24/06/2024

An Phlá Mhór

Tá sliocht as Caibidil 6 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.



Tá gach dealramh air go raibh cúinsí beatha an phobail ag dul in olcas le glúin nó dhó anuas roimh lár an 14ú céad de bharr athraithe san aeráid. Thosaigh téamh na Meánaoise – tréimhse ceithre chéad bliain nuair a bhí an aeráid ní ba theo ná mar a bhí i lár an 20ú céad – ag dul i léig i dtreo dheireadh an 13ú céad. Ba de réir a chéile a d’athraigh an aeráid ach d’éirigh an aimsir ní ba luainí sa 14ú céad. Bhí gorta mór ar fud iarthar na hEorpa in 1315-17 nuair a scrios an bháisteach na barra dhá bhliain as a chéile. Tharla gorta eile in Éirinn sa bhliain 1339 nuair a mhill sioc agus sneachta an geamhar san earrach. Chuir sraith eipidéimí a bhuail idir dhaoine agus ainmhithe le cruatan an tsaoil. Níor luaithe gorta na mblianta 1315-17 thart gur leath plá na mbó (rinderpest) anoir ón mBóiheim; is cosúil go raibh baint ag an ráig seo leis an drochaimsir freisin mar oireann fuacht agus fliuchras don víreas is cúis leis an aicíd. Shroich plá na mbó Sasana in 1319 agus áirítear gur maraíodh seasca faoin gcéad d’eallach na tíre sin in aon bhliain amháin.

      Níl aon chúis le ceapadh nach raibh an eipidéim chomh marfach céanna in Éirinn agus a bhí i Sasana. De réir na n‑iontrálacha in Annála Connacht bhí ‘bodith mór ar fut Erenn uili’ (‘díth mhór bólachta ar fud Éireann uile’) in 1321 agus mhair an ‘Mael Domnaig’ (‘Maol Domhnaigh’), an t-ainm a tugadh ar an ngalar, go dtí an bhliain 1325. Bhuail galar marfach eile – an galar scrathach nó an leith uisce b’fhéidir – caorigh in 1338, tráth a breacadh an nóta seo a leanas in Annála Connacht: ‘coirig Erenn do ec in hoc anno acht mad becc’ (‘caoirigh na hÉireann a éag sa bhliain seo seachas beagán’). Cé nach féidir líon na mbeithíoch a bhásaigh a thomhas go cruinn, is eol dúinn gur tháinig laghdú timpeall seasca faoin gcéad ar na táillí custaim a íocadh ar olann, ar lomraí agus ar sheithí a easpórtáladh idir déaga agus daichidí an 14ú céad. Tá sé le tuiscint gur mhair éifeacht na n-eipidéimí go ceann i bhfad agus go ndearnadh dochar nár bheag don gheilleagar. Anuas air sin, bhí ráig den bholgach ann in 1327 agus scaip galar marfach a raibh ‘slaodán’ air – an fliú b’fhéidir – in 1328. Caithfidh go raibh an pobal ag streachailt leis an saol ach bhí an tubaiste ba mheasa fós le teacht.

Rattus rattus - an francach dubh


      Leath an phlá bhúbónach siar ó lár na hÁise mar a raibh an galar eindéimeach i measc chreimirí fiáine – an tseirbil agus an marmat go háirithe. Shroich an phlá cathair Astrakhan ag bun abhainn na Volga in 1345 agus bhain sí an Chrimé amach an bhliain dár gcionn. Ba choilíneacht de chuid Genova na hIodáile é baile Caffa (‘Feodosia’ an lae inniu) agus bhí rathúnas an bhaile bunaithe ar na lastaí arbhair a sheoladh ceannaithe Iodálacha trasna na Mara Duibhe go críocha na Meánmhara; tá gach cosúlacht air gur fhrancaigh ghalraithe ar longa lastais ón gCrimé a thug an phlá chomh fada leis an Iodáil roimh dheireadh 1347. Scaip sí ó na calafoirt go bailte eile, agus ó na bailte go dtí an tuath. Shroich an phlá Páras i samhradh na bliana 1348; bhain sí Sasana amach ag Melcombe, calafort in Dorset, i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh agus scaip sí go rábach ar fud na ríochta.  Ní raibh eipidéim den phlá san Eoraip ón 8ú céad i leith, rud a d’fhág go raibh imdhíonacht in easnamh ar an bpobal. Meastar gur mharaigh an phlá níos mó ná Eorpach amháin as triúr sa tréimhse ghairid idir 1347 agus 1353. Is cosúil go raibh an ráta báis ní b’airde fós i Sasana agus áirítear gur thit daonra na tíre sin ó 4.8 milliún in 1348 go 2.6 milliún in 1351 – laghdú de dhaichead a sé faoi gcéad.

    Is iad na boicht is mó a fuair bás. Scaipeadh an phlá ar dhá bhealach: nuair a bhásaigh francach d’fhéadfadh dreancaidí léim ón míol marbh go duine agus Yersinia pestis, an baictéar is cúis leis an bplá, a bheir leo; nó d’fhéadfaí an phlá a tholg trí análú i láthair duine a raibh an baictéar ina scamhóga. Ba lú an seans go dtolgfadh an saibhir a raibh cónaí air i dteach fairsing cloiche le ceann slinne air an galar ná an daibhir nach raibh aige ach bothán ceann tuí. Is díol suntais é nach bhfuair ach rí corónta amháin bás den phlá ar fud na hEorpa: mar atá, Alfonso XI na Caistíle. Mar an gcéanna, ní bhfuair iarla ar bith bás i Sasana agus níor mharaigh an chéad ráig den phlá ach ceathrar sirriamaí sa ríocht go léir. Os a choinne sin, bhí ráta ard báis i measc na cléire toisc go raibh sé de dhualgas ar shagairt an ola dhéanach a thabhairt d’othair a bhí buailte ag an bplá. 

Duibhe na plá


      Tá cuma na fírinne ar an scéal a bhí ag John Clyn gur shroich an phlá dhá chalafort ar an gcósta thoir, Droichead Átha agus Binn Éadair, ag tús mhí Lúnasa. Ba bhráthair bocht é Clyn i gclochar Chill Chainnigh, agus chonaic sé na sluaite oilithreach as gach cearn ag tarraingt ar mhainistir Thigh Moling agus sceimhle orthu roimh an aicíd mharfach a bhí ag leathadh ar luas lasrach: 

quidam venerunt devocionis affectu, alii (sed plures) pestilencie metu, que tunc nimis invaluit, que primo juxta Dubliniam apud Howht et Drouda incepit, ipsas civitates Dubliniam et Drouhda fere destruxit et vastavit incolis et hominibus. Ita ut in Dublinia tantum, a principio Augusti usque nativitatem Domini xiii. milia hominum mortui sunt ... 

(tháinig cuid acu le teann deabhóide, cuid eile (an mhórchuid ámh) de bharr uamhain roimh an bplá a bhí ag dul i dtreis ag an am agus a thosaigh i mBinn Éadair is i nDroichead Átha; ba bheag nár scrios sí cathracha Átha Cliath agus Dhroichead Átha, ag marú cathróirí agus daoine. Is mar sin a d’éag trí mhíle dhéag duine i mBaile Átha Cliath amháin ó thús mhí Lúnasa go Nollaig ...)

Mhaígh Clyn go raibh cúig bhráthair fichead agus trí bhráthair fichead de chuid na bProinsiasach ar na mairbh i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Cliath faoi seach. Thug sé tuairisc thruamhéalach ar chomharthaí sóirt an ghalair:

Nam multi ex antrace et ex apostematibus, et pustulis qui creverunt in tibiis et sub ascellis, alii ex passione capitis et quasi in frenesim versi, alii spundo sanguinem moriebantus.

(Mar d’éag mórán de bharr duibhe, othras, agus neascóidí a d’fhás sna cosa agus faoi na hascaillí; daoine eile de bharr páise sa chloigeann a chuir le báiní iad nach mór; daoine eile agus iad ag caitheamh fola aníos.)

Tá sé le tuiscint ón gcuntas seo go raibh dhá mhodh scaipthe ag an bplá in Éirinn: bheifí ag súil le cnapáin sa ghabhal agus faoi na hascaillí má bhí an galar á scaipeadh ag dreancaidí, ach bheifí ag súil le cur aníos fola ó na scamhóga má bhí sé ag scaipeadh ó dhuine go duine. Sa nóta deiridh a bhreac sé, mhaígh Clyn go bhfuair ochtar Doiminiceach bás i gCill Chainnigh idir Nollaig 1348 agus an 6 Márta 1349; is é is dóichí gur éag sé féin go gairid ina dhiaidh sin.

Annála Connacht


      Bhí an phlá ar fud na hÉireann um an dtaca sin agus tá an iontráil seo a leanas le léamh in Annála Connacht:

Plaig mor i Moig Luirc ⁊ a nErinn uli in oc anno

(Plá mhór i Magh Loirg agus in Éirinn uile sa bhliain seo.)

Ní hé go raibh an phlá ní ba mheasa i dtiarnas Mhic Dhiarmada ná in aon cheantar eile, ach is ann a bhí dúiche mhuintir Dhuibhgeannáin, seanchaithe léannta, agus is iad a thiomsaigh Annála Connacht. Ní féidir líon na ndaoine a fuair bás sa tír ar fad a chomhaireamh go cruinn, ach ní dócha go raibh difear mór idir an ráta báis i gceartlár na coilíneachta agus i Sasana. De réir meastacháin amháin, bhí titim de dhaichead faoin gcéad ar an daonra sa réigiún mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath. Os a choinne sin, bhí an daonra níos scáinte ar imeall na coilíneachta agus sna tiarnais Ghaelacha, rud a chuir srian le scaipeadh na plá ó dhuine go duine. Thairis sin, caithfidh go raibh na francaigh a scaip an phlá níos líonmhaire i réigiúin churaíochta an oirthir ná i réigiúin tréadaíochta an iarthair. Is ródhócha, mar sin, go raibh ráta báis níos airde i measc na nGall ná i measc na nGael – cé go raibh cónaí ar sciar maith den dara dream laistigh den choilíneacht freisin. Go deimhin, b’shin a chuir comhairle mhór na hÉireann in iúl d’Edward III nuair a chuireadar achainí faoina bhráid in 1360. Má bhí 1.3 milliún duine in Éirinn tar éis ghorta na mblianta 1315-17, ní móide gur fhás an daonra mórán – má d’fhás sé in aon chor – sular bhuail an phlá mhór an tír. Má mharaigh an phlá tríocha faoin gcéad de na Gaeil agus daichead faoin gcéad de na Gaill, bheadh naoi gcéad míle duine fós ina mbeo nuair a chuaigh an chéad ráig i léig in 1351.

      Ná níorbh é sin deireadh na hanachaine. D’fhill an phlá ó am go chéile agus bhí ráigeanna eile ann in 1361-2, 1370, 1373, 1382-4, 1391, 1398, 1400-01, 1406 agus 1408. Cé nach raibh na ráigeanna déanacha chomh forleathan ná chomh marfach leis an gcéad cheann, bhuail roinnt acu ceantair áirithe go dona. Mar shampla, mheas cléireach a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath go raibh ráig na bliana 1370 ní ba mheasa ná an dá cheann a chuaigh roimhe:

Anno Domini MCCCLXX., et anno ejusdem Regis XLIV., incepit tercia pestilentia et maxima in Hibernia, in qua multi nobiles, cives, et pueri quasi infiniti obierunt. 

(I mbliain an Tiarna 1370, agus sa cheathrú bliain is daichead den rí céanna, thosaigh an tríú plá agus an ceann ba mhó in Éirinn inar éag mórán uaisle, saoránach, agus páistí beagnach gan áireamh.)

Tugadh ‘cluichi an rig’ (‘cluiche an rí’) ar an ráig a thosaigh in 1361 ar cúis nach bhfuil soiléir ach b’fhéidir gurbh é ‘Rí na bhFlaitheas’ a bhí i gceist. Buaileadh an t-iarthar go dona in 1384, bliain ina bhfuair Ruaidhrí mac Thoirdhealbhaigh Uí Chonchobhair, rí Chonnacht, bás den aicíd. Mharaigh an phlá scata rídhamhnaí ó oirthear chúige Laighean in 1406, agus d’éag Sir Stephen de Scrope, fear ionaid rí Shasana in Éirinn, den ghalar céanna in 1408. Chinntigh líon na ráigeanna gur lean an daonra ag titim go deireadh an 14ú céad agus i mblianta tosaigh an 15ú céad. Is féidir go raibh daonra na hÉireann amach is isteach le hocht gcéad míle ag deireadh an 14ú céad, cé go raibh baint ag an titim bhreise seo le heisimirce freisin.

‘Bua an bháis’ le Pieter Breugel


      Ba é an lorg ba shuntasaí a d’fhág an phlá mhór ar thíortha na hEorpa an ganntanas saothraithe a bhí ann ina diaidh. Tháinig méadú ar phá na n-oibrithe a mhair – agus ar phraghsanna na n-earraí a bhí á dtáirgeadh acu – rud a chuir imní ar thiarnaí agus ar an uasaicme i gcoitinne. Chomh luath le Meitheamh na bliana 1349, d’eisigh an chomhairle ríoga i Sasana reacht a d’fhéach le rátaí pá na n-oibrithe a choinneáil mar a bhíodar in 1346-7. Ceapadh ‘giúistísí na saothraithe’ chun an reacht a chur i bhfeidhm ach, in ainneoin iarrachtaí uile na n-údarás i Sasana, bhí meánphá na saothraithe in 1350-51 beagnach a dhá oiread níos airde ná sna blianta roimh an bplá. Ba é an chonstaic nach raibh dóthain saothraithe le fáil agus go raibh iomaíocht ghéar idir tiarnaí lena gcoinneáil nó lena mealladh, rud nárbh fhéidir a dhéanamh gan rátaí pá a ardú nó téarmaí oibre a fheabhsú. Sna cúinsí nua a lean an phlá, bhí sé thar chumas na dtiarnaí viléinigh a cheangal lena mainéir dhúchais. Thuig tiarnaí de réir a chéile nach raibh aon dul as acu ach caitheamh le viléinigh mar thionóntaí saora má theastaigh uathu foireann oibre a choinneáil. Áirítear gur viléinigh iad suas le daichead faoin gcéad de dhaonra Shasana roimh an bplá mhór ach go raibh líon na viléineach faoi bhun fiche a cúig faoin gcéad den daonra in 1381 agus gur thit a líon chomh híseal le deich faoin gcéad in 1400. Nuair a cuireadh reacht na bliana 1349 ‘de servientibus et operariis’ (‘faoi shearbhóntaí agus saothraithe’) i bhfeidhm in Éirinn bhí éifeacht aige nach rabhthas ag súil leis: chuir iarrachtaí na ngiúistísí chun rátaí pá a choinneáil íseal as don lucht saothair abhus agus spreagadh sciar áirithe díobh le dul ar imirce go Sasana mar a raibh téarmaí oibre níos fearr le fáil acu. Thug parlaimint na hÉireann suntas don fhadhb in 1366:

Item par ceo que les communes de la terre se pleinent diversement estre grevez par defaut des servantes dont les Justices assignes de laboroers moltz en cause de ceo que les communes ses sount de graunt partie absentes et fuent hors de la dit terre. 

(Arís, toisc gur údar gearáin ag comóntaigh na críche é go gcuirtear as dóibh ar bhealaí éagsúla d’uireasa searbhóntaí, arbh iad giúistísí na saothraithe atá ceaptha is mó is cúis leis toisc go mbíonn an choitiantacht as láthair go minic agus go n-éalaíonn siad as an gcríoch réamhráite.)

Ritheadh acht a chuir giúistísí na saothraithe ar ceal, ach d’ordaigh an t-acht céanna do shirriamaí, do sheanascail agus do mhéaraí na calafoirt a fhaire agus saothraithe a chosc ar dhul thar lear. Ba leid eile é go raibh tuile na coilíneachta ag trá.


Aucun commentaire: