07/12/2025

Deireadh ré — agus deireadh leabhair!

‘Is dé réir a chéile a thógtar na caisléain’, ach tógtar iad mar sin féin! Chríochnaíos an chéad dréacht de Luathstair na hÉireann, leabhar atá á scríobh agam le seacht mbliana anuas, le déanaí. Anseo thíos tá an clabhsúr a chuireas ar an saothar.

Henry VII, rí Shasana agus tiarna na hÉireann


Bhí deireadh leis an gcogadh idir Sasana agus an Fhrainc; bhí deireadh leis an gcoimhlint idir teaghlaigh Lancaster agus Eabhrac freisin, cé nár léir é sin do chách ag an am. Ba rí é Henry VII a raibh sé de chumhacht aige smacht níos déine a choinneáil ar oifigigh na corónach ar fud a chríoch.

Gabháil Chathair Chonstaintín

      Bhí athrú ag teacht ar dhála na hÉireann ag deireadh an 15ú céad ach ba bhunúsaí fós na hathruithe a bhí ag titim amach ar mhórthír na hEorpa. Nuair a ghabh na Turcaigh Cathair Chonstaintín in 1453 múchadh an t aon spré a bhí fágtha d’impireacht na Róimhe. Is iomaí scoláire Gréagach a thug aghaidh siar, i dtreo na Veinéise go háirithe, sna blianta a lean. Thugadar lámhscríbhinní leo ina raibh bunleaganacha Gréigise de shaothair le Pláton (Πλάτων), Aristotéles (Αριστοτέλης) agus údair eile ón ré chlasaiceach. Bhí téacsanna ina measc nach bhfacthas san iarthar cheana, mar aon le téacsanna eile a bhí ar fáil i ndrochaistriúcháin amháin roimhe sin. Cuireadh dlús le staidéar na Gréigise agus na litríochta clasaicí ar aon agus tháinig modh nua scoláireachta chun cinn san Iodáil: mar atá, ‘studia humanitatis’; nó ‘léann na daonnachta’. Saghas léinn ba ea é a thug droim láimhe do scolaíochas tur na n-ollscoileanna seanbhunaithe. Leag an léann nua béim ar ábhair a bhain le cultúr an duine amhail teangacha, an reitric, an litríocht, an eitic, agus an stair, seachas ar loighic theibí na meitifisice. Scaip léann na daonnachta ón Iodáil go tíortha eile agus chuidigh teicneolaíocht úr na clódóireachta lena chraobhscaoileadh.

Clólann luath

      Chuir Johannes Gutenberg, céad chlódóir na hEorpa, eagrán den Bhíobla i gcló in Mainz na Gearmáine timpeall na bliana 1455. Bhí aird na gclódóirí ba luaithe dírithe ar leabhair faoin reiligiún ach níorbh fhada go raibh saothair faoi ábhair shaolta á bhfoilsiú acu. In aon bhliain amháin (1471) d’fhoilsigh Nicholas Jenson, clódhearthóir agus clódóir ón bhFrainc, saothair le Cicero (polaiteoir a d’éag in 43 R.Ch.), le Quintilianus (oide reitrice a d’éag thart ar A.D. 100) agus le Suetonius (staraí a d’éag uair éigin tar éis A.D. 122) sa Veinéis. Níor tháinig ealaín na clódóireachta chomh fada le Sasana go dtí an bhliain 1476 nuair a chuir William Caxton clóphreas ar bun in Westminster. Mar a luadh cheana, aistríodh leabhar a d’fhoilsigh Caxton go Gaeilge roimh dheireadh an 15ú céad – cé go raibh Éire fós gan chlóphreas ag an am. Ní hamháin gur leathnaigh réimse na dtéacsanna a bhí le fáil tar éis theacht na clódóireachta ach mhéadaigh soláthar na leabhar as cuimse: áirítear go raibh tuairim is dhá mhíle leabhar in aghaidh na bliana á gcóipeáil ag scríobhaithe sa Ghearmáin timpeall na bliana 1370, ach bhí dhá chéad míle leabhar á gclóbhualadh in aghaidh na bliana sa tír sin faoi dheireadh an 15ú céad. 

La Niña, la Pinta agus la Santa Maria

      Má bhí na Turcaigh ag treabhadh rompu sna Balcáin agus in oirthear na Meánmhara, bhí ríochtaí Críostúla ag fáil an lámh in uachtar ar Mhoslamaigh san iarthar agus ghabh an Phortaingéil cathair Tangier ar chósta thuaidh Mharacó chomh luath leis an mbliain 1471. D’athraigh cóimheá na cumhachta i leithinis na hIbéire go buan nuair a phós ‘los Reyes Católicos’; (‘na flatha Caitliceacha’) – Isabel I na Caistíle agus Fernando II na hAragóine – in 1479. Cuireadh an ‘reconquista’ (‘athghabháil’) i gcrích in 1492 nuair a ghabhadar Granada, an chathair dheireanach san Ibéir a bhí fós i seilbh na Moslamach. Cúpla mí dár gcionn, sheol Cristoforo Colombo, mairnéalach ó Genova na hIodáile a bhí fostaithe ag na flatha Caitliceacha, trasna an Atlantaigh go dtí na hIndiacha Thiar. Ní raibh an Ibéir – ná Éire – suite ar imeallbhord thiar an domhain a thuilleadh ach ag ceann an chúrsa loingseoireachta idir an Sean-Domhan agus an Domhan Nua. Ní raibh cumhachtaí eile iarthar na hEorpa dall ar na himpleachtaí dóibhsean. Bhí paitinn ó rí Shasana ag Zuan Caboto, Veinéiseach, nuair a sheol sé ó Bhriostó go Talamh an Éisc in 1497. Bhí Colombo agus Caboto ag iarraidh na hIndiacha Thoir a shroicheadh nuair a sheoladar siar, ach rinne Vasco da Gama, Portaingéileach, an beart in 1498 nuair a scoith sé Rinn an Dóchais agus sheol tríd an Aigéan Indiach go Kerala na hIndia. Bhí cúrsa díreach trádála oscailte idir an Eoraip agus an domhan thoir; laistigh de ghlúin amháin eile bhí sraith de stáisiúin trádála ag an bPortaingéil a shín chomh fada soir le ‘hoileáin na spíosraí’ mar a tugadh ar oileáin Maluku na hIndinéise ag an am. 

La Pietà

      Bhí saol na hEorpa corraithe ar dhóigh nach bhfacthas cheana ag deireadh an 15ú céad. Go deimhin, is ag treisiú a bhí an suaitheadh cultúir – an ‘rinascita’ (‘athbheochan’) mar a ghlaofaí air ar ball – i rith an ama. Ní hionadh é gur san Iodáil a d’eascair coincheap na hathbheochana mar is ann a tháinig an bláthú ba shuntasaí ar an ealaín: thosaigh Leonardo da Vinci ag péinteáil an Suipéar Déanach in 1495 agus chuir Michelangelo tús le dealbhú an Pietà in 1498. Ach bhain ceistiú na saíochta ársa, an t-athmhachnamh ó bhonn, an dúil san athnuachan, le meon na haoise – meon nach raibh teoranta d’aon tír ar leith. Chríochnaigh Nikolaus Kopernikus, canónach ó Toruń na Polainne, a chúrsa staidéir in ollscoil Kraków in 1495, tráth a thosaigh Desiderius Erasmus, sagart ó Rotterdam na hÍsiltíre, ag freastal ar léachtaí in ollscoil Phárais. An bhliain chéanna úd, bhí Martin Luther ina ghasúr dhá bhliain déag d’aois in Eisleben na Gearmáine, agus bhí Ignacio de Loyola ina pháiste ceithre bliana d’aois i dTír na mBascach.

     Sa bhliain 1495 bhí an Eoraip – Éire san áireamh – ar thairseach na Nua-Aoise.

14/08/2025

Na mapaí i gcaibidil 6

Na mapaí i gcaibidil 6

Dheineas cinneadh ag tús na bliana nach gcuirfinn aon aiste nua suas ar Chúrsaí Staire nó go mbeadh an leabhar faoi Éirinn sa Mheánaois atá á scríobh agam le sé bliana anuas i lámha foilsitheora. Tá an obair sin ag druidim chun deiridh - ní thógfaidh sé ach mí eile nó mar sin - agus tig libh bheith ag súil le corr-aiste a fheiceáil anseo sula i bhfad.

     Idir an dá linn, tá na mapaí a ghabhann le caibidil 6 de Luathstair na hÉireann réidh agus is féidir iad a íoslódáil ó na naisc anseo thíos.

Caibidil 6 (1318-1495)
Mapa 15. Éire in 1330.
Mapa 16. An eaglais in 1400.
Mapa 17. An t-aos dána sa 14ú céad agus sa 15ú céad.
Mapa 18. Éire in 1460.

Foilsíodh na mapaí a ghabhann le caibidlí 1-5 den leabhar ar Chúrsaí Staire cheana ach seo daoibh na naisc in athuair:

Caibidil 1 (roimh AD 400)
Mapa 1. Láithreacha seandálaíocha atá luaite sa téacs.
Mapa 2. Dúnta cnoic sa chré-umhaois, c. 1000 R.Ch.
Mapa 3. Éire de réir Claudius Ptolemaeus, c. A.D. 150. 

Caibidil 2 (400-795)
Mapa 4. Éire de réir fhianaise na litríochta.
Mapa 5. Mainistreacha tábhachtacha faoi lár an 7ú céad.
Mapa 6. Éire i dtreo na bliana 550. 

Caibidil 3(795-1002)
Mapa 7. Éire i dtreo na bliana 800.
Mapa 8. Tionchar na Lochlannach: taiscí airgid ón 9ú céad agus ón 10ú céad. 

Caibidil 4 (1002-1171)
Mapa 9. Éire i dtreo na bliana 1000.
Mapa 10. Éire i dtreo na bliana 1125.
Mapa 11. Atheagrú na heaglaise sa 12ú céad.

Caibidil 5 (1171-1318)
Mapa 12. Éire ag tús na bliana 1171.
Mapa 13. Éire ar bhás Rí John in 1216.
Mapa 14. Bailte tábhachtacha ag deireadh an 13ú céad.


05/12/2024

Céad chuairt Richard II

Anseo thíos tá sliocht eile as Caibidil 6 de ‘Luathstair na hÉireann’, leabhar atá á scríobh agam faoi láthair.

Richard II, rí Shasana


Bhain Richard II calafort Phort Láirge amach ar an 2 Deireadh Fómhair 1394. Bhí Roger Mortimer, iarla March agus Uladh, ina theannta agus tháinig diúc Gloucester, uncail leis a chaith seal ag troid i gcoinne na bhFrancach, i dtír coicís dár gcionn. Thug an rí aghaidh ar dtús ar na coillte agus sléibhte in oirthear Laighean óna raibh tiarnaí Gaelacha ag bagairt ar chuid de na bailte ba thábhachtaí sa choilíneacht: leithéidí Loch Garman, Chill Chainnigh, Cheatharlach, Chill Dara agus Bhaile Átha Cliath. Bhí arm Richard chomh líonmhar sin gurbh acmhainn dó straitéis shimplí éifeachtach a leanúint: shuigh sé sraith bardaí mórthimpeall an réigiúin le cinntiú nach n-éalódh ceithearn ar bith, a fhad is a thug cathanna láidre ruathair isteach sna sléibhte chun creach a dhéanamh, áitribh a loscadh, agus an lucht cosanta a chloí. Má tá cuntas comhaimseartha cruinn, tógadh creach de cheithre mhíle dhéag beithíoch – idir chapaill, eallach agus chaoirigh. Ba dheacair do na cosantóirí an fód a sheasamh mar bhí na coillte lom go leor i mí Dheireadh Fómhair agus chuidigh an easpa fothana leis na Sasanaigh saighid a imirt orthu. Níor mhair an troid i bhfad agus ghéill Art Mac Murchadha Caomhánach, Gearóid Ó Broin agus Feidhlim Ó Tuathail roimh dheireadh na míosa. Thug na taoisigh seo go léir mionn i láthair rí Shasana go go n-iompróidís iad féin mar ghéillsinigh dhílse feasta. Ligeadh d’Art Mac Murchadha fanacht sa dúiche chun an pobal a shuaimhniú agus rug an rí na taoisigh eile leis go Baile Átha Cliath. Sheol Richard tuairisc bhuach chuig a sheansailéir i Sasana: ‘nous semble estre conquis et d’estre vraisemblablement en paix toute la terre de Leinstre’ (‘feictear dúinn go bhfuil críocha Laighean uile curtha faoi smacht agus faoi shíocháin i ndáiríre’).

      Ba leor buille amháin dá chlaíomh chun an gad ba ghaire do scornach na coilíneachta a ghearradh, ach bhí sé mar sprioc ag Richard II údarás na corónach a chur i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Chuige sin, cheap sé idirghabhálaithe a chuaigh i ndáil chomhairle leis na tiarnaí ba thábhachtaí, idir Ghaeil naimhdeacha agus Ghaill cheannairceacha. Cuireadh James Butler, iarla Urmhumhan, go Tuadhmhumhain chun labhairt le Brian Sreamach Ó Briain agus le taoisigh eile an réigiúin; fágadh Carrthaigh Dheasmhumhan faoi Ghearóid Iarla; agus chuaigh Muircheartach Ó Ceallaigh, ardeaspag Thuama, i mbun caibidle le tiarnaí an iarthair. Is ar John Colton, ardeaspag Ard Mhacha, a thit an cúram ba thábhachtaí: is é sin, margadh a dhéanamh le Niall Mór Ó Néill agus a chuid uirríthe. Ba é Ó Néill an rí Gaelach ba chumhachtaí agus, más féidir a theist féin a chreidiúint, bhí ríthe sna cúigí eile ag súil le treoir uaidh. Seo mar a scríobh sé i litir don phríomháidh:

Vestram paternitatem latere noluimus quod iuxta vestrum salubre consilium omnes magnates de Ultonia inter Hibernicos nobis obedientes ad nostram presenciam conso[ci]are fecimus ad cum eis consulendum deliberandum de nostro transitu ad curiam Domini nostri Regis et tunc nobiscum erant nunc O Breyn O Chonchubyr McKarrych et aliorum quamplurium australium nobis ferventer supplicantes quod a predicto transitu ad prefatam curiam omnino desisteremus, Nos tamen ad vestrum consilium adhuc pocius quam aliorum inclinati sumus ... 

(Níor theastaigh uainn neamhshuim a dhéanamh de bhur gcúram aithriúil agus, mar sin, de réir bhur ndea-chomhairle, ghaireamar na maithe go léir i measc Ghaeil Uladh a ghéilleann dúinn inár láthair chun dul i gcomhairle leo faoinár dturas chuig cúirt ár dtiarna, an rí – agus bhí Ó Briain, Ó Conchobhair, Mac Carrthaigh agus líon maith eile ón deisceart inár bhfochair an uair sin a ghuigh sinn go dúthrachtach gan bacadh leis an turas réamhráite chuig an gcúirt úd – cé gurbh fhearr linn comhairle a ghlacadh uaibhse ná ó dhaoine eile ...)

Ar an 20 Eanáir 1395, tháinig Ó Néill i láthair rí Shasana i dteach na nDoiminiceach i nDroichead Átha chun umhlóid ghéillsine a dhéanamh os a chomhair agus móid dílseachta dó a ghlacadh ar a shon féin agus thar ceann ‘omnes subditi mei’ (‘mo chuid géillsineach uile’).

Art Mac Murchadha Caomhánach, rí Laighean


      Níorbh fhada gur lean tiarnaí tábhachtacha eile an sampla a thug ‘princeps Hibernicorum Ultonie’ (‘prionsa Ghaeil Uladh’) – teideal a úsáideadh i litir chuig Richard II. Ar an 16 Feabhra, tháinig Maol Seachlainn Ó Mórdha († 1398), rí Laoighise, agus Murchadh Ó Conchobhair († 1421), rí Ua bhFailghe, i láthair rí Shasana ag Ceatharlach chun an mionn a thabhairt. Thaistil Brian Sreamach Ó Briain, rí Thuadhmhuman, chomh fada le Mainistir Thomáis Mairtíreach, teach de chuid na nAgaistíneach i mBaile Átha Cliath, chun móid dílseachta a ghlacadh os comhair Richard ar an 1 Márta. Rinne taoisigh ó lár tíre – Mag Eochagáin, Ó Maolmhuaidh, Ó Maoil Sheachlainn agus Ó Raghallaigh ina measc – amhlaidh ag Droichead Átha ar an 14 Márta. Dhá lá dár gcionn, ghlac taoisigh ó chúige Uladh an mhóid i láthair Richard san áit chéanna: orthusan bhí Niall Óg Ó Néill, Eoin Mac Domhnaill, Cú Uladh Ó hAnluain, Muircheartach Mag Aonghusa agus Pilib Mac Mathghamhna. Ba dheartháir é Eoin Mac Domhnaill le Domhnall Mac Domhnaill, tiarna Inse Gall, agus tháinig sé go hÉirinn le buíon gallóglach a bhí fostaithe ag Ó Néill; fuair Mac Domhnaill tiarnas dó féin i nGlinnte Aontroma nuair a phós sé Marjory Bisset, banoidhre na dúiche. Ghlac triúr taoiseach ó Dheasmhumhain an mhóid dílseachta i gCill Chainnigh ar an 6 Aibreán: eadhon Tadhg Mac Carrthaigh Mór, Domhnall Mac Carrthaigh Riabhach agus Cormac Mac Carrthaigh Mhúscraí. Ar an 20 Aibreán, ghlac Toirdhealbhach Donn Ó Conchobhair an mhóid ar a shon féin agus thar ceann a chuid uirríthe. Tháinig Uilleag ‘an Fhíona’ de Búrca (Mac Uilliam Uachtair) i láthair an rí ar an lá céanna agus is díol suime é gurbh éigean do James Butler, iarla Urmhumhan, caint an Bhúrcaigh a aistriú – rud nár ghá dá mbeadh Fraincis nó Béarla aige. Cé gur Ghall é Mac Uilliam Uachtair, ba í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí ar a thoil. Níor thaise do na taoisigh Ghaelacha é agus agus is i Laidin amháin a bhí na litreacha a chuireadar chuig Richard II toisc gurbh fhearr an tseilbh a bhí ag an gcléir ar an teanga sin ná ar aon teanga eile a thuigfeadh rúnaithe an rí. Roimh dheireadh mhí Aibreáin, tháinig Ó Cearbhaill Éile, Ó Ceallaigh Ua Maine, agus Ó Briain Aradh go Cill Chainnigh chun umhlóid a dhéanamh agus móid a ghlacadh. Bhí flaitheas Richard II aitheanta agus mionn dílseachta dó tugtha ag formhór na dtiarnaí, ach is cóir triúr nár stríoc dó a lua. Bhí Tír Chonaill chomh fada ar shiúl ó theorainn na coilíneachta gur bhraith Toirdhealbhach Ó Domhnaill go bhféadfadh sé féin agus a chuid uirríthe (Mág Uidhir Fhear Manach san áireamh) neamhshuim a dhéanamh de rí Shasana. Níor ghlac Mac Uilliam Íochtair ná Ó Conchobhair Ruadh móid dílseachta ach oiread; thiocfadh dó nár tugadh an deis dóibh ós rud é go raibh an choróin i bpáirt le Mac Uilliam Uachtair agus le hÓ Conchobhair Donn, beirt a raibh deargnaimhdeas acu leo.

      Na tiarnaí a thug mionn dílseachta do Richard II agus dá chomharbaí i ríghe Shasana, ghealladar go mbeidís ina ngéillsinigh thairiseacha, go gcoimeádfaidís dlíthe agus orduithe reachtúla an rí, agus go bhfreastalóidís ar an bparlaimint nó ar an gcomhairle ríoga dá bhfaighidís gairm ón rí nó ón bhfear ionaid. Tá sé le tuiscint ón bhforáil dheireanach gur theastaigh ó rí Shasana go mbeadh an uaisle Ghaelach páirteach in institiúidí an tiarnais. Ba chomhartha eile den rún céanna é go ndearna sé ridirí de thriúr Gael ar a laghad: mar atá, Ó Conchobhair Donn, Brian Sreamach Ó Briain, agus Niall Óg Ó Néill. Ina theannta sin, cheap sé Ó Conchobhair Donn ina chonstábla ar chaisleán Ros Comáin – daingean a tógadh mar chaisleán ríoga ach a bhí i seilbh mhuintir Chonchobhair le glúin anuas. Mar an gcéanna, fuair Mac Murchadha seilbh ar eastát a mhná céile i gContae Chill Dara. Chomh luath le mí Eanáir na bliana 1395, chuir Richard tuairisc dhóchasach chuig ardeaspag Eabhrac, seansailéir Shasana:

Par ensi que nous quidons par la grace de Dieu d'avoir entiere obeissance en brief de toute nostre dit terre et pensons adonque a l'aide de nostre Seignur de la mettre en tiele et si bon governance que touz noz loialx liges et ceulx qui le pensonnt estre, [soient] tresbien contentz. 

(Dá réir sin, sílimid – le grásta Dé – go mbeidh géilleadh iomlán againn go luath ónár gcríoch réamhráite ar fad; agus is mian linn ansin – le cúnamh Dé – í a rialú chomh maith sin go mbeidh ár ngéillsinigh dhílse uile, agus iadsan ar mian leo bheith amhlaidh, thar a bheith sásta.)

Bhí Mac Murchadha, Ó Broin agus Ó Tuathail cloíte agus curtha faoi smacht ag rí Shasana. B’éigean dóibh na dúichí a bhí acu a thabhairt suas don choróin agus bhronn Richard stráicí fairsinge díobh mar fheoid ar bhaill dá lucht cuideachta; bhí diúc Gloucester, uncail leis an rí, ina measc. Dhealraigh sé go raibh deireadh curtha le neamhspleáchas na dtaoiseach Gaelach in oirthear Laighean agus nach mbeadh iontu feasta ach tionóntaí de chuid na dtiarnaí nua Gallda – fearacht a sinsear ar feadh céad bliain tar éis ghabháltas Henry II. Ní nach ionadh, ghoill an t-ísliú céime orthu agus rinneadar casaoid le Richard faoi ghnéithe éagsúla den socrú nua. Mar shampla, ba chúis bhuartha do Ghearóid Ó Broin é go raibh iarla Urmhumhan ag iarraidh cuid dá shealúchas a bhaint de in ainneoin gealltanais a thug an rí dó, agus rinne Feidhlim Ó Tuathail gearán nuair nár ligeadh dá mhuintir freastal ar aonach an Bhaile Mhóir i gContae Chill Dara.

Séala Uí Neill agus armas Mortimer


      Ba thromchúisí fós an chointinn idir na Niallaigh agus Roger Mortimer, iarla March agus Uladh, ó thuaidh. Cé go raibh Ó Néill toilteanach na tailte a bhí gafa aige in iarlacht Uladh a fhágáil agus ardcheannas an iarla a aithint, d’áitigh sé gurbh eisean ‘prionsa Ghaeil Uladh’ agus nár chóir go mbeadh aon údarás díreach ag Mortimer ar thaoisigh Ghaelacha an tuaiscirt. De réir thuisceana Uí Neill, is ina sheirbhís-sean a bhí gallóglaigh Mhic Dhomhnaill agus ba leis-sean ‘buannacht Uladh’ – an ceart chun fir troda a chur ar coinmheadh i dtiarnais Ghaelacha an chúige. Nuair a chuala Niall Óg Ó Néill ráfla i mí Aibreáin 1395 go raibh Richard II ar tí filleadh ar Shasana, d’impigh sé air tamall eile a chaitheamh in Éirinn chun cogadh sa tuaisceart a sheachaint: ‘statim post vestrum recessum Comes Marchie cum suis sequacibus contra me insurgere proponunt’ (‘díreach tar éis duit imeacht tá sé de rún ag iarla March agus a lucht leanúna mé a ionsaí’). Thug rí Shasana an chluas bhodhar don achainí agus sheol sé cuan Phort Láirge amach ar an 15 Bealtaine. Thuill an méid a bhí déanta aige in Éirinn moladh ó annálaí amháin:

Cing Risdert .i. righ Saxan do dul tairis dorissi malle re neart & re h-onoir o Ereannachaibh uili mar da dligh, uair as tearc tainig ana comhaimserracht a chomaith. 

(King Richard, eadhon rí Shasana, a dhul sall arís le neart agus le honóir ó na hÉireannaigh uile mar ba dhual dó, óir is annamh a tháinig a chómhaith lena linn.) 

Bíodh sin mar atá, ba ghníomh místuama dó é Roger Mortimer a cheapadh ina leifteanant ar Éirinn, cé nár fágadh ach Leath Choinn faoina chúram. Ceapadh Sir William Scrope, ridire a raibh seantaithí aige ar an gcogadh sa Fhrainc, ina ghiúistís agus cuireadh i mbun Leath Mhogha é.

24/06/2024

An Phlá Mhór

Tá sliocht as Caibidil 6 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.



Tá gach dealramh air go raibh cúinsí beatha an phobail ag dul in olcas le glúin nó dhó anuas roimh lár an 14ú céad de bharr athraithe san aeráid. Thosaigh téamh na Meánaoise – tréimhse ceithre chéad bliain nuair a bhí an aeráid ní ba theo ná mar a bhí i lár an 20ú céad – ag dul i léig i dtreo dheireadh an 13ú céad. Ba de réir a chéile a d’athraigh an aeráid ach d’éirigh an aimsir ní ba luainí sa 14ú céad. Bhí gorta mór ar fud iarthar na hEorpa in 1315-17 nuair a scrios an bháisteach na barra dhá bhliain as a chéile. Tharla gorta eile in Éirinn sa bhliain 1339 nuair a mhill sioc agus sneachta an geamhar san earrach. Chuir sraith eipidéimí a bhuail idir dhaoine agus ainmhithe le cruatan an tsaoil. Níor luaithe gorta na mblianta 1315-17 thart gur leath plá na mbó (rinderpest) anoir ón mBóiheim; is cosúil go raibh baint ag an ráig seo leis an drochaimsir freisin mar oireann fuacht agus fliuchras don víreas is cúis leis an aicíd. Shroich plá na mbó Sasana in 1319 agus áirítear gur maraíodh seasca faoin gcéad d’eallach na tíre sin in aon bhliain amháin.

      Níl aon chúis le ceapadh nach raibh an eipidéim chomh marfach céanna in Éirinn agus a bhí i Sasana. De réir na n‑iontrálacha in Annála Connacht bhí ‘bodith mór ar fut Erenn uili’ (‘díth mhór bólachta ar fud Éireann uile’) in 1321 agus mhair an ‘Mael Domnaig’ (‘Maol Domhnaigh’), an t-ainm a tugadh ar an ngalar, go dtí an bhliain 1325. Bhuail galar marfach eile – an galar scrathach nó an leith uisce b’fhéidir – caorigh in 1338, tráth a breacadh an nóta seo a leanas in Annála Connacht: ‘coirig Erenn do ec in hoc anno acht mad becc’ (‘caoirigh na hÉireann a éag sa bhliain seo seachas beagán’). Cé nach féidir líon na mbeithíoch a bhásaigh a thomhas go cruinn, is eol dúinn gur tháinig laghdú timpeall seasca faoin gcéad ar na táillí custaim a íocadh ar olann, ar lomraí agus ar sheithí a easpórtáladh idir déaga agus daichidí an 14ú céad. Tá sé le tuiscint gur mhair éifeacht na n-eipidéimí go ceann i bhfad agus go ndearnadh dochar nár bheag don gheilleagar. Anuas air sin, bhí ráig den bholgach ann in 1327 agus scaip galar marfach a raibh ‘slaodán’ air – an fliú b’fhéidir – in 1328. Caithfidh go raibh an pobal ag streachailt leis an saol ach bhí an tubaiste ba mheasa fós le teacht.

Rattus rattus - an francach dubh


      Leath an phlá bhúbónach siar ó lár na hÁise mar a raibh an galar eindéimeach i measc chreimirí fiáine – an tseirbil agus an marmat go háirithe. Shroich an phlá cathair Astrakhan ag bun abhainn na Volga in 1345 agus bhain sí an Chrimé amach an bhliain dár gcionn. Ba choilíneacht de chuid Genova na hIodáile é baile Caffa (‘Feodosia’ an lae inniu) agus bhí rathúnas an bhaile bunaithe ar na lastaí arbhair a sheoladh ceannaithe Iodálacha trasna na Mara Duibhe go críocha na Meánmhara; tá gach cosúlacht air gur fhrancaigh ghalraithe ar longa lastais ón gCrimé a thug an phlá chomh fada leis an Iodáil roimh dheireadh 1347. Scaip sí ó na calafoirt go bailte eile, agus ó na bailte go dtí an tuath. Shroich an phlá Páras i samhradh na bliana 1348; bhain sí Sasana amach ag Melcombe, calafort in Dorset, i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh agus scaip sí go rábach ar fud na ríochta.  Ní raibh eipidéim den phlá san Eoraip ón 8ú céad i leith, rud a d’fhág go raibh imdhíonacht in easnamh ar an bpobal. Meastar gur mharaigh an phlá níos mó ná Eorpach amháin as triúr sa tréimhse ghairid idir 1347 agus 1353. Is cosúil go raibh an ráta báis ní b’airde fós i Sasana agus áirítear gur thit daonra na tíre sin ó 4.8 milliún in 1348 go 2.6 milliún in 1351 – laghdú de dhaichead a sé faoi gcéad.

    Is iad na boicht is mó a fuair bás. Scaipeadh an phlá ar dhá bhealach: nuair a bhásaigh francach d’fhéadfadh dreancaidí léim ón míol marbh go duine agus Yersinia pestis, an baictéar is cúis leis an bplá, a bheir leo; nó d’fhéadfaí an phlá a tholg trí análú i láthair duine a raibh an baictéar ina scamhóga. Ba lú an seans go dtolgfadh an saibhir a raibh cónaí air i dteach fairsing cloiche le ceann slinne air an galar ná an daibhir nach raibh aige ach bothán ceann tuí. Is díol suntais é nach bhfuair ach rí corónta amháin bás den phlá ar fud na hEorpa: mar atá, Alfonso XI na Caistíle. Mar an gcéanna, ní bhfuair iarla ar bith bás i Sasana agus níor mharaigh an chéad ráig den phlá ach ceathrar sirriamaí sa ríocht go léir. Os a choinne sin, bhí ráta ard báis i measc na cléire toisc go raibh sé de dhualgas ar shagairt an ola dhéanach a thabhairt d’othair a bhí buailte ag an bplá. 

Duibhe na plá


      Tá cuma na fírinne ar an scéal a bhí ag John Clyn gur shroich an phlá dhá chalafort ar an gcósta thoir, Droichead Átha agus Binn Éadair, ag tús mhí Lúnasa. Ba bhráthair bocht é Clyn i gclochar Chill Chainnigh, agus chonaic sé na sluaite oilithreach as gach cearn ag tarraingt ar mhainistir Thigh Moling agus sceimhle orthu roimh an aicíd mharfach a bhí ag leathadh ar luas lasrach: 

quidam venerunt devocionis affectu, alii (sed plures) pestilencie metu, que tunc nimis invaluit, que primo juxta Dubliniam apud Howht et Drouda incepit, ipsas civitates Dubliniam et Drouhda fere destruxit et vastavit incolis et hominibus. Ita ut in Dublinia tantum, a principio Augusti usque nativitatem Domini xiii. milia hominum mortui sunt ... 

(tháinig cuid acu le teann deabhóide, cuid eile (an mhórchuid ámh) de bharr uamhain roimh an bplá a bhí ag dul i dtreis ag an am agus a thosaigh i mBinn Éadair is i nDroichead Átha; ba bheag nár scrios sí cathracha Átha Cliath agus Dhroichead Átha, ag marú cathróirí agus daoine. Is mar sin a d’éag trí mhíle dhéag duine i mBaile Átha Cliath amháin ó thús mhí Lúnasa go Nollaig ...)

Mhaígh Clyn go raibh cúig bhráthair fichead agus trí bhráthair fichead de chuid na bProinsiasach ar na mairbh i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Cliath faoi seach. Thug sé tuairisc thruamhéalach ar chomharthaí sóirt an ghalair:

Nam multi ex antrace et ex apostematibus, et pustulis qui creverunt in tibiis et sub ascellis, alii ex passione capitis et quasi in frenesim versi, alii spundo sanguinem moriebantus.

(Mar d’éag mórán de bharr duibhe, othras, agus neascóidí a d’fhás sna cosa agus faoi na hascaillí; daoine eile de bharr páise sa chloigeann a chuir le báiní iad nach mór; daoine eile agus iad ag caitheamh fola aníos.)

Tá sé le tuiscint ón gcuntas seo go raibh dhá mhodh scaipthe ag an bplá in Éirinn: bheifí ag súil le cnapáin sa ghabhal agus faoi na hascaillí má bhí an galar á scaipeadh ag dreancaidí, ach bheifí ag súil le cur aníos fola ó na scamhóga má bhí sé ag scaipeadh ó dhuine go duine. Sa nóta deiridh a bhreac sé, mhaígh Clyn go bhfuair ochtar Doiminiceach bás i gCill Chainnigh idir Nollaig 1348 agus an 6 Márta 1349; is é is dóichí gur éag sé féin go gairid ina dhiaidh sin.

Annála Connacht


      Bhí an phlá ar fud na hÉireann um an dtaca sin agus tá an iontráil seo a leanas le léamh in Annála Connacht:

Plaig mor i Moig Luirc ⁊ a nErinn uli in oc anno

(Plá mhór i Magh Loirg agus in Éirinn uile sa bhliain seo.)

Ní hé go raibh an phlá ní ba mheasa i dtiarnas Mhic Dhiarmada ná in aon cheantar eile, ach is ann a bhí dúiche mhuintir Dhuibhgeannáin, seanchaithe léannta, agus is iad a thiomsaigh Annála Connacht. Ní féidir líon na ndaoine a fuair bás sa tír ar fad a chomhaireamh go cruinn, ach ní dócha go raibh difear mór idir an ráta báis i gceartlár na coilíneachta agus i Sasana. De réir meastacháin amháin, bhí titim de dhaichead faoin gcéad ar an daonra sa réigiún mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath. Os a choinne sin, bhí an daonra níos scáinte ar imeall na coilíneachta agus sna tiarnais Ghaelacha, rud a chuir srian le scaipeadh na plá ó dhuine go duine. Thairis sin, caithfidh go raibh na francaigh a scaip an phlá níos líonmhaire i réigiúin churaíochta an oirthir ná i réigiúin tréadaíochta an iarthair. Is ródhócha, mar sin, go raibh ráta báis níos airde i measc na nGall ná i measc na nGael – cé go raibh cónaí ar sciar maith den dara dream laistigh den choilíneacht freisin. Go deimhin, b’shin a chuir comhairle mhór na hÉireann in iúl d’Edward III nuair a chuireadar achainí faoina bhráid in 1360. Má bhí 1.3 milliún duine in Éirinn tar éis ghorta na mblianta 1315-17, ní móide gur fhás an daonra mórán – má d’fhás sé in aon chor – sular bhuail an phlá mhór an tír. Má mharaigh an phlá tríocha faoin gcéad de na Gaeil agus daichead faoin gcéad de na Gaill, bheadh naoi gcéad míle duine fós ina mbeo nuair a chuaigh an chéad ráig i léig in 1351.

      Ná níorbh é sin deireadh na hanachaine. D’fhill an phlá ó am go chéile agus bhí ráigeanna eile ann in 1361-2, 1370, 1373, 1382-4, 1391, 1398, 1400-01, 1406 agus 1408. Cé nach raibh na ráigeanna déanacha chomh forleathan ná chomh marfach leis an gcéad cheann, bhuail roinnt acu ceantair áirithe go dona. Mar shampla, mheas cléireach a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath go raibh ráig na bliana 1370 ní ba mheasa ná an dá cheann a chuaigh roimhe:

Anno Domini MCCCLXX., et anno ejusdem Regis XLIV., incepit tercia pestilentia et maxima in Hibernia, in qua multi nobiles, cives, et pueri quasi infiniti obierunt. 

(I mbliain an Tiarna 1370, agus sa cheathrú bliain is daichead den rí céanna, thosaigh an tríú plá agus an ceann ba mhó in Éirinn inar éag mórán uaisle, saoránach, agus páistí beagnach gan áireamh.)

Tugadh ‘cluichi an rig’ (‘cluiche an rí’) ar an ráig a thosaigh in 1361 ar cúis nach bhfuil soiléir ach b’fhéidir gurbh é ‘Rí na bhFlaitheas’ a bhí i gceist. Buaileadh an t-iarthar go dona in 1384, bliain ina bhfuair Ruaidhrí mac Thoirdhealbhaigh Uí Chonchobhair, rí Chonnacht, bás den aicíd. Mharaigh an phlá scata rídhamhnaí ó oirthear chúige Laighean in 1406, agus d’éag Sir Stephen de Scrope, fear ionaid rí Shasana in Éirinn, den ghalar céanna in 1408. Chinntigh líon na ráigeanna gur lean an daonra ag titim go deireadh an 14ú céad agus i mblianta tosaigh an 15ú céad. Is féidir go raibh daonra na hÉireann amach is isteach le hocht gcéad míle ag deireadh an 14ú céad, cé go raibh baint ag an titim bhreise seo le heisimirce freisin.

‘Bua an bháis’ le Pieter Breugel


      Ba é an lorg ba shuntasaí a d’fhág an phlá mhór ar thíortha na hEorpa an ganntanas saothraithe a bhí ann ina diaidh. Tháinig méadú ar phá na n-oibrithe a mhair – agus ar phraghsanna na n-earraí a bhí á dtáirgeadh acu – rud a chuir imní ar thiarnaí agus ar an uasaicme i gcoitinne. Chomh luath le Meitheamh na bliana 1349, d’eisigh an chomhairle ríoga i Sasana reacht a d’fhéach le rátaí pá na n-oibrithe a choinneáil mar a bhíodar in 1346-7. Ceapadh ‘giúistísí na saothraithe’ chun an reacht a chur i bhfeidhm ach, in ainneoin iarrachtaí uile na n-údarás i Sasana, bhí meánphá na saothraithe in 1350-51 beagnach a dhá oiread níos airde ná sna blianta roimh an bplá. Ba é an chonstaic nach raibh dóthain saothraithe le fáil agus go raibh iomaíocht ghéar idir tiarnaí lena gcoinneáil nó lena mealladh, rud nárbh fhéidir a dhéanamh gan rátaí pá a ardú nó téarmaí oibre a fheabhsú. Sna cúinsí nua a lean an phlá, bhí sé thar chumas na dtiarnaí viléinigh a cheangal lena mainéir dhúchais. Thuig tiarnaí de réir a chéile nach raibh aon dul as acu ach caitheamh le viléinigh mar thionóntaí saora má theastaigh uathu foireann oibre a choinneáil. Áirítear gur viléinigh iad suas le daichead faoin gcéad de dhaonra Shasana roimh an bplá mhór ach go raibh líon na viléineach faoi bhun fiche a cúig faoin gcéad den daonra in 1381 agus gur thit a líon chomh híseal le deich faoin gcéad in 1400. Nuair a cuireadh reacht na bliana 1349 ‘de servientibus et operariis’ (‘faoi shearbhóntaí agus saothraithe’) i bhfeidhm in Éirinn bhí éifeacht aige nach rabhthas ag súil leis: chuir iarrachtaí na ngiúistísí chun rátaí pá a choinneáil íseal as don lucht saothair abhus agus spreagadh sciar áirithe díobh le dul ar imirce go Sasana mar a raibh téarmaí oibre níos fearr le fáil acu. Thug parlaimint na hÉireann suntas don fhadhb in 1366:

Item par ceo que les communes de la terre se pleinent diversement estre grevez par defaut des servantes dont les Justices assignes de laboroers moltz en cause de ceo que les communes ses sount de graunt partie absentes et fuent hors de la dit terre. 

(Arís, toisc gur údar gearáin ag comóntaigh na críche é go gcuirtear as dóibh ar bhealaí éagsúla d’uireasa searbhóntaí, arbh iad giúistísí na saothraithe atá ceaptha is mó is cúis leis toisc go mbíonn an choitiantacht as láthair go minic agus go n-éalaíonn siad as an gcríoch réamhráite.)

Ritheadh acht a chuir giúistísí na saothraithe ar ceal, ach d’ordaigh an t-acht céanna do shirriamaí, do sheanascail agus do mhéaraí na calafoirt a fhaire agus saothraithe a chosc ar dhul thar lear. Ba leid eile é go raibh tuile na coilíneachta ag trá.


13/03/2024

Comhdháil lae ar ‘The Hidden Ireland’



Beidh comhdháil lae ar siúl i gCorcaigh ar an Satharn, an 20 Aibreán 2024, ina bpléifear mórshaothar Dhónaill Uí Chorcora, The Hidden Ireland, céad bliain tar éis a fhoilsithe.

     Cé gur léirmheastóir liteartha é an Corcorach go príomha, bhí – agus tá – tátail stairiúla le baint as a leabhar. Tabharfaidh mé caint dar teideal ‘The Hidden Ireland and the historians’ ina scrúdófar roinnt de na tuairimí a nocht staraithe éagsúla i dtaobh an leabhair le céad bliain anuas nach mór. Tabharfaidh mé suntas ar leith don chritíc ghéar leis an Ollamh L. M. Cullen a foilsíodh ar Studia Hibernica in 1969 agus a cuireadh amach arís mar phaimfléad in 1988.

Roinnt de na saothair a bheidh faoi chaibidil agam



     Tá clár na comhdhála le léamh anseo thíos agus is feidir teacht ar shuíomh na comhdhála ag an nasc seo. Ar an drochuair, is cosúil nach bhfuil aon áit fágtha faoi láthair, ach b’fhéidir go mbeidh suíochán nó dhó le fáil uair éigin idir seo agus lá na comhdhála.



27/11/2023

Aois an mhíréasúin

Mar is eol do léitheoirí rialta ‘Chúrsaí Staire’, tá céim dhochtúireachta agam sa stair. Ach bhí céim san eolaíocht (maille le dioplómaí iarchéime san innealtóireacht cheimiceach agus sa staitistic) agam sular thugas faoin mbunchéim sa stair. Thairis sin, chaitheas formhór mo shaol oibre i réimse na heolaíochta agus bhíos cláraithe mar shaineolaí cógaisíochta ag an European Medicines Agency (EMA) go dtí an bhliain 2020. Ní nach ionadh, bhí suim ar leith agam riamh i stair na heolaíochta agus dheineas cúrsa ar an ábhar sin agus mé i mo mhac léinn staire i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath – cúrsa a mhúin Peter Butterfield, mac leis an staraí iomráiteach Herbert Butterfield.

Lucht an réasúin

     Níl aon amhras ach gur fhág an cúlra atá agam san eolaíocht lorg ar mo shaothar mar staraí. Sílim gurb é an toradh is bunúsaí an tsuim a chuireas san 18ú céad thar tréimhse ar bith eile. Bhí tuairim agam gur sa chéad sin a tháinig an cine daonna in inmhe: gur sa chéad sin a thug daoine (nó Eorpaigh a raibh oideachas orthu, cibé ar bith), cúl le piseogacht, le dogmachas agus le fanaiceacht. Ní duine mé a adhrann laochra, ach bhí meas agam riamh ar leithéidí Locke, a scríobh an Essay on Human Understanding chomh luath le 1690 (ach is de réir a chéile a chuaigh a theagasc i bhfeidhm ar an bpobal), Montesquieu, a scríobh De l’esprit des lois (1748), Voltaire a scríobh an Traité sur la tolérance (1763), Diderot a chuir an Encyclopédie in eagar (1751-1772), agus – an dlaoi mhullaigh b’fhéidir – Thomas Paine a scríobh The Rights of Man (1791). Shamhlaíos an 16ú céad agus an 17ú céad le cogaí creidimh, ach shíleas gurbh é an 18ú céad aois an réasúin, tús na haoise ina mairimid inniu. Thug aos intleachta na linne úd droim láimhe do scolaíochas na Meánaoise agus ghlacadar leis an modh eolaíoch, le cur chuige eimpíreach. Ní bheadh an scrioptúr ná saothair fhealsúnta a tháinig anuas ón ré chlasaiceach ina bhfoinsí údaráis acu feasta. Ina ionad sin, dhéanfaí staidéar ar gach gné den saol, chuirfí ceisteanna, chumfaí hipitéisí, agus thástálfaí iad.

An modh eolaíoch


     Ní thar oíche a tharla an t‑athrú, ar ndóigh. Próiseas mall ba ea é, agus bhí réamhtheachtaí ag ‘aois an réasúin’ a mhair roimh an 18ú céad. Ar na hainmneacha a ritheann liom tá Machiavelli, Montaigne, Galileo, Newton agus – ar thairseach an 18ú céad – Leibniz. Den dream sin, chuireas suim ar leith in Galileo ar chúis éigin nach féidir liom a mhíniú i gceart. B’fhéidir gurbh é an scéilín a insítear faoin uair a tugadh é os comhair chúistiúnacht na Róimhe a thaitin liom. Sa bhliain 1632 foilsíodh leabhar leis dar theideal Dialogo sopra i due massimi sistemi del mondo (‘Comhrá faoi dhá chóras mhóra an domhain’) inar thacaigh sé leis an tuairim gurb é an domhan a ghluaiseann timpeall na gréine seachas a mhalairt. Ní nach ionadh, chuir an tuairim sin olc ar údaráis na heaglaise mar tá sé scríofa sa Bhíobla gur stad an ghrian sa spéir. De réir an scéilín, nuair a taispeánadh uirlisí ciaptha na cúistiúnachta do Galileo, shínigh sé cáipéis inar shéan sé an tuairim gurb é an domhan a ghluaiseann – mar a dhéanfadh duine ciallmhar ar bith – ach dúirt sé ‘eppur si muove’ (‘gluaiseann sé mar sin féin’) faoina anáil. ‘Se non è vero, è ben trovato’ (‘mura bhfuil sé fíor, tá dealramh leis’) mar a deir na hIodálaigh! Ar láimh amháin, bhí sé scríofa go soiléir sa Bhíobla gur stad an ghrian ina cúrsa (féach Iósua 10:13):

“A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón,
Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
Agus dʼfhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad,
Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde.

Ach ar an láimh eile, bhí céimeanna Véineas feicthe ag Galileo trí theileascóp, feiniméan nach bhféadfaí a mhíniú dá mbeadh an pláinéad sin agus an ghrian ag rothlú timpeall an domhain. Bhí foinse dho-earráide an Bhíobla agus fianaise a shúl ag teacht salach ar a chéile agus chaith Galileo an fhoinse dho-earráide in aer. Má tá laoch agam, is é Galileo Galilei é.

Galileo agus céimeanna Véineas

     Ar an drochuair, tá sciar nach beag den phobal anois a chuireann a muinín i bhfoinsí ‘eolais’ seachas an fhianaise eimpíreach, agus tá imní orm go bhfuil líon na ndaoine a ghlacann le teoiricí comhcheilge, le hidé-eolaíochtaí polaitiúla, le teoiricí acadúla, le sceithireacht an tráchtlathais, le seafóid fhrith-eolaíoch, le bladhmann na bpobalóirí, le freasúra ar mhaithe le freasúra, agus – gan amhras – le síolteagasc reiligiúnach, ag dul i méid. Is cinnte go bhfuil lucht an mhíréasúin níos feiceálaí agus níos glóraí ná riamh toisc go bhfuil na meáin shóisialta mar ardán acu: tá sé níos fusa dóibh eagar a chur orthu féin, a gcuid tuairimí a scaipeadh agus lucht leanúna atá chomh craiceáilte leo féin a mhealladh. Ní hí Éire an tír is measa atá buailte leis an aicíd. Ní anseo a bunaíodh QAnon. Is annamh a fheictear UFO i spéartha na hÉireann. Níl mórán Éireannaigh a chreideann sa ‘grand remplacement’ – ná sa ‘new world order’ ach chomh beag. Ní cosúil go bhfuil iarrachtaí rúnda George Soros agus Bill Gates chun ollsmacht a fháil ar an gcruinne ag teacht idir clanna Gael agus codladh na hoíche go fóill. Tá an t‑ádh linn go bhfuil níos mó tionchair ag na meáin chlóite in Éirinn ná i mórán tíortha eile, agus tá formhór na bpolaiteoirí abhus stuama go leor i gcónaí. Ach ina dhiaidh sin is uile, deinim amach go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas de réir a chéile: go deimhin, tacaíonn an chíréib a tharla i lár Bhaile Átha Cliath ar an 23 Samhain i mbliana leis an tuairim sin. Anseo thíos scrúdóidh mé sé chomhartha sóirt d’aicíd an mhíréasúin atá le feiceáil thall is abhus in Éirinn. D’fhéadfainn cur leis an liosta gan stró ach tá réimse leathan ábhar i gceist mar atá: cuimsíonn na samplaí an eolaíocht, an leigheas, an eacnamaíocht, an tsíceolaíocht, an pholaitíocht agus an reiligiún.

1. Athrú aeráide a shéanadh



     Cé gur deacair é a chreidiúint, tá daoine ann a shéanann scun scan go bhfuil athrú aeráide faoi lánseol le glúin anuas. Tá dream eile ann a ghlacann leis an bhfianaise go bhfuil an aeráid ag athrú ach áitíonn siad gur próiseas nádúrtha é seo a tharlaíonn ó am go chéile: luaitear fuarú na ré dorcha (400-800), téamh na meánaoise (900-1300), agus an oighearaois bheag (1400-1850) mar shamplaí stairiúla den fheiniméan. Ach tá an argóint sin beag beann ar an bhfíric eolaíoch go n‑ardaíonn gáis áirithe san atmaisféar meán-teocht na timpeallachta – feiniméan a dtugtar ‘iarmhairt an tí ghloine’ air. Bhíos i mo pháiste bunscoile nuair a léas faoin éifeacht sin den chéad uair agus ní raibh aon trácht ar athrú aeráide an tráth úd. Is amhlaidh go raibh suim mhór agam sa réalteolaíocht nuair a bhíos i mo pháiste agus bhí leabhar faoi na pláinéid á léamh agam inar luadh iarmhairt an tí ghloine chun an teocht ard ar Véineas a mhíniú. Cé go bhfuil an pláinéad sin an-chosúil lenár pláinéad féin ar mhórán slite – tugtar ‘leathchúpla an domhain’ air uaireanta – is déocsaíd charbóin atá i 95% d’atmaisféar Véineas, rud a fhágann go bhfuil an teocht ar dhromchla an phláinéid níos airde ná 450 °C. Nuair a bhí an cheimic á léamh agam ar an ollscoil, d’fhoghlaimíos faoin radaíocht infridhearg agus thuigeas cén fáth go n‑ardaíonn déocsaíd charbóin, agus gáis eile a bhfuil níos mó ná dúil amháin iontu, teocht an atmaisféir. Má ardaítear leibhéal na ngás sin san atmaisféar – agus má fhanann gach rud eile mar a bhí sé – ardófar teocht na timpeallachta. Níl aon dul as. Tá cruthúnas ann gur ardaigh leibhéal na déocsaíde carbóin san atmaisféar 50% ó thús na réabhlóide tionsclaí i leith agus go bhfuil sé ag ardú i gcónaí. Aon duine a shéanann go bhfuil tionchar mór aige seo ar an athrú aeráide atá ar siúl faoi láthair, is dearg-bhréagadóir nó aineolaí cruthanta é. Níl an tríú féidearthacht ann.

2. Frith-vacsaíniú


     Is sampla eile de mheon frith-eolaíoch ár linne an feachtas buile i gcoinne an vacsaínithe a tháinig chun cinn i rith phaindéim COVID-19. Cé gurb iad lucht na heite deise is mó a shéanann an t-athrú aeráide, baineann an dream atá i gcoinne an vacsaínithe leis an dá cheann den speictream polaitiúil. Go deimhin, tacaíonn an frith-vacsaíneachas leis an tuairim nach líne dhíreach ach crú capaill atá sa speictream céanna, agus go mbíonn pobalóirí ón eite dheas agus ón eite chlé ar aon fhocal go minic. Breathnaíonn an chéad dream ar an vacsaíniú stát-urraithe mar shrian mídhlisteanach ar an tsaoirse is dual don duine aonair. Ach ní smaoineamh nua-chumtha Marxach é go bhfuil sé de cheart ag an stát cumhachtaí breise a tharraingt chuige in aimsir éigeandála chun an pobal a chosaint. Is amhlaidh go bhfuil an prionsabal sin le léamh i scríbhinní ‘athair an liobrálachais’: roghnaigh John Locke an mana Laidine ‘salus populi suprema lex’ (‘is é leas an phobail an dlí is airde’) mar eipeagraf don dara leabhar den Two Treatises of Government, saothar leis a foilsíodh in 1689. Maidir le pobalóirí na heite clé, tá dearg-naimhdeas acu leis na comhlachtaí móra cógaisíochta. Is fíor, ar ndóigh, go bhfuil sé mar aidhm ag comhlachtaí cógaisíochta brabús a dhéanamh sa chaoi gur féidir leo tuarastail a bhfoirne a íoc, díbhinní a íoc lena scair-shealbhóirí, agus táirgí nua a fhorbairt. Má éiríonn leo vacsaíní a chruthú atá éifeachtach agus sábháilte, tá seans maith go mbeidh brabús mór acu dá bharr; ach má tá an vacsaín mí-éifeachtach nó díobhálach, ní cheadóidh an EMA é agus caillfidh siad slám airgid dá bharr. Ar an drochuair, d’éirigh le pobalóirí ón dá cheann den speictream amhras a mhúscailt sa chuid sin den phobal a bhfuil doicheall orthu roimh an ‘mbunaíocht’. Is iad féin is mó a bheidh thíos leis. Táim sásta a rá go bhfuaireas an séú snáthaid i gcoinne COVID-19 le déanaí: tá vaicsín Astra-Zeneca faighte agam faoi dhó, vaicsín Moderna uair amháin, agus vaicsín Pfizer trí uaire. Táim buíoch go bhfuil cónaí orm i dtír ina bhfuil an stát in ann an tseirbhís thábhachtach seo a chur ar fáil go héifeachtach, cibé lochtanna eile atá ar an gcóras sláinte.

3. Criptea-airgeadraí


     Caithfear an tóir atá ar chriptea-airgeadraí a áireamh i measc na gcomharthaí sóirt a ghabhann le haicíd an mhíréasúin. D’fhéadfaí Bitcoin, an t‑airgeadra digiteach is coitianta, a cheannach ar US$0.39 in 2010, bliain tar éis a bhunaithe, ach bhíothas á dhíol ar bheagnach US$400 cúig bliana dár gcionn. Chosain Bitcoin amháin beagnach US30,000 faoin mbliain 2020 agus bheadh US$37,000 ag teastáil uait dá mba mhian leat Bitcoin amháin a cheannach inniu. Táid ann a shíleann go bhfuil an criptea-airgeadra seo luachmhar toisc go bhfuil teorainn chinnte le líon na mBitcoins is féidir a chruthú, agus toisc go dtógann sé cuid mhaith ama agus fuinnimh chun Bitcoin amháin a dhéanamh. Níl aon dealramh leis an argóint seo. Níl ach trí chóip de mo thráchtas dochtúireachta ann (thugas dhá chóip d’Ollscoil Learphoill agus choinníos cóip amháin), agus thóg sé ceithre bliana orm lena scríobh, ach ní fiú dada é anois mar is fearr go mór an leabhar a d’eascair ón tráchtas ná an tráchtas féin! Is í an fhírinne go bhfuil luach an Bitcoin ag brath go huile is go hiomlán ar rud amháin: mar atá, tuairim na coitiantachta go rachaidh a luach i méid. Fíorófar an tuairim sin a fhaid is a mhaireann sí, ach má thagann daoine ar mhalairt tuairime rachaidh luach an airgeadra go tóin poill thar oíche. Tá an t‑éileamh reatha ar Bitcoins inchurtha leis an ráchairt a bhí ar bhleibeanna tiúilipe san Ísiltír sa 17ú céad: bhí bleibeanna agus tithe á ndíol ar an bpraghas céanna sular phléasc an bolgán. Síleann an dream a mholann na criptea-airgeadraí gur buntáiste é nach bhfuil stát ag tacú leo agus go bhfuil siad neamhspleách ar rialtais uile an domhain. Ciallaíonn sé seo, dar leo, nach féidir le polaiteoirí an soláthar airgid a mhéadú an iomarca agus an bonn a bhaint den airgeadra. Ach is é stádas an airgeadra faoin dlí a chinntíonn a luach! Más féidir an t‑airgeadra a eisíonn stát áirithe a úsáid chun fiacha ar bith (cánacha san áireamh) a ghlanadh sa stát sin, tugann an stádas dlíthiúil sin luach oibiachtúil don airgeadra. Ós rud é go mbíonn cúirteanna, fórsa póilíneachta agus príosúin ag gach stát, ní féidir neamhshuim a dhéanamh de dhlíthe an stáit. Níl cobhsaíocht an euro ag brath ar thuairimí suibiachtúla atá guagach, ach ar sheasmhacht an Aontais Eorpaigh agus na mballstát. Ní féidir a mhaíomh gur institiúid bhuan é an tAontas Eorpach, ach oiread le hinstitiúid pholaitiúil ar bith eile, ach is beag seans go dtitfidh sé as a chéile thar oíche. Tá luach an euro bunaithe ar fhíricí oibiachtúla atá go hiomlán in easnamh i gcás na gcriptea-airgeadraí.

4. Trasinscneachas



     Más féidir a rá go bhfuil tacaíocht don chriptea-airgeadra bunaithe ar idé-eolaíocht liobraíoch (‘libertarian’) a shamhlaítear leis an eite dheis, baineann idé-eolaíocht na hinscne le ‘polaitíocht na féiniúlachta’ a tháinig chun cinn ar an eite chlé nuair a chlis an Marxachas. Ach tá cosúlacht nach beag eatarthu mar sin féin: sa dá chás, déantar neamhshuim d’fhíricí oibiachtúla agus cuirtear béim ar thuairimí suibiachtúla. Ar ndóigh, caithfear a aithint go bhfuil fir ann arbh fhearr leo bheith ina mná, agus go bhfuil mná ann arbh fhearr leo bheith ina bhfir. Ní cúis mhór iontais é sin: ‘ní lia duine ná tuairim’ mar a deirtear. Más mian leis na daoine seo éadaigh an ghnéis eile a chaitheamh, ainm a bhaineann leis an ngnéas eile a úsáid, agus iad féin a iompar mar bhaill den ghnéas eile, tá an ceart sin acu. Níor chóir go gcuirfeadh an méid sin as d’aon duine. Thairis sin, más mian le daoine áirithe a gcolainn a líonadh le hormóin nó dul faoi scian dochtúra chun cruth an ghnéis eile a chur orthu féin, tá an ceart acu an rogha sin a dhéanamh – ní bheidh aon duine thíos leis sa deireadh ach iad féin. Ach is seafóid chruthanta é an deilín sin a chloistear go minic ar na saolta seo: ‘transmen are men, transwomen are women’. Nóisean neamheolaíoch is ea é atá ag teacht salach ar fhíricí na bitheolaíochta. Ní hí féiniúlacht na mbeithíoch ach a gcuid crómosóm is cúis leis an difríocht shuntasach idir tarbh agus bó. An rud atá fíor i gcás Bos taurus, is fíor é freisin i gcás Homo sapiens. Ní nach ionadh, táid ann – mná go háirithe – a deir nár chóir neamhshuim a dhéanamh d’fhíricí na bitheolaíochta. Tuigim dóibh. Mar shampla, ní féidir a shéanadh go mbíonn buntáiste mór ag fir sna spóirt go léir ina mbraitheann an toradh ar neart, luas, airde nó seasmhacht na lúthchleasaithe. Dá ligfí d’fhir atá tar éis a n‑inscne a athrú páirt a ghlacadh i spóirt na mban ní bheadh cothrom na féinne le fáil ag mná. Lena chois sin, chuirfí mná i gcontúirt i gcásanna áirithe – dá mbeadh cead ag fir troid ina gcoinne sa dornálaíocht, cuirim i gcás.

5. Cumannachas cailcthe




     Mar a scríobhas thuas, chlis an Marxachas i dtreo dheireadh an chéid seo caite agus líonadh an bhearna le réimse leathan idé-eolaíochtaí: iarstruchtúrachas, feimineachas radacach, iar-nua-aoiseachas, teoiric na haiteachta, iarchoilíneachas, teoiric chriticiúil ciníocha, etc. Ach fágadh locháin bheaga d’uisce marbh i measc na gcarraigeacha nuair a thráigh an taoide dhearg. Amhail Bourbons na Fraince, tá dornáin de sheanóirí feoite thall agus abhus nár fhoghlaim dada is nár lig dada i ndearmad le glúin anuas. Creideann siad i gcónaí go bhfuil ceanncheathrú na réabhlóide domhanda lonnaithe i Moscó. Ní thig leo ceann a thógáil d’fhianaise oibiachtúil ar bith nach bhfuil ag teacht leis an gcreideamh sin. Féach, mar shampla, an teachtaireacht sa léaráid thuas a sheol Eoin Ó Murchú, iar-chomhfhreagraí polaitiúil Raidió na Gaeltachta, ar an 14 Feabhra 2022. Shéan sé go raibh ionradh ar an Úcráin á bheartú ag an Rúis; ba léir dó nach mbeadh ciall ar bith lena leithéid d’ionradh; agus d’áitigh sé go bhféadfadh na Stáit Aontaithe cogadh a ghríosú trí ionsaí a dhéanamh ar réigiún an Donbass. Ach d’athraigh sé a phort go tobann nuair a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin: is ansin a thuig sé gur réimeas Naitsíoch a bhí i gcumhacht i gCív an t‑am go léir agus gur ag iarraidh an Úcráin a shaoradh a bhí na Rúisigh! Ní bréagadóir é ach idé-eolaí; glacaim leis gur chreid sé an méid a scríobh sé sa dá chás. Thug George Orwell ‘doublethink’ ar sholúbthacht intinne den saghas seo sa leabhar leis dar teideal Nineteen Eighty-Four: ‘is é an cogadh an tsíocháin, is é an tsaoirse an daoirse, is é an t‑aineolas an neart’! Is treise an idé-eolaíocht ná fíric oibiachtúil ar bith. Ní ligfidh an t‑idé-eolaí Marxach lena ais gur deachtóir den eite dheas atá i gcumhacht i Moscó anois agus gur uachtarán a toghadh go daonlathach (agus a bhuaigh ar an uachtarán a bhí ann roimhe) atá i gcumhacht i gCív; ná gurb iad na Rúisigh a ghabh stráice mór den Úcráin agus gurb iad na hÚcránaigh atá ag iarraidh a dtír a chosaint; ná gur ag iarraidh impireacht na sár a athchruthú seachas an lucht oibre a shaoradh ó dhúshaothrú na buirgéiseachta atá Vladimir Putin.

6. Cinedhíothú beannaithe



     Cuirfidh mé clabhsúr ar an aiste seo san áit inar thosaíos: sa tréimhse roimh aois an réasúin nuair a ghlacadh daoine le ráitis gan cheist toisc go rabhadar scríofa sa scrioptúr naofa. Nuair a chuir Netanyahu, príomh-aire Iosrael, tús lena fheachtas barbartha buamála i gcoinne mhuintir Gaza le déanaí, níor dheacair dó sliocht a aimsiú sa scrioptúr a d’fheil go breá don ghníomh – mar atá, 1 Samúéil 15:3:

Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.

Is ordú soiléir ó Dhia é seo chun cinedhíothú a dhéanamh ar naimhde an ‘phobail thofa’. Ar an drochuair, tá fórsaí armtha Iosrael sásta orduithe coiriúla den saghas seo a chomhlíonadh, mar a chonacthas le cúpla seachtain anuas. Agus is líonmhaire fós na bunchreidmhigh dhearg-scrogallacha ar fud na Stát Aontaithe atá suite de gur múnlaíodh Éabha as easna Ádhaimh, gur thóg Naoi áirc chun ainmhithe an domhain a shábháil ón díle, gur shlog míol mór Ióna, agus gur bhronn Dia an chríoch go léir ón Níl go dtí an Eofrait ar na Giúdaigh. Cé go bhfuilimid beo san aonú céad is fiche anois, táimid fós ag maireachtáil faoin scáth dorcha a chaitheann finscéalta reiligiúnacha nach gcreidfeadh páiste dhá bhliain déag d’aois iontu dá mbeadh splanc céille aige.

     Cad tá le déanamh mar sin? Is é an moladh a bheadh agamsa ná bosca mór bruscair a fháil agus gach saghas teoirice nach bhfuil bunaithe ar an loighic, ar an bhfianaise eimpíreach, ar an modh eolaíoch – i bhfocal amháin, ar an réasún – a shacadh isteach ann, an bosca a chur trí thine, agus na luaithreacha go léir a chaitheamh i bpoll an duibheagáin ...





18/07/2023

An cultúr Gaelach sa 13ú céad

Tá an ceathrú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

An chéad teach de chuid na gCistéirseach in Éirinn: an Mhainistir Mhór a bunaíodh in 1142

Cé gur lean filí orthu ag móradh ríthe Gaelacha tar éis ionradh na Sasanach, ba thréimhse athraithe é deireadh an 12ú céad agus tús an 13ú céad don aos dána. Chomh déanach leis an mbliain 1173, tuairiscíodh gur éag Muireadhach Ó Cobhthaigh, easpag Dhoire, ‘iar n-dail il mhaoine déigsibh’ (‘tar éis iliomad bronntanas a dháileadh ar lucht éigse’), ach de réir mar a cuireadh dlús le hatheagrú na heaglaise ghlac an chléir rialta le rialacha na gCistéirseach nó na nAgaistíneach ar dtús, agus le rialacha na nDoiminiceach nó na bProinsiasach ina dhiaidh sin, agus scaoileadh an ceangal cianaosta idir na tithe crábhaidh agus an léann dúchais. Cháin Giolla Brighde Mac Con Midhe († c.1272) doicheall na cléire i ndán dá chuid:

Focal nach frioth i leabhraibh
gan ní ar éigse n-ildealbhaigh;
is léigheann gránna Gallda
dámha Éireann d’ionnarba. 

(Focal nach bhfuarthas i leabhair –
gan íoc as éigse ilghnéitheach;
is teagasc gránna Gallda é
dámha na hÉireann a ionnarbadh.)

Bhris polasaí úr na heaglaise leanúnachas an traidisiúin liteartha. Is é an teist is soiléire air sin nár tháinig lámhscríbhinn Ghaeilge ar bith anuas chugainn ón 13ú céad – seachas leabhar annála nó dhó – cé go bhfuil raidhse lámhscríbhinní ar fáil ón 12ú céad agus ón 14ú céad. Thairis sin, tá scoláirí an lae inniu den tuairim nach féidir brath ar na sonraí faoin 13ú céad a fhaightear i mórán craobhacha coibhnis: tá gach cosúlacht air gur tháinig deireadh le saothrú an ghinealais i dtreo dheireadh an 12ú céad agus gur imigh cúpla glúin as sular chrom an t-aos léinn ar an obair in athuair. Ach is ar éigean a chuir atheagar na heaglaise isteach ar aicme leath-chléiriúil a raibh áit ghradamach aici sa tsochaí Ghaelach: mar atá, na hairchinnigh. Tionóntaí oidhreachtúla ba ea iad in eastáit a bhain leis an eaglais. Cé nár oirníodh na hairchinnigh, bhíodar coirnithe, fágadh séipéil áitiúla faoina gcúram, agus tugadh oideachas thar an ngnáth dóibh. Nuair a thug na hoird chrábhaidh droim láimhe don seanchas, don fhéineachas, don leigheas, agus do litríocht na Gaeilge, líon fir arbh airchinnigh iad le sinsearacht an folús. Ar na teaghlaigh a ghabh leis an léann dúchais bhí: muintir Bhreasláin, breithiúna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhoire Mhaoláin, Contae Fhear Manach; muintir Dhuibhgeannáin, seanchaithe a bhí ina n-airchinnigh ar Chill Rónáin, Contae Ros Comáin; muintir Chaiside, lianna a bhí ina n-airchinnigh ar Dhaimhinis, Contae Fhear Manach. Is iad muintir Dhálaigh an fine is mó a luaitear leis an bhfilíocht in annála na linne. Nuair a d’éag Cú Chonnacht Ó Dálaigh, ‘in fer dana is ferr do bái a n-Erinn’ (‘an fear dána is fearr a bhí in Éirinn’) in 1139, thug nóta báis in Annála Tighearnaigh le fios gurbh as Leacain, Contae na hIarmhí, dó. Ba shuíomh seanmhainistreach é Leacain agus dhealródh sé gurbh iad muintir Dhálaigh airchinnigh an tearmainn ansiúd, ach scaipeadar chomh fada ó dheas le Deasmhumhain agus chomh fada ó thuaidh le hInse Gall na hAlban. Ar na filí a bhfuil tagairtí dóibh sna hannála tá: Raghnall agus Giolla na Tríonóide Ó Dálaigh, beirt ollúna ar Dheasmhumhain, a d’éag in 1161 agus 1166 faoi seach; Tadhg agus Maol Íosa Ó Dálaigh, beirt ar tugadh ‘ollamh Éireann agus Alban’ orthu, a d’éag in 1181 agus 1185 faoi seach; agus Donnchadh Mór Ó Dálaigh, ‘sói nár sáraiged, ⁊ nach sairéchar choidhche’ (‘saoi nár sáraíodh agus nach sárófar choíche’), a d’éag in 1244.

Niall, Conn agus Cormac mar a shamhlaítear iad anois

     Bhí an t-aos dána i gcoitinne agus filí go háirithe ag brath ar phátrúnacht na ríthe agus na dtaoiseach. Mhínigh Giolla Brighde Mac Con Midhe tábhacht na filíochta don fhlaith ar chás leis an chuimhne a bheadh ag sliocht a shleachta air:

Muna leasaighdís laoidh
a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
le i bhfad a-nonn do bhiadh brat
ar Niall, ar Chonn, ar Chormac. 

(Murach gur chaomhnaigh laoithe
a ndearna siad, cé gur dhea-dhaoine iad,
bheadh dearmad déanta le fada anuas
ar Niall [Naoighiallach], ar Chonn [Céadchathach], ar Chormac [mac Airt].)

Bíodh dealramh leis an argóint sin nó ná bíodh, bhí filí gairmiúla ag cumadh dánta admholtacha i meadarachtaí an ‘dáin dírigh’ dá bpátrúin faoi thús an 13ú céad. Ar na flatha ba mhó a móradh bhí: Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair, rí Chonnacht ó 1189 go 1224; Domhnall Mór Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill ó 1207 go 1241; agus Donnchadh Cairbreach Ó Briain, rí Thuadhmhumhan ó 1210 go 1242. Cé nach bhfuil tuairiscí réalaíocha ar ríthe na linne le fáil sna dánta seo – is ag móradh a bpátrún a bhí na filí tar éis an tsaoil – tugann siad léargas dúinn ar ábhair imní is ar ábhair mhórtais na sochaí inar cumadh iad. Faoin mbliain 1200 bhí meadarachtaí siollacha á gcleachtadh a raibh rialacha dochta ag gabháil leo. Seacht siolla i ngach líne a bhí i ndeibhí agus i rannaíocht mhór, an dá mheadaracht ba choitianta, agus bhí rialacha breise a bhain le líon na siollaí i bhfocail ag deireadh líne, le huaim, agus le comhardadh na ngutaí. Sa tréimhse chéanna inar leagadh amach na rialacha meadarachta don dán díreach, rinneadh caighdeánú ar ghramadach na filíochta. Bhí an teanga liteartha seo – an ‘Ghaeilge Chlasaiceach’ mar a thugtar uirthi anois – bunaithe ar urlabhra an phobail ach ceadaíodh leaganacha canúnacha, rud a thug rogha leathan d’fhoirmeacha malartacha do na filí agus a chuidigh leo an mheadaracht a thabhairt slán. Ní fios conas a thángthas ar rialacha an dáin dírigh, ná conas a socraíodh gramadach na Gaeilge Clasaicí, ach ní móide go nglacfadh an t-aos dána i gcoitinne leo mura mbeadh lámh ag muintir Dhálaigh, an teaghlach ba mhó gradam i measc na bhfilí, san obair. Is ar éigean a d’athraigh caighdeán na bhfilí i gcaitheamh ceithre chéad bliain ón uair a cumadh é ag deireadh an 12ú céad, ach bhí teanga labhartha na linne, an Nua-Ghaeilge Mhoch, ag athrú i rith an ama agus mhéadaigh an bhearna idir teanga liteartha an aosa léinn agus urlabhra na coitiantachta de réir a chéile.

Píce, oinniún agus búcla


     I gcomórtas leis an Méan-Ghaeilge, d’éirigh córas na mbriathar níos simplí sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus laghdaíodh líon na mbriathar neamhrialta. Bhí córas na n ainmfhocal níos seasmhaí, ach tosaíodh ar shleamhnóg a scríobh roimh chonsan leathan i ndiaidh ‘e’ – athrú a rinne ‘an fear mór’ de ‘in fer mór’ na Meán-Ghaeilge. Cé go bhfuil cuma nua-aoiseach ar an litriú, níorbh ionann fuaimniú an fhocail ‘fear’ sa Nua-Ghaeilge Mhoch agus i nGaeilge an lae inniu. Thairis sin, bhí foirmeacha éagsúla den fhocal ‘fear’ fós in úsáid sa tabharthach uatha agus san áinsíoch iolra: mar atá, ‘fior’ agus ‘fiora’. Chuir an teagmháil idir lucht labhartha na Gaeilge agus teangacha na nGall go mór le foclóir na Gaeilge. Mar a bheifí ag súil leis, bhain cuid mhaith de na hiasachtaí ón bhFraincis le cúrsaí míleata, leis an ailtireacht, agus leis an dlí. Féach leithéidí ‘máille’ (‘maille’), ‘píce’ (‘pique’), ‘garda’ (‘garde’), ‘áirse’ (‘arche’), ‘cófra’ (‘cofre’), ‘póirse’ (‘porche’), ‘giúistís’ (‘justis’), ‘oidhre’ (‘heire’) agus ‘pardún’ (‘pardun’). Ach is díol suime é líon mór na n-iasachtaí ón bhFraincis a bhain le saol na coitiantachta, go háirithe i réimsí an bhia agus an éadaigh. Ina measc seo tá leithéidí ‘oinniún’ (‘oignon’), ‘siúcra’ (‘sucre’), ‘dinnéar’ (‘diner’),’cóta’ (‘cote’), ‘gúna’ (‘gune’) agus ‘búcla’ (‘bucle’). Is ar an siolla deireanach a chuirtí an bhéim i bhFraincis na Normainne – ach amháin má chríochnaigh focal le ‘e’ nuair a chuirtí an bhéim ar an dara siolla ón deireadh. Mar is léir ó na samplaí thuas, rinneadh gutaí fada de ghutaí aiceanta na Fraincise sa Ghaeilge. Tá roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Fraincise leo nach leanann an riail seo agus is dóichí ná a mhalairt gur trí mheán an Bhéarla a tháinig siad isteach sa Ghaeilge: féach leithéidí ‘báisín’ (‘basin’), ‘brainse’ (‘branch’) agus ‘fábhar’ (‘favour’). I gcás na n-iasachtaí aonsiollacha – ‘cúirt’, ‘plás’ nó ‘stór’ mar shampla – níl sé soiléir ar tháinig siad go díreach ón bhFraincis nó tríd an mBéarla. Caithfidh gur ón mBéarla a tháinig roinnt iasachtaí a bhfuil bunús Gearmánda leo. Arís, tá baint ag cuid mhaith de na focail seo leis an ailtireacht nó le héadaigh: ina measc tá leithéidí ‘halla’ (‘halle’), ‘balla’ (‘wal’), ‘geata’ (‘geat’), ‘stoca’ (‘stoc’), ‘bríste’ (‘brēche’), ‘sciorta’ (‘skirt’). Ba bheag iasacht ón mBéarla a bhain leis an dlí ach is eisceacht é ‘sirriam’ (‘schirēve’).

Cúlán nua-aimseartha ónár linn féin


     D’fhág na hathraithe sóisialta agus cultúrtha a lean ionradh na Sasanach lorg buan ar fhoclóir na Gaeilge. Ní hamháin sin, ach d’éirigh roinnt ainmneacha Gallda an-choitianta i measc na nGael laistigh de chúpla glúin den ghabháltas: ar na cinn ba choitianta bhí ‘Eilís’ (‘Elise’), ‘Gearóid’ (‘Geraud’), ‘Muiris’ (‘Moris’), ‘Onóra’ (‘Honore’), ‘Piaras’ (‘Piers’), ‘Séamas’ (‘Jemes’), ‘Seán’ (‘Johan’), ‘Sibéal’ (‘Isabel’), ‘Síle’ (‘Cecile’), ‘Sinéad’ (‘Jennet’), ‘Siobhán’ (‘Joanne’), ‘Tomás’ (‘Thomas’) agus ‘Uilliam’ (‘William’). Bhí na cultúir ag meascadh agus na pobail ag crosphórú i rith an 13ú céad. Ní raibh an trácht i dtreo amháin, ach oiread, mar is léir ó acht a ritheadh i bparlaimint na bliana 1297:

Anglici eciam quasi degeneres modernis temporibus hybernicalibus se induunt vestimentis, et habentes Capita semirasa capillos a retro capitis nutriunt et allongant, et illos Culan vocant hybernicis tam habitu quam facie sese conformantes ... 

(Gléasann Sasanaigh na linne nua seo iad féin in éadaí Éireannacha amhail dream a mheath, agus bíonn an cloigeann leath-bheartha acu, cothaíonn agus fásann siad foilt ar chúl an chinn, agus tugann siad ‘cúlán’ air sin, ag aithris ar Éireannaigh ina n-éadaí agus ina ndealramh ... )
Bhí maithe na parlaiminte sách imníoch faoi iompar na gcoilíneach meata chun caitheamh an chúláin a chosc ar Shasanaigh. Comhartha laige seachas comhartha treise ba ea é.






11/04/2023

Bailte na Meánaoise

Tá an tríú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

Caisleán Rí John i Luimneach









D’fhás bailte go gasta ar fud iarthar na hEorpa sa 13ú céad. Thart ar caoga míle duine a bhí i bPáras sa bhliain 1200 ach mhéadaigh an líon sin sin faoina ceathair i gcaitheamh an chéid. Ba iad Páras agus Milano na cathracha ba mhó san Eoraip faoin mbliain 1300 nuair a bhí tuairim is dhá chéad míle duine ina gcónaí iontu. Sa bhliain chéanna, bhí thart ar céad míle duine in Genova, i bhFlórans agus sa Veinéis, agus bhí thart ar ochtó míle duine i Londain. Ní féidir áireamh cruinn a dhéanamh ar dhaonra uirbeach na hÉireann sa tréimhse chéanna de cheal fianaise, ach bhí suas le fiche míle duine ina gcónaí in Áth Cliath, an baile ba mhó sa tír. Tá sé le tuiscint ó líon na mburgáistí sa bhaile go raibh cónaí ar rud éigin idir dhá mhíle go leith agus trí mhíle duine i Ros Mhic Thriúin, calafort rathúil a d’fhás taobh le droichead a thóg William Marshal, tiarna Laighean, ar abhainn na Bearú. Tá seans maith go raibh calafoirt sheanbhunaithe na Mumhan – Port Láirge, Corcaigh agus Luimneach – ar cóimhéid le Ros Mhic Thriúin. Tháinig calafort tábhachtach eile chun cinn ar an dá bhruach d’inbhear na Bóinne. Dhá bhuirg ar leith a bhí i nDroichead Átha i dtús ama: bhronn Walter de Lacy, tiarna na Midhe, cairt ar an taobh ó dheas in 1194 agus rinne Rí John amhlaidh don taobh ó thuaidh in 1213. Thiocfadh dó gurbh é Cill Chainnigh – buirg ar bhronn William Marshal cairt uirthi uair éigin idir 1207 agus 1211 – an t-aon bhaile lasmuigh den dornán a luadh cheana a raibh breis agus míle áitritheoir ann. 

Múr Bhaile Átha Cliath

     Thug Rí John cairt do chathróirí Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1192 ar leagan leasaithe é de chairt a fuair cathróirí Bhriostó ceithre bliana roimhe sin, agus bhí cairt Bhriostú bunaithe ar na saoirsí a dheonaigh Henry I do chathróirí Londan. I measc pribhléidí eile, dheimhnigh an chairt go mbeadh cúirt dlí dá gcuid féin ag na Duibhlinnigh, nach ngearrfaí dolaí ná táillí áirithe eile orthu, go mbeadh sé de cheart acu a gcuid burgáistí a dhíol de réir a dtola, agus go mbeadh gildeanna ceadaithe mar a bhí i mBriostó. Is cosúil gur chuir ceannaithe an bhaile gild ar bun timpeall an ama chéanna agus gurbh iad a cheap comhairle na buirge. Go deimhin, bhí halla an bhaile (an ‘tholsel’ mar a glaodh air) agus halla ghild na gceannaithe san fhoirgneamh céanna go ceann i bhfad. Bhronn John cairt leasaithe ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1215: in ionad cíosanna a fháil go díreach ó na buirgéisigh, socraíodh go n-íocfadh an bhuirg dhá chéag marg (£133 6s. 8d.) leis an gcoróin in aghaidh na bliana feasta agus go ndéanfadh na cathróirí an t‑airgead a bhailiú. Lena chois sin, thug an chairt nua cead do na Duibhlinnigh aonach a rith uair sa bhliain ar an bhfaiche laistiar den bhaile. Daingníodh féinriail na buirge sa bhliain 1229 nuair a thug Henry III cead do na buirgéisigh méara a thoghadh in ionad an ‘prepositus’ (propast) a cheapadh an choróin roimhe sin. Ba é an méara a stiúir rialtas áitiúil an bhaile feasta, cé gurbh fholáir dó mionn dílseachta don rí a thabhairt. Bhí Baile Átha Cliath chun tosaigh i measc bhuirgí na hÉireann ach bhí a chairt mar eiseamláir go minic nuair a bhí cairteacha do bhailte eile á ndréachtadh.

Na bailte ba thábhachtaí c.1300

     Ba chalafoirt iad na bailte móra go léir agus bhíodar ag brath ar thrádáil leis an gcoigríoch. Bhí lomraí is éadaí olla, seithí is earraí leathair, scadáin is bradáin dheataithe nó shaillte, agus línéadaí i measc na n-earraí ba thábhachtaí a easpórtáladh. Bhí fíon, salann, iarann, ola olóige, éadaí fíneálta agus ailím (substaint a úsáideadh i ndathú éadaí) ar na hearraí a iompórtáladh. Tugann dán Béarla le file anaithnid léargas dúinn ar rachmas na haicme tráchtála i mBaile Átha Cliath i mblianta tosaigh an 14ú céad:

Hail be ȝe marchans wiþ ȝur gret packes
of draperie, avoir-depeise, and ȝur wol sackes,
gold, silver, stones, riche markes and ek pundes!
Litil ȝive ȝe þer of to þe wrech pouer.
Sleiȝ he was and ful of witte,
þat þis lore put in writte. 

(Beannacht daoibh a cheannaithe le bhur bpacaí móra
d’éadach, de mhionearraí, is bhur bpacaí olla,
ór, airgead, seoda, mairg dhaora agus puint freisin!
Is beag den stór a thugann sibh do na boicht dhearóla.
Ba chríonna an té, agus lán de ghaois,
a chuir an scéala seo i scríbhinn.)

Tá véarsaí eile den dán ina bhfuil trácht ar na ceardaithe seo a leanas: táilliúirí, gréasaithe, súdairí, búistéirí, báicéirí, grúdairí agus mangairí. Bhí na ceirdeanna seo go léir á gcleachtadh i mbailte ar fud na coilíneachta. De réir áirimh amháin, bunaíodh tuairim is dhá chéad go leith buirg in Éirinn roimh dheireadh an 15ú céad. Theip ar chuid mhaith de na lonnaíochtaí seo, áfach, agus ba shráidbhailte suaracha iad cuid eile acu. Ach bhí breis agus tríocha baile ann a bhí rafar agus fréamhaithe go maith faoin mbliain 1300. D’fhás roinnt de na bailte seo in aice le mainistreacha a bhí ann roimh theacht na nGall (Dún Pádraig, Ceanannas, Cill Dara) agus d’fhas cinn eile timpeall ar chaisleáin a tógadh le linn an ghabháltais (Carraig Fhearghais, Cairlinn, Loch Riach). Bhí a bhformhór suite ar an gcósta (Cill Mhantáin, Dún Garbháin, Cionn tSáile) nó ar aibhneacha a bhí inseolta (Ros Mhic Thriúin, Carraig na Siúire, Áth Luain). Bhi na haibhneacha tábhachtach mar bhí sé níos saoire lastaí troma a iompar ar uisce ná ar thalamh. Bhain bailte áirithe le níos mó ná ceann amháin de na haicmí seo: mar shampla, tógadh caisleán le hais mainistreach a bhí suite ar bhruach na Bóinne ag Áth Troim. 

     Leagadh burgáistí na gcathróirí amach taobh le taobh laistigh de na bailte. Bhí na ceapóga seo cúng go leor ar an tsráid – idir 7.5 m agus 10 m ar leithead de ghnáth – ach shín na stráicí i bhfad siar. Ba ghnách tithe a thógáil leis an mbinn ar thaobh na sráide. D’éirigh foirgintí níos téagartha ó ghlúin go glúin; faoin 13ú céad bhí tithe á dtógáil le creatacha darach iontu a bhí láidir go leor chun dara urlár a iompar. Níorbh annamh na simléir agus íochtar na mballaí déanta as cloch in árais na gcathróirí ba ghustalaí. Tógadh ballaí cosanta timpeall na mbailte ba shaibhre agus ba nós coitianta é dola speisialta a raibh ‘múráiste’ air a ghearradh chun na costais a ghlanadh.Tháinig dán Fraincise a chum Proinsiasach darbh ainm Michael Bernard faoi thógáil bhalla Ros Mhic Thriúin sa bhliain 1265 anuas chugainn:

Nule home de ce ne lez dut blamer 
qe lur vile voleint fermer;
qe qant la vile serra fermé
e le mure tet vironé,
n’ad Irés en Irland si hardi
qi l’oserént assailer, je vus plevi. 

(Níor chóir d’aon duine iad a lochtú faoi seo
toisc gur mian leo a mbaile a dhúnadh;
óir nuair a bheidh an baile dúnta
agus an múr mórthimpeall air,
ní bheidh Gael in Éirinn chomh dána
go leomhfadh sé é a ionsaí, geallaim daoibh.)

Tógadh formhór na múrtha sna blianta idir 1250 agus 1320, tréimhse nuair a bhí an choilíneacht i mbarr a réime.

Blogh de mhúr Ros Mhic Thriúin 

     Ba í an Fhraincis teanga na huaisle de bhunadh na Normainne i Sasana ón uair a ghabh an Concaire ríghe na tíre sin; ba í a labhair uasaicme na coilíneachta in Éirinn, idir chléir agus thuath, sa 12ú céad. Thairis sin, ba iad an Fhraincis agus an Laidin an dá theanga a úsáideadh le haghaidh cúrsaí riaracháin agus dlí. Ach chaill coróin Shasana seilbh ar an Normainn in 1204 agus thainig laghdú mór ar an gcaidreamh idir na haicmí ceannais ar an dá thaobh de Mhuir nIocht as sin amach. Faoi lár an 13ú céad ba theanga ghradamach í an Fhraincis a d’fhoghlaim baill den uasaicme i Sasana mar chomhartha dá stádas. Ba lú fós an bhaint a bhí ag uaisle na coilíneachta abhus le mórthír na hEorpa agus chuaigh an Fhraincis i léig mar theanga labhartha de réir a chéile, cé go raibh sí in úsáid mar theanga scríofa anuas go dtí deireadh an 15ú céad. Bhí Béarla nó Breatnais ó dhúchas ag formhór na nGall a lonnaigh in Éirinn ach níl aon fhianaise ann go raibh an Bhreatnais ina teanga phobail áit ar bith. Thiocfadh dó go raibh na Breatnaigh a tháinig ón bhfearann críche taobh le teorainn Shasana dátheangach agus gur iompaíodar ar an mBéarla nuair a chuireadar fúthu i measc na gcoilíneach ó Shasana. Bhí Béarla agus Gaeilge á labhairt taobh le taobh ar fud na coilíneachta ar feadh cúpla glúin tar éis an ghabháltais. Ba é an coibhneas idir líon na nGall agus líon na nGael sna ceantair éagsúla a chinntigh cén teanga acu a thabharfadh an svae léi. Thiontaigh na Gaill ar an nGaeilge luath go leor i gcúige Chonnacht agus sa Mhumhain ach mhair an dátheangachas níos faide in oirthear na tíre mar a raibh na coilínigh níos líonmhaire; fuair an Béarla an lámh in uachtar i ndeisceart Chontae Loch Garman agus i bhFine Gall – seandúiche na Lochlannach i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Is iad na Gaill a bhí sa mhóramh sna bailte agus níor lig na buirgéisigh an Béarla uathu riamh cé go raibh ‘bailte Gaelacha’ – fobhailte ina raibh Gaeil sa mhóramh – i mbuirgí áirithe. Go deimhin, bhí na bailte Gaelacha i gCill Chainnigh agus i Luimneach chomh toiciúil sin gur thógadar múrtha dá gcuid féin. Ba theanga phobail é an Béarla ón 12ú céad amach, mar sin, ach is annamh a scríobhadh é agus níor tháinig aon cháipéis sa teanga anuas chugainn a scríobhadh roimh an 14ú céad.