Roinnt de na startha atá le fáil faoi láthair |
Is é an chéad cheann acu ná gur mian liom caitheamh go réasúnta cothrom le tréimhsí uile na staire. Is drochnós ag staraithe é níos mó suntais agus spáis a thabhairt d’eachtraí a thit amach le cúpla glúin anuas ná d’eachtraí a tharla níos faide siar sa stair. Aon chaibidil déag a bheidh sa leabhar agus is í an chaibidil dheireanach amháin a bhainfidh leis an tréimhse idir 1919 agus an lá inniu, rud a chinnteoidh nach mbeidh ró-bhéim ar an 20ú céad. Is é an dara USP a bheidh ag an stair nua go dtabharfar aird chuí ar na trí scála ama a d’aithin Fernand Braudel. Níl aon bhaol go ndéanfaidh mé neamart san histoire événementielle, is é sin le rá, i stair na bpearsan agus na n-eachtraí. Tuigim gur cuid riachtanach den stair í seo, cé nach leor í. Ach tabharfaidh mé suntas, leis, don histoire conjoncturelle, do stair na sochaí agus an chultúir. Admhaím go bhfuil luí ar leith agam leis an saghas seo staire, ach ní ligfidh mé an histoire structurale, stair an dúlra agus an ‘achair fhada’, i ndearmad ach oiread. Is é tríú USP an leabhair go mbeidh na Gaeil, a dteanga, agus a litríocht lárnach don insint: beidh cuntais ann ar stair sheachtrach agus ar stair inmheánach na Gaeilge, agus bainfear úsáid as foinsí príomha sa teanga sin. Úsáidfear sleachta as litríocht na Gaeilge chun pointí a léiriú thall agus abhus. Ach is é an USP deireanach an ceann is suaithinsí ar fad: gur i nGaeilge a bheidh an téacs go léir – fág corr-shliocht athfhriotail as an áireamh.
Radharcanna ón réamhstair |
Mar is eol do léitheoirí dílse Chúrsaí Staire, foilsíodh an chéad chaibidil den stair, caibidil ina bhfuil cuntas ar an tréimhse réamhstairiúil, i sé mhír i rith na bliana atá imithe:
- An tsean-chlochaois (Aibreán 2018)
- An mheán-chlochaois (Bealtaine 2018)
- An nua-chlochaois (Meitheamh 2018)
- An chré-umhaois (Lúnasa 2018)
- An iarranaois (Deireadh Fómhair 2018)
- Ar imeall na staire (Samhain 2018)
Ní bheidh léaráid ar bith sa leabhar seachas mapaí: seo iad an dá cheann as an gcéad chaibidil |
Ar ndóigh, níl sé as an áireamh go mbeadh corr-aiste eile ar an stair, ar staraithe, nó ar scríobh na staire le léamh anseo idir an dá linn ...