le léamh ar an Irish Times. Seo giota beag as:
Until recently few fully appreciated the significance of Ireland’s imperial past but this is changing and there is a growing awareness of the importance of discussion and debate. The fact that the great Irish philosopher George Berkeley owned slaves on his plantation in Rhode Island in the 1720s made national headlines over the summer, as did the revelation that John Mitchel, a revered 19th-century Irish patriot, supported slavery. Our imperial legacy is complex.
Bhí Niamh Gallagher, léachtóir staire in Ollscoil Cambridge, ar an téad chéanna in alt léi dar theideal ‘We need to recognise Irish participation in the British colonial story’ a d’fhoilsigh an Irish Times i mí an Mhárta i mbliana. Leag sí béim ar leith ar an eisimirce:
The legacy of emigration and settlement is the elephant in the room when thinking about the Irish and the Empire. Between 1801-1921, 8 million people left Ireland, often for British dominions and territories, while a further 1.5 million went to Britain between the mid-1930s and 2000. While we can empathise with the “exile” of perhaps two million Irish poor during the 1840s Great Famine, the reality is that most Irish people willingly left Ireland.
An mhí chéanna, d’fhoilsigh nuachtán Sasanach, an Observer, tuairisc dar theideal ‘Trinity College reckons with slavery links as Ireland confronts collusion with empire’. Cuireadh na tuairimí seo a leanas i leith Ciarán O’Neill, ollamh comhlach le stair sa choláiste:
“There is a reluctance in Ireland to see ourselves as imperial aggressors, it’s not part of our national narrative,” said O’Neill. “Our national narrative is that we were victims of colonial oppression. That’s true, but it’s also true that we were perpetrators of colonial aggression elsewhere.”
Is díol suime é an friotal sleamhain milleánach a úsáideadh na sleachta thuas, friotal a chuir in iúl go raibh muintir na hÉireann sáite go domhain san impiriúlachas: féach leithéidí ‘heavily implicated’, ‘Ireland’s imperial past’, ‘Irish participation’, ‘collusion with empire’ agus úsáid an chéad phearsa iolra i leaganacha mar ‘our imperial legacy’, ‘ourselves as imperial aggressors’, ‘we were perpetrators’.
|
Dhá leabhar ó mo leabharlann |
Ní féidir seasamh le cuid mhaith dá bhfuil ráite sna sleachta thuas. Tugadh
‘Irish philosopher’ ar George Berkeley. Is fíor gur rugadh é sa tír seo agus tá dán Gaeilge ann a mhol é as an gcabhair a thug sé do bhochtáin a dheoise le linn ‘bhliain an áir’(1740-41). Ach seo mar a thagair sé don choilíneacht Shasanach in Éirinn in
The Querist, aiste leis a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1735:
91. Whether the upper part of this people are not truly English, by blood, language, religion, manners, inclination, and interest?
92. Whether we are not as much Englishmen as the children of old Romans, born in Britain, were still Romans?
Ceisteanna reitriciúla ba ea iad seo, dar le Berkeley; ní móide go mbeadh sé buíoch den té a dhéanfadh Éireannach iarbháis de. Ach bíonn an-drogall ar staraithe a admháil gur deineadh coilíniú ar Éirinn agus is annamh a aithníonn siad an choilíneacht Shasanach mar choilíneacht. Maidir leis an ‘revelation’ gur thacaigh John Mitchel leis an sclábhaíocht sna Stát Aontaithe, níorbh aon nuacht é don té a raibh cur amach aige ar stair na hÉireann sa 19ú céad. Tá cóip de mhórshaothar Mitchel, Jail Journal, agam a foilsíodh sa bhliain 1982 agus tá téacs an réamhrá a scríobh Arthur Griffith le haghaidh eagrán na bliana 1913 i gcló inti. Seo giota beag as an réamhrá sin:
Later, when Mitchel avowed his approval of slave-holding and the Northern States, which had but a few months before banquetted, bouquetted and brass-banded him to weariness, shrieked threat and insult, he was genuinely astonished to find that in a ‘land of liberty’ a man was supposed to conceal unpopular opinions.
Abair ‘revelation’! Agus ní raibh leisce ar Éireannaigh riamh labhairt faoin líon mór daoine a d’fhág an tír le dhá chéad bliain anuas — roinnt acu dá ndeoin féin agus mórán acu dá n-ainneoin féin. Is maith a thuigim go bhfuil gaolta liom ar thaobh m’athar sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, agus ar thaobh mo mháthar san Astráil. Níorbh aon ‘eilifint sa pharlús’ iad na gaolta sin agus mé ag fás aníos ach daoine muinteartha a sheoladh cártaí Nollag chuig mo thuismitheoirí agus a thagadh go hÉirinn ar saoire ó am go chéile. Is amhlaidh go ngluaiseann daoine ó chríocha atá bocht go dtí críocha eile atá níos saibhre mura gcuirtear constaicí ina mbealach; níorbh eisceacht í Éire sa mhéid sin. Féach muintir na hIndia mar shampla: tá tuairim is 65 % de mhuintir Oileán Mhuirís, 40 % de mhuintir na Guáine, 40% de mhuintir Fhidsí, 35 % de mhuintir Oileán na Tríonóide agus Tobága, 10 % de mhuintir Shingeapór, agus 7 % de mhuintir na Malaeisia a shíolraigh ó oibrithe Indiacha a chuaigh chun na gcoilíneachtaí sin i ré na himpireachta. Tá pobail líonmhara eile de bhunadh na hIndia san Afraic Theas, i gCeanada, agus sa Bhreatain. Maidir le ról na nÉireannach mar ‘imperial aggressors’, tá a fhios ag an saol go raibh na himpireachtaí go léir sásta saighdiúirí a earcú sna coilíneachtaí nuair a bhí airm ag teastáil uathu. Throid milliún Indiach ar son impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda agus throid dhá mhilliún go leith Indiach ar a son sa Dara Cogadh Domhanda. Mar an gcéanna, throid Spahis ón Afraic thuaidh agus Tirailleurs sénégalais ó iarthar na hAfraice don Fhrainc sa dá chogadh dhomhanda. Níl aon rún ná mistéir ag baint leis seo i gcás na hÉireann ná i gcás aon tíre eile a tháinig faoi scáil an impiriúlachais.
|
Ba iad dealbha an Shelbourne céad íobartaigh an ‘decolonisation’ in Éirinn — cé gur cuireadh a gciontú ar neamhní ar ball |
Dá gcreidfeá na staraithe a bhfuil buabhall an ‘decolonisation’ á shéideadh acu anois, cheapfá gur deineadh neamart sa ghné seo de stair na hÉireann agus nár tuigeadh an tábhacht a bhain le himpireacht na Breataine go dtí le deireanas. Is é an leigheas a mholann siad ar ghalar seo na díchuimhne impiriúla ná staidéar a dhéanamh orthusan a raibh baint acu le hÉirinn agus a chuidigh le fás agus le coilíniú na himpireachta. Chiallódh a leithéid de chur chuige go gcuirfí béim níos mó feasta ar an gcoilíneacht Shasanach in Éirinn, ar an uasaicme, agus ar an dream a chuaigh ar imirce, óir is iad is mó a bhí gafa leis an impireacht. Lena chur go hachomair, ní hé díchoilíniú na staire atá á mholadh ach earra eile ar fad: mar atá, athchoilíniú na staire. Ar ndóigh, más mian le hiarchéimithe áirithe tráchtais a scríobh ar infheisteoirí in Éirinn a cheannaigh scaireanna sa South Sea Company, ar Éireannaigh a liostáil in arm an East India Company, nó ar Éireannaigh a chuir fúthu san Afraic Theas, níl aon chúis nach ndéanfaidís amhlaidh. Is ábhair bhailí thaighde iad na hábhair sin go léir, ach ba bhréag a rá go bhfuil siad lárnach do stair na hÉireann. Is follas d’aon duine a léann an staireagrafaíocht gurb iad an choitiantacht an dream is mó a bhfuil neamart déanta ag staraithe iontu go dtí seo — an chosmhuintir, an móramh mór den phobal a d’fhan in Éirinn, a chuaigh i ngleic leis an gcóras impiriúil, agus a d’athraigh cúrsa na staire. Dá dtabharfaí éisteacht agus cead cainte dóibhsean sna startha bheadh díchoilíniú ar siúl i ndáiríre. Ach an mbeadh staraithe na hÉireann in inmhe chuige? Ní bheadh múnlaí ná eiseamláirí réamhdhéanta le fáil acu ó Shasana ná ó na Stáit Aontaithe. Bheadh orthu iomairí dá gcuid féin a threabhadh, machnamh neamhspleách a dhéanamh, modhanna nua taighde a fhorbairt, agus scileanna breise a fhoghlaim. Bheadh pleanáil, dúthracht agus diongbháilteacht ag teastáil. Tá seans maith go mbeadh ar scoláirí anglafónacha teanga na mbundúchasach (treibh fhiáin a thugadh ‘Gaeil’ orthu féin) a fhoghlaim. Lena chois sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh toradh caoithiúil ar an taighde — nach mbeadh an fhianaise a thabharfaí chun solais ag luí go maith le teoiricí lucht critice, le hinsintí atá fréamhaithe sa staireagrafaíocht, ná le tuairimíocht an tráchtlathais ...
Nuair a chuirtear na cúinsí go léir san áireamh, is fusa agus is sábháilte go mór fanúint laistigh de chuibhreann an Bhéarla, aithris neamhchriticiúil a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ag an aos acadúil i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus ‘decolonisation’ a ghlaoch air.