03/10/2026

Tús ré — agus tús leabhair!

Bhí mé i mo thost anseo le naoi mí anuas ach ní raibh mé díomhaoin i rith an ama sin. Is amhlaidh go raibh mé ag obair ar Luath-Stair na hÉireann lena ullmhú don chló – obair a bheadh níos deacra agus níos fadálaí fós murach an chabhair a fuaireas ón bhfoilsitheoir agus ó chara liom a léigh an téacs go cúramach agus a chuir iliomad moltaí úsáideacha faoi mo dhéin. Nílim réidh leis an téacs go fóill ná baol air. Ní féidir tús a chur leis an innéacsú sula mbeidh na profaí le fáil, mar shampla, agus is é an t-innéacs an chuid is tábhachtaí de leabhar staire ar bith. Ach tá an chuid is mó den obair eagarthóireachta déanta anois agus tá gach cosúlacht air go bhfoilseofar Luath-Stair na hÉireann sa bhfómhar seo chugainn, in am maith do mhargadh na Nollag 2027.

     Bhí dóthain ama agam le ráithe anuas chun tús a chur le Nua-Stair na hÉireann, leabhar a thosaíonn in 1495, an bhliain inar chríochnaigh Luath-Stair na hÉireann, agus a ríomhfaidh stair na tíre anuas go dtí ár linn féin - má mhairim fada go leor lena chríochnú! ‘Aois na corónach’ is teideal don chéad chaibidil, a bhaineann leis an tréimhse idir 1495 agus 1603. Tá an chéad ghiota di le léamh anseo thíos.

Henry VII, ‘dominus Hibernie’ idir 1485 agus 1509

Ní raibh sé cinnte go n-éireodh le Henry VII an flaitheas a choinneáil tar éis dó cath Bosworth a bhuachan in 1485. Go deimhin, bhí gach cosúlacht air go rachadh sé crua ar an rí nua a réimeas a bhuanú. Is amhlaidh go raibh ríghe Shasana caillte ag cúigear le céad bliain roimhe sin: mar atá, Richard II, Henry VI (a chaill an choróin faoi dhó), Edward IV, Edward V, agus Richard III. Ba thuairim choitianta é nár rí dlisteanach é Henry VII agus go raibh teidil níos fearr ar an gcoróin ag daoine eile – ag iarla Warwick a bhí faoi ghlas i dTúr Londan, mar shampla. Bhí Margaret na Burgúine, deirfiúr Edward IV agus Richard III, ag iarraidh an chéad rí de rítheaghlach Tudor a chur de dhroim seoil: thacaigh sí ar dtús le Lambert Simnel, buachaill óg a lig air féin gurbh é iarla Warwick é agus a corónaíodh i mBaile Átha Cliath in 1487. Buadh ar Simnel an bhliain chéanna ach níorbh fhada gur chuir Margaret éilitheoir eile chun cinn: mar atá, ógánach darbh ainm Perkin Warbeck a mhaígh gurbh é deartháir Edward V é.

     D’imir Henry VII dhá bheart lena ghreim ar an gcoróin a threisiú: d’fhéach sé le cumhacht na huaisle a laghdú agus le saibhreas na corónach a mhéadú. Cé go raibh cúig phiara is caoga i Sasana in 1485, eisreachtaíodh roinnt tiarnaí a chuir i gcoinne an réimis nua agus is ar éigean a bhronn Henry teideal nua uaisleachta ar aon duine. B’fhearr leis ard-oifigí stáit a thabhairt d’fhir nár phiaraí iad: bhí ridirí a sheas leis i gcoinne Richard III – fir ar nós Sir Edward Poynings a cuireadh go hÉirinn mar ionadaí in 1494 – agus baill den chléir chun tosaigh ina measc na n-oifigeach a cheap sé. Faoin am a d’éag Henry in 1509, ní raibh ach dhá phiara is daichead i Sasana. Lena chois sin, ritheadh acht sa tír sin in 1504 a choisc tiarnaí ar fhir throda a fhostú gan cheadúnas ón rí. Gearradh fíneálacha troma ar thiarnaí a bhris an dlí sin, rud a chuir le barrachas an státchiste tráth a bhí ioncam na corónach ag fás de bharr borradh sa gheilleagar. Ach ba thíosach an rí é Henry agus theastaigh uaidh a chinntiú go mbeadh flúirse airgid le fáil i gcás ionraidh nó éirí amach. 

Suaitheantas agus daingean Ghearóid Mhóir, 8ú hiarla Chill Dara


     Níor chuir Henry VII puinn suime in Éirinn riamh ach ba bheag idir na polasaithe a leanadh ina ríocht agus ina thiarnas. Nuair a chuir ‘dlí Poynings’ (10 Henry VII, c. 4) srian le saoirse na bhfear ionaid in 1494, agus nuair a seoladh Gerald fitz Thomas FitzGerald, ochtú hiarla Chill Dara – ‘Gearóid Mór’ – ina chime go Sasana an bhliain dár gcionn, cuireadh cumhacht na corónach i gcion ar thiarnaí na hÉireann, idir Ghaill agus Ghaeil. Bhí straitéis Poynings ag teacht le cur chuige an rí i Sasana ach bhí a théarma oifige thar a bheith costasach: áirítear gur chosain an t-arm a rug sé go hÉirinn níos mó ná £18,000 sular scoireadh é i lár na bliana 1496. Thoiligh parlaimint na bliana 1494 cáin de dhá mharg a ghearradh ar gach seisreach curaíochta laistigh den Pháil; b’in dhá oiread an ghnáthráta cánach agus mhair an fóirdheontas ar feadh cúig bliana. Níor bailíodh ach beagán le cois £1,500 sa chéad bhliain, áfach, agus thit an méid a bailíodh bliain i ndiaidh bliana. Ba léir nárbh fhéidir na costais a bhain le rialtas Poynings a ghlanadh ó státchiste na hÉireann, agus ní raibh Henry VII sásta go mbeadh rialú an tiarnais ina uallach seasta ar státchiste Shasana. Ós rud é go raibh bac curtha ar an tsaoirse a bhíodh ag fir ionaid an rí i gcaitheamh na Meánaoise, thoiligh an rí clabhsúr a chur ar théarma Poynings agus Éireannach a cheapadh ina áit.

     Bhí an córas rialaithe ag éirí níos láraithe, na teaghlaigh uaisle á ndí-armáil, agus an maorlathas ríoga ag fás i rith réimeas Henry VII. Agus bhí tuiscint ní ba leithne ar ‘imperium’ an phrionsa – is é sin, ar choincheap an fhlaithis ríoga – ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa. Tá bunús na tuisceana nua curtha in iúl sa nath ‘rex in regno suo est imperator’ (‘is impire é an rí ina ríocht féin’). Prionsabal ba ea é a chiallaigh nach raibh údarás ar bith os cionn an rí chorónta, agus go raibh an chumhacht chéanna ag ríthe na linne is a bhí ag impirí na Róimhe anallód. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an idé chéanna d’aontacht na Críostaíochta sula i bhfad, ach d’fhéadfaí a áiteamh go raibh sí ag teacht le teagasc an scrioptúir:

Omnis anima potestatibus sublimioribus subdita sit non est enim potestas nisi a Deo quae autem sunt a Deo ordinatae sunt. Itaque qui resistit potestati Dei ordinationi resistit qui autem resistunt ipsi sibi damnationem adquirunt. 

(Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad. Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is ag cur in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.)

Agus íomhá na corónach féin, leasaíodh í chun ríogacht Henry VII a mhóradh. Is mar mhionn oscailte a léiríodh an choróin ar bhoinn airgid na hÉireann i gcaitheamh na Meánaoise, ach léiríodh an rí agus coróin dhúnta impiriúil á caitheamh aige nuair a buaileadh leath-thoistiúin agus toistiúin i mBaile Átha Cliath timpeall na bliana 1500.   

Leath-thoistiún Éireannach de chuid Henry VII


     Níorbh é ‘imperium’ an t-aon téarma ón ré chlasaiceach a bhí i mbéal an aosa pholaitiúil. Bhain tábhacht úr le coincheap an ‘colonia’ (‘coilíneacht’) ón uair a bhain Cristoforo Colombo na hIndiacha Thiar amach in 1492. Bhunaigh na Spáinnigh coilíneacht ar oileán na hEaspáinneola an bhliain dár gcionn. Uaidh sin, sheoladar soir go Pórtó Ríce agus siar go Cúba. Tar éis do Hernán Cortés teacht i dtír i Meicsiceo le cúig chéad fear in 1519, níor thóg sé ach dhá bhliain air impireacht na nAstacach a threascairt agus réimeas coilíneach a bhunú ina háit. Cé go raibh Sasanaigh chun tosaigh i measc na n-iascairí ón Eoraip a thug aghaidh ar bhráití torthúla Thalamh an Éisc i dtús an 16ú céad, bhí Henry VII ró-cháiréiseach le haithris a dhéanamh ar an Spáinn trí choilíneacht a bhunú ar an oileán. Ní raibh oifigigh uile na corónach dall ar na féidearthachtaí áfach. Nuair a scríobh Sir Thomas More, ball de chomhairle ríoga Shasana, leabhar dar theideal Utopia in 1516, shamhlaigh sé gur ghnách le muintir na tíre ficseanúla úd coilíneachtaí a bhunú sna críocha máguaird:

in continente proximo (ubicumque indigenis agri multum superest et cultu vacat) coloniam suis ipsorum legibus propagant ... adversus repugnantes bello confligunt. Nam eam iustissimam belli causam ducunt, quum populus quispiam eius soli quo ipse non utitur sed velut inane ac vacuum possidet, aliis tamen, qui ex naturae praescripto inde nutriri debeant, usum ac possessionem interdicat.

(ar mhór-roinn gar dóibh, pé áit a mbíonn flúirse talún ag na dúchasaigh atá saor le saothrú, bunaíonn siad coilíneachtaí faoina ndlíthe féin ... cuireann siad cogadh orthusan a sheasann ina n-aghaidh. Óir is cúis rócheart cogaidh é, dar leo, má bhíonn an ithir ag pobal nach n-úsáideann í, ach a fhágann folamh agus seasc í, agus a choisceann a húsáid is a sealbhú ar dhream eile atá i dteideal beathú a fháil uaithi de réir riail an nádúir.)

Níl sé cinnte go raibh More ar aon intinn le muintir Utopia, ach thuig sé dóibh.

Aucun commentaire:

Enregistrer un commentaire